Ordú 74
Díolúintí do ghnó ceadúnaithe iarnóin Dé Domhnaigh agus Lá Fhéile Pádraig
Ionad
1. (1) Maidir le hiarratas ó shealbhóir ceadúnais i leith áitribh in aon líomatáiste nach bhfuil i gcontaebhuirg ná i mbuirg eile ar ordú díolúine i leith an Domhnaigh agus Lá Fhé ile Pádraig idir a dó dhéag a chlog agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin, de bhun alt 16 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh dá mbeifear ag lorg an ordaithe.
(2) Más rud é gur iarratas i leitháitribh dá mbeidh ordú díolúine den sórt sin ar marthain tráth an iarratais sin an t-iarratas, déanfar an t-iarratas ag an gCúirt Bhliantúil um Cheadúnú.
Fógra a sheirbheáil
(3) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbaineann an t-iarratas deich lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.
Fógra nuachtáin
(4) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra faoin iarratas atáthar ar intinn a dhéanamh, seacht lá ar a laghad roimh an éisteacht sin, i nuachtán a léitear sa líomatáiste.
Fógra, etc., a thaisceadh
(5) Déanfar cóip den fhógra iarratais, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.
Ordú ó n gCúirt
(6) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 74.1, Sceideal C, a bheidh an tOrdú.
Cúlghairm
2. (1) Más rud é gur géilleadh d’iarratas dá dtagraítear i riail 1 (1) nó 1 (2) den Ordú seo, féadfar iarratas dá éis sin a dhéanamh chun aon suí den Chúirt don cheantar cúirte inar géilleadh don iarratas sin go ndéanfar an céanna a chúlghairm.
Fógra a sheirbheáil
(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbaineann an t-iarratas deich lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.
Fógra Nuachtáin
(3) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra faoin iarratas atáthar ar intinn a dhéanamh, seacht lá ar a laghad roimh an é isteacht sin, i nuachtán a léitear sa líomatáiste.
Fógra, etc., a thaisceadh
(4) Déanfar cóip den fhógra iarratais, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.
Ordú ón gCúirt
(5) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 74.2, Sceideal C, a bheidh an tOrdú.
Foirm an deimhnithe atá le tabhairt ag an gCléireach
3. Is de réir Fhoirm 73.3, Sceideal C, a bheidh an deimhniú a cheanglaítear ar an gCléireach a thabhairt de bhun alt 25 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, arna ionadú sa 1ú Sceideal d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986, chun críche iarratais faoi riail 1 den Ordú seo.