Ordú 53A

Scrúdaitheoireacht : I.R. Uimh. 284 de 2014 Na Rialacha Cúirte Cuarda (Scrúdaitheoireacht), 2014

***For Order 53A as it operated prior to 9 November 2015 see: S.I. No. 284 of 2014 

Mínithe

1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

ciallaíonn “Acht” Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990;

forléireofar “lárionad príomhleasanna” de réir an Rialacháin Dócmhainneachta;

folaíonn “Scrúdaitheoir” Scrúdaitheoir Eatramhach;

ciallaíonn “an Rialachán Dócmhainneachta” Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 an 29 Bealtaine 2000 ón gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L160/1 an 30 Meitheamh, 2000);

ciallaíonn “leachtaitheoir i bpríomhimeachtaí” duine a dhéanann, i ndáil le cuideachta is féichiúnaí, feidhmeanna a luaitear in Airteagal 2(b) den Rialachán Dócmhainneachta a chomhlíonadh i príomhimeachtaí a osclaítear i mBallstát seachas an Stát;

ciallaíonn “príomhimeachtaí” imeachtaí a thagann faoi réim an mhínithe ar imeachtaí dócmhainneachta in Airteagal 2(a) den Rialachán Dócmhainneachta a osclaítear de réir Airteagal 3(1) den Rialachán Dócmhainneachta agus

(a) i ndáil leis an Stát, atá leagtha amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis na Rialacháin Dócmhainneachta faoin gceannteideal “Éire”, agus

(b) i ndáil le Ballstát eile, atá leagtha amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán Dócmhainn-eachta faoin gceannteideal a bhaineann leis an mBallstát sin;

ciallaíonn “Ballstát” Ballstát den Aontas Eorpach seachas Ríocht na Danmhairge;

ciallaíonn “iarratasóir bunaidh” an duine ar ar iarratas uaidh nó uaithi a ceapadh Scrúdaitheoir de bhun alt 2 den Acht;

ciallaíonn “imeachtaí tánaisteacha” imeachtaí dá ngairtear “imeachtaí tánaisteacha” in Airteagal 3(3) den Rialachán Dócmhainneachta agus

(a) i ndáil leis an Stát, atá leagtha amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis na Rialacháin Dócmhainneachta faoin gceannteideal “Éire”; agus

(b) i ndáil le Ballstát eile, atá leagtha amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán Dócmhainneachta faoin gceannteideal a bhaineann leis an mBallstát sin;

ciallaíonn “imeachtaí críche” imeachtaí a thagann faoi réim an mhínithe ar imeachtaí dócmhainneachta in Airteagal 2(a) de na Rialacháin Dócmhainneachta a osclaíodh sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán Dócmhainneachta agus

(a) i ndáil leis an Stát, atá leagtha amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis na Rialacháin Dócmhainneachta faoin gceannteideal “Éire”; agus

(b) i ndáil le Ballstát eile, atá leagtha amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán Dócmhainneachta faoin gceannteideal a bhaineann leis an mBallstát sin;

tá le focail agus abairtí an bhrí chéanna atá leo san Acht agus, más gá, an bhrí chéanna atá leo in Achtanna na gCuideachtaí.

Láthair

2. (1) Déanfar gach iarratas agus gach imeacht faoin Ordú seo, de réir alt 2(9) den Acht, a thionscnamh:

(a) sa chontae ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta suite nó ina bhfuil a príomh-áit ghnó aici tráth tíolactha an Fhógra Foriarratais tionscnaimh; nó

(b) más rud é, an tráth sin, nach mbeidh aon oifig chláraithe ag an gcuideachta agus go mbeidh a príomh-áit ghnó lasmuigh den Stát, i gCuaird Bhaile Átha Cliath.

(2) In aon chás ina mbeidh príomhimeachtaí arna n-oscailt i mBallstát seachas an Stát, déanfaidh an Scrúdaitheoir, i gcás go bhféadfaidh an doiciméad sin a bheith iomchuí maidir leis na príomhimeachtaí lena mbaineann, cóip de gach aon Fhógra Foriarratais tionscnaimh, fógra, tuarascáil, mionnscríbhinn nó doiciméad eile sna himeachtaí a chur láithreach chuig an leachtaitheoir sna príomhimeachtaí leis an bpost leictreonach nó le macasamhail más féidir nó thairis sin leis an bpost cláraithe réamhíoctha de réir agus chun críocha Airteagal 31 den Rialachán Dócmhainneachta.

