Ordú: 41B

Doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí sibhialta - Doiciméid a sheirbheáil lasmuigh den Stát gan cead ón gcúirt

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No41B-S.I. No. 617 Of 2015: District Court (Jurisdiction And The Recognition And Enforcement Of Judgments In Civil Or Commercial Matters) Rules 2015

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

IMEACHTAÍ IARDAIN-

FAOI RIALACHÁN (CE) UIMH. 44/2001 ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE DLÍNSE AGUS MAIDIR LE hAITHINT AGUS FORFHEIDHMIÚ BREITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁCHTÁLA (an “Rialachán Dlínse”)

FAOI CHOINBHINSIÚN NA BRUISÉILE DE CHUID NA gCOMHPHOBAL EORPACH AR DHLÍNSE AGUS AR FHORFHEIDHMIÚ BREITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁCHTÁLA, 1968 (“Coinbhinsiún na Bruiséile”)

FAOI CHOINBHINSIÚN LUGANO MAIDIR LE DLÍNSE AGUS MAIDIR LE FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁCHTÁLA IDIR BALLSTÁIT NA gCOMHPHOBAL EORPACH AGUS COMHLACHAS SAORTHRÁDÁLA NA hEORPA, 2007 (“Coinbhinsiún Lugano”)

FAOI RIALACHÁN (CE) 4/2009 AN 18 NOLLAIG 2008 ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE DLÍNSE, LEIS AN DLÍ INFHEIDHME, LE hAITHINT AGUS LE FORFHEIDHMIÚ BREITHEANNA AGUS LE COMHOIBRIÚ IN ÁBHAIR A BHAINEANN LE hOIBLEAGÁIDÍ COTHABHÁLA (an “Rialachán Cothabhála”)

FAOI CHOINBHINSIÚN NA RÓIMHE IDIR BALLSTÁIT NA gCOMHPHOBAL EORPACH AR SHIMPLIÚ NÓSANNA IMEACHTA CHUN ÍOCAÍOCHTAÍ COTHABHÁLA A GHNÓTHÚ (“Coinbhinsiún na Róimhe”) AGUS FAOIN ACHT COTHABHÁLA, 1994

FAOI CHOINBHINSIÚN NUA-EABHRAC AR GHNÓTHÚ COTHABHÁLA AR AN gCOIGRÍOCH (“Coinbhinsiún Nua-Eabhrac”) AGUS FAOIN ACHT COTHABHÁLA, 1994

FAOI CHOINBHINSIÚN NA HÁIGE AR DHLÍNSE, AR AN DLÍ INFHEIDHME, AR AITHINT, AR FHORFHEIDHMIÚ AGUS AR CHOMHOIBRIÚ I LEITH FREAGRACHT TUISMITHEOIRÍ AGUS BEARTA CHUN LEANAÍ A CHOSAINT, 1996 (“Coinbhinsiún na Háige um Leanaí”)


1 — MÍNITHE

1 Mínithe

Ábhair shibhialta agus thráchtála: mínithe

1. (1) I gCuid 2 den Ordú seo agus chun críocha Chuid 2 den Ordú seo-

ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas (Na Comhphobail Eorpacha), 1998 (Uimh. 52 de 1998);

ciallaíonn “Coinbhinsiún na Bruiséile” an Coinbhinsiún ar Dhlínse agus ar fhorfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (lena n-áirítear an Prótacal atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún sin) arna dhéanamh sa Bhruiséil an 27ú lá de Mheán Fómhair 1968, (arna choigeartú le Coinbhinsiúin Aontachais 1978, 1982, 1989 agus 1996);

ciallaíonn na “Coinbhinsiúin” Coinbhinsiún na Bruiséile, Prótacal 1971, Coinbhinsiún Aontachais 1978, Coinbhinsiún Aontachais 1982, Coinbhinsiún Aontachais 1989 agus Coinbhinsiún Aontachais 1996 (gach ceann díobh mar a mhínítear in alt 2 d’Acht 1998);

ní foláir “sainchónaí” a fhorléiriú, ag féachaint don ionstraim is infheidhme in aon chás áirithe, de réir Airteagail 2 agus 59 go 61 den Rialachán Dlínse nó de Choinbhinsiún Lugano nó, de réir mar a bheidh, alt 15 agus an Naoú Sceideal d’Acht 1998 agus Airteagail 52 agus 53 de Choinbhinsiún na Bruiséile;

tá le “breithiúnas” an bhrí a shanntar dó in alt 4(1) d’Acht 1998;

ciallaíonn an “Rialachán Dlínse” Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (I.O. L. 12 an 16 Eanáir 2001 agus L. 307/28 an 24 Samhain 2001) arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1496/2002 an 21 Lúnasa 2002 ón gCoimisiún (I.O. L. 225/13); leis an Ionstraim a bhaineann le coinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus na coigeartuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe an 16 Aibreán 2003 (I.O. L. 236/33) agus leis an Ionstraim a bhaineann le coinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na coigeartuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (I.O. L. 112/21 an 24 Aibreán 2012);

ciallaíonn “Coinbhinsiún Lugano” an Coinbhinsiún maidir le dlínse agus maidir le forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála arna dhéanamh in Lugano an 30ú lá de Dheireadh Fómhair 2007, arna cheadú thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2009/430/CE an 27 Samhain 2008 ón gComhairle, ar tugadh tuilleadh éifeachta dó sa Stát le hAcht 1998 arna leasú leis an Acht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas (Leasú), 2012, agus folaíonn sé na Prótacail agus na hIarscríbhinní;

ciallaíonn “Ballstát” ballstát den Aontas Eorpach ina bhfuil feidhm ag an Rialachán Dlínse.

Ábhair chothabhála: mínithe

(2) I gCodanna 3 go 7 den Ordú seo agus chun críocha Chodanna 3 go 7 den Ordú seo:

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 (Uimh. 11 de 1976);

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht Cothabhála, 1994 (Uimh. 28 de 1994);

ciallaíonn “Rialacháin 2011” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cothabháil), 2011 (I.R. Uimh. 274 de 2011) arna leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cothabháil)(Leasú), 2011 (I.R. Uimh. 612 de 2011);

ciallaíonn “Údarás Lárnach faoin Rialachán Cothabhála” an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais arna ainmniú nó arna hainmniú le Rialachán 16 de Rialacháin 2011 (ach folaíonn sé aon duine eile a bheidh ainmnithe de thuras na huaire ag an Stát chun na dualgais arna bhforchur leis an Rialachán Cothabhála ar údarás den sórt sin a chomhall sa Stát nó ar son an Stáit);

ciallaíonn “Údarás Lárnach faoi Acht 1994” Údarás Lárnach arna cheapadh le hordú ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais faoi alt 4(1)(a) d’Acht 1994 chun na feidhmeanna a chomhall a cheanglaítear air faoi Acht 1994 nó a cheanglaítear ar Údarás Lárnach faoi Choinbhinsiún na Róimhe nó ar ghníomhaireacht tarchuir nó ar ghníomhaireacht ghlactha faoi Choinbhinsiún Nua-Eabhrac;

ciallaíonn “údarás lárnach Ballstáit” an duine a bheidh ainmnithe ag Ballstát ina bhfuil feidhm ag Caibidil VII den Rialachán Cothabhála chun na dualgais arna bhforchur leis an Rialachán Cothabhála ar údarás den sórt sin a chomhall sa Stát sin nó ar son an Stáit sin (de réir Airteagal 49 den Rialachán Cothabhála);

ciallaíonn “údarás lárnach dlínse cómhalartúcháin”, nuair a úsáidtear é i gcomhthéacs imeachtaí faoi Chuid III d’Acht 1994:-

(a) an t-údarás lárnach de chuid dlínse den sórt sin a bheidh ainmnithe de bhun mhír 1 nó, más cuí, de bhun mhír 2 d’Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Róimhe, nó

(b) údarás dlínse den sórt sin ag a bhfuil feidhmeanna atá ag freagairt do na feidhmeanna sin is infheidhmithe ag an Údarás Lárnach laistigh den Stát;

ciallaíonn “údarás lárnach dlínse ainmnithe”:–

(a) gníomhaireacht tarchuir nó ghlactha i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún Nua-Eabhrac, nó

(b) údarás dlínse ainmnithe ag a bhfuil feidhmeanna atá ag freagairt do na feidhmeanna sin is infheidhmithe ag an Údarás Lárnach laistigh den Stát;

ciallaíonn “éilitheoir”, de réir an chomhthéacs:-

(a) duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát (lena n-áirítear aon chomhlacht atá i dteideal, faoi dhlí na dlínse sin, cearta sásaimh an duine sin a fheidhmiú nó ionadaíocht a dhéanamh don duine sin) agus a bheidh ag éileamh, de bhun an Rialacháin Cothabhála, go bhfuil sé nó sí i dteideal cothabháil a fháil ó dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát, nó

(b) duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i ndlínse ainmnithe (lena n-áirítear aon chomhlacht atá i dteideal, faoi dhlí na dlínse sin, cearta sásaimh an duine sin a fheidhmiú nó ionadaíocht a dhéanamh don duine sin) agus a bheidh ag éileamh, de bhun Chuid III d’Acht 1994, go bhfuil sé nó sí i dteideal cothabháil a fháil ó dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát, nó

(c) duine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát (lena n-áirítear údarás inniúil de réir bhrí Chuid 12 (Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005) agus a bheidh ag éileamh, de bhun an Rialacháin Cothabhála, go bhfuil sé nó sí i dteideal cothabháil a ghnóthú ó dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát, nó

(d) duine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát (lena n-áirítear údarás inniúil de réir bhrí Chuid 12 (Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005) agus a bheidh ag éileamh, de bhun Chuid III d’Acht 1994, go bhfuil sé nó sí i dteideal cothabháil a ghnóthú ó dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi i ndlínse ainmnithe;

maidir le “Stát Conarthach”,

(a) nuair a úsáidtear é i gcomhthéacs imeachtaí faoi Choinbhinsiún na Bruiséile, tá leis an bhrí a shanntar dó in alt 4(1) d’Acht 1998,

(b) nuair a úsáidtear é i gcomhthéacs imeachtaí faoi Choinbhinsiún Lugano, ciallaíonn sé Stát a bhfuil an Coinbhinsiún sin tagtha i bhfeidhm nó in éifeacht ina leith de réir Airteagal 69 nó 72 den Choinbhinsiún sin;

ciallaíonn “dlínse ainmnithe”:—

(a) aon stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún Nua-Eabhrac, nó

(b) aon stát nó dlínse eile a ndearbhaíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú gur dlínse ainmnithe chun críocha Chuid III d’Acht 1994 é nó í;

ní foláir “sainchónaí” agus “cónaí rialta”, nuair a úsáidtear iad i ndáil le himeachtaí cothabhála, a fhorléiriú de réir an Rialacháin Cothabhála;

tá leis na téarmaí “Prótacal na Háige, 2007”, “breith”, “ordú cothabhála infhorfheidhmithe”, “ordú forfheidhmithe”, “féichiúnaí cothabhála” agus “ordú cothabhála” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach i Rialachán 2 de Rialacháin 2011;

folaíonn “creidiúnaí cothabhála” aon chomhlacht atá i dteideal, faoi dhlí dlínse cómhalartúcháin, cearta sásaimh an chreidiúnaí a fheidhmiú, nó ionadaíocht a dhéanamh don chreidiúnaí, agus ní foláir tagairtí sna Rialacha seo do chreidiúnaí cothabhála nó d’éilitheoir (mar a mhínítear san Ordú seo) a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Údarás Lárnach faoin Rialachán Cothabhála agus don Údarás Lárnach faoi Acht 1994;

ciallaíonn an “Rialachán Cothabhála” Rialachán (CE) 4/2009 an 18 Nollaig 2008 ón gComhairle maidir le dlínse, leis an dlí infheidhme, le haithint agus le forfheidhmiú breitheanna agus le comhoibriú in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L7 an 10 Eanáir 2009, leathanach 1);

ciallaíonn “Ballstát”, nuair a úsáidtear é i ndáil le himeachtaí cothabhála, ballstát den Aontas Eorpach ina bhfuil feidhm ag an bhforáil iomchuí den Rialachán Cothabhála;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Nua-Eabhrac” an Coinbhinsiún ar ghnóthú cothabhála ar an gcoigríoch arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 20ú lá de Mheitheamh 1956;

ciallaíonn “dlínse chómhalartúcháin” Ballstát nó Stát Conarthach (de réir bhrí Acht 1998) a ndearbhaíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú gur dlínse chómhalartúcháin é;

ciallaíonn “freagróir”, de réir an chomhthéacs:-

(a) duine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát agus a bhfuil duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát ag iarraidh cothabháil a ghnóthú uaidh nó uaithi de bhun an Rialacháin Cothabhála, nó

(b) duine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát agus a bhfuil duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i ndlínse ainmnithe ag iarraidh cothabháil a ghnóthú uaidh nó uaithi de bhun Chuid III d’Acht 1994, nó

(c) duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát agus a bhfuil duine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát ag iarraidh cothabháil a ghnóthú uaidh nó uaithi de bhun an Rialacháin Cothabhála, nó

(d) duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i ndlínse ainmnithe agus a bhfuil duine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát ag iarraidh cothabháil a ghnóthú uaidh nó uaithi de bhun Chuid III d’Acht 1994.

