HC123
Iarratais maidir le Dlínse Bhunúsach (Cumas)
Réamhrá
-
Tá an Treoir Chleachtais seo beartaithe a bheith i bhfeidhm ar gach iarratais déanta i gcomhréir dhlínse bunúsach na hArd-Chúirte chun daoine a bhfuil easpa cumais acu nó a líomhnaítear go bhfuil easpa cumais acu a choinneáil agus a chóireáil. Beidh na hiarratais sin le feiceáil ar an Liosta Dlínse Bunúsach (Cumas).
-
Tiocfaidh an Treoir Chleachtais sin i bhfeidhm ar an 2 Deireadh Fómhair, 2023, agus eiseofar í de réir údaráis ghinearálta Uachtarán na hArd-Chúirte agus ailt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2020 a mhéid a bhaineann sé le héisteachtaí cianda (nó hibrideacha).
Iarratais ex parte
-
Le linn an téarma leagfar dualgas ar Uachtarán na hArd-Chúirte nó Breitheamh na hArd-Chúirte ainmnithe aige gach seachtain chun éisteacht le hiarratais ex-parte an-phráinneacha. Aithnítear an Breitheamh a bhfuil dualgas leagtha air iarratais ex parte a éisteacht gach Luan sa Dialann Dlí. (Liosta Dlínse Bunúsach (Cumas)
-
Nuair atá an t-iarrthóir den tuairim go bhfuil an t-ábhar práinneach go leor gur fiú iarratais d'Orduithe a dhéanamh ar bhonn ex parte eatramhach, déanfaidh an t-iarrthóir teagmháil leis an gCláraitheoir Liosta Dlínse Bhunúsach (Cumas) chomh luath agus is féidir trí ríomhphost a sheoladh chuig inherentjurisdictioncapacity@courts.ie. Ba chóir go dtugann an páirtí tionscnaimh le fios don Chláraitheoir práinn an iarratais agus neasfhráma ama a thabhairt chun an t-ábhar a bheith réidh lena thabhairt os comhair na Cúirte.
-
Seachas i gcásanna fíor-phráinneacha ba chóir go gcuirtear an Cláraitheoir ar an eolas faoin iarratas tráth nach déanaí ná 11am an lá a dhéantar an t-iarratas agus ba chóir go n-eiseofar cáipéisí ón bPríomh-Oifig chomh luath agus is féidir. Is féidir coinní práinneacha a fháil ón bPríomh-Oifig trí ríomhphost a sheoladh chuig dublincivillaw@courts.ie. Socróidh an Cláraitheoir am chun an t-ábhar a éisteacht leis an mBreitheamh ainmnithe agus cuirfidh sé na páirtithe ar an eolas.
-
Maidir le hiarratais ex parte ní mór do chleachtóirí Fógra Foriarratais Tionscnaimh agus Mionnscríbhinn Fhorais a chomhdú agus duillín ex parte comhlánaithe a bhfuil stampa air a thabhairt don Chláraitheoir. Tabharfaidh an Phríomh-Oifig dáta fillte ainmniúil don Fhógra Foriarratais.
-
Má tá Orduithe ceadaithe ar bhonn ex parte ansin tabharfaidh an Breitheamh, atá ag ceadú na hOrduithe ex parte, dáta agus am fillte don Fhógra Foriarratais a thabharfaidh an t-iarrthóir fógra don fhreagróir mar atá treoraithe ag an gCúirt. Déanfar an Fógra Foriarratais a shannadh ansin don Bhreitheamh sin a choinneoidh seilbh ar an iarratas mura n-ordaítear a mhalairt.
-
Beidh gach liostú ina dhiaidh sin don chás le feiceáil ar an dialann dlí ar Liosta Ardrabhaidh na mBreithiúna (ADV) ar ‘Cásanna an Lae Inniu / Gach Liosta’ faoi ainm an Bhreithimh sin.
Iarratais Idirpháirtithe
-
Ba chóir iarratais nach bhfuil práinneach go leor go bhfuil faoiseamh eatramhach de dhíth a dhéanamh trí Fhógra Foriarratais Tionscnaimh agus Mionnscríbhinn Fhorais. Ba chóir do chleachtóirí teagmháil a dhéanamh leis an gCláraitheoir chun dáta fillte a fháil roimh cáipéisí a chomhdú sa Phríomh-Oifig.