Fógra Foriarratais Tionscnaimh

3. (1) Beidh iarratas faoi alt 2 den Acht forasaithe ar Fhógra Foriarratais tionscnaimh, a bheidh i bhFoirm 53A i Sceideal na bhFoirmeacha agus comhlíonfaidh sé alt 3(3) den Acht agus an riail seo, agus fíorófar é le mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí a dhéanann an t-iarratas nó thar a cheann nó thar a ceann.

(2) Is maidir le halt (2) den Acht an teideal a bheidh ar an bhFógra Foriarratais Tionscnaimh. I gcás gurb í an chuideachta lena mbaineann a dhéanann an t-iarratas, beidh ar iarratas na cuideachta mar theideal air freisin. I gcás gur duine seachas an chuideachta lena mbaineann a dhéanann an t-iarratas, beidh amhail idir an t-iarratasóir mar iarratasóir agus an chuideachta lena mbaineann mar fhreagróir mar theideal air freisin.

(3) Maidir leis an bhFógra Foriarratais tionscnaimh:

(a) beidh ann:


(i) ráitis á rá go bhfuil feidhm ag an Rialachán Dócmhainneachta maidir leis na himeachtaí agus go bhfuil lárionad phríomhleasanna na cuideachta (arna gcinneadh de réir an Rialacháin Dócmhainneachta) suite sa Stát agus na fíorais agus na forais a thacaíonn le gach ráiteas acu; nó

(ii) ráitis á rá go bhfuil feidhm ag an Rialachán Dócmhainneachta maidir leis na himeachtaí agus go bhfuil lárionad phríomhleasanna na cuideachta suite i mBallstát sonraithe eile agus na fíorais agus na forais a thacaíonn le gach ráiteas acu; nó

(iii) ráiteas á rá nach bhfuil feidhm ag an Rialachán Dócmhainneachta maidir leis na himeachtaí, agus na fíorais agus na forais a thacaíonn leis an ráiteas sin agus, sa chás sin, beidh ann ráiteas i dtaobh na gcúiseanna a bhfuil an féichiúnaí i dteideal iarratas a dhéanamh ar Scrúdaitheoir a cheapadh;


(b) beidh ann ráiteas á rá, go bhfios don iarratasóir, nár osclaíodh aon imeachtaí dócmhainneachta (de réir bhrí Airteagal 2 den Rialachán Dócmhainneachta) i leith na cuideachta in aon Bhallstát (seachas an Stát), nó gur osclaíodh imeachtaí den sórt sin agus má osclaíodh amhlaidh, cé acu an príomhimeachtaí, imeachtaí críche nó imeachtaí tánaisteacha iad na himeachtaí a osclaíodh.

(4) Beidh san Fhógra Foriarratais Tionscnaimh freisin ráiteas á rá, maidir leis an mbliain airgeadais is déanaí de chuid na cuideachta a chríochnaigh roimh dháta tíolactha an Fhógra Foriarratais tionscnaimh nó, de réir mar a bheidh, maidir le bliain airgeadais na cuideachta a bhí ann roimh an mbliain airgeadais is déanaí aici dar chríoch roimh dháta tíolactha an Fhógra Foriarratais tionscnaimh, gur áiríodh an chuideachta mar mhionchuideachta de bhua alt 8 nó (de réir mar a bheidh) alt 9 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 agus leagfar amach ann na coinníollacha iomchuí, mar a shonraítear sna hailt sin, a chomhlíontar i gcás na cuideachta.

(5) Déanfar an t-iarratas a éisteacht agus a chinneadh ar fhianaise mhionnscríbhinne mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

Ceanglais bhreise maidir le Fógra Foriarratais tionscnaimh i gcás lárionad phríomhleasanna cuideachta a bheith i gcríoch Ballstáit eile.

4. (1) Níl feidhm ag an riail seo ach amháin i gcás go gcreideann an t-iarratasóir go bhfuil lárionad phríomhleasanna na cuideachta suite laistigh de chríoch Ballstáit seachas an Stát.

