HC52
Gnó a leithroinnt ar an Leas-Mháistir
-
De bhun alt 10(3) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha),1961, ordaím leis seo go seolfar nó go n-idirbheartófar gnó na hArd-Chúirte seo a leanas os comhair aon Leas-Mháistrí den Ard-Chúirt arna cheapadh ag an tSeirbhís Chúirteanna faoi alt 27(1A) d'Acht na nOifigeach Cúirte, 1926, arna leasú:
-
arratais ar aithint nó forghníomhú sa Stát ar ordú cothabhála a sheol an tÚdarás Lárnach sa Stát chuig Máistir na hArd-Chúirte dá dtagraíonn alt 7(2) den Acht Cothabhála, 1974, arna leasú,
-
iarratais ar ordú Eorpach ar íocaíocht de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach do nós imeachta íocaíochta agus Ceartúchán an 25 Eanáir 2007;
-
iarratais de bhun Ordú 63, riail 1(18) de Rialacha na nUaschúirteanna chun cistí atá chun creidiúna do naíonán a íoc as an gCúirt, a fhaightear tríd an bpost agus nach gceanglaíonn an Leas-Mháistir lena mbaineann é a dhéanamh ex parte ar mhionnscríbhinn de bhun riail 12 den Ordú sin;
-
iarratais ar dhoiciméad a sheirbheáil de bhun Ordú 121B de Rialacha na nUaschúirteanna; agus
-
eisiúint agus tarchur deimhnithe de bhun Ordú 39, riail 42 de Rialacha na nUaschúirteanna, maidir le teistíochtaí arna dtógáil faoin Foreign Tribunals Evidence Act 1856.
-
Faoi réir mhír 3, tiocfaidh éifeacht leis an treoir seo ón 20ú lá de Bhealtaine 2010 agus cuirfear í in ionad na Treorach Cleachtais an 8 Deireadh Fómhair 2009 í.
-
Beidh feidhm ag an treoir sin maidir le hiarratais agus iarratais den sórt sin a dhéanfar agus teistíochtaí arna nglacadh roimh an dáta dá dtagraítear i mír 2, agus nach bhfuil aon chinneadh déanta ina leith nó, de réir mar a bheidh, nach bhfuil aon deimhniú eisithe nó tarchurtha ag Máistir na hArd-Chúirte ar an dáta sin.
-
Iarratais ar aithint nó forghníomhú sa Stát ar ordú cothabhála arna sheoladh ag an Údarás Lárnach sa Stát chuig Máistir na hArd-Chúirte faoi Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000, maidir le dlínse agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna leasú, leanfar de bheith á ndéanamh chuig Máistir na hArd-Chúirte.
Arna dhátú an 20ú lá seo de Bhealtaine 2010
Nicholas Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte