Ordú 91
Rialú madraí
Míniú
1. San Ordú seo— ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Rialú Madraí, 1986 (Uimh. 32 de 1986).
2. (1) Féadfar imeachtaí i leith ciona a líomhnaítear faoin Acht a thionscnamh, a éisteacht nó a chinneadh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte a líomhnaítear gur ann a rinneadh an cion.
Cionta a ionchúiseamh
(2) Más rud é, á fach, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an mBreitheamh a shanntar de thuras na huaire don dúiche ina bhfuil an ceantar sin, go ndeimhneoidh an Cléireach ar thoghairm go bhfuil práinn leis na himeachtaí sin, féadfar an toghairm a eisiúint i gcomhair aon suí den Chúirt sa dúiche sin agus féadfar na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh ag an suí sin.
(3) Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar a líomhnaítear go ndearnadh cion faoin Acht an cion a ionchúiseamh.
(4) Féadfar imeachtaí i leith ciona den sórt sin a thosú trí oifig chuí na Cúirte dúiche d’eisiúint toghairme i bhFoirm 7, Sceideal B, ar iarratas ón údarás áitiúil iomchuí. Déanfar an toghairm sin a sheirbheáil de réir fhorálacha alt 32 den Acht seacht lá ar a laghad nó, más rud é go mbeidh an tseirbheáil á déanamh leis an bpost cláraithe réamhíoctha, lá is fiche ar a laghad roimh dháta éisteachta na toghairme.
(5) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an toghairm bhunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh í, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.
Imeachtaí faoi alt 22 (1) (a)
3. (1) Féadfar gearán faoi alt 22 (1) (a) den Acht go bhfuil madra contúirteach agus nach bhfuil sé á choimeád faoi rialú cuí a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil áitreabh úinéir an mhadra nó, de réir mar a bheidh, áitreabh an duine atá i bhfeighil an mhadra.
(2) Más rud é, á fach, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an mBreitheamh a shanntar de thuras na huaire don dúiche ina bhfuil an ceantar sin, go ndeimhneoidh an Cléireach ar fhógra go bhfuil ar intinn gearán a dhéanamh go bhfuil práinn leis na himeachtaí, féadfar an fógra sin a eisiúint i gcomhair aon suí den Chúirt sa dúiche sin agus féadfar na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh ag an suí sin.
(3) Sula ndéanfar gearán den sórt sin, déanfar fógra i bhFoirm 91.1, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an gcosantóir (an duine atá i bhfeighil an mhadra) agus, más rud é nach é nó í an cosantóir úinéir an mhadra, ar an úinéir sin freisin. Féadfar an tseirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha alt 32 den Acht seacht lá ar a laghad nó, más rud é go mbeidh an tseirbheáil á déanamh leis an bpost cláraithe réamhíoctha, lá is fiche ar a laghad roimh dháta éisteachta an ghearáin.
(4) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.
(5) Is i bhFoirm 91.2, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an ngearán a éisteacht. Tabharfar cóip den ordú sin don chosantóir agus, más rud é nach é nó í an cosantóir úinéir an mhadra, tabharfar cóip den ordú freisin don úinéir sin.
Imeachtaí faoi alt 25
4. (1) Féadfar gearán faoi alt 25 (1) den Acht go bhfuil núis déanta mar gheall ar thafann iomarcach madra a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh ina gcoimeádtar an madra.
(2) Más rud é, á fach, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an mBreitheamh a shanntar de thuras na huaire don dúiche ina bhfuil an ceantar sin, go ndeimhneoidh an Cléireach ar fhógra go bhfuil ar intinn gearán a dhéanamh go bhfuil práinn leis na himeachtaí, féadfar an fógra sin a eisiúint i gcomhair aon suí den Chúirt sa dúiche sin agus féadfar na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh ag an suí sin.
(3) Sula ndéanfar gearán den sórt sin, déanfar an fógra dá dtagraítear in alt 25 (2) den Acht agus a fhorordaítear sna Rialachá in um Rialú Madraí (Uimh. 2), 1987 (I.R. Uimh. 59 de 1987) a eisiúint agus a sheirbheaíil ar áititheoir an áitribh ina gcoimeádtar an madra. Déanfar an fógra a sheirbheáil de réir fhorálacha alt 32 den Acht.
(4) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh láithreach leis an gCléireach.
(5) Is i bhFoirm 91.3, Sceideal C, a bheith an t-ordú ón gCúirt ar an ngearán a éisteacht. Tabharfar cóip den ordú sin don chosantóir.
Barántas cuardaigh (alt 26)
5. (1) Féadfar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána chun barántas cuardaigh a eisiúint faoi alt 26 den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina bhfuil an t-áitreabh ina gcoimeádtar an madra.
(2) Is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 91.4, Sceideal C, a dhéanfar an t-iarratas.
(3) Is i bhFoirm 91.5, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar ghéilleadh don iarratas.
Iarratas chun dícháiliú a chur ar ceal (alt 29)
6. (1) Féadfar iarratas faoi alt 27 (1) den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 (arna ionadú le halt 29 den Acht) chun dícháiliú a chur ar ceal a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina ndearnadh an t-ordú dícháilíochta.
(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 91.6, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an údarás áitiúil ar ina limistéar a rinneadh an cion a ndearnadh an t-ordú dícháilíochta ar dhuine a chiontú ann. Féadfar an tseirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha alt 32 den Acht ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.
(3) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.
(4) Is i bhFoirm 91.7, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an iarratas a éisteacht.