Ordú: 41
Doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí sibhialta - doiciméid a sheirbheáil sa Stát : I.R. Uimh. 17 de 2014
Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview
1 Mínithe
1. San Ordú seo-
ciallaíonn “doiciméad” “doiciméad Cúirte Dúiche” de réir bhrí alt 7(1) d’Acht na gCúirteanna, 1964.
2 Daoine a bheidh údaraithe chun doiciméid a sheirbheáil
2. (1) In imeachtaí sibhialta, féadfaidh na daoine seo a leanas doiciméad a sheirbheáil:
(a) seirbheálaí toghairme arna shannadh nó arna sannadh don cheantar Cúirte lena mbaineann; nó
(b) aon duine a n-údaróidh an páirtí nó an duine, ar thar a cheann nó thar a ceann a sheirbheálfar an doiciméad, dó nó di déanamh amhlaidh,
mura bhforálfar a mhalairt leis na Rialacha seo nó le reacht nó mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
(2) Is í an tsuim a chinnfidh an Cláraitheoir Contae ó am go ham an táille a bheidh le híoc le seirbheálaí toghairme i leith aon doiciméad a sheirbheáil, agus beidh sí iníoctha ar chruthúnas a fháil i dtaobh gach seirbheála ar leith a bheidh déanta. I gcás go mbeidh an táille a bheidh le híoc i leith sheirbheáil aon doiciméid forordaithe de thuras na huaire le riail chúirte nó ar shlí eile, tiocfaidh an táille chun bheith iníoctha ar chruthúnas a fháil i dtaobh gach seirbheála ar leith a bheidh déanta.
3 Modh seirbheála — post cláraithe
3. (1) Féadfar doiciméad in imeachtaí lena mbaineann alt 7(1) d’Acht na gCúirteanna, 1964, faoi réir agus de réir fhorálacha alt 7 d’Acht na gCúirteanna, 1964, a sheirbheáil trí chóip den doiciméad a chur leis an bpost réamhíoctha cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine a bheidh le seirbheáil san áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige nó aici nó ag a áit nó ag a háit ghnó sa Stát.
(2) Maidir leis an doiciméad, féadfaidh an duine ar thar a cheann nó thar a ceann a airbheartaíonn sé a bheith á eisiúint nó duine a bheidh údaraithe chuige sin aige nó aici, an doiciméad a chur leis an bpost.
4 Modh seirbheála — seirbheáil phearsanta
4. Ní foláir seirbheáil phearsanta doiciméid de réir fhorálacha alt 7 d’Acht na gCúirteanna, 1964 a dhéanamh ar dhuine sa Stát:
(a) trí chóip den doiciméad a sheachadadh ar an duine a bheidh le seirbheáil, nó
(b) más dealraitheach ó fhianaise go bhfuil an duine a bheidh le seirbheáil sa dlínse i bpearsa agus go ndearnadh dúthracht chuí réasúnach a fheidhmiú san iarracht a rinneadh chun seirbheáil phearsanta a dhéanamh air nó uirthi, trí chóip den doiciméad a fhágáil don duine a bheidh le seirbheáil san áit chónaithe ba dhéanaí a bhí aige nó aici nó is gnáiche a bhíonn aige nó aici, nó ina oifig nó ina hoifig, ina shiopa nó ina siopa, ina mhonarcha nó ina monarcha, ina bhaile nó ina baile, nó ina áit ghnó nó ina háit ghnó:
(i) le fear céile nó le bean chéile an duine a bheidh le seirbheáil; nó
(ii) le páirtnéir sibhialta an duine a bheidh le seirbheáil; nó
(iii) le leanbh nó le gaol eile leis an duine a bheidh le seirbheáil, a dhealraíonn a bheith ina chónaí nó ina cónaí leis an duine a bheidh le seirbheáil; nó
(iv) le leanbh nó le gaol eile le fear céile, le bean chéile nó le páirtnéir sibhialta an duine a bheidh le seirbheáil, a dhealraíonn a bheith ina chónaí nó ina cónaí leis an duine a bheidh le seirbheáil; nó
(v) le haon ghníomhaire nó fostaí de chuid an duine a bheidh le seirbheáil; nó
(vi) leis an duine atá i bhfeighil an tí nó an áitribh ina gcónaíonn an duine a bheidh le seirbheáil de ghnáth,
ar choinníoll maidir leis an duine lena bhfágfar an chóip:
(I) nach bhfuil sé nó sí faoi bhun 16 bliana d’aois, agus
(II) nach é féin nó í féin an duine a thionscnóidh na himeachtaí sibhialta.