Seirbheáil: mínithe

(3) San Ordú seo: ciallaíonn “Coinbhinsiún na Háige” Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Breithiúnach agus Seachbhreithiúnach in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála ar an gCoigríoch tá le “Rialachán Seirbheála” an bhrí chéanna atá leis in Ordú 41A, riail 1.


2 — IMEACHTAÍ SIBHIALTA AGUS TRÁCHTÁLA TRASTEORANN SA STÁT

Rialachán Dlínse
Coinbhinsiún na Bruiséile
Coinbhinsiún Lugano


2 Ionad in ábhair árachais thrasteorann

2. Nuair a bheartófar imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Dúiche:

(a) de bhua Airteagal 9 den Rialachán Dlínse nó de Choinbhinsiún Lugano, nó

(b) de bhua Airteagal 8.2 de Choinbhinsiún na Bruiséile,

(a mbaineann gach ceann díobh le hábhair árachais) i gcoinne árachóir a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát agus go bhfuil sainchónaí ar an sealbhóir polasaí sa Stát, féadfar na himeachtaí a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh ag aon suí den Chúirt chun gnó sibhialta a dhéanamh don cheantar Cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an sealbhóir polasaí nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha. 

3 Ionad in éilimh thrasteorann i leith conradh tomhaltais

3. Nuair a bheartóidh tomhaltóir a bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Dúiche:

(a) de bhua Airteagal 16 den Rialachán Dlínse nó de Choinbhinsiún Lugano, nó

(b) de bhua Airteagal 14 de Choinbhinsiún na Bruiséile

(a mbaineann gach ceann díobh le conarthaí tomhaltais) i gcoinne an pháirtí eile i gconradh agus go bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí eile sin i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát, féadfar na himeachtaí a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh ag aon suí den Chúirt chun gnó sibhialta a dhéanamh don cheantar Cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha. 

4 Feidhm Choinbhinsiún na Háige nó an Rialacháin Seirbheála

4. (1) Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin Seirbheála maidir le himeachtaí sibhialta a thionscnófar sa Chúirt Dúiche de bhua an Rialacháin Dlínse.

(2) Beidh feidhm ag forálacha Choinbhinsiún na Háige maidir le himeachtaí sibhialta a thionscnófar sa Chúirt Dúiche de bhua na gCoinbhinsiún nó Choinbhinsiún Lugano.

(3) Maidir le haon doiciméad a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta den sórt sin, nuair a cheanglófar leis an gCuid seo é a sheirbheáil ar dhuine i Stát eile ina bhfuil feidhm ag an Rialachán Seirbheála, ní foláir seirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála (lena n-áirítear Airteagail 7 go 10) agus na Coda seo.

(4) Maidir le haon doiciméad a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta den sórt sin, nuair a cheanglófar leis an gCuid seo é a sheirbheáil ar dhuine i Stát eile nach bhfuil feidhm ag an Rialachán Seirbheála ann ach ina bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún na Háige, ní foláir seirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha Choinbhinsiún na Háige (lena n-áirítear Airteagail 8 go 11) agus na Coda seo. 

5 Imeachtaí a thionscnamh i gcoinne duine a bhfuil sainchónaí air nó uirthi ar an gcoigríoch

5. (1) D’ainneoin fhorálacha Ordú 41A, féadfar seirbheáil imeachtaí, a thionscnófar sa Chúirt Dúiche de bhua an Rialacháin Dlínse, na gCoinbhinsiún nó, de réir mar a bheidh, Choinbhinsiún Lugano, i gcoinne duine a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát, a dhéanamh (de réir riail 4 den Ordú seo agus, más infheidhme, de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála nó, de réir mar a bheidh, Choinbhinsiún na Háige) gan cead roimh ré ón gCúirt.

(2) Nuair a bheidh imeachtaí tionscanta sa Chúirt Dúiche de bhua an Rialacháin Dlínse, na gCoinbhinsiún nó Choinbhinsiún Lugano i gcoinne duine a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát agus nach saoránach d’Éirinn é nó í an duine sin nó nach eol nó nach gcreidtear gur saoránach d’Éirinn é nó í an duine sin, ní foláir fógra i dtaobh an doiciméid lenar tosaíodh na himeachtaí i bhFoirm 41B.01, Sceideal C, agus ní an doiciméad é féin, a sheirbheáil ar an duine sin.

(3) Féadfaidh éilitheoir nó aturnae éilitheora imeachtaí den sórt sin a thionscnamh tríd an bhfógra éilimh nó an doiciméad eile lena dtionscnófar na himeachtaí a chomhlánú, a shíniú, a stampáil (má cheanglaítear sin air nó uirthi) agus tríd an bhfógra éilimh nó an doiciméad eile sin, mar aon le cóipeanna bunaidh den fhógra (Foirm 41B.01, Sceideal C), agus de dheimhniú i bhFoirm 41B.02, Sceideal C, arna gcomhlánú go cuí, agus cóipeanna den chéanna a chomhdú leis an gCléireach don cheantar Cúirte dá mbeidh na himeachtaí le heisiúint.

(4) Ní foláir don Chléireach iad a stampáil leis an stampa oifigiúil ar a dtaispeánfar an dáta eisiúna agus na doiciméid a chur ar ais chuig an éilitheoir nó chuig aturnae an éilitheora.

(5) Ní foláir fógra agus deimhniú a chuirfear ar ais faoi fho-riail (3) a sheirbheáil ar an bhfreagróir mar a léirítear i riail 4 (a bhféadfaidh seirbheáil leis an bpost a bheith san áireamh inti, ar choinníoll, más isteach i Stát Conarthach ina bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún na Háige a dhéanfar an tseirbheáil sin nach mbeidh agóid déanta ag an Stát cinn scríbe i gcoinne seirbheáil den sórt sin faoi Airteagal 10(a) de Choinbhinsiún na Háige) nó, más cuí, de réir fhorálacha Ordú 41A.

(6) I gcás go mbeidh na doiciméid le seirbheáil sa chríoch Eorpach de chuid Ballstát nó Stát Conarthach eile, ní foláir gur cúig seachtaine ar a laghad ón dáta seirbheála an tréimhse ama a bheidh ceadaithe chun láithreas agus cosaint a chomhdú agus a thaifeadadh. I gcás go mbeidh na doiciméid le seirbheáil in aon chríoch de chuid Ballstát nó Stát Conarthach eile nach críoch Eorpach, ní foláir gur sé seachtaine ar a laghad ón dáta seirbheála an tréimhse ama a bheidh ceadaithe chun láithreas agus cosaint a chomhdú agus a thaifeadadh.

(7) Ar an deimhniú seirbheála a fhorordaítear in Airteagal 10 agus san Iarscríbhinn den Rialachán Seirbheála nó in Airteagal 6 de Choinbhinsiún na Háige a fháil, ní foláir don éilitheoir (nó don aturnae ar son an éilitheora) na cóipeanna bunaidh de na doiciméid seo a leanas a thaisceadh leis an gCléireach:

- an fógra éilimh, an toghairm shibhialta nó an doiciméad eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí,

- (más cuí) an fógra i dtaobh imeachtaí a thosú (Foirm 41B.01) a seirbheáladh,

- an deimhniú (Foirm 41B.02) a seirbheáladh, agus

- an deimhniú seirbheála,

ceithre lá ar a laghad roimh an dáta ar a ndéanfar na himeachtaí a liostú os comhair na Cúirte den chéad uair.

(8) I gcás gur leis an bpost cláraithe nó leis an bpost árachaithe a rinneadh an tseirbheáil, ní foláir feidhm a bheith ag na forálacha seo a leanas-

(a) ní foláir don éilitheoir nó d’aturnae an éilitheora, tráth nach luaithe ná deich lá tar éis an dáta postála, na doiciméid iomchuí a liostaítear i bhfo-riail (7), mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh na doiciméid a cuireadh leis an bpost, an deimhniú postála agus an fhoirm faisnéise seachadta (nuair a chuirfear ar ais í) a thaisceadh leis an gCléireach;

(b) maidir leis na doiciméid a bheidh eisithe lena seirbheáil ní foláir, faoi réir fhorálacha Airteagal 9 den Rialachán Seirbheála nó, de réir mar a bheidh, Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige, a mheas go ndearnadh iad a sheirbheáil an tráth a dhéanfaí an clúdach a sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist;

(c) faoi réir fhorálacha Airteagal 9 den Rialachán Seirbheála, nó, de réir mar a bheidh, faoi réir fhorálacha an Airteagail sin 15 de Choinbhinsiún na Háige, ní foláir a mheas go mbeidh an dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, an deimhniú postála agus an fhoirm faisnéise seachadta le chéile ina bhfianaise leordhóthanach ar sheirbheáil. 

6 I gcás gur saoránach d’Éirinn é nó í an freagróir

6. (1) Nuair a thionscnófar imeachtaí sa Chúirt Dúiche de bhua an Rialacháin Dlínse, na gCoinbhinsiún nó Choinbhinsiún Lugano i gcoinne duine a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát agus gur saoránach d’Éirinn é nó í an duine sin, féadfar an fógra éilimh nó an doiciméad eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí, fara modhnuithe is gá, a sheirbheáil (seachas fógra i dtaobh an doiciméid).

(2) Faoi réir fho-riail (1), beidh feidhm ag ceanglais riail 5 i gcásanna den sórt sin agus ní foláir iad a fhorléiriú dá réir sin. 

7 Láithreas agus cosaint

7. Más rud é, in imeachtaí lena mbaineann riail 5 nó riail 6, go bhfuil ar intinn ag freagróir láithriú nó ionadaíocht a bheith aige nó aici ag an éisteacht:

(a) chun na himeachtaí a chosaint agus/nó,

(b) de bhua Airteagal 24 den Rialachán Dlínse nó de Choinbhinsiún Lugano, nó Airteagal 18 de Choinbhinsiún na Bruiséile, chun dlínse na Cúirte a chonspóid,

ní foláir don fhreagróir nó d’aturnae an fhreagróra:

(i) maidir le himeachtaí a thionscnófar trí fhógra éilimh, láithreas agus cosaint a chomhdú; nó

(ii) maidir le himeachtaí a thionscnófar trí thoghairm shibhialta nó trí dhoiciméad eile, fógra láithris agus go bhfuil ar intinn cosaint a dhéanamh a chomhdú

chomh luath sin le go sroichfidh siad an Cléireach laistigh den tréimhse cúig seachtaine nó, de réir mar a bheidh, sé seachtaine, a fhorordaítear le riail 5(6) agus cóip díobh a sheirbheáil ar an éilitheoir nó ar aturnae an éilitheora laistigh den tréimhse chéanna. 

8 Imeachtaí a éisteacht

8. (1) Beidh feidhm ag forálacha Ordú 47A (Breithiúnas Mainneachtana in Éilimh nach Éilimh i leith Féich) maidir le himeachtaí lena mbaineann an Chuid seo fairis na modhnuithe a shainaithnítear in Ordú 47.

(2) Tráth éisteachta imeachtaí dá dtagraítear i riail 5 nó 6, ní foláir don Chléireach aon chumarsáid nó comhfhreagras a bheidh faighte ón bhfreagróir a thabhairt ar aird don Chúirt.

I gcás nach láithreoidh an freagróir

(3) I gcás go mainneoidh an freagróir láithriú agus nach mbeidh ionadaíocht aige nó aici ag an éisteacht, féadfaidh an Chúirt, má mheasann sí gur gá déanamh amhlaidh, a cheangal go dtabharfar ar aird an fhoirm faisnéise seachadta ina ndeimhnítear go ndearnadh an clúdach ina raibh na cóipdhoiciméid le haghaidh seirbheála dá dtagraítear i riail 5(5) a sheachadadh ar an bhfreagróir nó chuig seoladh an fhreagróra.

