HC97
HC97
Aighneachtaí Scríofa agus Páipéir na Saincheisteanna
Aighneachtaí Scríofa agus Páipéir na Saincheisteanna
Leis seo eisím, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.
- Beidh feidhm ag an Treoir Chleachtais seo maidir le gach imeacht sibhialta i leith na n-aighneachtaí scríofa dá bhforáiltear i Rialacha na nUas-Chúirteanna nó sa treoir chleachtais ábhartha, lena n-áirítear cásanna sa liosta um Pleanáil Tráchtála agus Forbairt Bonneagair Straitéisigh ach gan imeachtaí eile os comhair na Cúirte Tráchtála lena bhfuil feidhm ag AC93 a áireamh.
- Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 5 Deireadh Fómhair 2020, agus cúlghairtear leis Treoir Chleachtais AC68 de Mheán Fómhair 2016 ach amháin a mhéid a bhaineann an Treoir Chleachtais sin le himeachtaí os comhair na Cúirte Tráchtála lena mbaineann Treoir Chleachtais A93.
- Formáid agus ábhar aighneachtaí scríofa
- Ba cheart go mbeidh teideal agus uimhir thaifid an cháis ar gach aighneacht scríofa agus ba cheart go léireofaí orthu an duine a gcuirtear i láthair thar a gceann iad. Ba cheart go gcuirfí dáta ar na haighneachtaí agus i gcásanna ina bhfuil siad socraithe ag abhcóide, ba cheart go mbeadh ainmneacha na n-abhcóidí le feiceáil ag bun na n-aighneachtaí sin.
- Ba cheart go ndéanfaí aighneachtaí scríofa a leagan amach go loighciúil le ceannteidil chuí agus ba cheart go mbeadh siad ina n-achoimre ghonta ar na haighneachtaí atá le forbairt in argóint ó bhéal. Ba cheart nach mbeadh aon ábhar neamhábhartha, neamhthábhachtach ná scannalach iontu. Ba cheart go ndéanfaí tagairt iontu do gach údarás ábhartha ar a mbeifear ag brath.
- Ba cheart aighneachtaí a chur i láthair san fhormáid seo a leanas:
- Leathanach sa mhéid A4 clóite ar thaobh amháin;
- Clómhéid 12, Times New Roman nó cló cosúil;
- Spásáil línte 1.5;
- Imill 3.25cm ar gach taobh agus 2.5cm ag an mbarr agus ag an mbun;
- Ach amháin le cead na Cúirte, níor cheart go mbeadh níos mó ná 5,000 focal san iomlán in aighneachtaí (an líon focal le nótáil ar dhoiciméad na n-aighneachtaí).
- Níor cheart go mbeadh aon fhonótaí.
- Ba cheart go leanfaí an teimpléad seo a leanas sna haighneachtaí:
- Réamhrá (nár cheart a bheith níos faide ná dhá leathanach) lena ndéantar achoimre ar an gcúlra fíorasach,
- Na saincheisteanna is mó sa chás,
- Na haighneachtaí a bhaineann leis na saincheisteanna sin,Conclúidí agus léiriú ar na horduithe atá le lorg.
- Ba cheart a aithint sna haighneachtaí na prionsabail dhlíthiúla a bhaineann leis an gcás arna phléadáil agus/nó an fhianaise atá le tabhairt ar aird. Ba cheart díriú ar na hábhair sin iontu agus ní cheadaítear aighneachtaí ginearálaithe.
- Croineolaíocht d'Fhíorais Ábhartha agus de Stair Nós Imeachta
Ba cheart don ghearánaí/iarratasóir croineolaíocht iomlán de na fíorais ábhartha go léir agus de stair nós imeachta na n-imeachtaí (lena n-áirítear dátaí comhdaithe na mbunphléadálacha) a áireamh mar fhoscríbhinn leis na haighneachtaí. Ba cheart don chosantóir/ fhreagróir/ pháirtí tionscanta a chur in iúl ina chuid aighneachtaí má chomhaontaítear an chroineolaíocht. I gcás nach gcomhaontaítear an chroineolaíocht, ba cheart don chosantóir/ fhreagróir/ pháirtí tionscanta a c(h)roineolaíocht féin a thabhairt ina sainaithnítear na pointí difríochta go soiléir, i gcló trom más féidir. Ní gá an chroineolaíocht a chur sa líon focal, ach ní cheart í a úsáid chun dul timpeall ar an líon focal. - Leabhair Údarás
- Tá a Leabhar Údarás féin ag an gCúirt le haghaidh na n-iarratas seo a leanas:
- iarratais ar dhíbhe mar gheall ar uireasa ionchúisimh agus/nó moill agus/nó mí-úsáid próisis;
- iarratais ar fhollasú;
- iarratais chun iallach a chur ar fhreagraí ar shonraí áirithe;
- iarratais ar chead chun breithiúnas deiridh a thaifeadadh;
- iarratais ar urrús i leith costas
- iarratais ar bhac;
- iarratais chun an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh a shíneadh;
- iarratais chun lis pendens a bhaint;
- iarratais chun glacadóir a cheapadh;
- iarratais ar urghairí eatramhacha agus idirbhreitheacha
- iarratais ar chostais agus
- ábhair/iarratais eile de réir mar a bheidh siad liostaithe ó am go ham ar shuíomh gréasáin na Cúirte
- Beidh liosta de na húdaráis atá i Leabhar Údarás na Cúirte féin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte ón 18 Meán Fómhair, 2020 agus coimeádfar é suas le dáta.