(2) I gcás a bhfuil feidhm ag an riail seo maidir leis, maidir leis an bhFógra Foriarratais tionscnaimh:

(i) aithneofar ann freisin an áit laistigh den Stát ina bhfuil bunaíocht (arna cinneadh de réir Airteagal 2(h) den Rialachán Dócmhainneachta) ag an gcuideachta;

(ii) i gcás nár osclaíodh príomhimeachtaí i mBallstát eile, beidh ann freisin ráiteas i dtaobh cé acu de na coinníollacha dá dtagraý´tear in Airteagal 3(4)(a)no´ 3(4)(b) den Rialacha´ n Do´ cmhainneachta a chomhlíontar agus na fíorais agus na forais a thacaíonn leis an ráiteas sin.

Tíolacadh an Fhógra Foriarratais tionscnaimh, sannadh an dáta lena chur ar ais agus iarratas tosaigh ar ordacháin

5. (1) Déanfar Fógra Foriarratais tionscnaimh le haghaidh ceapadh Scrúdaitheora faoin Acht a thíolacadh lena eisiúint ag an Oifig sa chontae inar tionscnaíodh na himeachtaí de bhua riail 2 agus coimeádfar san Oifig sin é. Déanfar cóip shéalaithe den Fhógra Foriarratais tionscnaimh a eisiúint chuig an iarratasóir nó chuig an aturnae don iarratasóir agus úsáidfear í amhail is gur bunleagan a bhí inti.

(2) Déanfaidh an Cláraitheoir Contae an t-am agus an áit a cheapadh ag a mbeidh an Fógra Foriarratas tionscnaimh le héisteacht.

(3) Ar an lá céanna a thíolactar an Fógra Foriarratais tionscnaimh nó a luaithe is féidir dá éis sin, déanfaidh an t-iarratasóir iarratas ex parte chuig an mBreitheamh ar ordacháin i dtaobh na n-imeachtaí a bheidh le glacadh ar an bhFógra Foriarratais tionscnaimh.

Mionnscríbhinn fíoraithe

6. (1) Déanfar gach Fógra Foriarratais tionscnaimh le haghaidh ceapadh Scrúdaitheora a fhíorú le mionnscríbhinn.

(2) Maidir leis an mionnscríbhinn fíoraithe, is é an t-iarratasóir, nó duine de na hiarratasóirí i gcás go mbeidh níos mó ná duine amháin acu ann, nó i gcás go mbeidh an Fógra Foriarratais tionscnaimh á thíolacadh ag corparáid nó ag cuideachta, duine de stiúrthóirí nó rúnaí na corparáide nó na cuideachta, nó oifigeach eile don chorparáid nó don chuideachta sin a dhéanfaidh í, agus déanfar an mhionnscríbhinn fíoraithe a mhionnú roimh thíolacadh an Fhógra Foriarratais tionscnaimh agus a chomhdú leis an bhFógra Foriarratais tionscnaimh.

(3) Beidh i mionnscríbhinn fíoraithe fianaise is leor chun ráitis san Fhógra Foriarratais tionscnaimh a fhíorú, nó thairis sin:

(a) chun dlínse na Cúirte a léiriú agus

(b) chun a shuíomh i leith na bliana airgeadais is déanaí de chuid na cuideachta a chríochnaigh roimh dháta tíolactha an Fhógra Foriarratais tionscnaimh nó, de réir mar a bheidh, i leith bhliain airgeadais na cuideachta a bhí ann roimh an mbliain airgeadais is déanaí aici dar chríoch roimh dháta tíolactha an Fhógra Foriarratais tionscnaimh, gur áiríodh an chuideachta mar mhionchuideachta de bhua alt 8 nó (de réir mar a bheidh) alt 9 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 agus a fhíorú conas a chomhlíontar na coinníollacha iomchuí, mar a shonraítear sna hailt sin, a dhearbhaítear a bheidh comhlíonta i gcás na cuideachta.

(4) I gcás inar osclaíodh imeachtaí dócmhainneachta in aon Bhallstát eile, foilseánfar sa mhionnscríbhinn fíoraithe freisin cóip dheimhnithe den chinneadh bunaidh lenar ceapadh an leachtaitheoir sna príomhimeachtaí nó aon deimhniú eile de chuid na cúirte ag a bhfuil dlínse (dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán Dócmhainneachta) agus mura bhfuil an cinneadh nó an deimhniú sin i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit, aistriúchán ar an gcinneadh nó ar an deimhniú sin sa Ghaeilge nó sa Bhéarla arna dheimhniú ag duine atá inniúil agus cáilithe chun na críche sin.

