HC118
Liosta an Uachtaráin
Eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus um an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.
Réamhrá
- Tá an Treoir Cleachtais seo beartaithe le feidhm a bheith aici maidir le gach ábhar, imeacht agus iarratas ilghnéitheach atá liostaithe le héisteacht ag Uachtarán na hArd-Chúirte ach amháin i gcás nithe a bhaineann le Coimircíocht nó le hábhair a thagann faoi Threoracha Cleachtais eile ar nós HC 115 (Liosta Araíonachta Gairmiúla) agus HC 116 (Liosta Eadrána). Beidh na hábhair seo le feiceáil ar liosta ar a dtugtar “Liosta an Uachtaráin".
- Chun amhras a sheachaint, tá an Treoir Chleachtais seo beartaithe le feidhm a bheith aici maidir le gach ábhar atá liostaithe le héisteacht ag Uachtarán na hArd-Chúirte:
- I gcás nach mór an t-iarratas a dhéanamh chuig Uachtarán na hArd-Chúirte chun cloí le reacht nó le haon cheanglas dlí eile, nó
- I gcás go ndéantar iarratais den chineál sin ar an ngnáthbhealach chuig Uachtarán na hArd-Chúirte, nó
- I gcás ina bhfuil iarrtha ag an bpáirtí tionscanta an t-ábhar a liostú os comhair Uachtarán na hArd-Chúirte, nó
- I gcás ina dtabharfar fógra don pháirtí tionscanta go n-éistfidh Uachtarán na hArd-Chúirte an cheist, nó
- I gcás ina bhfuil an t-ábhar aistrithe ag breitheamh eile de chuid na hArd-Chúirte le héisteacht ag Uachtarán na hArd-Chúirte.
- Cláraitheoir an Uachtaráin chun críocha na Treorach Cleachtais seo (HCPresidentsRegistrar@courts.ie), nó cibé cláraitheoir eile a shannfaidh Príomh-Chláraitheoir na hArd-Chúirte.
- Níl feidhm ag an Treoir Chleachtais seo maidir le hiarratais nó imeachtaí a lorgaíonn faoiseamh ar bhonn fíorphráinneach nó éigeandála ó Uachtarán na hArd-Chúirte, nó maidir le hábhar a aistrítear ar bhonn fíorphráinneach nó éigeandála chuig an Uachtarán ó bhreitheamh eile den Ard-Chúirt.
Iarratais a éisteacht os comhair an Uachtaráin
- Éistfear iarratais nó imeachtaí os comhair an Uachtaráin lena mbaineann an Treoir Chleachtais seo ag 2pm gach Luan i Liosta an Uachtaráin, ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tUachtarán a mhalairt. Féadfar nithe den sórt sin, nuair is gá, a liostú le héisteacht ag 2pm ar an Aoine. Féadfar ábhair níos faide a liostú le héisteacht ar cibé laethanta eile a chinnfidh an tUachtarán.
- Go dtí go bhfógrófar a mhalairt, agus ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tUachtarán a mhalairt, éistfear na hiarratais nó na himeachtaí is ábhar don Treoir Chleachtais seo ar bhonn hibrideach i gcás ina suífidh an breitheamh agus an cláraitheoir go fisiciúil sa chúirt agus beidh an rogha ag na cleachtóirí agus ag na dlíthithe freastal agus páirt a ghlacadh go pearsanta sa chúirt nó go cianda.
- I gcás inar mian le rannpháirtí amháin nó níos mó a bheith rannpháirteach go cianda, beidh sé riachtanach na sonraí logála isteach ábhartha a fháil. Do chleachtóirí dlí, is féidir sonraí logála isteach an tseomra cúirte fhíorúil le haghaidh Liosta an Uachtaráin a fháil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:
https://members.lawlibrary.ie
https://www.lawsociety.ie/Solicitors
Ba cheart d’aon pháirtí gan ionadaíocht dul i dteagmháil le highcourtvmr@courts.ie chun na sonraí logála isteach ábhartha a fháil. Nuair atáthar ag dul i dteagmháil leis an seoladh sin, ní mór don pháirtí ábhartha ainm an cháis, uimhir thaifid agus dáta na héisteachta a sholáthar chomh maith le rannpháirtíocht nó stádas an pháirtí sa chás a chur in iúl.
Formáid na bPáipéar d'Iarratais/Imeachtaí a chlúdaíonn ag an Treoir Chleachtais seo
- Tá an páirtí tionscanta in ábhar os comhair Uachtarán na hArd-Chúirte a chlúdaíonn an Treoir Chleachtais seo freagrach as na páipéir a sholáthar don ábhar.
