Ordú: 40

Imeachtaí sibhialta a thionscnamh sa chúirt : I.R. Uimh. 17 de 2014

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No40-S.I. No. 513 Of 2016: District Court (Issue Of Civil Proceedings) Rules 2016

Nasc Gaolmhar
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1—GINEARÁLTA

1 Mínithe

1. San Ordú seo-

ciallaíonn “Acht 1924” An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924); ciallaíonn “Acht 1991” Acht na gCúirteanna, 1991 (Uimh. 20 de 1991). 

2 Éileamh nach mbeidh le roinnt

2. (1) Ní ceadmhach d’éilitheoir éileamh a roinnt chun go ndéanfar an t-éileamh ina ábhar do dhá fhógra éilimh nó níos mó.

(2) Féadfaidh éilitheoir, ag a mbeidh éileamh is mó ná an méid ar a bhféadfar éileamh a dhéanamh sa Chúirt, an bhreis a thréigean trína shonrú amhlaidh san fhógra éilimh. 

3 Ainmneacha, seoltaí agus ionadaíocht páirtithe

3. (1) Maidir le fógra éilimh, ní foláir—

(a) ainm agus seoladh iomlán an éilitheora agus seoladh chun doiciméid a sheirbheáil ar an éilitheoir a shonrú ann; agus

(b) más rud é go mbeidh an t-éilitheoir ag agairt i bpearsa, seoladh chun doiciméid a sheirbheáil ar an éilitheoir a shonrú ann; agus

(c) más rud é gur i gcáil ionadaitheach a bheidh an t-éilitheoir ag agairt nó a agrófar an freagróir, an cháil ina mbeidh an t-éilitheoir ag agairt nó ina n-agrófar an freagróir i gcáil ionadaitheach a shonrú ann; agus

(d) ainm agus seoladh an fhreagróra a shonrú ann; agus

(e) más rud é gur aturnae a bheidh ag agairt ar son an éilitheora, ainm nó gnólacht agus seoladh gnó an aturnae a shonrú ann agus freisin, más rud é gur gníomhaire de chuid duine eile é nó í an t-aturnae, ainm nó gnólacht agus seoladh gnó an phríomhaí a shonrú ann.

(2) I gcás go mbeidh ainm aturnae tugtha ar fhógra éilimh mar aturnae ar son éilitheora—

(a) ní foláir don aturnae, ar iarraidh i scríbhinn ó fhreagróir, a dhaingniú i scríbhinn cibé acu a rinne an t-aturnae an fógra éilimh a chomhdú thar ceann an éilitheora sin nó a rinneadh an fógra éilimh a chomhdú le húdarás an aturnae thar ceann an éilitheora sin; agus

(b) más rud é go ndéanfaidh an t-aturnae a dhaingniú i scríbhinn nach ndearna an t-aturnae sin an fógra éilimh a chomhdú nó nach ndearnadh é a chomhdú le húdarás an aturnae sin, ní foláir don Chúirt bac a chur ar na himeachtaí sibhialta agus ní fhéadfar beart breise ar bith a dhéanamh sna himeachtaí sibhialta gan cead ón gCúirt.

4 Imeachtaí sibhialta a thosú

4. (1) Faoi réir fhorálacha na Rialacha seo a mbeidh feidhm acu maidir le hearnálacha áirithe d’éilimh nó de chásanna, ní foláir imeacht sibhialta a thosú trí fhógra éilimh a chomhdú lena eisiúint agus lena sheirbheáil.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo nó le hAcht agus faoi réir Ordú 41B agus na gCoinbhinsiún lena mbaineann sé, ní foláir fógra éilimh a chomhdú leis an gCléireach agus ní foláir don Chléireach é a eisiúint, is Cléireach:

(a) don cheantar Cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir nó ar dhuine de na freagróirí nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha,

nó de rogha an éilitheora,

(b) in imeachtaí a bheidh bunaithe ar chonradh (seachas imeachtaí a eascraíonn as comhaontú faoin Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995 nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhaontuithe Creidmheasa do Thomhaltóirí), 2010 (I.R. 281 de 2010)), don cheantar Cúirte a líomhnófar gur ann a rinneadh an conradh, nó

(c) in imeachtaí a bheidh bunaithe ar thort, don cheantar Cúirte a líomhnófar gur ann a rinneadh an tort, nó

(d) in imeachtaí eisiachtana, don cheantar Cúirte ina bhfuil na tailte is ábhar do na himeachtaí.