- Níor cheart go n-áireofaí sna Leabhair Údarás sna hiarratais thuasluaite ach údaráis nach bhfuil sainaitheanta i leabhar na Cúirte féin agus níor cheart go n-áireofaí na húdaráis sin ach má tá baint ar leith ag údaráis den sórt sin leis an iarratas. I gcás go bhfuiltear ag brath ar údarás nó ar fhoráil reachtúil nach bhfuil i Leabhar Údarás na Cúirte, ba cheart go n-aibhseofaí an chuid ábhartha sa Leabhar Údarás sula gcuirtear isteach é.
- Mura n-ordaítear a mhalairt, ba cheart leabhair údarás a chur ar fáil san fhormáid agus san ord seo a leanas:
- Aon fhorálacha ábhartha ón mBunreacht
- Aon fhorálacha nó rialacháin reachtúla ábhartha,
- Aon riail ábhartha na cúirte
- Údaráis Éireannacha,
- Údaráis an AE,
- Údaráis idirnáisiúnta,
- Ábhair eile lena n-áirítear sleachta ó théacsleabhair nó ó irisleabhair.
- I gcás inar tuairiscíodh cás sna tuarascálacha oifigiúla, is í an tuarascáil sin an t-aon cheann amháin ba cheart a chuimsiú sa Leabhar Údarás.
- Níor cheart ach na húdaráis a ndéanfar tagairt dóibh san argóint ó bhéal a chur san áireamh.
- Ach amháin má tá cead faighte ón gCúirt, níor cheart go mbeadh níos mó ná 8 gcás in aon Leabhar Údarás.
- Tá sé d'fhreagracht ar na páirtithe Comhleabhar Údarás a aontú. Tráth nach déanaí ná dáta seachadta aighneachtaí scríofa an ghearánaí/achomharcóra, ba cheart don pháirtí sin liosta de na húdaráis a mbeifear ag brath orthu a sheachadadh don chosantóir/fhreagróir agus d'aon pháirtí eile sna himeachtaí. Tráth nach déanaí ná dáta seachadta na n-aighneachtaí freagartha, déanfaidh an cosantóir/freagróir agus páirtí ar bith eile liosta de na húdaráis a mbeidh siad ag brath orthu a sheachadadh don ghearánaí/iarratasóir.
- Páipéir na Saincheisteanna
- Seachas nuair atá saincheist amháin nó dhá shaincheist soiléir in iarratas nó i ngníomh (e.g. iarratas ar dhíbhe mar gheall ar ionchúiseamh/moill) ba cheart do na páirtithe páipéar saincheiste a aontú lena luaitear go gonta na saincheisteanna atá le breithniú.
- I gcás nach n-aontaítear nó go n-aontaítear na saincheisteanna go pointe, ba cheart do gach páirtí páipéar saincheiste a chur isteach lena leagtar amach go gonta cad a mheasann siad atá ina saincheisteanna. Níor cheart go mbeadh níos mó ná 1,000 focal i bpáipéir na saincheisteanna.
- Aighneachtaí Scríofa agus Páipéir Saincheisteanna a Chomhdú
- Seolfar cóip leictreonach d'aighneachtaí scríofa agus páipéir saincheisteanna i bhformáid doiciméad Word trí ríomhphost chuig highcourtsubmissions@courts.ie (mar aon leis an gcóip chrua) laistigh den am socraithe do sholáthar fisiciúil doiciméid den sórt sin. Ba cheart teideal an ríomhphoist ina gcuimseofar na haighneachtaí a chur san fhormáid seo a leanas: Teideal agus Uimhir Thaifid (le spásanna idir gach focal nó uimhir, e.g. bliain (spás) uimhir (spás) JR), dáta na héisteachta agus an páirtí a dtaisctear na haighneachtaí thar a cheann.
- Ba cheart go mbeadh formáidiú soiléir in úsáid i Word a oiread agus is féidir. Is fearr cló trom nó folínte a úsáid seachas "ceannteidil", a oiread agus is féidir.
- Iarmhairtí an neamh-chomhlíonta
I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag an gcúirt i dtaobh aon ordú le haghaidh costas in imeachtaí lena mbaineann an treoir chleachtais seo, is faoin bpáirtí a bhfuil aighneacht seolta acu atá de shárú ar spriocdháta a socraíodh le Treoir Chleachtais nó treorú cúirte ábhartha, a bheidh sé an chúis nár cheart an aighneacht sin a dhícheadú a léiriú.
Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
11 Meán Fómhair, 2020
Leabhar Údarás na Cúirte d'Aighneachtaí AC97 agus do Pháipéir Saincheisteanna (PDF)
High court