(5) Beidh an mhionnscríbhinn fíoraithe ina fianaise leordhóthanach ar na ráitis san Fhógra Foriarratais tionscnaimh.

(6) Ach amháin i gcás ina ndéantar iarratas ar ordú faoi alt 3A den Acht, déanfar tuarascáil an chuntasóra neamhspleách a luaitear in alt 3(3A) den Acht a fhoilseánadh don mhionnscríbhinn fíoraithe.

(7) Déanfar an toiliú arna shíniú ag an duine a bheidh ceaptha chun bheith ina Scrúdaitheoir a fhoilseánadh don mhionnscríbhinn fíoraithe.

(8) I gcás ina mbeidh aon tograí le haghaidh comhréitigh nó le haghaidh scéim chomhshocraíochta i ndáil le gnóthaí na Cuideachta ullmhaithe lena gcur faoi bhráid páirtithe leasmhara lena gceadú a fháil, déanfar cóip de na tograí a fhoilseánadh don mhionnscríbhinn fíoraithe.

(9) I gcás ina mbeidh ordú déanta faoi alt 3A den Acht, déanfar tuarascáil an chuntasóra neamhspleách a luaitear in alt 3(3A) a fhoilseánadh do mhionnscríbhinn a bheidh le comhdú go pras tar éis an tuarascáil sin a chur i gcrích.

Ordacháin

7. (1) Ar an iarratas ex parte dá dtagraítear i riail 5(3) a éisteacht, nó ar aon éisteacht atrátha ar an iarratas sin nó ar aon iarratas dá éis sin, féadfaidh an Chúirt cibé ordú nó orduithe is cuí léi a dhéanamh agus féadfaidh sí cibé ordacháin is cuí léi a thabhairt agus go háirithe féadfaidh sí:

(a) ordacháin a thabhairt i dtaobh na bpáirtithe ar chóir an Fógra Foriarratais tionscnaimh a sheirbheáil orthu, i dtaobh an mhodha seirbheála agus an trátha le haghaidh na seirbheála sin;

(b) ordacháin a thabhairt i dtaobh an mhodha ina ndéanfar nó ina bhféadfar fógra a thabhairt do chreidiúnaithe na cuideachta maidir leis an gceart atá acu éisteacht a fháil ar éisteacht an Fhógra Foriarratais tionscnaimh;

(c) dáta a shocrú le haghaidh éisteacht an Fhógra Foriarratais tionscnaimh (a bheidh difriúil leis an dáta a shocraigh an Cláraitheoir Contae);

(d) ordacháin a thabhairt i dtaobh ar cheart an Fógra Foriarratais tionscnaimh a fhógairt agus más ceart, conas ar chóir é a fhógairt;

(e) aon ní a bheidh le fágáil ar lár as aon chóip de thuarascáil an chuntasóra neamhspleách a shonrú, ar tuarascáil í a bheidh arna cur ar fáil de réir alt 3C den Acht;

(f) in aon chás cuí, ordú a dhéanamh faoi alt 3A den Acht;

(g) ordú a dhéanamh lena gceapfar Scrúdaitheoir beartaithe ar bhonn eatramhach go dtí an dáta a bheidh socraithe le haghaidh éisteacht an Fhógra Foriarratais tionscnaimh;

(h) in aon chás cuí, dáta éisteachta a shocrú chun críocha alt 13A den Acht agus ordacháin a thabhairt de réir alt 13A den Acht i ndáil leis an éisteacht sin.

(2) Gairfear an Scrúdaitheoir Eatramhach de Scrúdaitheoir a cheapfar de réir fho-riail (1)(g) ar aon chuideachta nó aon chuideachta ghaolmhar agus beidh na cumhachtaí céanna aige nó aici agus na dualgais chéanna air nó uirthi i ndáil leis an gcuideachta sin go dtí dáta na héisteachta atrátha amhail is gur Scrúdaitheoir é nó í a bhí ceaptha ar shlí seachas ar bhonn eatramhach.