(4) I gcás nach mbeidh láithreas comhdaithe ag an bhfreagróir, ní foláir don éilitheoir, más ag déanamh iarratas ar bhreithiúnas mainneachtana a bheidh sé nó sí, a shuíomh chun sástacht na Cúirte-

(a) gur éileamh a bhfuil dlínse ag an gCúirt é a éisteacht agus a chinneadh, de bhua fhorálacha an Rialacháin Dlínse, na gCoinbhinsiún nó, de réir mar a bheidh, Choinbhinsiún Lugano, é gach éileamh atá déanta sa doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí,

(b) nach bhfuil dlínse eisiach ag Cúirt ar bith eile de réir bhrí an Rialacháin Dlínse, Choinbhinsiún na Bruiséile nó, de réir mar a bheidh, Choinbhinsiún Lugano, aon éileamh den sórt sin a éisteacht agus a chinneadh,

(c) nach bhfuil imeachtaí ar bith lena mbaineann an chúis chéanna chaingne ar feitheamh idir na páirtithe i mBallstát eile nó, de réir mar a bheidh, i Stát Conarthach eile,

(d) go ndearnadh an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí, nó fógra i dtaobh an doiciméid sin, a sheirbheáil go cuí ar an bhfreagróir, agus

(e) go raibh an freagróir ábalta an doiciméad, lenar tionscnaíodh na himeachtaí, nó an fógra a fháil in am trátha chun a chumasú dó nó di socrú a dhéanamh é féin nó í féin a chosaint, nó go ndearnadh gach beart uile is gá chuige sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 26 den Rialachán Dlínse nó de Choinbhinsiún Lugano

nó, de réir mar a bheidh, le hAirteagal 20 de Choinbhinsiún na Bruiséile.

(5) I gcás go mbeidh láithreas comhdaithe ag an bhfreagróir nó fógra tugtha ar shlí eile aige nó aici á rá go bhfuil ar intinn aige nó aici cosaint a dhéanamh, ní ceadmhach breithiúnas a thabhairt go dtí go gcomhlíonfar ceanglais Airteagal 19 den Rialachán Seirbheála nó, de réir mar is cuí, Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige (mar atá leagtha amach in Ordú 41A, riail 10).

(6) D’ainneoin fho-riail (5), féadfaidh an Chúirt breithiúnas a thabhairt fiú amháin mura mbeidh deimhniú seirbheála nó seachadta ar bith mar a fhoráiltear leis an Rialachán Seirbheála nó le Coinbhinsiún na Háige faighte, más rud é go gcomhlíonfar na coinníollacha go léir a liostaítear in Airteagal 19 den Rialachán Seirbheála nó in Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige (mar atá leagtha amach in Ordú 41A, riail 14).

(7) I gcás go dtabharfaidh an Chúirt breithiúnas i gcoinne freagróra in imeachtaí lena mbaineann an riail seo, ní foláir don éilitheoir (nó d’aturnae an éilitheora) fógra a thabhairt láithreach don fhreagróir go bhfuil an breithiúnas faighte aige nó aici.

(8) I gcás go mbeidh breithiúnas tugtha in imeachtaí den sórt sin i gcoinne freagróir nár láithrigh agus gur mian leis an bhfreagróir iarratas a dhéanamh chun an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a fhadú, beidh feidhm ag forálacha Ordú 41A, riail 15. 

9 Breithiúnais a fhorfheidhmiú ar an gcoigríoch: doiciméid a sholáthar

9. (1) Ní foláir do pháirtí leasmhar a iarrfaidh, chun críocha Airteagail 53 agus 54 den Rialachán Dlínse nó de Choinbhinsiún Lugano nó, de réir mar a bheidh, Airteagail 46 agus 47 de Choinbhinsiún na Bruiséile, go soláthrófar na doiciméid a luaitear in alt 14 d’Acht 1998 i leith breithiúnas a tugadh sa Chúirt Dúiche, na doiciméid seo a leanas a thaisceadh leis an gCléireach don cheantar Cúirte inar tugadh an breithiúnas-

(a) cóip bhunaidh agus dhá chóip den bhreithiúnas arna gcomhlánú go cuí,

(b) deimhniú i ndúblach i bhFoirm 41B.03, Sceideal C, agus

(c) más cuí, cóip bhunaidh agus cóip nó cóipeanna den doiciméad nó de na doiciméid lena suitear go ndearnadh fógra á rá gur tionscnaíodh imeachtaí a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

(2) Nuair a bheidh an breithiúnas sínithe ag an mBreitheamh agus seirbheáilte de réir fhorálacha riail 10, ní foláir don Chléireach cóip den bhreithiúnas arna fíordheimhniú go cuí, deimhniú i bhFoirm 41B.03, Sceideal C, agus cóip dhílis dheimhnithe nó cóipeanna dílse deimhnithe den doiciméad nó de na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-riail 1(c) a thabhairt don pháirtí a bheidh á n-iarraidh agus ní foláir dó nó di na doiciméid eile a choinneáil ina choimeád nó ina coimeád.

10 Breithiúnas a sheirbheáil agus cruthúnas ar sheirbheáil

10. (1) Más rud é, chun críocha Airteagal 53 den Rialachán Dlínse nó de Choinbhinsiún Lugano nó, de réir mar a bheidh, Airteagal 47 de Choinbhinsiún na Bruiséile, gur gá breithiúnas arna thabhairt ag suí den Chúirt Dúiche a sheirbheáil ar fhreagróir, ní foláir don éilitheoir an tseirbheáil a dhéanamh, nó ní foláir an tseirbheáil a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann, de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála nó Choinbhinsiún na Háige agus na Coda seo.

(2) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta agus deimhnithe go cuí, ní foláir an deimhniú seirbheála nó, más cuí, an deimhniú postála, an dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála agus an fhoirm faisnéise seachadta a thaisceadh leis an gCléireach lena choinneáil nó lena gcoinneáil leis an mbreithiúnas bunaidh.

(3) Ar iarraidh ó pháirtí a dhéanfaidh iarratas ar bhreithiúnas a fhorfheidhmiú chun na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 47.1 de Choinbhinsiún na Bruiséile a sholáthar, ní foláir don Chléireach deimhniú i bhFoirm 41B.04, Sceideal C (fara aon mhodhnuithe is gá) agus cóip dheimhnithe nó cóipeanna deimhnithe den doiciméad iomchuí nó de na doiciméid iomchuí a taisceadh faoi fho-riail (2) a thabhairt don pháirtí sin.

(4) Ar iarraidh ó pháirtí a dhéanfaidh iarratas ar bhreithiúnas a fhorfheidhmiú chun an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 54 den Rialachán Dlínse nó de Choinbhinsiún Lugano a sholáthar, ní foláir don Chléireach deimhniú i bhfoirm Iarscríbhinn V den Rialachán Dlínse a thabhairt don pháirtí sin.


3 — IMEACHTAÍ COTHABHÁLA TRASTEORANN SA STÁT

Rialachán Cothabhála


11 Ionad in ábhair chothabhála thrasteorann

11. Nuair a bheartófar imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Dúiche de bhua Chaibidil II den Rialachán Cothabhála agus Rialachán 3, 4 nó 6 de Rialacháin 2011, i gcoinne duine a bhfuil sainchónaí nó cónaí rialta air nó uirthi lasmuigh den Stát, agus i gcás go bhfuil cónaí rialta ar an gcreidiúnaí nó ar an bhféichiúnaí, de réir mar a bheidh, sa Stát, nó go meastar go bhfuil cónaí rialta air nó uirthi i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, féadfar na himeachtaí a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh ag aon suí den Chúirt don cheantar Cúirte ina bhfuil cónaí rialta ar an gcreidiúnaí nó ar an bhféichiúnaí, de réir mar a bheidh, nó ina meastar cónaí rialta a bheith air nó uirthi. 

12 Feidhm Choinbhinsiún na Háige nó an Rialacháin Seirbheála

12. (1) Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin Seirbheála nó Choinbhinsiún na Háige, más iomchuí, maidir le himeachtaí a thionscnófar sa Chúirt Dúiche de bhua an Rialacháin Cothabhála.

(2) Maidir le haon doiciméad a bheidh le húsáid in imeachtaí den sórt sin, nuair a cheanglófar leis an gCuid seo é a sheirbheáil ar dhuine i mBallstát eile, ní foláir seirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála (lena n-áirítear Airteagail 7 go 10) agus na Coda seo.

(3) Maidir le haon doiciméad a bheidh le húsáid in imeachtaí den sórt sin, nuair a cheanglófar leis an gCuid seo é a sheirbheáil ar dhuine i Stát eile, is stát nach bhfuil feidhm ag an Rialachán Seirbheála ann ach ina bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún na Háige, ní foláir seirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha Choinbhinsiún na Háige (lena n-áirítear Airteagail 8 go 11) agus na Coda seo. 

13 Imeachtaí a thionscnamh i gcoinne duine a bhfuil sainchónaí air nó uirthi ar an gcoigríoch

13. (1) D’ainneoin fhorálacha Ordú 41A, féadfar seirbheáil imeachtaí, a fhéadfar a thionscnamh sa Chúirt Dúiche de bhua an Rialacháin Cothabhála agus Rialacháin 2011 i gcoinne duine nach bhfuil sainchónaí ná cónaí rialta air nó uirthi sa Stát, a dhéanamh (de réir riail 4 agus, más infheidhme, de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála nó, de réir mar a bheidh, Choinbhinsiún na Háige) gan cead roimh ré ón gCúirt.

(2) Nuair a thionscnófar imeachtaí sa Chúirt Dúiche de bhua an Rialacháin Cothabhála i gcoinne duine nach bhfuil sainchónaí ná cónaí rialta air nó uirthi sa Stát, agus nach saoránach d’Éirinn é nó í an duine sin, nó nach eol nó nach gcreidtear gur saoránach d’Éirinn é nó í, ní foláir fógra i dtaobh an doiciméid lenar tionscnaíodh na himeachtaí (i bhFoirm 41B.01, Sceideal C) agus ní an doiciméad féin, a sheirbheáil ar an duine sin.

(3) Féadfaidh éilitheoir nó aturnae éilitheora imeachtaí a luaitear i bhfo-riail (2) a thionscnamh tríd an toghairm chothabhála nó an doiciméad eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí a chomhlánú, a shíniú, a stampáil (má cheanglaítear sin air nó uirthi) agus tríd an toghairm chothabhála nó an doiciméad eile sin, mar aon le cóipeanna bunaidh den fhógra (Foirm 41B.01, Sceideal C) agus de dheimhniú i bhFoirm 41B.02, Sceideal C, arna gcomhlánú go cuí, agus cóipeanna den chéanna a chomhdú leis an gCléireach don cheantar Cúirte dá mbeidh na himeachtaí le heisiúint.

(4) Ní foláir don Chléireach na doiciméid a stampáil chun an dáta comhdaithe a thaispeáint agus ní foláir dó nó di, ag féachaint d’fhorálacha fho-riail (6), na himeachtaí a liostú os comhair na Cúirte lena n-éisteacht.

(5) Tar éis dó nó di áit, dáta agus am na héisteachta a thaifeadadh ar an toghairm chothabhála nó ar an doiciméad eile, lenar tionscnaíodh na himeachtaí, agus ar na fógraí, ní foláir don Chléireach na doiciméid go léir a chur ar ais chuig an éilitheoir nó chuig aturnae an éilitheora.

(6) Ní foláir fógra agus deimhniú a chuirfear ar ais faoi fho-riail (5) a sheirbheáil ar an bhfreagróir mar a léirítear i riail 12 nó, más cuí, de réir fhorálacha Ordú 41A.

(7) I gcás go mbeidh na doiciméid le seirbheáil sa chríoch Eorpach de chuid Ballstát eile, ní foláir iad a sheirbheáil cúig seachtaine ar a laghad roimh dháta suí na Cúirte a bhfuil na himeachtaí liostaithe lena n-éisteacht os a comhair.

(8) I gcás go mbeidh na doiciméid le seirbheáil in aon chríoch de chuid Ballstát eile nach críoch Eorpach, ní foláir iad a sheirbheáil sé seachtaine ar a laghad roimh dháta suí na Cúirte a bhfuil na himeachtaí liostaithe lena n-éisteacht os a comhair.

(9) Ar an deimhniú seirbheála a fhorordaítear in Airteagal 10 agus san Iarscríbhinn den Rialachán Seirbheála a fháil, ní foláir don éilitheoir (nó d’aturnae an éilitheora) na cóipeanna bunaidh de na doiciméid seo a leanas a thaisceadh leis an gCléireach:

- an toghairm chothabhála nó an doiciméad eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí,

- (más cuí) an fógra á rá go bhfuiltear tar éis imeachtaí a thionscnamh (Foirm 41B.01, Sceideal C) a seirbheáladh,

- an deimhniú (Foirm 41B.02, Sceideal C) a seirbheáladh, agus

- an deimhniú seirbheála,

ceithre lá ar a laghad roimh dháta suí na Cúirte.