(3) Ní foláir comhdú a dhéanamh trí chomhdú a dhéanamh leis an gCléireach a bheidh sannta don cheantar Cúirte dá dtagraítear i bhfo-riail (2), i bpearsa nó leis an bpost.

(4) Mura bhforáiltear a mhalairt le dlí, ní foláir imeachtaí sibhialta sa Chúirt a éisteacht agus a chinneadh ag suí den Chúirt chun gnó sibhialta a dhéanamh don cheantar Cúirte ina ndearnadh an t-imeacht sibhialta a thionscnamh.

(5) Measfar, maidir le fógra éilimh a bheidh eisithe ag Cléireach, gur eisíodh é ar an dáta ar a ndearnadh é a chomhdú leis an gCléireach lena eisiúint. 

5 Foirm an fhógra éilimh

5. (1) Mura mbeidh feidhm ag fo-riail (2), ní foláir fógra éilimh a bheith i bhFoirm 40.01, Sceideal C, nó i bhFoirm 40.02, Sceideal C in éileamh i leith féich.

(2) Más rud é go mbeidh fógra éilimh le seirbheáil lasmuigh den Stát, ní foláir an fógra éilimh a bheith san fhoirm a cheanglaítear le hOrdú 41A (seirbheáil lasmuigh den Stát le cead ón gCúirt) nó, de réir mar a bheidh, le hOrdú 41B (seirbheáil lasmuigh den Stát gan cead ón gCúirt).

(3) Ní foláir ráiteas éilimh a bheith i bhfógra éilimh.

(4) Maidir le ráiteas éilimh, ní foláir—

(a) ráiteas, i bhfoirm achomair, a bheith ann i dtaobh na bhfíoras ábhartha go léir ar a mbeidh an t-éilitheoir ag seasamh, ach ní bheidh fianaise lena ndéanfar na fíorais sin a chruthú ar áireamh ann;

(b) na sonraí riachtanacha faoi gach fíoras a bheith ann;

(c) más rud é go n-eascróidh an t-éileamh le haon achtachán nó faoi aon achtachán, foráil shonrach an achtacháin ar a mbeifear ag seasamh a shainaithint ann;

(d) an méid nó an faoiseamh eile nó an leigheas eile a bheidh á lorg a shonrú go sonrach ann;

(e) an áit as ar eascair, agus an dáta ar ar eascair, an t-éileamh a shonrú ann.

(5) Ní foláir a shonrú i ráiteas éilimh in éileamh i leith féich gur éileamh ar fhiach nó ar dhamáistí leachtaithe an t-éileamh, ní foláir a shonrú ann an méid a bheidh á éileamh mar fhiach nó mar dhamáistí leachtaithe agus ní foláir sonraí i dtaobh éileamh an éilitheora ar íocaíocht a áireamh ann.

(6) Ní foláir ráiteas éilimh a roinnt ina mhíreanna a bheidh uimhrithe go comhleanúnach, agus ní foláir gach fíoras nó ábhar a shonrófar, a mhéid is indéanta, a bheith i mír ar leithligh.

(7) I gcás go mbeidh an t-éileamh bunaithe ar aon doiciméad i scríbhinn, ní foláir dáta an doiciméid agus na páirtithe sa doiciméad a shonrú sa ráiteas éilimh agus:

(a) más rud é gur éileamh ar íocaíocht airgid an t-éileamh, ní foláir an méid a bheidh á éileamh a shonrú ann, nó

(b) más rud é gur éileamh i leith sárú conartha an t-éileamh, ní foláir an sárú nó na sáruithe líomhnaithe ar an gconradh a shonrú ann.

(8) Ní foláir liosta den chomhfhreagras go léir agus de na doiciméid eile go léir ar a mbeidh an t-éilitheoir ag seasamh ag an triail a bheith i ráiteas éilimh lena n-áirítear an dáta, más ann, agus tuairisc ghairid ar gach doiciméad.