(3) Féadfaidh an Chúirt éisteacht an Fhógra Foriarratais tionscnaimh nó aon éisteacht atrátha a chur ar atráth ó am go ham agus ó áit go háit go dtí go mbeidh fógra i dtaobh thíolacadh an Fhógra Foriarratais tionscnaimh tugtha d’aon pháirtí nó páirtithe a measfaidh an Chúirt gur chóir fógra a thabhairt dó nó dóibh, cibé acu le fógrán nó ar shlí eile, agus féadfaidh sí aon éisteacht ar an bhFógra Foriarratais tionscnaimh a chur ar atráth ar aon chúis eile is dealraitheach don Chúirt a bheith cóir agus cothromasach.

(4) Ar éisteacht Fógra Foriarratais tionscnaimh, nó ar an bhFógra Foriarratais tionscnaimh sin a chur ar atráth nó ar éisteacht eile a thabhairt dó, féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt don iarratasóir, d’aon chreidiúnaí ar mian leis nó léi éisteacht a fháil agus d’aon pháirtí nó duine leasmhar eile a mbeidh fógra tugtha dó nó di i dtaobh an Fhógra Foriarratais tionscnaimh agus a bheidh i láthair ag an éisteacht, de réir mar a bheidh, Scrúdaitheoir a cheapadh, agus féadfaidh sí cibé ordú breise nó ordú eile is cuí léi a dhéanamh.

Iarratas chun Scrúdaitheoir a cheapadh chuig cuideachta ghaolmhar

8. (1) Maidir le hiarratas chun Scrúdaitheoir a cheapadh chun a cheaptha nó a ceaptha mar Scrúdaitheoir ar chuideachta ghaolmhar de bhun alt 4 den Acht, i gcás gurb é an t-iarratasóir bunaidh nó an Scrúdaitheoir a dhéanfaidh é, déanfar é ex parte chun na Cúirte.

(2) Ar aon iarratas den sórt sin a éisteacht, féadfaidh an Chúirt cibé ordú nó orduithe a dhéanamh nó cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi, lena n-áirítear ordacháin i dtaobh ar cheart fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil, agus más cóir, cé na páirtithe ar chóir é a sheirbheáil orthu, i dtaobh mhodh na seirbheála sin agus an ama a cheadófar don tseirbheáil sin agus cé acu ar chóir an t-iarratas a fhógairt, agus más cóir, conas ar chóir é a fhógairt agus féadfaidh sí éisteacht an iarratais sin a chur ar atráth go dtí dáta a shonrófar.

(3) Féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, le linn an t-iarratas sin a chur ar atráth, cibé ordú eatramhach is cuí léi a dhéanamh lena n-áirítear Scrúdaitheoir a cheapadh mar an Scrúdaitheoir ar an gcuideachta ghaolmhar ar bhonn eatramhach agus féadfaidh sí freisin gach aon chumhacht agus dualgas, nó aon cheann de na cumhachtaí nó na dualgais, a thabhairt don Scrúdaitheoir sin i ndáil leis an gcuideachta sin a thugtar dó i ndáil leis an gcuideachta chéadluaite, ar bhonn eatramhach go dtí an éisteacht atrátha.

(4) Maidir le hiarratas ar Scrúdaitheoir a cheapadh chun bheith ina Scrúdaitheoir ar chuideachta ghaolmhar, déanfar é trí fhógra foriarratais arna sheirbheáil ar an Scrúdaitheoir agus ar an iarratasóir bunaidh, i gcás go ndéanfaidh aon duine seachas an t-iarratasóir bunaidh nó Scrúdaitheoir na cuideachta céadluaite an t-iarratas.

(5) Déanfaidh an páirtí tionscnaimh in iarratas faoin riail seo, ina mhionnscríbhinn ag forasú an iarratais sin:

(a) a fhíorú nach ndearnadh, go bhfios don pháirtí tionscnaimh, aon imeachtaí dócmhainneachta a oscailt i leith na cuideachta gaolmhaire in aon Bhallstát nó in aon Bhallstáit (seachas an Stát), nó gur osclaíodh imeachtaí dócmhainneachta den sórt sin agus má osclaíodh, cibé acu an príomhimeachtaí, imeachtaí críche nó imeachtaí tánaisteacha iad na himeachtaí sin;

(b) i gcás, de réir mar a chreideann an páirtí sin, go bhfuil lárionad phríomhleasanna na cuideachta gaolmhaire suite laistigh de chríoch Ballstáit seachas an Stát, an Ballstát lena mbaineann a shainaithint agus an áit laistigh den Stát ina bhfuil, de réir mar a chreideann an páirtí tionscnaimh, bunaíocht ag an gcuideachta (arna cinneadh de réir Airteagal 2(h) den Rialachán Dócmhainneachta).