(10) I gcás gur leis an bpost cláraithe nó leis an bpost árachaithe a rinneadh an tseirbheáil, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas-

(a) ní foláir don éilitheoir nó d’aturnae an éilitheora, tráth nach luaithe ná deich lá tar éis an dáta postála, na doiciméid iomchuí a liostaítear i bhfo-riail (9), mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh na doiciméid a cuireadh leis an bpost, an deimhniú postála agus an fhoirm faisnéise seachadta (nuair a chuirfear ar ais í) a thaisceadh leis an gCléireach;

(b) ní foláir a mheas, maidir leis na doiciméid a eisíodh le haghaidh seirbheála, gur eisíodh iad an tráth a cuireadh an clúdach ina raibh na cóipeanna le haghaidh seirbheála leis an bpost;

(c) maidir leis na doiciméid ní foláir, faoi réir fhorálacha Airteagal 9 den Rialachán Seirbheála, a mheas go ndearnadh iad a sheirbheáil an tráth a dhéanfaí an clúdach a sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist;

(d) ní foláir, faoi réir fhorálacha Airteagal 9 den Rialachán Seirbheála, a mheas go mbeidh an dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, an deimhniú postála agus an fhoirm faisnéise seachadta le chéile ina bhfianaise leordhóthanach ar sheirbheáil.

14 I gcás gur saoránach d’Éirinn é nó í an freagróir

14. (1) Nuair a thionscnófar imeachtaí sa Chúirt Dúiche de bhua an Rialacháin Cothabhála i gcoinne duine nach bhfuil sainchónaí ná cónaí rialta air nó uirthi sa Stát, agus gur saoránach d’Éirinn é nó í an duine sin, féadfar an toghairm chothabhála nó an doiciméad eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí, fara modhnuithe is gá, a sheirbheáil (seachas fógra i dtaobh na toghairme nó an doiciméid sin).

(2) Faoi réir fho-riail (1), beidh feidhm ag ceanglais riail 13 i gcásanna den sórt sin agus ní foláir iad a fhorléiriú dá réir sin. Ní foláir dhá fhógra láithris agus go bhfuil ar intinn cosaint a dhéanamh a sheirbheáil i ngach cás. 

15 Fógra láithris agus go bhfuil ar intinn cosaint a dhéanamh

15. Más rud é, in imeachtaí lena mbaineann riail 13 nó riail 14, go bhfuil ar intinn ag freagróir láithriú nó ionadaíocht a bheith aige nó aici ag an éisteacht:

(a) chun na himeachtaí a chosaint agus/nó,

(b) de bhua Airteagal 5 den Rialachán Cothabhála, chun dlínse na Cúirte a chonspóid,

ní foláir don fhreagróir nó dá aturnae nó dá haturnae ceann de na fógraí láithris agus go bhfuil ar intinn cosaint a dhéanamh a fuarthas a chomhlánú, a dhícheangal agus a chur leis an bpost chuig an gCléireach chomh luath sin le go sroichfidh sé an Cléireach tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe don éisteacht agus, san am céanna, ní foláir dó nó di an Fógra eile den sórt sin a fuarthas a chomhlánú, a dhícheangal agus a chur leis an bpost chuig an éilitheoir nó chuig an aturnae ar son an éilitheora. 

16 Imeachtaí a éisteacht

16. (1) Faoi réir na rialach seo, beidh feidhm ag forálacha Ordú 54 (Cothabháil Céilí agus Leanaí) maidir le himeachtaí lena mbaineann an Chuid seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha Ordú 47 (Breithiúnas Mainneachtana) agus Ordú 47A (Breithiúnas Mainneachtana in Éilimh nach Éilimh i leith Féich) maidir le himeachtaí lena mbaineann an Chuid seo.

(3) Tráth éisteachta imeachtaí dá dtagraítear i riail 13 nó i riail 14, ní foláir don Chléireach aon chumarsáid nó comhfhreagras a bheidh faighte ón bhfreagróir a thabhairt ar aird don Chúirt. 

– i gcás nach láithreoidh an freagróir

(4) I gcás go mainneoidh an freagróir láithriú agus nach mbeidh ionadaíocht aige nó aici ag an éisteacht, féadfaidh an Chúirt, má mheasann sí gur gá déanamh amhlaidh, a cheangal go dtabharfar ar aird an fhoirm faisnéise seachadta ina ndeimhnítear go ndearnadh an clúdach ina raibh na cóipdhoiciméid le haghaidh seirbheála dá dtagraítear i riail 13(5) a sheachadadh ar an bhfreagróir nó chuig seoladh an fhreagróra.

(5) I gcás go mainneoidh an freagróir láithriú agus nach mbeidh ionadaíocht aige nó aici ag an éisteacht agus nach mbeidh aon fhógra go bhfuil ar intinn láithriú faighte ón bhfreagróir, ní foláir don éilitheoir a shuíomh chun sástacht na Cúirte-

(a) gur éileamh a bhfuil dlínse ag an gCúirt é a éisteacht agus a chinneadh, de bhua fhorálacha an Rialacháin Cothabhála, é gach éileamh atá déanta sa doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí,

(b) nach bhfuil imeachtaí ar bith lena mbaineann an chúis chéanna chaingne ar feitheamh idir na páirtithe i mBallstát eile,

(c) go ndearnadh an doiciméad, lenar tionscnaíodh na himeachtaí, nó fógra i dtaobh an doiciméid sin a sheirbheáil go cuí ar an bhfreagróir, agus

(d) go raibh an freagróir ábalta an doiciméad, lenar tionscnaíodh na himeachtaí, nó fógra i dtaobh an doiciméid sin a fháil in am trátha agus ar shlí a chumasaigh dó nó di socrú a dhéanamh é féin nó í féin a chosaint, mar a cheanglaítear le hAirteagal 19.1(a) den Rialachán Cothabhála.

(6) I gcás nár láithrigh an freagróir nó nár thug sé nó sí fógra cosanta, ní ceadmhach breith a thabhairt go dtí go gcomhlíonfar ceanglais Airteagal 19 den Rialachán Seirbheála (mar atá leagtha amach in Ordú 41A, riail 13).

(7) D’ainneoin fhorálacha fho-riail (6), féadfaidh an Chúirt breith a thabhairt fiú amháin mura mbeidh deimhniú seirbheála nó seachadta ar bith mar a fhoráiltear leis an Rialachán Seirbheála faighte, más rud é go gcomhlíonfar na coinníollacha go léir a liostaítear in Airteagal 19 den Rialachán Seirbheála (mar atá leagtha amach in Ordú 41A, riail 14).

(8) I gcás go dtabharfaidh an Chúirt breith i gcoinne freagróra in imeachtaí lena mbaineann an riail seo, ní foláir don éilitheoir (nó d’aturnae an éilitheora) fógra a thabhairt láithreach don fhreagróir go bhfuil breith den sórt sin faighte aige nó aici.

(9) I gcás go mbeidh breith tugtha in imeachtaí den sórt sin i gcoinne freagróir nár láithrigh agus gur mian leis an bhfreagróir sin iarratas a dhéanamh chun an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe a fhadú, beidh feidhm ag forálacha Ordú 41A, riail 12 i ngach cás den sórt sin. 

17 Breithiúnais a fhorfheidhmiú ar an gcoigríoch: doiciméid a sholáthar

17. (1) Maidir le páirtí a iarrfaidh go soláthrófar na doiciméid a luaitear in Airteagal 20 nó, de réir mar a bheidh, Airteagal 28, den Rialachán Cothabhála–

(a) ní foláir dó nó di cóip bhunaidh agus dhá chóip den ordú lenar taifeadadh an bhreith a chomhdú leis an gCléireach don cheantar Cúirte inar tugadh an bhreith agus, más cuí, cóip bhunaidh agus cóip nó cóipeanna den doiciméad nó de na doiciméid lena suitear go ndearnadh fógra á rá gur tionscnaíodh imeachtaí a sheirbheáil ar an bhfreagróir, agus

(b) ní foláir dó nó di aon fhaisnéis bhreise a éileoidh an Cléireach a sholáthar don Chléireach.

(2) Nuair a bheidh an t-ordú sínithe agus seirbheáilte de réir fhorálacha riail 18, ní foláir don Chléireach cóip den ordú lenar taifeadadh an bhreith, arna fíordheimhniú go cuí, an sliocht san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó, de réir mar a bheidh, in Iarscríbhinn II, a ghabhann leis an Rialachán Cothabhála agus cóip dhílis dheimhnithe nó cóipeanna dílse deimhnithe de na doiciméid eile dá dtagraítear i bhfo-riail 1(a) a thabhairt don pháirtí a bheidh á n-iarraidh, agus ní foláir dó nó di na doiciméid bhunaidh eile a choinneáil ina choimeád nó ina coimeád. 

18 Breith a sheirbheáil agus cruthúnas ar sheirbheáil

18. (1) Más rud é, chun breith a fhorfheidhmiú faoin Rialachán Cothabhála, gur gá breith arna tabhairt ag suí den Chúirt Dúiche a sheirbheáil ar fhreagróir, ní foláir don éilitheoir an tseirbheáil a dhéanamh, nó ní foláir an tseirbheáil a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann agus de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála (nó, más infheidhme, Choinbhinsiún na Háige) agus na Coda seo.

(2) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta agus deimhnithe go cuí, ní foláir an deimhniú seirbheála nó, más cuí, an deimhniú postála, an dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála agus an fhoirm faisnéise seachadta a chomhdú leis an gCléireach lena choinneáil nó lena gcoinneáil leis an mbreithiúnas bunaidh. 

19 Iarratas ar athrú nó ar chúlghairm de bhua Chaibidil II den Rialachán Cothabhála

19. (1) Sula ndéanfar iarratas chun na Cúirte Dúiche, is iarratas a bheidh á thionscnamh-

(a) de bhua Chaibidil II den Rialachán Cothabhála, ag creidiúnaí cothabhála a bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát i gcoinne féichiúnaí cothabhála lasmuigh den Stát, nó

(b) de bhua Chaibidil II den Rialachán Cothabhála, ag creidiúnaí cothabhála lasmuigh den Stát i gcoinne féichiúnaí cothabhála a bhfuil cónaí rialta nó sainchónaí air nó uirthi sa Stát

ní foláir an toghairm chuí nó an fógra iarratais cuí a luaitear in Ordú 54 nó, más cuí, fógra den chéanna i bhFoirm 41B.01, Sceideal C, fara aon mhodhnuithe is gá, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir, i gcás go bhfuil an freagróir lasmuigh den Stát, agus beidh feidhm ag forálacha na Coda seo maidir le haon iarratas den sórt sin.

(2) Ní foláir ordú ón gCúirt lena ngéillfear d’aon iarratas den sórt sin a sheirbheáil ar pháirtí laistigh den Stát leis an bpost cláraithe agus ar pháirtí lasmuigh den Stát de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála (nó, más infheidhme, Choinbhinsiún na Háige) agus na Coda seo. 

20 Doiciméid a tharchur ar fhéichiúnaí cothabhála d’athrú a sheolta nó a seolta

20. (1) I gcás go scoirfidh féichiúnaí cothabhála de bheith ina chónaí nó ina cónaí sa cheantar Cúirte ina ndearnadh na himeachtaí a chlárú agus go dtosóidh sé nó sí ag cónaí in áit eile sa Stát, ní foláir don Chléireach don chéad cheantar Cúirte na doiciméid seo a leanas a chur ar aghaidh chuig an gCléireach don cheantar Cúirte ina bhfuil cónaí, de thuras na huaire, ar an bhféichiúnaí cothabhála-

(a) cóip den ordú cothabhála agus cóip den ordú forfheidhmithe iomchuí nó, de réir mar a bheidh, cóip den sliocht san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn I nó, de réir mar a bheidh, in Iarscríbhinn II, a ghabhann leis an Rialachán Cothabhála, den bhreith arna heisiúint ag an gcúirt tionscnaimh,

(b) deimhniú riaráistí i bhFoirm 41B.07, Sceideal C,

(c) cóip den ordú athraithe (más ann),

(d) aon doiciméad iomchuí eile.

(2) Ní foláir don Chléireach a gheobhaidh na doiciméid déanamh mar a dhéanfadh sé nó sí amhail is dá mba rud é gur ó Mháistir na hArd-Chúirte a fuarthas an chóip den ordú cothabhála agus an chóip den ordú forfheidhmithe.


4 — ORDUITHE COTHABHÁLA AE A FHORFHEIDHMIÚ

FAOIN RIALACHÁN COTHABHÁLA AGUS FAOI RIALACHÁIN 2011: BREITHEANNA ARNA dTABHAIRT I mBALLSTÁT ATÁ FAOI CHEANGAL AG PRÓTACAL NA HÁIGE, 2007


21 Cléireach cuí chun breitheanna a chlárú

21. (1) I gcás gur mian le creidiúnaí cothabhála nó leis an Údarás Lárnach faoin Rialachán Cothabhála a iarraidh go ndéanfar breith dá dtagraítear in Airteagal 17.1 den Rialachán Cothabhála a fhorfheidhmiú sa Stát, ní foláir don pháirtí nó don Údarás Lárnach faoin Rialachán Cothabhála na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán Cothabhála a chur chuig an gCléireach don cheantar Cúirte cuí don dúiche dá dtagraítear i Rialachán 3, 4 nó 6 (de réir mar a bheidh) de Rialacháin 2011 (an “Cléireach cuí” sa Chuid seo).

