HC79
Athbhreithniú Breithiúnach - Nós imeachta i leith cásanna atá liostaithe le héisteacht
Gach Déardaoin, glaofar cásanna um athbhreithniú breithiúnach atá liostaithe ó Mháirt go hAoine an tseachtain ina dhiaidh sin. Tá ar pháirtithe a bheith i láthair ag an nglaoch rolla seo agus a chur in iúl má tá an cás ag dul ar aghaidh nó mura bhfuil. Scriosfar amach cásanna mura bhfuil aon duine i láthair.
Ar lá na trialach ceanglaítear ar an Iarratasóir leis an gcláraitheoir don bhreitheamh atá sannta chun an cás a éisteacht leabhar ceangailte a thaisceadh ina mbeidh na doiciméid seo a leanas:
- Cóip d'fhógra tairisceana
- Cóip den ordú lena dtugtar cead iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach
- Cóip den Ráiteas a bhfuil iarratas mar fhoras leis
- Cóip den Mhionnscríbhinn lena ndeimhnítear an ráiteas
- Cóip de na foilseáin
- Cóip den ráiteas cur i gcoinne (más ann)
- Cóip de mhionnscríbhinn lena ndeimhnítear ráiteas cur i gcoinne (más ann)
- Mionnscríbhinn de sheirbheáil phearsanta tairisceana, ráitis, mionnscríbhinne agus ordaithe lena dtugtar cead, ar gach páirtí le bheith seirbheáilte, (Ordú 84 R.22(6))
- Cóip d'aighneachtaí scríofa ar phoncanna nó saincheisteanna dlí (más ann)
- In iarratais ar orduithe de chóip certiorari d'ordú/de chinneadh ábhar an iarratais deimhnithe le mionnscríbhinn (murar taispeánadh thuas cheana). Féach Ordú 84 R.27(2)).
I gcásanna ina n-ordaítear an t-iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh le toghairm iomlánach, beidh feidhm ag Treoir Chleachtais HC 53.
Leis seo, cealaítear Treoracha Cleachtais HC04 agus HC05.
Arna dhátú an 7 Lúnasa, 2018
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte