Ordú: 50
Mionnscríbhinní in imeachtaí sibhialta : I.R. Uimh. 17 de 2014
Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview
1 Mínithe
1. San Ordú seo-
folaíonn tagairt do mhionnscríbhinn tagairt d’aon mhionnscríbhinn nó dearbhasc sollúnta, nó don admháil maidir le haon ghníomhas nó cúirtbhanna, a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt;
ciallaíonn “teisteoir” duine a dhéanfaidh mionnscríbhinn a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt, ach folaíonn sé tagairt do dhuine a dhéanfaidh dearbhasc sollúnta nó admháil maidir le gníomhas nó cúirtbhanna a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt;
tá le “doiciméad iomchuí” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938.
2 Mionnscríbhinn a dhéanamh
2. (1) Faoi réir fho-riail (2), ní foláir na mionnscríbhinní go léir a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt (a fhéadfaidh a bheith i bhFoirm 50.01, Sceideal C) a dhéanamh os comhair Coimisinéir arna chumhachtú nó arna cumhachtú chun daoine a chur faoi mhionn don Ard-Chúirt, nó os comhair aturnae cleachtach.
(2) I gcás an duine a bheidh ag déanamh mionnscríbhinne a bheith ina chónaí nó ina cónaí lasmuigh den Stát, nó a bheith lasmuigh den Stát de thuras na huaire, féadfar an mhionnscríbhinn a dhéanamh os comhair aon duine a bheidh údaraithe le dlí chun daoine a chur faoi mhionn san áit ina bhfuil cónaí ar an duine a bheidh ag déanamh na mionnscríbhinne nó ina bhfuil an duine sin.
3 Foirm na mionnscríbhinne
3. Maidir leis na mionnscríbhinní go léir a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt, ní foláir:
(a) iad a scríobh nó a chló dála leabhair;
(b) iad a bheith i gcéadphearsa an teisteora;
(c) iad a tharraingt suas i míreanna uimhrithe; agus
(d) teideal na n-imeachtaí sibhialta ar ina leith a mhionnófar iad a áireamh iontu.
4 Sonraí teisteora agus ceanglais eile
4. Maidir leis na mionnscríbhinní go léir a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt, ní foláir:
(a) slí bheatha agus (mura n-ordóidh nó mura gceadóidh an Chúirt a mhalairt) áit chónaithe an teisteora a shonrú iontu;
(b) a shonrú iontu go bhfuil an teisteoir os cionn 18 mbliana d’aois, ach má tá an teisteoir faoi bhun 18 mbliana d’aois, ní foláir aois an teisteora a shonrú go beacht sa mhionnscríbhinn;
(c) nach mbeidh san áireamh iontu ach cibé fíorais is féidir leis an teisteoir a chruthú as a eolas nó as a heolas féin;
(d) a shonrú iontu conas a fuair an teisteoir an t-eolas ar na fíorais arna mionnú, ach amháin i gcás foriarratais idirbhreitheacha, ar a bhféadfar ráiteas ón teisteoir i dtaobh nithe a chreideann sé nó sí, agus na forais atá aige nó aici lena gcreidiúint, a admháil.
5 Ní fhéadfar mionnscríbhinn a mhionnú os comhair aturnae ar son páirtí
5. Ní fhéadfar mionnscríbhinn ar bith a úsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt más rud é gur mionnaíodh í os comhair an aturnae a bheidh ag gníomhú ar son an pháirtí ar thar a cheann nó thar a ceann a bheidh an mhionnscríbhinn le húsáid, nó os comhair chomhpháirtí, ghníomhaire, chomhfhreagróir nó chléireach an aturnae sin, nó os comhair an pháirtí féin.