(9) Maidir le haon fhógra éilimh ina ndéanfar damáistí a éileamh, toimhdeofar go mbeidh éileamh ar ús ón dáta breithiúnais, i gcás go gceadaítear amhlaidh le dlí, agus ar chostais na n-imeachtaí sibhialta ar áireamh ann, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iad a éileamh go sainráite.

(10) I gcás go líomhnóidh éilitheoir nach raibh sé nó sí ábalta, tráth a raibh fógra éilimh eisithe, aon chuid den fhaisnéis a cheanglaítear leis an riail seo a bheidh le sonrú san fhógra éilimh a áireamh san fhógra éilimh, ní foláir dó nó di ráiteas a áireamh san fhógra éilimh i dtaobh na gcúiseanna ar a bhfuiltear ag éileamh nach rabhthas ábalta aon fhaisnéis den sórt sin a sholáthar tráth eisiúna an fhógra éilimh. Ní foláir don éilitheoir, tráth seirbheála an fhógra éilimh nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin (cibé acu le leasú nó ar shlí eile), cibé cuid den fhaisnéis a cheanglaítear leis an riail seo ach nach raibh ar áireamh san fhógra éilimh a sholáthar. 

6 Costais a bheidh le sonrú

6. (1) Maidir le héileamh i leith féich, ní foláir an fógra éilimh a fhormhuiniú le ráiteas mar seo a leanas—

“Má íocann tú méid € ..... agus costais € ..... leis an éilitheoir nó le haturnae an éilitheora laistigh de dheich lá agus mura ndéanfaidh tú láithreas agus cosaint a chomhdú agus a sheirbheáil, féadfaidh tú tuilleadh costas a sheachaint.”.

(2) Ní foláir gurb é an méid cuí atá leagtha amach i Sceideal na gCostas an méid costas a bheidh san fhormhuiniú.

(3) Más rud é go ndéanfar fógra éilimh a fhormhuiniú de réir fho-riail (1), agus go n-íocfaidh an freagróir na méideanna a éilítear laistigh den tréimhse ama a theorannaítear chun láithreas agus cosaint a chomhdú agus a sheirbheáil, ansin cuirfear an t-imeacht sibhialta i gcrích.

(4) Ní foláir don éilitheoir fógra i scríbhinn a thabhairt don Chléireach nuair a chuirfear imeachtaí sibhialta i gcrích de réir fho-riail (3). 

7 Imeachtaí toilithe

7. (1) I gcás go dtionscnófar imeachtaí sibhialta den chineál a luaitear i mír A d’alt 77 d’Acht 1924 os comhair na Cúirte Dúiche agus gur mó ná €15,000 an méid a éilítear sna himeachtaí sin agus, de bhun an choinníll (a cuireadh isteach le halt 4(c) d’Acht 1991) a ghabhann le mír A d’alt 77, go síneoidh na páirtithe riachtanacha sna himeachtaí foirm thoilithe roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn, ní foláir an toiliú a bheith i bhFoirm 40.03, Sceideal C.

(2) Ar an toiliú a chomhlánú, ní foláir é a bheith ag gabháil leis an bhfógra éilimh bunaidh nó le doiciméad tionscnaimh eile agus é a chomhdú ina theannta nó, de réir mar is cuí, ní foláir é a thabhairt ar aird don Chúirt le linn na héisteachta.

(3) Ní foláir don Chléireach gach toiliú a chomhdófar nó a thabharfar ar aird amhlaidh a choinneáil leis an bhfógra éilimh bunaidh nó le doiciméad tionscnaimh eile agus ní foláir nóta faoi a chur ar thaifead na cúirte agus ar aon ordú a eiseofar i ndáil leis na himeachtaí sibhialta.

(4) Ní foláir costais, i gcás go lamhálfar iad in aon imeachtaí sibhialta den sórt sin, a bheith de réir fhorálacha iomchuí Sceideal na gCostas. 