Iarratais maidir le Coimircithe Cúirte Láithreacha
-
Nuair a dhéantar iarratas maidir le Coimircithe Cúirte láithreacha a bhfuil Orduithe coinneála nó cóireála ag teastáil uathu, ní mór do chleachtóirí teagmháil a dhéanamh leis an gCláraitheoir ag inherentjurisdictioncapacity@courts.ie chun dáta fillte a fháil roimh pháipéir a chomhdú. Ba chóir do chleachtóirí a thabhairt faoi deara toisc go bhfuil iarratais Dlínse Bhunúsach (Cumas) scartha ó ábhair Coimircithe Cúirte, a eisítear ón bPríomh-Oifig agus a bhfuil gá ann go mbeidh Cláraitheoir na Príomh-Oifige i láthair, ní leor é Oifig an Choimircithe Cúirte amháin a chur ar an eolas faoi rún an t-iarratas a dhéanamh, ní mór an Cláraitheoir Dlínse Bunúsach (Cumas) a chur ar an eolas freisin.
Formáid Páipéir agus Am agus Dáta le haghaidh Taisceadh
-
Tá an páirtí tionscnaimh in iarratas ar Dhlínse Bhunúsach (Cumas) freagracht as páipéir don iarratas a sholáthar don Chláraitheoir Dhlínse Bunúsach (Cumas).
-
Mura n-ordóidh an tUachtarán nó an Breitheamh a éisteann an t-iarratas a mhalairt, ní mór don pháirtí tionscnaimh na páipéir a sholáthar don iarratas i bhfoirmeacha cóip chrua agus cóip bhog.
-
Ní mór cóip chrua de pháipéir os comhair na Cúirte a cheangal nó a bheith i bhfillteán agus ní mór iad a innéacsú agus a uimhriú go soiléir. Ní mór cóip chrua den leabhrán páipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta agus ní sa Phríomh-Oifig. Ní mór aon pháipéir bhreise a bheartaítear a bheith ag brath orthu ag an bpáirtí nó ag aon duine de na páirtithe eile san iarratas a thaisceadh freisin i gcóip chrua sa Seomra Liosta.
-
Ní mór cóipeanna boga de pháipéir a sholáthar don Chláraitheoir Dhlínse Bunúsach (Cumas) ar ardán comhroinnte leictreonach trí ríomhphost a sheoladh chuig inherentjurisdictioncapacity@courts.ie.
-
Ba chóir páipéir maidir le gach ábhar seachas iarratais phráinneacha ex parte a thaisceadh tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig sula liostaítear an t-ábhar chun láithriú os comhair na Cúirte.
-
I gcásanna nach bhfuil páipéir ar fáil 48 uair roimh ré mar gheall ar chúinsí nach bhfuil smacht ag an gcleachtóir orthu, ba chóir cead a lorg ón gCláraitheoir chun iad a chomhdú go déanach trí ríomhphost a sheoladh chuig inherentjurisdictioncapacity@courts.ie.
Ábhair Iar-Chúirte
-
Nuair atá an t-iarratas éiste ag an mBreitheamh, ba chóir do chleachtóirí cóip bhog den duillín ex parte nó fógra foriarratais a sheoladh chuig an gCláraitheoir trí ríomhphost i bhfoirm Word chun cabhrú le dréachtú an Ordaithe.
-
Beidh cóipeanna de na hOrduithe déanta ar fáil ag highcourtbespeaks@courts.ie ag aon am chomh luath is atá an t-Ordú comhlánaithe.
Mainneachtain na Treoracha seo a chomhlíonadh
-
Mura gcomhlíontar na treoracha atá leagtha amach san Fhógra seo maidir le haon iarratas ar Dhlínse Bhunúsach (Cumas) féadfar an t-iarratas a chur ar atráth nó a scriosadh ar cibé téarmaí, costais san áireamh, de réir mar a chinnfidh an Chúirt.
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
29 Meán Fómhair 2023