6 Fianú ó dhuine a ghlacfaidh mionnscríbhinn agus jurat
6. Ní foláir do gach duine a ghlacfaidh mionnscríbhinn a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt:
(a) an dáta ar a nglacfaidh sé nó sí an mhionnscríbhinn agus an áit ina nglacfaidh sé nó sí í a shonrú; mura ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, ní foláir a mheas nach mionnscríbhinn údarach an mhionnscríbhinn agus ní ceadmhach í a chomhdú gan cead ón gCúirt;
(b) a dheimhniú sa jurat:
(i) go bhfuil aithne phearsanta aige nó aici ar an teisteoir, nó
(ii) gur chuir duine éigin, a bhfuil aithne phearsanta aige nó aici air nó uirthi agus a ainmnítear sa jurat agus a dheimhníonn go bhfuil aithne phearsanta aige nó aici ar an teisteoir, an teisteoir in aithne dó nó di, nó
(iii) go ndearna sé nó sí céannacht an teisteora a shuíomh faoi threoir doiciméad iomchuí ina bhfuil grianghraf den teisteoir sular glacadh an mhionnscríbhinn,
agus i gcás a bhfuil feidhm ag mír (iii) maidir leis, ní foláir dó nó di sonraí an doiciméid iomchuí lena mbaineann a thabhairt.
7 Ceanglais bhreise maidir le mionnscríbhinn ó dhuine neamhliteartha nó dall
7. (1) Nuair is duine, a dhealróidh don duine a ghlacfaidh an mhionnscríbhinn é nó í a bheith neamhliteartha nó dall, a mhionnóidh nó a dhéanfaidh mionnscríbhinn a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt, ní foláir don duine a ghlacfaidh an mhionnscríbhinn a dheimhniú:
(a) gur léadh an mhionnscríbhinn ina láthair don teisteoir;
(b) gur dhealraigh sé gur thuig an teisteoir an céanna, agus
(c) go ndearna an teisteoir a shíniú nó a síniú nó a mharc nó a marc i láthair an duine a ghlac an mhionnscríbhinn.
(2) Ní fhéadfar mionnscríbhinn ar bith a luaitear i bhfo-riail (1) a úsáid i bhfianaise d’éagmais an deimhnithe a luaitear i bhfo-riail (1) mura deimhin leis an gCúirt ar shlí eile gur léadh an mhionnscríbhinn don teisteoir agus gur dhealraigh sé gur thuig an teisteoir an céanna.
8 Mionnscríbhinn a dhéanamh i dteanga iasachta
8. (1) Faoi réir riail 9, i gcás nach mbeidh ar chumas teisteoir beartaitheach mionnscríbhinn a dhéanamh i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit, ní foláir dó nó di mionnscríbhinn a dhéanamh i dteanga eile a thuigeann sé nó sí (dá ngairtear “mionnscríbhinn i dteanga iasachta” sa riail seo agus i riail 9).
(2) Ní foláir d’aistritheoir mionnscríbhinn i dteanga iasachta a aistriú go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit, is aistritheoir a bheidh cáilithe go cuí chuige sin.
(3) I gcás go mbeidh mionnscríbhinn i dteanga iasachta le comhdú sa Chúirt, ní foláir mionnscríbhinn ón aistritheoir a chomhdú an tráth céanna:
(i) ina ndéanfaidh an t-aistritheoir a cháilíochtaí nó a cáilíochtaí mar aistritheoir a leagan amach,
(ii) ina bhfoilseánfar cóip den mhionnscríbhinn i dteanga iasachta agus den aistriúchán bunaidh dá dtagraítear i bhfo-riail (2), agus
(iii) ina ndaingneoidh an t-aistritheoir gur aistriúchán cruinn é an t-aistriúchán.
(4) Ní foláir, ina theannta sin, an t-aistriúchán bunaidh dá dtagraítear i bhfo-riail (2) a chomhdú mar aon leis an mionnscríbhinn ón aistritheoir dá dtagraítear i bhfo-riail (3).