Tuarascáil ón Scrúdaitheoir Eatramhach

9. (1) In aon chás ina mbeidh Scrúdaitheoir Eatramhach ceaptha chuig aon chuideachta nó ina mbeidh Scrúdaitheoir ceaptha ina Scrúdaitheoir Eatramhach ar chuideachta ghaolmhar de chuid na cuideachta sin agus más rud é, ar éisteacht deiridh an iarratais nó an Fhógra Foriarratais tionscnaimh, de réir mar a bheidh:

(a) nach mbeidh aon Scrúdaitheoir ceaptha chun na cuideachta sin nó chun na cuideachta gaolmhaire sin, de réir mar a bheidh, nó

(b) go mbeidh duine seachas an Scrúdaitheoir Eatramhach ceaptha mar Scrúdaitheoir chun na cuideachta nó chun na cuideachta gaolmhaire,

ullmhóidh an Scrúdaitheoir Eatramhach tuarascáil i scríbhinn don Chúirt i ndáil leis an gcuideachta nó leis an gcuideachta ghaolmhar nó i ndáil leo araon laistigh de cibé am a ordóidh an Chúirt.

(2) Déanfaidh Scrúdaitheoir taifead fíor a choimeád agus a chothabháil ar gach dliteanas a dheimhneoidh sé faoi alt 10 den Acht agus déanfaidh sé, sa tuarascáil i scríbhinn uaidh, cuntas iomlán a thabhairt ar gach dliteanas arna dheimhniú amhlaidh chun na Cúirte agus déileálfaidh sé le cibé nithe breise nó nithe eile de réir mar a ordóidh an Chúirt.

Iarratais faoi alt 5 den Acht ó Scrúdaitheoir agus ó dhaoine eile

10. (1) Déanfar aon iarratas ó aon Scrúdaitheoir cuideachta de bhun alt 5(3) den Acht i ndáil le haon imeachtaí láithreacha lena bhfuil baint ag an gcuideachta sin a thionscnamh trí fhoriarratas iar bhfógra chuig gach aon pháirtí sna himeachtaí sin, lena n-áirítear an chuideachta ar i ndáil léi a ceapadh an Scrúdaitheoir.

(2) Maidir le haon iarratas ó aon duine faoi alt 5(3) den Acht lena lorgófar cead ón gCúirt imeachtaí a thionscnamh i ndáil leis an gcuideachta, is trí fhoriarratas iar bhfógra chun an Scrúdaitheora agus chun na cuideachta a thabharfar é.

Iarratais faoi alt 7 den Acht

11. (1) Féadfar aon iarratas ón Scrúdaitheoir de bhun alt 7(6) den Acht a dhéanamh ex parte chun na Cúirte.

(2) Maidir le hiarratas ón gcuideachta nó ó pháirtí leasmhar de bhun alt 13(7) den Acht, is trí fhoriarratas iar bhfógra chun an Scrúdaitheora agus chun aon pháirtí leasmhar eile nó chun na cuideachta, de réir mar a bheidh, a dhéanfar é.

(3) Ar iarratas a luaitear sa riail seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a chur ar atráth agus cibé ordacháin a mheasfaidh sí is cuí a thabhairt i dtaobh fógra i dtaobh an iarratais a thabhairt d’aon duine nó i dtaobh na n-imeachtaí a bheidh le glacadh ar an iarratas nó i ndáil leis, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ar an iarratas is dealraitheach di is cóir agus is cuí sna himthosca.

Iarratais faoi alt 8 den Acht ó Scrúdaitheoir

12. (1) A luaithe a dheimhneoidh Scrúdaitheoir aon diúltú nó diúltuithe a shonraítear in alt 8 (5) den Acht, déanfaidh sé iarratas ex parte láithreach chun na Cúirte ar chead chun an deimhniú sin a thabhairt ar aird i ndáil leis an diúltú sin agus fíoróidh sé na fíorais sa Deimhniú le mionnscríbhinn.

