HC106
HC106
Cúirt an Mháistir
Déanann HC 117 an Treoir Cleachtais seo a chúlghairm le héifeacht ón 5 Nollaig 2022.
Eisímse, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus um an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.
- Ón Luan, an 10 Bealtaine 2021, agus go dtí go bhfógrófar a mhalairt, beidh suíonna de Chúirt an Mháistir ar siúl ó Luan go hAoine le linn théarmaí an dlí, ag tosú ag 10.30 am gach lá
- Beidh amanna tosaigh na n-imeachtaí/na n-iarratas ar fad os comhair an Mháistir céimnithe mar gheall ar bhreithnithe Covid 19 agus foilseofar iad seo sa dialann dlí agus ar Shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.
- Déanfar éisteachtaí/iarratais os comhair an Mháistir a sheoladh de réir na treorach sláinte poiblí uile maidir le Covid- 19 agus i gcomhréir le Treoracha Cleachtais uile na hArd-Chúirte.
- Ní ceadmhach do chleachtóirí teacht go Cúirt an Mháistir níos mó ná cúig nóiméad roimh an am tosaithe atá tugtha dá n-imeachtaí/dá n-iarratas.
- Ba cheart gach treoir maidir le haon imeachtaí/iarratas os comhair Mháistir na hArd-Chúirte a thabhairt don abhcóide roimh an dáta éisteachta leithdháilte agus i gcúinsí a chomhlíonann treoir sláinte phoiblí Covid-19 agus ceanglais scartha sóisialta go hiomlán.
- Ba cheart go ndéanfaí gach caibidlíocht idir na páirtithe in aon imeachtaí/iarratas os comhair Mháistir na hArd-Chúirte roimh an dáta éisteachta leithdháilte agus i gcúinsí a chloíonn go hiomlán le treoir sláinte phoiblí Covid 19 agus ceanglais scartha sóisialta.
- Ní mór aon chineál comhairliúcháin nó rannpháirtíochta idir na páirtithe nó amhail idir aturnae agus abhcóide a bheith ar siúl lasmuigh d’fhoirgneamh na gCeithre Cúirteanna agus i gcónaí i gcúinsí a chloíonn go hiomlán le treoir sláinte phoiblí Covid 19 agus ceanglais scartha sóisialta.
- Comhlíonfaidh cleachtóirí aon treoracha a thabharfaidh pearsanra na Seirbhíse Cúirteanna maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta Covid-19.
- Coinneofar sábháilteacht chleachtóirí agus phearsanra na Seirbhíse Cúirteanna a bhaineann le Cúirt an Mháistir faoi athbhreithniú leanúnach. Más é an chomhairle sláinte agus sábháilteachta ag am ar bith gur cheart liosta Chúirt an Mháistir a chur siar ar chúiseanna a bhaineann le Covid-19, cuirfear an chomhairle sin i bhfeidhm láithreach.
Mary Irvine
30 Aibreán 2021
High court