5 Seirbheáil ar chuideachta
5. (1) Féadfar doiciméad a sheirbheáil ar chuideachta trí chóip den doiciméad a fhágáil in oifig chláraithe na cuideachta nó trí chóip den doiciméad a chur leis an bpost chun oifig chláraithe na cuideachta nó, mura mbeidh fógra tugtha ag an gcuideachta do Chláraitheoir na gCuideachtaí i dtaobh shuíomh a hoifige cláraithe, tríd an doiciméad a chlárú ag oifig Chláraitheoir na gCuideachtaí.
(2) Chun críocha na rialach seo, aon doiciméad a fhágfar san áit, nó a chuirfear leis an bpost chuig an áit, a bheidh taifeadta de thuras na huaire ag Cláraitheoir na gCuideachtaí mar shuíomh na hoifige cláraithe de chuid cuideachta, ní foláir a mheas é a bheith fágtha ag oifig chláraithe na cuideachta, nó curtha leis an bpost chun na hoifige sin, d’ainneoin go bhféadfaidh gur tháinig athrú ar shuíomh a hoifige cláraithe.
6 Seirbheáil ar údarás áitiúil nó ar chomhlacht neamhchorpraithe
6. Féadfar doiciméad a sheirbheáil ar údarás áitiúil, ar bhord nó ar chomhlacht reachtúil, nó ar chumann nó ar chlub neamhchorpraithe trí chóip den doiciméad a fhágáil le haon fhostaí de chuid an údaráis, an bhoird, an chomhlachta, an chumainn nó an chlub ina phríomhoifig nó trí chóip den doiciméad a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig a phríomhoifig.
7 Seirbheáil ar chomhpháirtíocht
7. (1) I gcás go n-agrófar daoine mar chomhpháirtithe in ainm a ngnólachta, ní foláir cóip den doiciméad a sheirbheáil:
(a) ar aon chomhpháirtí amháin nó níos mó de na comhpháirtithe; nó
(b) sa phríomháit sa Stát ag a seoltar gnó na comhpháirtíochta, ar aon duine a bheidh ag rialú nó ag bainistiú ghnó na comhpháirtíochta san áit sin tráth na seirbheála;
agus ní foláir a mheas gur seirbheáil leormhaith ar an ngnólacht a agrófar í an tseirbheáil sin, cibé acu a bheidh aon duine de chomhaltaí na comhpháirtíochta lasmuigh den Stát nó nach mbeidh.
(2) Ní gá cead a fháil ón gCúirt chun fógra éilimh nó doiciméad tionscnaimh eile a eisiúint chuig comhpháirtíocht agus a sheirbheáil ar chomhpháirtíocht i gcás go mbeidh comhpháirtí amháin nó níos mó de na comhpháirtithe sa Stát agus go mbeidh comhpháirtí amháin nó níos mó lasmuigh den Stát, ar choinníoll nach foláir, i gcás comhpháirtíocht is eol don éilitheoir a bheith díscaoilte sula dtionscnófar na himeachtaí sibhialta, an fógra éilimh nó an doiciméad tionscnaimh eile a sheirbheáil ar gach duine sa Stát a bhféachtar lena chur nó lena cur faoi dhliteanas.
8 Seirbheáil ar leanbh
8. I gcás gur leanbh an duine a bheidh le seirbheáil, beidh doiciméad seirbheáilte go héifeachtach más rud é go seirbheálfar é:
(a) ar an athair, ar an máthair nó ar chaomhnóir eile a bhfuil coimeád iarbhír an linbh aige nó aici nó lena gcónaíonn an leanbh; nó
(b) mura bhfuil athair, máthair ná caomhnóir eile ag an leanbh, ar an duine lena gcónaíonn an leanbh nó a bhfuil an leanbh faoina chúram nó faoina cúram; nó
(c) ar aturnae an linbh mura gcinnfidh an Chúirt a mhalairt.
9 Seirbheáil ar choimircí cúirte nó ar dhuine mímheabhrach
9. I gcás gur coimircí cúirte nó duine mímheabhrach nár breithníodh amhlaidh ag ionchoisne é nó í an duine a bheidh le seirbheáil, beidh doiciméad seirbheáilte go héifeachtach más rud é go seirbheálfar é:
(a) ar aturnae an duine; nó
(b) ar choiste an choimircí cúirte; nó
(c) ar an gcaomhnóir ad litem ar an duine a bheidh le seirbheáil; nó
(d) ar an duine lena gcónaíonn an duine mímheabhrach nó a bhfuil an duine mímheabhrach faoina chúram nó faoina cúram,
mura gcinnfidh an Chúirt a mhalairt.