8 Imeachtaí a bheidh aistrithe ón Ard-Chúirt nó ón gCúirt Chuarda

8. (1) I gcás go ndéanfaidh an Ard-Chúirt imeachtaí sibhialta a tharchur nó a aistriú chun na Cúirte Dúiche faoi alt 25 d’Acht 1924 nó go ndéanfaidh an Chúirt Chuarda an céanna faoi alt 15 d’Acht 1991, ní foláir don éilitheoir, laistigh de 14 lá ón dáta ar a ndéanfar an t-ordú a chomhlánú lena tharchur nó lena aistriú, cóip dheimhnithe den ordú agus den toghairm, den bhille sibhialta nó den doiciméad tionscnaimh eile (nó cóip den chéanna) agus cóipeanna de na doiciméid go léir a bheidh seachadta cheana féin agus de na horduithe go léir a bheidh déanta sna himeachtaí a chomhdú leis an gCléireach.

(2) I gcás go mainneoidh nó go ndiúltóidh an t-éilitheoir na doiciméid a chomhdú laistigh den tréimhse 14 lá a luaitear i bhfo-riail (1), ní foláir don fhreagróir déanamh amhlaidh a luaithe is féidir tar éis an tréimhse 14 lá a bheith caite.

(3) Ní foláir don pháirtí ag a mbeidh na doiciméid á gcomhdú fógra i dtaobh an chomhdaithe sin a thabhairt do gach páirtí eile sna himeachtaí.

(4) Ar an ordú agus na doiciméid a chomhdú, ní foláir leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí sibhialta amhail is dá mba sa Chúirt a tosaíodh iad agus ní foláir d’aon fhreagróir nach mbeidh cosaint seirbheáilte aige nó aici agus láithreas comhdaithe aige nó aici déanamh amhlaidh laistigh den 21 lá ó sheirbheáil an fhógra dá dtagraítear i bhfo-riail (3).

(5) Ní foláir don Chúirt na himeachtaí sibhialta a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mba sa Chúirt a tosaíodh iad i dtosach.

(6) Ní foláir nóta faoin tarchur nó faoin aistriú a thaifeadadh ar thaifead na cúirte agus ar aon ordú a eiseofar i ndáil leis na himeachtaí.

(7) Ní foláir costais, i gcás go lamhálfar iad in aon imeachtaí sibhialta den sórt sin, a bheith de réir fhorálacha Sceideal na gCostas. 

9 Imeachtaí faoi alt 74 den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007

9. (1) Ní foláir aon éileamh ó thomhaltóir ar dhamáistí faoi alt 74 den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 (Uimh. 19 de 2007) a thosú trí fhógra éilimh a eisiúint agus a sheirbheáil de réir an Ordaithe seo, is fógra éilimh arb é maidir le halt 74 den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 an teideal a bheidh air, agus thairis sin i bhFoirm 40.01, Sceideal C, fara cibé modhnuithe is cuí.

(2) Ní foláir aon toiliú faoi alt 74(4) den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 a bheith i bhFoirm 40.03, Sceideal C ach, in ionad a aithris go dtugtar faoi alt 77A den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 é, ní foláir a aithris gur faoi alt 74(4) den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 a thugtar é, agus ní foláir é a thaisceadh leis an gCléireach roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn. 

10 Ré

10. (1) Beidh fógra éilimh bailí lena sheirbheáil ar feadh bliain amháin tar éis an lae ar a ndéanfar é a chomhdú.

(2) Más rud é nach mbeidh fógra éilimh seirbheáilte ar fhreagróir nó más rud é nach mbeidh toghairm fhinné seirbheáilte ar fhinné, féadfaidh an Chúirt ó am go ham bailíocht an fhógra éilimh nó na toghairme finné a fhadú go ceann cibé tréimhse ó lá an ordaithe de réir mar a ordóidh an Chúirt, ar tréimhse í nach faide ná sé mhí ón lá sin.

(3) Féadfar ordú a dhéanamh faoi fho-riail (2) sula rachaidh an fógra éilimh nó an toghairm fhinné in éag nó dá éis sin.

(4) Féadfaidh an t-éilitheoir iarratas a dhéanamh faoi fho-riail (2) gan fógra a thabhairt don fhreagróir, ach más rud é go measfaidh an Chúirt gur ceart don fhreagróir éisteacht a fháil, féadfaidh an Chúirt an éisteacht bhreise a chur ar atráth agus a ordú don éilitheoir fógra i scríbhinn a thabhairt don fhreagróir faoin áit agus faoin am chun a ndéanfar an t-iarratas a chur ar atráth.