9 Ceanglais bhreise maidir le mionnscríbhinn i dteanga iasachta a mhionnú agus a chomhdú
9. (1) I gcás gur dealraitheach don duine a ghlacfaidh mionnscríbhinn nach bhfuil ar chumas an teisteora ceann de theangacha oifigiúla an Stáit a thuiscint, ní foláir don duine a ghlacfaidh an mhionnscríbhinn:
(a) a chinntiú go ndéanfar an mhionnscríbhinn mar mhionnscríbhinn i dteanga iasachta de réir riail 8; agus
(b) a chinntiú go ndéanfaidh ateangaire, a bheidh cáilithe go cuí, an mhionnscríbhinn a léamh don teisteoir i láthair an duine a ghlacfaidh an mhionnscríbhinn, agus go dtuigfidh an teisteoir í go hiomlán; agus
(c) a dheimhniú sa jurat gur léigh ateangaire, atá cáilithe go cuí, an mhionnscríbhinn ina láthair don teisteoir, gur thuig an teisteoir í go hiomlán agus gur shínigh an teisteoir an mhionnscríbhinn i dteanga iasachta ina láthair.
(2) I gcás go mbeidh mionnscríbhinn i dteanga iasachta le comhdú sa Chúirt, ní foláir, i dteannta na mionnscríbhinne ón aistritheoir dá dtagraítear i riail 8(3), mionnscríbhinn ón ateangaire a chomhdú an tráth céanna ina ndéanfaidh an t-ateangaire a cháilíochtaí nó a cáilíochtaí mar ateangaire a leagan amach, ina bhfoilseánfar cóip den mhionnscríbhinn i dteanga iasachta agus ina ndaingneofar go ndearna sé nó sí ábhar na mionnscríbhinne i dteanga iasachta a léamh go cruinn don teisteoir.
(3) I gcás gurb é nó í an t-aon duine céanna amháin an t-aistritheoir agus an t-ateangaire, féadfaidh an duine sin mionnscríbhinn amháin a mhionnú chun críocha riail 8(3) agus na rialach seo.
(4) Ní fhéadfar mionnscríbhinn ar bith i dteanga iasachta a úsáid i bhfianaise d’éagmais na mionnscríbhinne dá dtagraítear i riail 8(3), mura mbeidh an Chúirt, ar shlí eile, deimhin den fhianaise a bheidh sa mhionnscríbhinn i dteanga iasachta.
10 Clásal comhdaithe
10. (1) Ní foláir a áireamh i ngach mionnscríbhinn fonóta ina dtaispeánfar:
(a) an duine ar thar a cheann nó thar a ceann atá sí á comhdú, agus
(b) an duine atá á comhdú agus an seoladh atá aige nó aici.
(2) Ní fhéadfar mionnscríbhinn ar bith a chomhdú ná a úsáid gan an nóta a luaitear i bhfo-riail (1) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
11 Leasuithe
11. Aon mhionnscríbhinn, a mbeidh ina corp nó ina jurat aon idirlíniú, athrú, nó scriosadh, ní fhéadfar í a chomhdú, a léamh ná úsáid a bhaint aisti in aon imeacht sibhialta sa Chúirt gan cead ón gCúirt:
(a) mura mbeidh an t-idirlíniú nó an t-athrú (seachas athrú trí scriosadh) fíordheimhnithe le hinisealacha an duine ag a mbeidh an mhionnscríbhinn glactha; nó
(b) i gcás scriosadh, mura mbeidh na focail nó na figiúirí, a dhealraigh uirthi tráth glactha na mionnscríbhinne agus a scriosadh, athscríofa agus sínithe nó inisealaithe ar chiumhais na mionnscríbhinne ag an duine ag a mbeidh sí glactha.
12 Cumhacht na Cúirte chun mionnscríbhinn lochtach a ghlacadh
12. Féadfaidh an Chúirt aon mhionnscríbhinn a bheidh mionnaithe chun a húsáidte in imeachtaí sibhialta sa Chúirt a ghlacadh:
(a) d’ainneoin aon locht trí mhíthuairisc ar pháirtithe nó ar shlí eile sa teideal nó sa jurat; nó
(b) d’ainneoin aon neamhrialtacht eile ina foirm,
agus i gcás go ndéanfaidh an Chúirt amhlaidh, féadfaidh sí a ordú meabhrán a dhéanamh ar an doiciméad á rá gur glacadh amhlaidh é.
