Ordú: 19
Athchuir ag an gcúirt : I.R. Uimh. 194 de 2001
Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No19-S.I. No. 585 Of 2011: District Court (Criminal Procedure Act 2010) Rules 2011
No19-S.I. No. 149 Of 2016: District Court (Amendment) Rules 2016
An Chúirt d’athchur cúisí
1. I gcás ina mbeidh duine cúisithe os comhair na Cúirte i ndá il le cion, féadfaidh an Chúirt an cúisí a athchur ó am go ham de réir mar is gá agus de réir mar a fhoráiltear in alt 24 den Acht um Nó s Imeachta Coiriúil, 1967 [arna leasú le halt 8 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986, agus arna ionadú le halt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997], agus le halt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997. Más rud é gur athchur faoi choimeád an t-athchur, is de réir Fhoirm 19.1, Sceideal B, a bheidh an barántas cimithe.
Tréimhse athchuir ag an gCúirt
2. (1) Ní dhéanfaidh an Chúirt duine a athchur, ar an ócáid a láithríonn an duine sin den chéad uair os comhair na Cúirte agus é nó í cúisithe i gcion áirithe, go ceann tréimhse is faide ná ocht lá, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an Ordú seo.
(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt duine a athchur faoi bhannaí, féadfaidh sí an duine sin a athchur go ceann tréimhse is faide ná ocht lá má thoilíonn sé féin nó sí féin agus an t-ionchúisitheoir leis sin.
(3) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt duine a athchur faoi choimeád (seachas ar an gcéad ócáid ag an duine sin ag láithriú os comhair na Cúirte agus é nó í cúisithe i gcion áirithe), féadfaidh sí an duine sin a athchur go ceann tréimhse nach faide ná cúig lá dhéag, ach amháin, más é tuairim na Cúirte sna himthosca uile go mbeadh sé míréasúnach an duine a athchur faoi choimeád go ceann tréimhse cúig lá dhéag, is é a bheidh sa tréimhse athchuir cibé tréimhse is lú ná cúig lá dhéag a mheasfaidh an Chúirt a bheith cuí.
(4) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt duine a athchur faoi choimeád (seachas ar an gcéad ócáid ag an duine sin ag láithriú os comhair na Cúirte agus é nó í cúisithe i gcion áirithe), féadfaidh sí an duine sin a athchur go ceann tréimhse is faide ná cúig lá dhéag ach nach faide ná tríocha lá, má thoilíonn an duine agus an t-ionchú isitheoir leis sin.
(5) (a) Más deimhin leis an gCúirt, i gcás duine atá arna athchur nó arna hathchur faoi choimeád, nach féidir de dheasca tinnis nó tionóisce é nó í a thabhairt os comhair na Cúirte i ndeireadh na tréimhse athchuir, féadfaidh an Chúirt, gan an duine sin a bheith i láthair, an duine sin a athchur go ceann cibé tréimhse breise, is féidir a bheith níos faide ná cúig lá dhéag, a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach. Is de réir Fhoirm 19.2, Sceideal B, a bheidh an barántas cimithe.
(b) Más deimhin leis an gCúirt, i gcás duine atá arna athchur nó arna hathchur faoi bhannaí, nach féidir leis nó léi de dheasca tinnis nó tionóisce láithriú os comhair na Cúirte i ndeireadh na tréimhse athchuir, féadfaidh an Chúirt, gan an duine sin a bheith i láthair, an duine sin a athchur go ceann cibé tréimhse breise, is féidir a bheith níos faide ná ocht lá, a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach.
(6) (a) Mura suífidh an Chúirt an lá a mbeidh duine athchurtha faoi choimeád chuige, beidh an duine sin arna athchur nó arna hathchur amhlaidh go dtí an chéad suí eile den Chúirt a bheidh ar bun sa Dúiche Chúirte Dúiche chéanna, agus déanfaidh an Cléireach deimhniú, i bhFoirm 19.3, Sceideal B, a tharchur láithreach chuig Rialtóir an phríosúin nó chuig an duine i gceannas an fhorais athchuir ina bhfuil an duine sin faoi choinneáil, a chuirfidh tráth, dá ta agus áit an chéad suí eile sin in iúl dó nó di.
(b) Mura suífidh an Chúirt an lá a mbeidh duine athchurtha faoi bhannaí chuige, beidh an duine sin arna athchur nó arna hathchur amhlaidh go dtí an chéad suí eile den Chúirt a bheidh ar bun sa Cheantar Cúirte Dúiche céanna.
Cimiú faoi choimeád an Gharda Síochána
3. (1) Féadfaidh an Chúirt, i gcás ina n-athchuirfidh sí duine faoi choimeád go ceann tréimhse nach faide ná ceithre lá, an duine sin a chimiú (Foirm 19.4, Sceideal B) faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána.
(2) Lasmuigh de Cheantar Póilíneachta Cathrach Bhaile Átha Cliath, deimhneoidh an Chúirt di féin, sula n-athchuirfidh sí an duine sin amhlaidh, go bhfuil saoráidí oiriúnacha ar fáil chun an duine sin a choimeád ar feadh na tréimhse athchuir.
Féadfar duine a athchuireadh faoi choimeád a thabhairt os comhair na Cúirte roimh dheireadh na tréimhse athchuir
4. I gcás ina mbeidh duine athchurtha faoi choimeád, féadfaidh an Breitheamh, más fóirsteanach ar mhaithe le nósanna imeachta córa, le barántas i bhFoirm 18.7, Sceideal B, a ordú an duine sin a thabhairt os a chomhair nó os a comhair tráth ar bith roimh dheireadh thréimhse athchurtha an duine sin amhlaidh, chun go n-é istfear an cúiseamh tuilleadh.
Daoine faoi bhannaí — féadfar é isteacht a thabhairt ar aghaidh
5. I gcás ina ndéanfar duine a athchur faoi bhannaí chun go láithreoidh sé nó sí ag am agus in áit shonraithe, féadfaidh an Breitheamh a ordú tráth ar bith don duine sin láithriú os a chomhair nó os a comhair aon tráth roimh dháta na héisteachta atrátha, san áit shonraithe nó in aon áit eile, chun go n-éistfear an cúiseamh tuilleadh, agus tabharfaidh an Cléireach fógra dá réir sin don ionchúisitheoir agus don duine sin.
Athchuir faoi a.4 d’Acht 1997
6. (1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ar os a comhair a láithríonn duine den chéad uair agus é nó í cúisithe i gcion áirithe, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le halt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997, an duine sin a athchur faoi choimeád chun láithriú ag suí den Chúirt Dúiche (‘‘cúirt ionadúil’’) sa Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an príosún nó an áit choinneá la ina bhfuil sé nó sí le coinneáil faoi choimeád nó i nDúiche Chúirte Dúiche atá tadhlach leis an Dúiche Chúirte Dúiche chéadluaite, is de réir Fhoirm 19.1, Sceideal B, a bheidh an barántas.
(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ionadúil duine dá dtagraítear i mír (1) den riail seo a athchur faoi choimeád, is de réir Fhoirm 19.1, Sceideal B, a bheidh an barántas.
(3) Más rud é, faoi na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (3) d’alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997, go ndéanfaidh an Chúirt ionadúil duine a athchur, chun críocha thriail an duine sin, chuig suí den Chúirt sa Dúiche Chúirte Dúiche—
(i) ina ndearnadh an cion lena mbaineann an triail, nó
(ii) ina bhfuil cónaí ar an duine nó inar gabhadh an duine,
is de réir Fhoirm 19.1, Sceideal B, a bheidh an barántas.