(2) I gcás go ndéanfaidh an tÚdarás Lárnach iarraidh faoi Rialachán 17(6) de Rialacháin 2011 go ndéanfar íocaíochtaí cothabhála go díreach leis an gcreidiúnaí cothabhála, ní foláir don Chléireach an t-ábhar a thaifeadadh os comhair na Cúirte.

(3) Ar na doiciméid a fháil, ní foláir don Chléireach—

(a) sonraí faoin mbreith lena mbaineann a chlárú, agus

Fógra chuig féichiúnaí cothabhála

(b) trí fhógra i bhFoirm 41B.05, Sceideal C, clárú na breithe a chur in iúl don fhéichiúnaí cothabhála.

(4) Ní foláir an fógra a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha agus ní foláir chomh maith cóip de a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an duine a ndearnadh an clárú a iarraidh thar a cheann nó thar a ceann. 

Cléireach cuí do chlárú sonraí i dtaobh athrú, etc.

(5) I gcás go mbeidh breith dá dtagraítear i bhfo-riail (1) athraithe nó cúlghairthe ag an gcúirt a rinne an bhreith agus go mbeidh na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán Cothabhála i leith an athraithe nó na cúlghairme faighte ag an gCléireach cuí, ní foláir dó nó di sonraí an chéanna a chlárú agus ní foláir dó nó di, trí fhógra, clárú an ordaithe athraithe nó an ordaithe cúlghairme a chur in iúl don fhéichiúnaí cothabhála.

(6) Ní theorannófar leis an riail seo cumas páirtí nach mbeidh fo-riail (1) comhlíonta aige nó aici breith arna haithint de réir bhrí Airteagal 17.1 den Rialachán Cothabhála a agairt sa Stát ar shlí seachas chun an bhreith a fhorfheidhmiú. 

22 Feidhm ag forálacha Orduithe 54, 56 agus 57

22. (1) Beidh feidhm ag forálacha Ordú 54, Ordú 56 agus Ordú 57 (ach amháin rialacha 7 agus 8 den Ordú sin) agus féadfar iad a chur chun feidhme maidir le haon bhreith arna haithint de réir bhrí Airteagal 17.1 den Rialachán Cothabhála is ordú cothabhála (de bhua Rialacháin 2011) nó, de réir mar a bheidh, a mheasfar a bheith ina réamh-ordú de bhua Rialachán 8(3) de Rialacháin 2011.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-riail (1):

(a) nuair a gheobhaidh Cléireach Cúirte Dúiche iarraidh i scríbhinn ó chreidiúnaí cothabhála nó ón Údarás Lárnach faoin Rialachán Cothabhála i ndáil le haon suim is iníoctha de bhua aon bhreith arna haithint de réir bhrí Airteagal 17.1 den Rialachán Cothabhála is ordú cothabhála (de bhua Rialacháin 2011) nó, de réir mar a bheidh, a mheasfar a bheith ina réamh-ordú de bhua Rialachán 8(3) de Rialacháin 2011, ach nach mbeidh íoctha go cuí, féadfaidh an Cléireach dul ar aghaidh de réir fhorálacha Ordú 56 (Astú Tuillimh) nó rialacha 3 agus 4 (ach ní rialacha 7 agus 8) d’Ordú 57 (Imeachtaí faoi alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940), nó

(b) nuair is dealraitheach do Chléireach Cúirte Dúiche go bhfuil aon suimeanna is iníoctha leis nó léi, faoi aon bhreith arna haithint de réir bhrí Airteagal 17.1 den Rialachán Cothabhála is ordú cothabhála (de bhua Rialacháin 2011) nó, de réir mar a bheidh, a mheasfar a bheith ina réamh-ordú de bhua Rialachán 8(3) de Rialacháin 2011, lena dtarchur chuig an gcreidiúnaí cothabhála i riaráiste agus nach mbeidh iarraidh ar bith i scríbhinn faoi alt 9(2) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 maidir leo sin faighte aige nó aici, féadfaidh an Cléireach sin, dá rogha féin, tar éis dó nó di méid na riaráistí agus aon ábhar iomchuí eile a bhreithniú, fógra a thabhairt don chreidiúnaí cothabhála i dtaobh na modhanna forfheidhmithe atá ar fáil i leith an ordaithe.

5 — ORDUITHE COTHABHÁLA AE A FHORFHEIDHMIÚ FAOIN RIALACHÁN COTHABHÁLA AGUS FAOI RIALACHÁIN 2011: BREITHEANNA ARNA dTABHAIRT I mBALLSTÁT NACH bhFUIL FAOI CHEANGAL AG PRÓTACAL NA HÁIGE, 2007 AGUS BREITHEANNA ARNA dTABHAIRT I mBALLSTÁT ATÁ FAOI CHEANGAL AG PRÓTACAL NA HÁIGE, 2007 ACH A bhFUIL FEIDHM AG AIRTEAGAL 75.2(a)NÓ(b) MAIDIR LEO


23 Orduithe a chlárú

23. (1) I gcás go bhfaighidh Cléireach Cúirte Dúiche cóip d’ordú cothabhála nó cóip d’ordú lena n-athrófar nó lena gcúlghairfear ordú den sórt sin, a mbeidh ordú forfheidhmithe déanta ina leith, mar aon le cóip den ordú forfheidhmithe iomchuí, ó Mháistir na hArd-Chúirte nó ón Údarás Lárnach, ní foláir don Chléireach sonraí gach doiciméid a gheofar a chlárú.

(2) Más rud é go ndéanfar an t-ordú forfheidhmithe i leith ordú cothabhála nó ordú lena ndéanfar ordú cothabhála a athrú, ní foláir don Chléireach fógra i bhFoirm 41B.06, Sceideal C, a chur leis an bpost cláraithe chuig an gcreidiúnaí cothabhála agus chuig an bhféichiúnaí cothabhála.

(3) Más rud é go ndéanfar an t-ordú forfheidhmithe i leith ordú lena ndéanfar ordú cothabhála a chúlghairm, ní foláir don Chléireach cóip den ordú cúlghairme agus ráiteas ar aon mhéideanna a bheidh dlite agus iníoctha fós faoin ordú cothabhála a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an bhféichiúnaí cothabhála, agus maidir leis an ráiteas sin, ní foláir go mbeidh ann, nó ní foláir é a chur mar aon le, formhuiniú a mbeidh an éifeacht chéanna leis agus a bheidh leis an bhformhuiniú ar fhógra faoi fho-riail (2). 

24 Iarraidh ó chreidiúnaí cothabhála

24. (1) Nuair a gheobhaidh Cléireach Cúirte Dúiche iarraidh i scríbhinn ó chreidiúnaí cothabhála faoi Rialachán 10(9) de Rialacháin 2011 i ndáil le haon suim is iníoctha de bhua ordú cothabhála infhorfheidhmithe ach nach mbeidh íoctha go cuí, féadfaidh an Cléireach dul ar aghaidh de réir fhorálacha Ordú 56 (Astú Tuillimh) nó rialacha 3 agus 4 (ach ní rialacha 7 agus 8) d’Ordú 57 (Imeachtaí faoi alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940).

(2) I gcás gur dealraitheach do Chléireach Cúirte Dúiche go bhfuil aon suimeanna is iníoctha leis nó léi faoi ordú cothabhála infhorfheidhmithe lena dtarchur chuig an gcreidiúnaí cothabhála i riaráiste agus nach mbeidh iarraidh ar bith i scríbhinn faoin Rialachán sin 10(9) maidir leo sin faighte aige nó aici, féadfaidh an Cléireach, dá rogha féin, tar éis dó nó di méid na riaráistí agus aon ábhar iomchuí eile a bhreithniú, fógra a thabhairt don chreidiúnaí cothabhála i dtaobh na modhanna forfheidhmithe atá ar fáil i leith an ordaithe. 

25 Iarratas de bhua Airteagail 2 agus 5.2 de Choinbhinsiún na Bruiséile nó de Choinbhinsiún Lugano

25. (1) Sula ndéanfar iarratas chun na Cúirte Dúiche, is iarratas a bheidh á thionscnamh-

(a) de bhua Airteagal 5.2 de Choinbhinsiún na Bruiséile nó de Choinbhinsiún Lugano ag creidiúnaí cothabhála a bhfuil sainchónaí nó cónaí rialta air nó uirthi sa Stát i gcoinne féichiúnaí cothabhála a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát chun ordú cothabhála a athrú,

(b) de bhua Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Bruiséile nó de Choinbhinsiún Lugano ag creidiúnaí cothabhála a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát i gcoinne féichiúnaí cothabhála a bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát chun ordú cothabhála a athrú, nó

(c) de bhua Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Bruiséile nó de Choinbhinsiún Lugano ag féichiúnaí cothabhála a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát i gcoinne creidiúnaí cothabhála a bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát chun ordú cothabhála a athrú nó a chúlghairm,

ní foláir toghairm i bhFoirm 41B.08, Sceideal C nó, más cuí, fógra i dtaobh toghairme i bhFoirm 41B.01, Sceideal C, fara aon mhodhnuithe is gá, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir, i gcás go bhfuil sainchónaí ar an bhfreagróir i mBallstát nó i Stát Conarthach seachas an Stát, agus beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo.

(2) Ní foláir an t-ordú ón gCúirt lena ngéillfear don iarratas a sheirbheáil ar pháirtí laistigh den Stát leis an bpost cláraithe agus ar pháirtí a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát nó i Stát Conarthach eile de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála nó, de réir mar is cuí, Choinbhinsiún na Háige (lena n-áirítear Airteagail 8 go 11 den chéanna) agus an Ordaithe seo.


6 — COTHABHÁIL A GHNÓTHÚ

– An tAcht Cothabhála, 1994-Cuid II

– Dlínsí Cómhalartúcháin


26 Ordú Forfheidhmithe

26. Mura mbainfidh breithiúnas nó ionstraim nó socraíocht dá dtagraítear in Airteagail 50 nó 51 de Choinbhinsiún na Bruiséile nó, de réir mar a bheidh, Airteagail 57 nó 58 de Choinbhinsiún Lugano go heisiach le cothabháil, ní bheidh feidhm ag na Rialacha seo ach amháin maidir leis na codanna sin a bhaineann le cothabháil, agus ar ordú forfheidhmithe arna dhéanamh ag an Ard-Chúirt, i ndáil leis an gcéanna, a fháil, ní foláir don Chléireach dul ar aghaidh de réir mar a léirítear i riail 27. 

27 Clárú faoi alt 7 d’Acht 1994

27. Más rud é, de bhun alt 7(1) d’Acht 1994, go ndéanfaidh an tÚdarás Lárnach faoi Acht 1994, ar iarratas a fháil chun ordú cothabhála, a bheidh tarchurtha ag an Údarás Lárnach de chuid dlínse chómhalartúcháin, a aithint nó a fhorfheidhmiú sa Stát, an t-iarratas a chur

(a) chuig Máistir na hArd-Chúirte lena chinneadh de réir alt 7 d’Acht 1998, nó

(b) chuig an Ard-Chúirt lena chinneadh de réir Airteagail 31 agus 32 de Choinbhinsiún na Bruiséile nó, de réir mar a bheidh, Airteagail 38 agus 39 agus Iarscríbhinn II de Choinbhinsiún Lugano

agus, i gcás go ndéanfar ordú forfheidhmithe faoi ailt 7(2) nó 7(7) d’Acht 1994, de réir mar is cuí, agus go gcuirfear na horduithe chuig an gCléireach Cúirte Dúiche cuí, ní foláir don Chléireach na doiciméid a chlárú agus dul ar aghaidh chun an t-ordú cothabhála infhorfheidhmithe a fhorfheidhmiú de réir fhorálacha an Ordaithe seo.


7 — COTHABHÁIL A GHNÓTHÚ

–An tAcht Cothabhála, 1994

–Dlínsí Ainmnithe

–Coinbhinsiún Nua-Eabhrac


28 Ordú Forfheidhmithe

28. Más rud é:

(a) go bhfaighidh an tÚdarás Lárnach faoi Acht 1994 iarraidh ó údarás lárnach dlínse ainmnithe thar ceann éilitheora chun cothabháil a ghnóthú ó dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi de thuras na huaire sa Stát (an “freagróir”), agus

(b) go bhfuil ordú ó Chúirt i Stát Conarthach (de réir bhrí Acht 1998) ag gabháil leis an iarraidh, agus

(c) go ndéanfaidh an tÚdarás Lárnach faoi Acht 1994 an iarraidh a tharchur de bhun alt 14(1)(a) d’Acht 1994 chuig Máistir na hArd-Chúirte lena cinneadh de réir alt 7 d’Acht 1998, agus

(d) go ndéanfaidh an Máistir, tar éis dó nó di ordú forfheidhmithe a dhéanamh i leith an ordaithe cothabhála, na horduithe sin a chur chuig an gCléireach Cúirte Dúiche cuí,

ní foláir don Chléireach dul ar aghaidh de réir mar a léirítear i riail 27. 

29 Iarratas ar fhorfheidhmiú faoi alt 14 d’Acht 1994

29. (1) I gcás go bhfaighidh an tÚdarás Lárnach faoi Acht 1994 iarraidh dá dtagraítear i riail 28 agus go mbeidh ordú arna dhéanamh ag aon Chúirt eile ag gabháil leis an iarraidh agus go mbeidh an tÚdarás Lárnach faoi Acht 1994 den tuairim go bhféadfaidh an t-ordú a bheith infhorfheidhmithe sa Stát, féadfaidh an tÚdarás Lárnach faoi Acht 1994 iarratas a dhéanamh de bhun alt 14(1)(b) d’Acht 1994 ag aon suí den Chúirt Dúiche don dúiche Chúirte iomchuí (de réir mar atá leagtha amach in alt 14(11) d’Acht 1994) chun an t-ordú a fhorfheidhmiú.

(2) Sula ndéanfar iarratas a luaitear i bhfo-riail (1) ní foláir fógra i bhFoirm 41B.09, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir. Ní foláir cóip de na doiciméid a luaitear in alt 14(6) d’Acht 1994 a bheith ag gabháil leis an bhfógra. Ní foláir an tseirbheáil a dhéanamh leis an bpost cláraithe 21 lá ar a laghad roimh an dáta fillte.

(3) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, ní foláir don iarratasóir an chóip bhunaidh den fhógra, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus an deimhniú postála, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta fillte. 

Cléireach do chur cóipeanna d’orduithe

(4) Más rud é, ar an iarratas a éisteacht, go ndéanfaidh an Chúirt ordú chun an t-ordú ón gcúirt a fhorfheidhmiú sa dlínse ainmnithe chun cothabháil a ghnóthú, ní foláir don Chléireach cóipeanna den ordú ón gCúirt a chur chuig an Údarás Lárnach faoi Acht 1994 agus chuig an bhfreagróir. 

Cléireach d’fhorfheidhmiú ordú

(5) Nuair a dhéanfaidh an Chúirt ordú den sórt sin ní foláir don Chléireach dul ar aghaidh chun an t-ordú cothabhála infhorfheidhmithe a fhorfheidhmiú de réir mar a léirítear i riail 27. 

30 Nós imeachta forfheidhmithe i gcás nach mbeidh ordú ag gabháil le hiarraidh

30. (1) I gcás go bhfaighidh an tÚdarás Lárnach faoi Acht 1994 iarraidh dá dtagraítear i riail 27 agus:–

(a) nach mbeidh ordú dá dtagraítear i riail 27 nó i riail 28 ag gabháil leis an iarraidh, nó

(b) go ndiúltófar an t-ordú a fhorfheidhmiú,

- iarratas chun na Cúirte Dúiche

agus go bhfuil ar intinn ag an Údarás Lárnach faoi Acht 1994 iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche faoi alt 14(1)(c)(ii) d’Acht 1994, chun cothabháil a ghnóthú de réir na hiarrata, féadfar an t-iarratas a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte iomchuí (de réir mar atá leagtha amach in alt 14(11) d’Acht 1994) agus ní foláir a mheas (de réir mar a fhoráiltear in alt 14(3) den Acht sin) gur iarratas ar ordú cothabhála é faoi alt 5, 5A nó 21A d’Acht 1976, de réir mar is cuí. 

- iar bhfógra

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas, ní foláir fógra i bhFoirm 41B.10, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir. Ní foláir cóipeanna de na doiciméid a luaitear in alt 14(6) d’Acht 1994 a bheith ag gabháil leis an bhfógra. Ní foláir an tseirbheáil a dhéanamh leis an bpost cláraithe 21 lá ar a laghad roimh dháta fillte an iarratais.

(3) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, ní foláir don iarratasóir an chóip bhunaidh den fhógra, mar aon leis an deimhniú postála, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta fillte.

(4) Más rud é, ar an iarratas a éisteacht, go ndéanfaidh an chúirt ordú cothabhála, ní foláir don Chléireach dul ar aghaidh de réir fhorálacha iomchuí Ordú 54 agus an Ordaithe seo, agus féadfar na foirmeacha a sholáthraítear sna hOrduithe sin (fara aon mhodhnuithe is gá) a úsáid. 

31 Teistíocht

31. I gcás go nglacfaidh an Chúirt, ar iarratas chuici faoi alt 14(1)(c) d’Acht 1994, fianaise ón bhfreagróir trí theistíocht faoi mhionn, ní foláir an teistíocht a bheith i bhFoirm 41B.11, Sceideal C. Ní foláir don Chléireach cóip den teistíocht a chur chuig an Údarás Lárnach faoi Acht 1994 lena tarchur chuig údarás lárnach na dlínse ainmnithe mar aon le hiarraidh go soláthróidh an t-éilitheoir mionnscríbhinn freagartha. 

32 Aistriú chun fianaise trí nasc físe a éascú

32. I gcás, ag éisteacht iarratais faoi alt 14(1)(c) d’Acht 1994, go ndéanfaidh an Chúirt ordú de bhun alt 14(7) den Acht sin lena n-aistreofar na himeachtaí go dtí dúiche Chúirte ina bhfuil saoráidí ar fáil chun fianaise an éilitheora nó aon fhinné a ghlacadh trí nasc teilifíse beo, ní foláir don Chléireach cóip den ordú a chur ar aghaidh, mar aon le haon doiciméid eile a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh a bhaineann leis na himeachtaí, chuig an gCléireach Cúirte Dúiche cuí. 

33 Iarraidh fianaise a thabhairt trí theistíocht

33. (1) Féadfar iarraidh ón éilitheoir ar fhianaise a thabhairt trí theistíocht faoi mhionn os comhair na Cúirte Dúiche faoi alt 15(2)(a) d’Acht 1994 a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina bhfuil cónaí ar an éilitheoir nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

(2) Ní foláir gur i bhFoirm 41B.12, Sceideal C, a bheidh teistíocht, arna glacadh faoi alt 15(2)(a) d’Acht 1994 agus ní foláir an deimhniú ón gCúirt a cheanglaítear faoi alt 15(2)(a) d’Acht 1994 a bheith ar áireamh inti ag bun na teistíochta. Ní foláir don Chléireach cóip dheimhnithe den teistíocht agus den deimhniú a thabhairt don éilitheoir. 

34 Deimhniú faoi alt 15(3)(b) d’Acht 1994

34. Ní foláir gur i bhFoirm 41B.13, Sceideal C, a bheidh an deimhniú a bheidh le tabhairt ag an gCléireach d’éilitheoir nuair a iarrfar é, de bhun alt 15(3)(b) d’Acht 1994. 

35 Nós imeachta faoi alt 19 d’Acht 1994

35. (1) Faoi réir fhorálacha alt 19(8) d’Acht 1994, más rud é, ar Mháistir na hArd-Chúirte dá iarraidh sin, de bhun alt 19(2) d’Acht 1994, go mbeartóidh Breitheamh den Chúirt Dúiche an fhianaise a ghlacadh ó dhuine chun críocha imeachtaí i ndlínse ainmnithe chun cothabháil a ghnóthú, ní foláir don Chléireach fógra, i bhFoirm 41B.14, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an duine lena mbaineann, ar an Údarás Lárnach faoi Acht 1994, ar Mháistir na hArd-Chúirte agus ar cibé daoine eile is cuí leis an gCúirt. Ní foláir an fógra a sheirbheáil leis an bpost cláraithe 21 lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an fhianaise a ghlacadh.

(2) I gcás gur trí theistíocht faoi mhionn a ghlacfar fianaise den sórt sin, ní foláir gur i bhFoirm 41B.15, Sceideal C, a bheidh an teistíocht. Ní foláir don Chléireach cóip dheimhnithe di a chur chuig an Údarás Lárnach faoi Acht 1994 lena tarchur chuig an údarás iarrthach.

(3) I gcás go ndéanfaidh an t-údarás iarrthach iarraidh chun fianaise a ghlacadh go díreach chuig an gCúirt Dúiche, dá bhforáiltear in alt 19(9) d’Acht 1994, ní foláir feidhm a bheith ag forálacha na rialach seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le hiarraidh den sórt sin.

(4) Mura féidir an fhianaise a ghlacadh laistigh de cheithre mhí ón tráth a bheidh an iarraidh ón Údarás Lárnach faoi Acht 1994 faighte, ní foláir go ndeimhneoidh an Breitheamh na cúiseanna nach ndearnadh an iarraidh a fhorghníomhú nó na cúiseanna leis an moill a bhain lena forghníomhú agus ní foláir don Chléireach an céanna a chur chuig an Údarás Lárnach faoi Acht 1994 lena tharchur chuig an údarás iarrthach.


8 — FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hIMEACHTAÍ DÁ dTAGRAÍONN CODANNA 3 GO 7


36 Airgeadra na n-íocaíochtaí

36. Aon mhéid is iníoctha sa Stát:-

(a) faoi bhreith arna haithint de réir bhrí Airteagal 17.1 den Rialachán Cothabhála;

(b) faoi ordú cothabhála infhorfheidhmithe de bhua ordú forfheidhmithe dá bhforáiltear in Rialacháin 2011, nó

(c) faoi ordú chun cothabháil a ghnóthú a dhéanfaidh Cúirt i ndlínse seachas an Stát agus is infhorfheidhmithe sa Stát dá bhforáiltear in Acht 1994,

ní foláir é a íoc in euro agus más in airgeadra seachas an euro a bheidh an méid a shonrófar sa bhreith, san ordú cothabhála infhorfheidhmithe nó san ordú chun cothabháil a ghnóthú, de réir mar a bheidh, ní foláir an íocaíocht a dhéanamh ar bhonn an ráta malairte, a bheidh i réim ar dháta déanta an ordaithe forfheidhmithe nó an ordaithe ó chúirt sa Stát chun an bhreith a fhorfheidhmiú chun cothabháil a ghnóthú, idir an t-airgeadra eile sin agus an euro. 

37 Tabharfaidh Cléireach admháil ar íocaíochtaí agus déanfaidh sé nó sí iad a tharchur

37. (1) Ní foláir don Chléireach admháil ar gach íocaíocht a dhéanfaidh an féichiúnaí cothabhála faoi ordú dá dtagraítear i riail 36 a thabhairt dó nó di nó a chur leis an ngnáthphost chuige nó chuici, agus ní foláir don Chléireach íocaíocht den sórt sin a tharchur láithreach leis an bpost cláraithe, leis an bpost árachaithe nó ar aon mhodh cuí eile chuig an duine a bheidh i dteideal í a fháil, ag féachaint go cuí d’fhorálacha fho-ailt 2(a) agus 2(b) d’alt 4 d’Acht 1994, más infheidhme.

(2) Sula ndéanfar aon íocaíocht den sórt sin a tharchur chuig an gcoigríoch, ní foláir don Chléireach aon rialacháin um Rialú Iomlaoide a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire lena rialaítear tarchur íocaíochtaí den sórt sin a chomhlíonadh agus ní foláir dó nó di, i gcás gur gá sin chun na críche sin, an t-ordú dá dtagraítear i riail 36 a thabhairt ar aird do dhéileálaí údaraithe (i.e. banc ceadúnaithe) lena iniúchadh. 

38 Ionad le haghaidh imeachtaí arna dtionscnamh ag creidiúnaí

38. (1) Maidir le himeachtaí a thionscnóidh an creidiúnaí cothabhála, nó a thionscnófar thar a cheann nó thar a ceann, sa Chúirt Dúiche faoi Rialacháin 2011 agus faoin Rialachán Cothabhála chun ordú cothabhála infhorfheidhmithe a fhorfheidhmiú, féadfar iad a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh:

(a) i gcás go bhfuil an féichiúnaí cothabhála faoin ordú cothabhála infhorfheidhmithe lena mbaineann ina chónaí nó ina cónaí sa Stát, nó i gcás go measfar faoi Rialachán 6 de Rialacháin 2011 cónaí rialta a bheith air nó uirthi i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina bhfuil cónaí rialta ar an bhféichiúnaí cothabhála nó, de réir mar a bheidh, ina measfar cónaí rialta a bheith air nó uirthi, de réir Rialachán 10(7)(a) de Rialacháin 2011;

(b) i gcás nach bhfuil cónaí ar an bhféichiúnaí cothabhála sa Stát ach é nó í a bheith i bhfostaíocht ag duine ar a bhfuil cónaí nó ag a bhfuil áit ghnó sa Stát nó ag comhlacht a bhfuil a shuíomh bainistíochta nó rialaithe sa Stát, ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina bhfuil cónaí ar an duine sin nó, de réir mar a bheidh, ina bhfuil a shuíomh ag an gcomhlacht, de réir Rialachán 10(7)(b) de Rialacháin 2011.