10 Seirbheáil ar phríosúnach
10. I gcás gur príosúnach nó duine atá faoi choinneáil in áit choinneála faoin ordú ó aon chúirt nó binse é nó í an duine a bheidh le seirbheáil, is seirbheáil leormhaith ar an bpríosúnach nó ar an duine faoi choinneáil an tseirbheáil a dhéanfar ar an rialtóir, ar an stiúrthóir nó ar an duine eile a bheidh i bhfeighil an phríosúin nó na háite coinneála, mura gcinnfidh an Chúirt a mhalairt.
11 Glacadh le seirbheáil
11. (1) Ní foláir a mheas, maidir le doiciméad a sheirbheáil, gur seirbheáil leormhaith í más deimhin leis an gCúirt go bhfuil glactha ag aturnae, ag gníomhú dó nó di thar ceann an duine a bheidh le seirbheáil, le seirbheáil an doiciméid.
(2) Féadfar seirbheáil a dhéanamh ar an aturnae ar son páirtí:
(a) trí chóip den doiciméad a sheachadadh ar an aturnae; nó
(b) trí chóip den doiciméad a fhágáil in oifig an aturnae; nó
(c) trí chóip den doiciméad a chur leis an bpost i gclúdach chuig an aturnae; nó
(d) trí chóip den doiciméad a chur chuig seirbhís malartaithe doiciméad arna hainmniú ag an aturnae sin de réir fho-riail (3) trína nglacann an t-aturnae sin le doiciméid.
(3) Maidir le seachadadh nó seirbheáil trí sheirbhís malartaithe doiciméad faoi fho-riail (2):
(a) is seachadadh éifeachtach é nó is seirbheáil éifeachtach í ar choinníoll go mbeidh daingnithe ag an aturnae lena mbaineann i scríbhinn don pháirtí a bheidh ag seirbheáil an doiciméid nó na cóipe (nó d’aturnae an pháirtí sin) go nglacfaidh sé nó sí le seirbheáil doiciméad sna himeachtaí sibhialta tríd an tseirbhís malartaithe doiciméad arna hainmniú aige nó aici;
(b) scoirfidh an seachadadh nó an tseirbheáil sin de bheith éifeachtach más rud é, sula ndéanfar an seachadadh nó an tseirbheáil, go ndéanfaidh an t-aturnae lena mbaineann daingniú den sórt sin a chúlghairm i scríbhinn.
(4) Aon dearbhú reachtúil ina bhfíorófar seachadadh nó seirbheáil a bheith déanta trí sheirbhís malartaithe doiciméad, ní foláir an daingniú i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-riail (3) a fhoilseánadh ann agus ráiteas a bheith ann nach ndearnadh an daingniú a chúlghairm, tráth an tseachadta nó na seirbheála lena mbaineann, de réir na rialach seo.
12 Seirbheáil ionadach
12. (1) I gcás gur deimhin leis an gCúirt, agus má shuitear cúis mhaith leis, nach féidir doiciméad a sheirbheáil ar shlí nó ar aon slí a fhorordaítear leis na Rialacha seo, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh:
(a) le haghaidh seirbheáil ionadach nó seirbheáil eile; nó
(b) chun fógra a thabhairt trí fhógrán nó ar shlí eile in ionad seirbheáil a dhéanamh.
(2) Ní foláir sonraí aon ordaithe le haghaidh seirbheáil ionadach nó seirbheáil eile a fhormhuiniú ar an doiciméad bunaidh agus ar gach cóip den doiciméad a bheidh le seirbheáil.
(3) Féadfar iarratas ar ordú le haghaidh seirbheáil ionadach nó seirbheáil eile a dhéanamh ex parte.
(4) Más deimhin leis an gCúirt, maidir le haon mhodh áirithe seirbheála a fhorordaítear, nach bhfuil sé, tráth ar bith, ar fáil an tráth sin, féadfaidh an Chúirt a ordú le hordú i scríbhinn go ndéanfar doiciméid nó aon aicme áirithe de dhoiciméid a sheirbheáil ar cibé slí eile is cuí léi.
(5) Ní foláir don Chléireach ordachán faoi fho-riail (4) a choinneáil agus leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí go mbeidh an modh seirbheála lena mbaineann ar fáil arís nó go dtí go ndéanfaidh an Chúirt an t-ordachán a chúlghairm.
13 Seirbheáil a measfar gur seirbheáil leormhaith í
13. Féadfaidh an Chúirt, má mheasann sí gur cóir déanamh amhlaidh, a mheas, maidir le haon doiciméad a dhéanfar a sheirbheáil iarbhír in aon imeachtaí sibhialta, gur seirbheáil leormhaith agus gur seirbheáil a bheidh déanta í, d’ainneoin nach ndearnadh an tseirbheáil ar shlí a fhorordaítear leis na Rialacha seo.