(2) Ar dheimhniú a luaitear i bhfo-riail (1) agus a bheidh fíoraithe trí mhionnscríbhinn a thabhairt ar aird don Chúirt, féadfaidh an Chúirt, iar bhfógra don pháirtí lena mbaineann, cibé fiosrúcháin a dhéanamh agus cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi i ndáil leis na diúltuithe agus déanfaidh sí cibé fianaise a thabharfar ar aird i ndáil leis an deimhniú a éisteacht agus féadfaidh sí cibé ordú is dealraitheach di is cóir agus is cuí sna himthosca a dhéanamh.

Iarratais faoi alt 9 den Acht ó Scrúdaitheoir

13. (1) Maidir le hiarratas chun na Cúirte ó Scrúdaitheoir de bhun alt 9 den Acht chun gach cumhacht nó feidhm nó aon chumhacht nó feidhm atá dílsithe do stiúrthóirí na cuideachta nó infheidhmithe acu a dhílsiú dó tuilleadh, déanfar é trí fhógra foriarratais arna sheirbheáil ar na stiúrthóirí agus é forasaithe ar mhionnscríbhinn an Scrúdaitheora ina sonrófar cé acu de na cumhachtaí, murab iad na cumhachtaí uile, a n-iarrann sé go ndílseofar dó í nó iad le hordú ón gCúirt.

(2) Féadfaidh an Chúirt cibé ordacháin is cuí léi a thabhairt i ndáil le héisteacht iarratais a luaitear i bhfo-riail (1).

Iarratais faoi alt 11 den Acht ó Scrúdaitheoir

14. (1) Maidir le hiarratas ón Scrúdaitheoir, de bhun alt 11 den Acht, ar dhiúscairt aon mhaoine atá faoi réir aon urrúis nó aon earraí atá i seilbh na cuideachta faoi chomhaontú fruilcheannaigh, déanfar é trí fhógra foriarratais arna fhorasú ar mhionnscríbhinn an Scrúdaitheora agus arna seirbheáil ar shealbhóir an urrúis sin nó ar an gcuideachta fruilcheannaigh, de réir mar a bheidh, nó ar aon duine eile ar dealraitheach go bhfuil leas aige nó aici sa mhaoin.

(2) Féadfaidh an Chúirt, ar éisteacht iarratais a luaitear i bhfo-riail (1) cibé ordú a dhéanamh faoi alt 11 den Acht is dealraitheach is cóir agus is cuí agus féadfaidh sí cibé ordacháin a thabhairt maidir le fáltais gach aon diúscairt den sórt sin a bheidh údaraithe ag an gCúirt.

Iarratais faoi alt 13 den Acht ó Scrúdaitheoir agus ó dhaoine eile

15. (1) Déanfaidh Scrúdaitheoir ar mian leis nó léi éirí as de bhun alt 13 den Acht iarratas ex parte chun na Cúirte chun na críche sin.

(2) Ar iarratas a luaitear i bhfo-riail (1) a éisteacht, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, a ordú go ndéanfar fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar an iarratasóir bunaidh, ar an gcuideachta, ar stiúrthóirí na cuideachta nó ar aon pháirtí leasmhar eile is cuí.

(3) Beidh iarratas an Scrúdaitheora forasaithe ar mhionnscríbhinn, arna mionnú aige, ina sonrófar na cúiseanna leis an éirí as atá beartaithe agus dáta an éirí as atá beartaithe.

(4) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ar an iarratas is dealraitheach is cóir agus is cuí sna himthosca.

(5) Maidir le hiarratas chun na Cúirte de bhun alt 13 den Acht chun Scrúdaitheoir a chur as oifig, déanfar é trí fhoriarratas iar bhfógra chun an Scrúdaitheora, chun an iarratasóra bunaidh, chun na cuideachta agus a stiúrthóirí agus chun aon pháirtí eile de réir mar a ordóidh an Chúirt.

(6) Beidh iarratas a luaitear i bhfo-riail (5) forasaithe ar mhionnscríbhinn an pháirtí tionscnaimh ina sonrófar an chúis a líomhnófar a bheith ann mar bhun leis an gCúirt do chur an Scrúdaitheoir as oifig.