(2) Maidir le himeachtaí a thionscnóidh an creidiúnaí cothabhála de bhua Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Bruiséile nó de Choinbhinsiún Lugano chun ordú cothabhála arna dhéanamh i Stát Conarthach seachas an Stát a athrú, féadfar iad a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí cothabhála.


9 — FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hIMEACHTAÍ DÁ dTAGRAÍONN CODANNA 2, 5 AGUS 6


39 Iarratas ar ordú chun faisnéis a sholáthar faoi Rialachán 19(2) de Rialacháin 2011

39. (1) Maidir le hiarratas ón Údarás Lárnach faoin Rialachán Cothabhála chun na Cúirte faoi Rialachán 19(2) de Rialacháin 2011 ar ordú lena gceanglófar ar dhuine nó ar chomhlacht (nach duine ná comhlacht a luaitear i Rialachán 19(1) de Rialacháin 2011) faisnéis a sholáthar don Údarás Lárnach faoin Rialachán Cothabhála i dtaobh cá bhfuil creidiúnaí cothabhála nó féichiúnaí cothabhála (de réir bhrí Rialacháin 2011), i dtaobh a áite oibre nó a háite oibre, nó i dtaobh láthair agus mhéid a shócmhainní nó a sócmhainní, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina bhfuil cónaí ar an duine nó ar an gcomhlacht a mbeidh an t-ordú a lorgaítear le díriú chuige nó chuici, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha. Ní foláir fógra i dtaobh an iarratais i bhFoirm 41B.16, Sceideal C, a chomhdú leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta.

(2) I gcás go ngéillfidh an Chúirt don iarratas agus go ndéanfaidh sí an t-ordú a lorgaítear, ní foláir don Údarás Lárnach cóip den ordú a chur ar aghaidh chuig an duine nó chuig an gcomhlacht lena mbaineann. 

40 Iarratas ar ordú chun faisnéis a sholáthar faoi alt 20(2) d’Acht 1994

40. (1) Maidir le hiarratas ón Údarás Lárnach faoi Acht 1994 chun na Cúirte faoi alt 20(2) d’Acht 1994 ar ordú lena gceanglófar ar dhuine nó ar chomhlacht (nach duine ná comhlacht a luaitear in alt 20(1) den Acht sin) faisnéis a sholáthar don Údarás Lárnach faoi Acht 1994 i dtaobh cá bhfuil féichiúnaí cothabhála (de réir bhrí Acht 1998) nó freagróir, i dtaobh a áite oibre nó a háite oibre, nó i dtaobh láthair agus mhéid a shócmhainní nó a sócmhainní, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina bhfuil cónaí ar an duine nó ar an gcomhlacht a mbeidh an t-ordú a lorgaítear le díriú chuige nó chuici, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha. Ní foláir fógra i dtaobh an iarratais i bhFoirm 41B.16, Sceideal C, a chomhdú leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta.

(2) I gcás go ngéillfidh an Chúirt don iarratas agus go ndéanfaidh sí an t-ordú a lorgaítear, ní foláir don Údarás Lárnach cóip den ordú a chur ar aghaidh chuig an duine nó chuig an gcomhlacht lena mbaineann.


10 — IMEACHTAÍ FAOI CHOINBHINSIÚN NA HÁIGE, 1996


41 Mínithe (sa Chuid seo)

41. Sa Chuid seo (rialacha 41 go 52 go huile), mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

ciallaíonn “Acht 2000” an tAcht um Chosaint Leanaí (Coinbhinsiún na Háige), 2000 (Uimh. 37 de 2000);

ciallaíonn an “Cléireach” an Cléireach don cheantar Cúirte ina raibh nó ina bhfuil an t-iarratas bunaidh le héisteacht agus le cinneadh nó ina ndearnadh an t-ordú bunaidh;

tá le gach ceann de na habairtí “stát conarthach eile”, “Údarás Lárnach”, “stát conarthach”, “an Coinbhinsiún”, “breith”, “breithiúnas”, agus “beart” an bhrí a shanntar dóibh le halt 1 d’Acht 2000. 

42 Ionad le haghaidh imeachtaí faoi Acht 2000 nó faoin gCoinbhinsiún

42. Faoi réir alt 4(2) agus alt 4(3) d’Acht 2000, féadfar imeachtaí os comhair na Cúirte faoi Acht 2000 nó faoin gCoinbhinsiún de bhua Acht 2000 a thionscnamh, a éisteacht nó a chinneadh:

(a) i gcás imeachtaí a bhfuil feidhm ag alt 4(1)(b) nó alt 4(1)(c) d’Acht 2000 maidir leo, ag aon suí den Chúirt d’aon cheantar Cúirte sa dúiche Chúirte a chinnfear de réir alt 4(1)(b) nó, de réir mar a bheidh, alt 4(1)(c) d’Acht 2000;

(b) i gcás aon imeachtaí eile faoi Acht 2000 nó faoin gCoinbhinsiún de bhua an Achta sin, ag cibé suí den Chúirt nó ar shlí eile de réir mar a fhorordaítear leis na Rialacha seo nó le reacht le haghaidh imeachtaí ina lorgaítear an faoiseamh lena mbaineann.

43 Bac ar imeachtaí

43. (1) I gcás go mbeidh dlínse ag an gCúirt in aon imeachtaí a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leo faoi Airteagal 5 nó 6 den Choinbhinsiún ach, ar iarratas ó pháirtí sna himeachtaí nó uaithi féin, go mbreithneoidh sí, de réir Airteagal 8 den Choinbhinsiún, gur fearr a bheadh an t-údarás de chuid stát conarthach eile sa chás áirithe chun measúnú a dhéanamh ar mhaithe le leas an linbh, féadfaidh an Chúirt bac a chur ar na himeachtaí os a comhair ar feadh tréimhse a shonróidh an Chúirt agus, de réir mar is cuí leis an gCúirt:

(a) a ordú don Údarás Lárnach iarraidh a dhéanamh thar a ceann chuig údarás cuí an stáit chonarthaigh eile lena mbaineann chun dlínse a ghabháil air féin chun cibé bearta cosanta a mheasfaidh sé is gá a dhéanamh de réir Airteagal 8 den Choinbhinsiún, nó

(b) a iarraidh ar na páirtithe iarraidh den sórt sin a thabhairt isteach os comhair údarás cuí an stáit chonarthaigh eile lena mbaineann de réir Airteagal 8 den Choinbhinsiún,

agus féadfaidh an Chúirt, chun na gcríoch sin, tréimhse aon bhaic a theorannú go tréimhse a shonróidh an Chúirt, agus an t-ábhar a chur ar atráth lena bhreithniú tuilleadh.

(2) Féadfaidh an Chúirt bac arna ordú de réir fho-riail (1) a urscaoileadh agus a ordú go ndéanfar aon iarraidh arna déanamh faoi mhír (a) den fho-riail sin a tharraingt siar mura ndéanfaidh an t-údarás sa stát conarthach eile lena mbaineann dlínse a ghabháil air féin laistigh den tréimhse ar lena linn a bheidh an bac deonaithe ag an gCúirt.

(3) Féadfaidh an Chúirt bac arna ordú de réir fho-riail (1) a urscaoileadh mura ndéanfaidh na páirtithe, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe ag an gcúirt, a iarraidh ar an údarás sa stát conarthach eile lena mbaineann dlínse a ghabháil air féin. 

44 Iarratas go bhfeidhmeoidh cúirt dlínse mar chúirt chuí de chuid stát conarthach

44. I gcás go n-iarrfar ar an gCúirt, de réir an Choinbhinsiúin, dlínse a thugtar di a fheidhmiú chun aon bhearta a dhéanamh de bhua gurb í an chúirt chuí de chuid stát conarthach í, maidir leis an doiciméad lena dtosófar na himeachtaí cuí de réir na Rialacha seo:

(i) ní foláir, de bhreis air sin, gur maidir leis an bhforáil den Choinbhinsiún ar dá réir a iarrfar ar an gCúirt dlínse a fheidhmiú an teideal a bheidh air, agus

(ii) ní foláir, de bhreis air sin, go gcuirfear mar fhoscríbhinn leis cóip d’aon iarraidh iomchuí i scríbhinn arna déanamh ag an údarás inniúil de chuid stát conarthach eile, mar aon le haistriúchán deimhnithe, más gá, go Gaeilge nó go Béarla, nó

(iii) ní foláir, thairis sin, go leagfar amach ann an bonn ar a ndéanfar an iarraidh chun dlínse a fheidhmiú.

45 Malartú tuairimí

45. Féadfaidh an Chúirt cibé ordacháin a thabhairt don Údarás Lárnach is cuí chun rannpháirtíocht a éascú in aon mhalartú tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 8.3 den Choinbhinsiún nó in Airteagal 9.2 den Choinbhinsiún ar cibé slí agus ar cibé modh a mheasfaidh an Chúirt is oiriúnaí chun déanamh de réir chríocha an Choinbhinsiúin. 

46 Orduithe faoi Airteagal 11 agus Airteagal 12 den Choinbhinsiún

46. (1) In aon chás ina mbeidh ordú déanta ag an gCúirt faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún, féadfaidh an Chúirt a ordú don Údarás Lárnach fógra a thabhairt don Údarás Lárnach de chuid stát conarthach eile go ndearnadh an t-ordú sin agus féadfaidh sí a ordú don Údarás Lárnach céadluaite fiosrúcháin a dhéanamh leis an Údarás Lárnach de chuid stát conarthach eile i dtaobh an bhfuil bearta dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 11 den Choinbhinsiún déanta agus, má tá, i dtaobh ábhar na mbeart sin.

(2) In aon chás ina mbeidh iarrtha ar an gCúirt ordú faoi Airteagal 12 den Choinbhinsiún a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt a ordú don Údarás Lárnach:

(a) fiosrúcháin a dhéanamh leis an Údarás Lárnach de chuid stát conarthach eile i dtaobh an bhfuil aon bhearta déanta ag na húdaráis ag a bhfuil dlínse faoi Airteagail 5 go 10 den Choinbhinsiún agus, má tá, i dtaobh ábhar na mbeart sin;

(b) fiosrúcháin a dhéanamh leis an Údarás Lárnach de chuid stát conarthach eile i dtaobh an bhfuil breith (maidir leis na bearta cosanta a bhféadfaidh gur gá iad sa chor) dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 12 den Choinbhinsiún déanta agus, má tá, i dtaobh ábhar na breithe sin; nó

(c) fógra a thabhairt don Údarás Lárnach de chuid stát conarthach eile go ndearna an Chúirt ordú faoi Airteagal 12 den Choinbhinsiún.

(3) D’fhonn a chumasú don Chúirt a thaifeadadh go bhfuil bearta arna ndéanamh de réir Airteagal 11 den Choinbhinsiún imithe as feidhm, ní foláir don pháirtí tionscnaimh in aon imeachtaí a bhfuil feidhm ag fo-riail (1) maidir leo agus ina mbeidh bearta déanta ag an gCúirt de réir Airteagal 11 den Choinbhinsiún fógra i scríbhinn a thabhairt go pras don Chléireach a luaithe a bheidh na bearta is gá sa chor déanta ag na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 go 10 den Choinbhinsiún nó, de réir mar a bheidh, a luaithe a bheidh na bearta is gá sa chor, is bearta a bheidh déanta ag na húdaráis de chuid stát eile, aitheanta ag an stát conarthach a bheidh i gceist.

(4) D’fhonn a chumasú don Chúirt a thaifeadadh go bhfuil bearta arna ndéanamh de réir Airteagal 12 den Choinbhinsiún imithe as feidhm, ní foláir don pháirtí tionscnaimh in aon imeachtaí a bhfuil feidhm ag fo-riail (2) maidir leo agus ina mbeidh bearta déanta ag an gCúirt de réir Airteagal 12 den Choinbhinsiún fógra i scríbhinn a thabhairt go pras don Chléireach a luaithe a bheidh breith tugtha ag na húdaráis a bhfuil dlínse acu faoi Airteagail 5 go 10 den Choinbhinsiún maidir leis na bearta cosanta a bhféadfaidh gur gá iad sa chor nó, de réir mar a bheidh, a luaithe a bheidh na bearta is gá sa chor, is bearta a bheidh déanta ag na húdaráis de chuid stát eile, aitheanta ag an stát conarthach a bheidh i gceist.