- Mura n-ordaíonn an tUachtarán a mhalairt, ceanglaítear ar an bpáirtí tionscanta na páipéir a bhaineann leis an ábhar a sholáthar i bhfoirm cóip chrua agus bhog.
- Ní mór páipéir chruachóipe a cheangal nó a bheith i bhfillteán agus iad a bheith innéacsaithe agus uimhrithe go soiléir. Ní mór cóipeanna crua de pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta agus ní chuirtear iad sa Phríomh-Oifig. Ní mór aon pháipéir bhreise a bhfuil sé i gceist ag an bpáirtí tionscanta nó ag aon pháirtí eile san ábhar brath orthu a thaisceadh freisin i gcóip chrua sa Seomra Liosta.
- Ní mór páipéir i gcóip bhog a sholáthar do Chláraitheoir an Uachtaráin ar ardán comhroinnte comhad leictreonach nó trí ríomhphost a sheoladh chuig HCPresidentsRegistrar@courts.ie Sa chás nach bhfuil rochtain ag páirtí ar ardán comhroinnte comhad, agus nach féidir na páipéir i gcóip bhog a sheoladh ar ríomhphost, cruthóidh Cláraitheoir an Uachtaráin fillteán comhroinnte comhad chun na páipéir cóip bhog a sholáthar don Chúirt.
Dáta agus Am chun Páipéir a Thaisceadh
- Ní mór don pháirtí cóipeanna crua de pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta, agus na focail “Liosta an Uachtaráin” agus dáta fillte nó dáta atrátha an iarratais, de réir mar a bheidh, marcáilte orthu agus iad a chur faoi bhráid Chláraitheoir an Uachtaráin, agus, chomh maith leis sin, ní mór cóipeanna boga páipéir a sholáthar do Chláraitheoir an Uachtaráin faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta éisteachta an iarratais.
- Ní mór páipéir le haghaidh ábhar atá liostaithe do dháta seachas Dé Luain nó Dé hAoine a thaisceadh freisin i gcóip chrua agus a sholáthar i gcóip bhog ar an mbealach céanna agus leis na marcanna céanna mar atá leagtha amach in alt 12 thuas faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta na héisteachta.
- Ach amháin i gcásanna eisceachtúla, ní ghlacfar le haon pháipéar breise maidir le hábhar tar éis 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta na héisteachta. Ní mór cead a lorg ó Chláraitheoir an Uachtaráin sula seolfar cóipeanna boga de pháipéir nó roimh pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta lasmuigh den am a fhorordaítear leis an Treoir Chleachtais seo. Rachaidh Cláraitheoir an Uachtaráin i gcomhairle leis an Uachtarán sula dtabharfaidh sé cead chun páipéir a thaisceadh go déanach.
- Ní mór aon pháipéir bhreise maidir le hábhar ar Liosta an Uachtaráin a sholáthar freisin i gcóip chrua agus i gcóip bhog faoin spriocdháta céanna, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.
Nuair atá Tuilleadh Eolais ag Teastáil
- I gcás ina n-iarrtar ábhar i Liosta an Uachtaráin a chur ar atráth trí chomhaontú na bpáirtithe, ní mór an comhaontú ar atráth a chur in iúl do Chláraitheoir an Uachtaráin a luaithe is féidir go réasúnach ionas nach mbeidh ar an gCúirt na páipéir a léamh gan ghá roimh dháta na héisteachta. Forchoimeádann an tUachtarán an ceart diúltú d’aon iarratas ar atráthú, fiú nuair is le toiliú na bpáirtithe go léir é.
- Nuair a chuirtear ábhar ar atráth go dáta eile, beidh sé riachtanach don pháirtí tionscanta a chur in iúl do Chláraitheoir an Uachtaráin faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh an dáta atrátha má táthar ag súil go rachaidh an t-ábhar ar aghaidh le héisteacht ar an dáta atrátha agus, má tá, cad iad na faoisimh a lorgófar. Má mheastar go gcuirfear an t-ábhar ar atráth tuilleadh, ní mór don pháirtí tionscanta é sin a chur in iúl do Chláraitheoir an Uachtaráin a luaithe is féidir go réasúnach agus, in aon chás, faoin spriocdháta céanna.
Mainneachtain na Treoracha seo a Chomhlíonadh
- Mura gcomhlíontar na treoracha atá leagtha amach sa Treoir Chleachtais seo maidir le haon ní, féadfar an t-iarratas a chur ar atráth nó a scriosadh amach ar cibé téarmaí, lena n-áirítear costais, a chinnfidh an Chúirt.
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
29 Samhain, 2022