13 Mionnscríbhinní a chomhdú
13. (1) Sula n-úsáidfear mionnscríbhinn in imeachtaí sibhialta sa Chúirt, ní foláir í a chomhdú leis an gCléireach.
(2) Ní choiscfidh fo-riail (1) ar an mBreitheamh ordú a dhéanamh ar an iarratasóir nó a aturnae nó a haturnae do ghealladh aon mhionnscríbhinn a bheidh mionnaithe roimh dhéanamh an ordaithe, nó a gceadóidh an Breitheamh í a dhéanamh tar éis an ordaithe, a chomhdú ar choinníoll go bhféadfaidh an Breitheamh bac a chur ar eisiúint aon ordaithe go dtí go mbeidh an mhionnscríbhinn comhdaithe.
14 Dáta comhdaithe
14. Ní foláir go ndéanfaidh an Cléireach an dáta ar ar comhdaíodh an mhionnscríbhinn a fhormhuiniú ar gach mionnscríbhinn a bheidh comhdaithe chun a húsáidte in imeachtaí sibhialta sa Chúirt.
15 Ní fhéadfar mionnscríbhinn a úsáid gan chead tar éis tréimhse ama theoranta
15. I gcás teorainn a bheith le tréimhse ama speisialta chun mionnscríbhinn a sheachadadh nó a chomhdú, ní fhéadfar mionnscríbhinn ar bith a sheachadfar nó a chomhdófar tar éis na tréimhse ama sin a úsáid gan cead ón gCúirt.
14 Foilseáin
16. (1) Aon doiciméid a bheidh sainaitheanta trí mhionnscríbhinn nó a dtagrófar dóibh inti, ní ceadmhach iad a chur i gceangal leis an mionnscríbhinn, ach ní foláir tagairt a dhéanamh dóibh sa mhionnscríbhinn mar fhoilseáin.
(2) Ní foláir gach deimhniú ar fhoilseán, dá dtagraítear i mionnscríbhinn a bheidh sínithe ag an duine ar os a chomhair nó os a comhair a mhionnófar an mhionnscríbhinn, a mharcáil le gearrtheideal na n-imeachtaí sibhialta.
(3) Ní cheanglófar ná ní údarófar le haon ní sa riail seo aon mharcáil ar uacht bhunaidh nach mbeidh ligthe chun probháide.
17 Costais mionnscríbhinne
17. Féadfaidh an Chúirt a ordú nach foláir do pháirtí costais aon mhionnscríbhinne a bheidh úsáidte aige nó aici a íoc, is mionnscríbhinn:
(a) ina mbeidh, gan ghá, ábhair chlostráchta, nó
(b) ina mbeidh ábhar argóinteach, nó
(c) a bheidh ar fad neamhriachtanach,
d’ainneoin thoradh na héisteachta ag a n-úsáidfear í.
18 Féadfaidh Cúirt nó páirtí a cheangal go bhfreastalóidh teisteoir
18. (1) Féadfaidh an Chúirt a ordú do theisteoir aon mhionnscríbhinne freastal ar an triail nó ar an éisteacht ag a mbeidh an mhionnscríbhinn le húsáid, i gcás go measfaidh sí gur gá go bhfreastalóidh an teisteoir ar mhaithe leis an gceartas.
(2) Mura mbeidh an Chúirt tar éis a mhalairt a ordú, féadfaidh páirtí, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an bpáirtí a bheidh ag seasamh ar an mionnscríbhinn lena mbaineann seacht lá ar a laghad roimh an triail nó an éisteacht, a cheangal go bhfreastalóidh teisteoir aon mhionnscríbhinne ar an triail nó ar an éisteacht ag a mbeidh an mhionnscríbhinn le húsáid d’fhonn é nó í a chroscheistiú.
(3) In aon chás a luaitear i bhfo-riail (1) nó i bhfo-riail (2) nach bhfreastalóidh an teisteoir ar an triail nó ar an éisteacht, ní fhéadfar an mhionnscríbhinn a úsáid mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.