(5) I gcás go mainneoidh an páirtí tionscnaimh fógra a thabhairt go pras don Chléireach de réir fho-riail (3) nó fho-riail (4), féadfaidh an freagróir nó aon duine eile ar leas leis nó léi é go leordhóthanach an scéala riachtanach a thabhairt. 

47 Atráthú chun iarraidh a dhéanamh faoi Airteagal 34

47. Féadfaidh an Chúirt, gan aon chumhacht eile de chuid na Cúirte a theorannú, imeachtaí a chur ar atráth faoi Acht 2000 chun iarraidh a dhéanamh faoi Airteagal 34 den Choinbhinsiún. 

48 Iarraidh faoi Airteagal 24

48. (1) Maidir le hiarraidh chun na Cúirte ó pháirtí leasmhar (de réir alt 3(2) d’Acht 2000) de bhun Airteagal 24 den Choinbhinsiún chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh aithint nó neamhaithint birt arna dhéanamh i stát conarthach eile agus/nó de bhun Airteagal 26 den Choinbhinsiún go ndearbhófar beart a bheith infhorfheidhmithe nó cláraithe chun críche forfheidhmiú sa Stát, féadfar í a dhéanamh ex parte, de rogha an iarratasóra, ar an gcéad ásc faoi réir fógra i bhFoirm 41B.17, Sceideal C, a chomhdú roimh ré leis an gCléireach nó thairis sin ní foláir í a dhéanamh iar bhfógra chun an fhreagróra trí fhógra i bhFoirm 41B.17, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir 4 lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe don éisteacht.

(2) Ní foláir mionnscríbhinn a bheith mar fhoras le hiarratas ar aithint agus/nó ar fhorfheidhmiú den sórt sin, is mionnscríbhinn:

(a) ina bhfoilseánfar an breithiúnas nó an bhreith (dá ngairtear “an bhreith” sa riail seo), arb éard é nó í an beart lena mbaineann nó lena dtaifeadtar an beart lena mbaineann, nó cóip dheimhnithe den chéanna nó cóip den chéanna arna fíordheimhniú go cuí ar shlí eile (mar aon le haistriúchán deimhnithe, más gá, go Gaeilge nó go Béarla) agus

(b) ina sonrófar, más gá, ainm an údaráis sa stát conarthach lena mbaineann agus an dáta ar a ndearnadh nó ar ar ordaíodh an beart agus an áit ina ndearnadh agus inar ordaíodh é, agus

(c) ina míneofar go comair cineál agus éifeacht an bhirt agus

(d) ina leagfar amach nó ina bhfíorófar (nó ina bhfoilseánfar agus ina bhfíorófar doiciméid ina leagfar amach):

(i) ainm iomlán, seoladh agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás go mbeidh siad ar fáil) gach linbh lena mbaineann an beart;

(ii) ainm iomlán, seoladh agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás go mbeidh siad ar fáil) gach duine a bhfuil aige nó aici, i ndáil le gach leanbh den sórt sin, cearta agus/nó oibleagáidí de chineál a luaitear in Airteagal 3 den Choinbhinsiún;

(iii) i gcás go mbainfidh an iarraidh le forfheidhmiú birt a bhaineann le rochtain:

(I) na socruithe praiticiúla chun cearta rochtana a fheidhmiú (a mhéid a shonraítear sa bhreith), lena n-áirítear dáta agus am, tús, críoch agus áit;

(II) aon oibleagáidí sonracha atá ar na daoine ar a bhfuil freagracht tuismitheoirí;

(III) aon oibleagáidí sonracha atá ar an duine a bhfuil ceart rochtana aige nó aici;

(IV) aon srianta a ghabhann le cearta rochtana a fheidhmiú;

(iv) dlínse an údaráis lena mbaineann chun an beart a dhéanamh faoi threoir Chaibidil II den Choinbhinsiún agus, más iomchuí, aon fhionnachtana fíorais ar ar bhunaigh údarás an stáit chonarthaigh, ina ndearnadh an beart, a dhlínse;

(v) cibé acu a tugadh an deis don leanbh lena mbaineann éisteacht a fháil, nó más iomchuí, go ndearnadh an beart i gcás práinne;

(vi) cibé acu a tugadh an deis d’aon duine ar a bhfuil freagracht tuismitheoirí maidir leis an leanbh lena mbaineann éisteacht a fháil, nó más iomchuí, go ndearnadh an beart i gcás práinne;

(vii) más iomchuí, cibé acu a rinneadh aon bheart maidir leis an leanbh lena mbaineann i stát neamhchonarthach ina bhfuil cónaí rialta ar an leanbh;

(viii) más iomchuí, go ndearnadh de réir an nóis imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 33 den Choinbhinsiún;

(ix) doiciméid lena suífear go bhfuil an beart infhorfheidhmithe de réir dhlí an stáit chonarthaigh ina ndearnadh é;

(x) más infheidhme, maidir leis an gceart chun aithint nó neamhaithint a iarraidh nó chun a iarraidh go ndearbhófar beart a bheith infhorfheidhmithe nó cláraithe chun críche forfheidhmiú, na forais ar a bhfuil an ceart sin dílsithe sa pháirtí a dhéanfaidh an t-iarratas.

49 I gcás nach dtabharfar fianaise ar aird

49. I gcás nach ndéanfaidh an páirtí a dhéanfaidh iarratas faoi riail 48 an fhianaise nó na doiciméid dá dtagraítear i riail 48 a thabhairt ar aird, féadfaidh an Chúirt:

(a) an t-iarratas a chur ar atráth chun deis a thabhairt don iarratasóir an fhianaise nó na doiciméid sin a thabhairt ar aird, nó

(b) glacadh le fianaise chomhionann nó le doiciméid chomhionanna, lena n-áirítear i bhfoirm fianaise bhéil, nó

(c) tabhairt ar aird na fianaise nó na ndoiciméad sin a ligean thar ceal.

50 Ordú a fhorfheidhmiú, a chur ar ceal agus a urscaoileadh

50. (1) Maidir leis an ordú ón gCúirt lena ngéillfear d’iarraidh cinneadh a dhéanamh i dtaobh beart arna dhéanamh i stát conarthach eile a aithint agus/nó go ndearbhófar beart a bheith infhorfheidhmithe nó cláraithe chun críche forfheidhmiú sa Stát, beidh sé infhorfheidhmithe, faoi réir fho-riail (2), chun gach críoch de réir na Rialacha seo.

(2) Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an t-ordú a sheirbheáil, ar cibé modh a ordóidh sí, ar aon duine ar dealraitheach don Chúirt a bhféadfaidh déanamh an ordaithe difear a dhéanamh dó nó di agus féadfaidh sí bac a chur ar oibriú an ordaithe ar feadh tréimhse shonraithe.

(3) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, sula ndéanfar aon iarratas a bheidh i gcomhréir le ceanglais an Choinbhinsiúin chun ordú den sórt sin a chur ar ceal nó a urscaoileadh, ní foláir fógra a eisiúint agus a sheirbheáil ar an iarratasóir bunaidh (nó, de réir mar a bheidh, ar gach duine ar a mbeidh ordú na Cúirte seirbheáilte) i bhFoirm 41B.18, Sceideal C, agus, mura gceadóidh an Chúirt a mhalairt, ní foláir an fógra bunaidh a chomhdú leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh dháta fillte an iarratais.

(4) Mura gceadóidh an Chúirt a mhalairt, ní foláir, maidir le hiarratas faoi fho-riail (3):

(a) gur duine ar a mbeidh an t-ordú seirbheáilte sa Stát a thionscnóidh é, agus ní foláir é a thionscnamh laistigh de mhí amháin ón tseirbheáil sin, nó

(b) gur duine ar a mbeidh an t-ordú seirbheáilte i stát conarthach eile a thionscnóidh é, agus ní foláir é a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón tseirbheáil sin.

(5) Féadfaidh an Chúirt bac a chur ar fhorfheidhmiú an ordaithe, ar cibé téarmaí is cuí léi, i gcás go ndéanfar iarratas den sórt sin.

(6) Ní foláir don iarratasóir bunaidh iarratas a dhéanamh go pras chun na Cúirte chun ordú arna dhéanamh de réir riail 48 a chur ar ceal nó a urscaoileadh más rud é, maidir leis an mbeart lena mbaineann an t-ordú sin (dá ngairtear an “beart lena mbaineann” sa riail seo), go ndearna an t-údarás sa stát conarthach lena mbaineann é a chur ar ceal nó a urscaoileadh nó, go ndearnadh é a chur ar ceal nó a urscaoileadh le beart eile atá ar neamhréir leis an mbeart lena mbaineann nó a dhéanann difear ar shlí eile don bheart lena mbaineann a bheidh déanta ag an údarás de chuid stát conarthach ag a bhfuil dlínse déanamh amhlaidh. I gcás den sórt sin, ní foláir mionnscríbhinn a bheith mar fhoras leis an iarratas chun na Cúirte, is mionnscríbhinn:

(a) ina bhfoilseánfar aon doiciméad ina bhfuil nó lena dtaifeadtar an beart lena ndéantar an beart lena mbaineann a chur ar ceal nó a urscaoileadh nó, de réir mar a bheidh, aon doiciméad ina bhfuil nó lena dtaifeadtar beart eile atá ar neamhréir leis an mbeart lena mbaineann nó a dhéanann difear ar shlí eile don bheart lena mbaineann, nó cóip dheimhnithe d’aon doiciméad den sórt sin nó cóip d’aon doiciméad den sórt sin arna fíordheimhniú go cuí ar shlí eile, mar aon le haistriúchán deimhnithe den chéanna, más gá, go Gaeilge nó go Béarla, agus

(b) ina sonrófar, más gá, ainm an údaráis sa stát conarthach lena mbaineann agus an dáta ar a ndearnadh agus an áit ina ndearnadh an beart lena mbaineann a chur ar ceal nó a urscaoileadh nó an dáta ar a ndearnadh agus an áit ina ndearnadh beart eile atá ar neamhréir leis an mbeart lena mbaineann nó a dhéanann difear ar shlí eile don bheart lena mbaineann, agus ina míneofar go comair cineál agus éifeacht an chéanna.

(7) Ní foláir don iarratasóir bunaidh iarratas a dhéanamh go pras chun na Cúirte chun ordú arna dhéanamh de réir fho-riail (1) a chur ar ceal nó a urscaoileadh, de réir mar is cuí, i gcás go ndearna an t-údarás sa stát conarthach lena mbaineann an beart lena mbaineann a athrú. Féadfaidh aon pháirtí leasmhar iarraidh bhreise a dhéanamh chun na Cúirte i ndáil leis an athrú de réir alt 3(2) d’Acht 2000 agus riail 37.

(8) I gcás go mainneoidh an t-iarratasóir bunaidh iarratas a dhéanamh go pras chun na Cúirte i gcás a bhfuil feidhm ag fo-riail (6) nó fo-riail (7) maidir leis, féadfaidh an freagróir bunaidh nó aon duine eile ar leas leis nó léi é go leordhóthanach an t-iarratas riachtanach a dhéanamh chun na Cúirte.

(9) Ní foláir iarratas a bhfuil feidhm ag fo-riail (3) nó (6) maidir leis a éisteacht agus a chinneadh ar mhionnscríbhinn, ach féadfaidh an Chúirt fianaise bhéil a fháil i dtaobh aon ábhar lena mbaineann an t-iarratas, de réir mar a mheasfaidh sí is gá. 

51 Deimhniú faoi alt 6 d’Acht 2000

51. (1) Ní foláir deimhniú ón gCúirt chun críocha alt 6 d’Acht 2000 (i bhFoirm 41B.19, Sceideal C) a sholáthar ar iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun an Chléirigh chuige sin. Féadfar, más cuí, cóipeanna deimhnithe d’aon ordú iomchuí ón gCúirt sna himeachtaí agus d’aon doiciméad arna chomhdú mar chruthúnas ar sheirbheáil sna himeachtaí a chur mar fhoscríbhinn leis an deimhniú.

(2) I gcás go n-iarrfaidh an t-iarratasóir (nó údarás de chuid stát conarthach eile) sonraí breise faoi na himeachtaí lena mbaineann an deimhniú, féadfaidh an Cléireach, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an mBreitheamh, agus faoi réir Airteagal 37 den Choinbhinsiún, na sonraí breise sin a dheimhniú. 

52 Feidhm Ordú 58, rialacha 3 agus 10 go 13 go huile

52. Beidh feidhm ag forálacha Ordú 58, rialacha 3 agus 10 go 13 go huile, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le himeachtaí faoi Acht 2000, agus maidir le tagairt do “an tAcht” sna rialacha sin, ní foláir í a léamh, chun na gcríoch seo, mar thagairt d’Acht 2000.