HC76
HC76
Caingne Díobhálacha Pearsanta a eascraíonn as líomhaintí maidir le bulaíocht agus/nó ciapadh
- Ní mór gach caingean lena n-áirítear éileamh ar dhamáistí do dhíobhálacha pearsanta a eascraíonn as líomhaintí maidir le bulaíocht agus/nó ciapadh a chur síos i gcomhair trialach i Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliath.
- Ní mór caingne a cuireadh síos i gcomhair trialach sa Liosta Neamh-Ghiúiré cheana a aistriú chomh luath agus is féidir do Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliath ach amháin :-
- na caingne faoi chásbhainistiú sa Liosta Neamhghiúiré leis an mBreitheamh Noonan;
- na caingne sin a bhfuil dáta socraithe cheana féin le haghaidh éisteachta sa Liosta Neamhghiúiré.
- Ba cheart gach iarratas ar chaingne a aistriú chuig Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliath a dhéanamh sa Liosta Neamhghiúiré ar aon Déardaoin sa téarma.
- Ag féachaint don chleachtas i Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliath, nuair nach bhfuil gá le deimhniú ullmhachta chun dul chun trialach, níl aon cheanglas ann a dheimhniú go bhfuil cásanna den sórt sin réidh lena dtriail.
23 Aibreán, 2018
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte
High court