HC125
HC125
Íocaíocht ar Chuntas mar gheall ar Chostais a bhfuil Breithniú le déanamh orthu
- Eisítear an Treoir Chleachtais seo i gcomhréir le húdarás ginearálta Uachtarán na hArd-Chúirte agus alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.
- Tagann an Treoir Chleachtais seo in ionad Threoir Chleachtais HC71 (Íocaíocht ar chuntas na gcostas a bhfuil cáin le gearradh orthu) dar dáta 28 Márta, 2017. Cúlghairtear Treoir Chleachtais HC71 le héifeacht ón Máirt, 6 Feabhra, 2024, agus cuirtear an Treoir Chleachtais seo ina ionad, le héifeacht ón dáta sin.
- Dírítear aird na gcleachtóirí ar fhorálacha Ordú 99, r. 2(5) de Rialacha na nUaschúirteanna agus do chumhacht na Cúirte orduithe a dhéanamh a éilíonn go n-íocfar méid i leith costas ar chuntas.
- Ordaím leis seo, i ngach cás gan aighneas maidir leis an dliteanas i leith costas a íoc agus i gcás ar bith eile ina measann breitheamh é a bheith cuí, go bhféadfar ordú a dhéanamh lena n-ordófar íocaíocht de shuim réasúnach a dhéanamh mar gheall ar chostais laistigh de thréimhse a d’fhéadfadh an breitheamh a shonrú go dtí go ndéanfar na costais sin a bhreithniú. Féadfar orduithe den sórt sin a dhéanamh ar ghealltanas a thabharfaidh aturnae an pháirtí rathúil, go n-aisíocfar láithreach an ró-íocaíocht sin, i gcás ina réadaítear le breithniú suim níos lú ná an méid a ordaíodh a íoc ar chuntas.
- Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i ngníomh Dé Máirt, an 6 Feabhra, 2024.
Dátaithe an 31 Eanáir, 2024
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
High court