HC115
HC115
Liosta Araíonachta Gairmiúla
Eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.
Réamhrá
- Tá an Treoir Chleachtais seo beartaithe le bheith i bhfeidhm ar gach iarratas, achomharc agus imeacht eile a thagann faoi Orduithe 53, 53A, 53B, 53C, 53D, 53E agus 95 de Rialacha na nUaschúirteanna nó a éisteann Uachtarán na hArd-Chúirte nó a ainmní nó hainmní ar bhealach eile ar an Liosta Araíonachta Gairmiúla (“iarratais araíonachta gairmiúla”).
Iarratais Araíonachta Gairmiúla a éisteacht
- Éistfear iarratais araíonachta gairmiúla ag 2pm gach Luan, ach amháin nuair a ordaíonn an tUachtarán a mhalairt. Féadfar iarratais den sórt sin, nuair is gá, a liostú le héisteacht ag 2pm ar an Aoine. Féadfar iarratais níos faide a liostú le haghaidh éisteachta ar cibé laethanta eile a chinnfidh an tUachtarán.
- Go dtí go bhfógrófar a mhalairt, agus ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tUachtarán a mhalairt, éistfear iarratais araíonachta gairmiúla ar bhonn hibrideach i gcás ina suífidh an breitheamh agus an cláraitheoir go fisiciúil sa chúirt agus beidh an rogha ag na cleachtóirí agus ag na dlíthithe freastal agus páirt a ghlacadh go pearsanta sa chúirt nó go cianda.
- I gcás inar mian le duine amháin nó níos mó de na rannpháirtithe a bheith rannpháirteach go cianda, beidh sé riachtanach na sonraí logála isteach ábhartha a fháil. Do chleachtóirí dlí, is féidir sonraí logála isteach seomra cúirte fíorúil don Liosta Gairmiúil/Araíonachta a fháil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:
https://members.lawlibrary.ie
https://www.lawsociety.ie/Solicitors
Ba cheart d’aon pháirtí gan ionadaíocht dul i dteagmháil le highcourtvmr@courts.ie chun na sonraí logála isteach ábhartha a fháil. Nuair atáthar i dteagmháil leis an seoladh sin, ní mór don pháirtí ábhartha ainm an cháis, uimhir thaifid agus dáta na héisteachta a sholáthar chomh maith le stádas an pháirtí a chur in iúl.
Formáid na bPáipéar don Liosta Araíonachta Gairmiúla
- Tá an páirtí tionscanta in iarratas araíonachta gairmiúla freagrach as páipéir an iarratais a sholáthar don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla.
- Mura n-ordaíonn an tUachtarán a mhalairt, ceanglaítear ar an bpáirtí tionscanta na páipéir don iarratas araíonachta gairmiúla a sholáthar i bhfoirm cóip chrua agus bhog.
- Ní mór páipéir chruachóipe a cheangal nó a bheith i bhfillteán agus iad a bheith innéacsaithe agus uimhrithe go soiléir. Ní mór páipéir chruachóipe a thaisceadh sa Seomra Liosta agus ní sa Phríomh-Oifig. Ní mór aon pháipéir bhreise a bhfuil sé i gceist ag an bpáirtí tionscanta nó ag aon cheann de na páirtithe eile san iarratas brath orthu a thaisceadh freisin i gcóip chrua sa Seomra Liosta.
- Ní mór cóipeanna boga de pháipéir a sholáthar don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla ar ardán comhroinnte leictreonach nó trí ríomhphost a sheoladh chuig hcpresidentsregistrar@courts.ie. I gcás nach bhfuil rochtain ag páirtí ar ardán comhroinnte comhad, cruthóidh an Cláraitheoir Araíonachta Gairmiúla fillteán comhroinnte chun na páipéir i gcóip bhog a sholáthar don Chúirt.
Dáta agus Am chun Páipéir a Thaisceadh
- Ní mór don pháirtí cóipeanna crua de pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta, agus na focail “Liosta Araíonachta Gairmiúla” agus dáta fillte nó dáta atrátha an iarratais, de réir mar a bheidh, marcáilte orthu agus iad a chur faoi bhráid an Chláraitheora Araíonachta Gairmiúla, agus, chomh maith leis sin, ní mór cóipeanna boga páipéir a sholáthar don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta éisteachta an iarratais araíonachta gairmiúla.
- Ní mór páipéir d'iarratas araíonachta gairmiúla atá liostaithe do dháta seachas Dé Luain nó Dé hAoine a thaisceadh freisin i gcóip chrua agus a sholáthar i gcóip bhog ar an mbealach céanna agus leis na marcanna céanna mar atá leagtha amach in alt 9 thuas faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta na héisteachta.
- Ach amháin i gcásanna eisceachtúla, ní ghlacfar le haon pháipéar breise maidir le hiarratas araíonachta gairmiúla tar éis 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta na héisteachta.
- Ní mór aon pháipéir bhreise maidir le hiarratas araíonachta gairmiúla a sholáthar freisin i gcóip chrua agus i gcóip bhog faoin spriocdháta céanna.
Tuilleadh Eolais de dhíth i gcás inar cuireadh an tIarratas ar atráth
- Nuair a chuirtear iarratas araíonachta gairmiúla ar atráth go dáta eile, beidh ar an bpáirtí tionscanta a chur in iúl don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla faoi 12 meán ar an Máirt roimh an dáta atrátha an bhfuiltear ag súil go rachaidh an t-iarratas ar aghaidh lena éisteacht ar an dáta atrátha agus, má tá, cad iad na faoisimh a lorgófar. Má cheaptar go gcuirfear an t-iarratas ar atráth tuilleadh, ní mór don pháirtí tionscanta é sin a chur in iúl don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla faoin spriocdháta céanna.
Mainneachtain na Treoracha seo a Chomhlíonadh
- Mura gcomhlíontar na treoracha atá leagtha amach sa Treoir Chleachtais seo maidir le haon iarratas araíonachta gairmiúla, féadfar an t-iarratas a chur ar atráth nó a scriosadh ar cibé téarmaí, lena n-áirítear costais, a chinnfidh an Chúirt.
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
14 Deireadh Fómhair, 2022
High court