14 Cruthúnas ar sheirbheáil
14. (1) Féadfaidh duine a sheirbheálfaidh doiciméad an tseirbheáil a chruthú:
(a) trí fhianaise a bheidh tugtha ó bhéal os comhair na Cúirte; nó
(b) trí dhearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála a dhéanfar de réir an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938.
(2) Ní foláir dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála a bheith i bhFoirm 41.01, 41.02 nó 41.03, Sceideal C, de réir mar a bheidh.
(3) Tráth a bheidh seirbheáil doiciméid déanta ar dhuine leis an bpost réamhíoctha cláraithe, ní foláir dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, nach foláir a bheith i bhFoirm 41.01, Sceideal C, a dhéanamh tráth nach luaithe ná deich lá tar éis an lae a cuireadh an clúdach, ina raibh an chóip den doiciméad le haghaidh seirbheála, leis an bpost.
(4) Maidir le dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheáil a dhéanfar leis an bpost cláraithe, ní foláir:
(a) gurb é nó gurb í an duine a chuir an clúdach leis an bpost a dhéanfaidh é; agus
(b) go ndéanfar an deimhniú postála a fhoilseánadh ann; agus
(c) a shonrú ann, más cuí, go ndearnadh an doiciméad bunaidh a stampáil go cuí tráth na postála, agus
(d) a shonrú ann nár cuireadh an clúdach ar ais go dtí an seoltóir mar chlúdach neamhsheachadta.
15 Ní gá do dhuine a chruthóidh seirbheáil trí dhearbhú reachtúil freastal sa Chúirt
15. I gcás go ndéanfar dearbhú reachtúil, agus go gcomhdófar é leis an gCléireach faoi riail 19:
(a) beidh an dearbhú reachtúil ina fhianaise prima facie ar mhodh, am agus áit na seirbheála de réir mar a bheidh leagtha amach sa dearbhú reachtúil; agus
(b) ní gá don duine a mbeidh an tseirbheáil déanta aige nó aici freastal i bpearsa sa Chúirt chun seirbheáil a chruthú ar fhianaise bhéil,
ach féadfaidh an Chúirt, má mheasann sí gur gá, a cheangal ar an duine a mbeidh an tseirbheáil déanta aige nó aici freastal os a comhair agus fianaise a thabhairt a bhaineann leis an tseirbheáil, d’ainneoin dearbhú reachtúil a bheith déanta.
16 An tráth a mheasfar seirbheáil a bheith déanta
16. I gcás go ndéanfar doiciméad a sheirbheáil leis an bpost réamhíoctha cláraithe nó leis an ngnáthphost réamhíoctha, ní foláir a mheas go ndearnadh an doiciméad a sheirbheáil ar an duine a raibh sé dírithe chuige nó chuici an tráth a dhéanfaí an clúdach, ina raibh an chóip den doiciméad le haghaidh seirbheála, a sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist.
17 Seirbheáil neamhbhailí mura mbeidh doiciméad stampáilte, i gcás go gceanglófar amhlaidh
17. I gcás go gceanglófar le dlí doiciméad a stampáil (nó i gcás go ndéanfar táille Chúirte a bheidh íoctha le haghaidh an doiciméid a thaifeadadh ar shlí eile), ní bheidh éifeacht ná bailíocht ar bith ag seirbheáil an doiciméid mura rud é, tráth na seirbheála, go mbeidh an doiciméad bunaidh stampáilte amhlaidh (nó go ndéanfar an táille Chúirte chuí a bheidh íoctha le haghaidh an doiciméid a thaifeadadh ar shlí eile).
18 Tréimhse ama chun seirbheáil a dhéanamh roimh éisteacht
18. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le hachtachán eile nó leis na Rialacha seo, maidir le doiciméad nach foláir a sheirbheáil roimh éisteacht sa Chúirt, ní foláir é a sheirbheáil seacht lá ar a laghad nó, i gcás seirbheáil leis an bpost réamhíoctha cláraithe, 21 lá ar a laghad, roimh an dáta a bheidh socraithe don éisteacht lena mbaineann.
19 Tréimhse ama chun comhdú a dhéanamh roimh éisteacht
19. Faoi réir aon ordú nó ordachán ón gCúirt, maidir le doiciméad nach foláir a chomhdú leis an gCléireach roimh éisteacht sa Chúirt, lena n-áirítear aon dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, ní foláir é a chomhdú ceithre lá ar a laghad nó, i gcás comhdú leis an bpost réamhíoctha, seacht lá ar a laghad, roimh an dáta a bheidh socraithe don éisteacht lena mbaineann.
20. Ní foláir seachadadh nó seirbheáil aon fhógra chun críocha alt 8 nó alt 17 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004 a bheith ar an tslí a fhorordaítear in alt 4 den Acht sin.