(7) Ar éisteacht iarratais a luaitear i bhfo-riail (5), féadfaidh an Chúirt cibé ordú is dealraitheach di is cóir sna himthosca a dhéanamh agus, más deimhin léi gur suíodh cúis le go gcuirfeadh an Chúirt an Scrúdaitheoir as oifig, ordóidh sí go gcuirfear as oifig é láithreach nó ar cibé dáta a shonróidh an Chúirt. Féadfaidh an Chúirt, roimh nó i ndiaidh rialú a thabhairt i dtaobh an iarratais chun an Scrúdaitheoir a chur as oifig, cibé ordú is cuí léi a dhéanamh maidir le haon doiciméad nó doiciméid is cuí léi a thabhairt ar aird, nó cibé tuarascáil nó tuarascálacha is cuí léi a ullmhú.

(8) Maidir le hiarratas de bhun alt 13(2) den Acht chun folúntas a líonadh in oifig an Scrúdaitheora déanfar é ex parte chun na Cúirte ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt, más cuí léi, an t-iarratas a chur ar atráth agus cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordacháin a thabhairt is dealraitheach is cuí sna himthosca, lena n-áirítear ordacháin chun fógra i dtaobh dhéanamh an iarratais a sheirbheáil ar cibé páirtí is cuí léi.

Tuarascáil faoi alt 18

16. (1) Nuair a bheidh tuarascáil de bhun alt 18 den Acht ullmhaithe ag an Scrúdaitheoir laistigh den am a fhorordaítear nó laistigh de cibé am a bheidh socraithe ag an gCúirt, cuirfidh sé seachadadh a thuarascála i gcrích trí iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte chun í a sheachadadh.

(2) Beidh sa tuarascáil cuntas iomlán ar gach cruinniú a thionólfaidh an Scrúdaitheoir agus ar na tograí a leagfar faoi bhráid gach cruinniú den sórt sin agus beidh inti mar iarscríbhinn ag gabháil leis an tuarascáil cóip de na tograí ina ndéileálfar le gach ceann de na nithe a shonraítear in alt 22 den Acht san ord atá leagtha amach san alt sin.

(3) Sonróidh an Scrúdaitheoir san iarratas uaidh ar chóir codanna den tuarascáil a fhágáil as an seachadadh faoi alt 18(5) den Acht sin agus más cóir, cad iad na codanna sin.

(4) Tarraingeoidh an Scrúdaitheoir aird na Cúirte ar aon ghnéithe áirithe den tuarascáil is iomchuí nó a fhéadfaidh a bheith iomchuí maidir leis an gCúirt d’fheidhmiú aon fheidhme eile dá cuid feidhmeanna faoin Acht.

(5) Nuair a bheidh cead tugtha don Scrúdaitheoir a thuarascáil a sheachadadh de bhun fho-riail (1) agus i gcás gur fhoirmigh an Scrúdaitheoir tograí de bhun alt 18 den Acht le haghaidh comhréitigh nó le haghaidh scéim chomhshocraíochta agus gur thug sé tuarascáil don Chúirt sa tréimhse fhorordaithe nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a bheidh forordaithe ag an gCúirt, féadfaidh an Scrúdaitheoir iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte ar fhadú ar an tréimhse chosanta de bhun alt 18(4) den Acht ar feadh cibé tréimhse bhreise is gá don Chúirt chun a chumasú di cinneadh a ghlacadh i ndáil le tuarascáil an Scrúdaitheora maidir leis na tograí.

(6) Ar an iarratas a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfaidh an Scrúdaitheoir fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar cibé páirtí nó páirtithe is cuí leis an gCúirt. Féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a chur ar atráth chun go ndéanfar an tseirbheáil, ach féadfaidh sí an tréimhse lena mbaineann a fhadú go dtí dáta atrátha na héisteachta nó cibé dáta eile is cuí leis an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt an tréimhse lena mbaineann a fhadú tuilleadh i gcás go ndéanfar aon atráthuithe breise ar an éisteacht sin.

Rialacha chun cruinnithe de chomhaltaí nó de chreidiúnaithe a stiúradh

17. Déanfar gach aon chruinniú de chomhaltaí nó d’aicmí comhaltaí nó de chreidiúnaithe nó d’aicmí creidiúnaithe a chomórfar chun críocha alt 18 nó alt 23 den Acht a rialú leis na rialacha seo a leanas:

(1) Déanfaidh an Scrúdaitheoir gach aon chruinniú de chreidiúnaithe agus de chomhaltaí a ghairm trí fhógra i dtaobh an chruinnithe de chreidiúnaithe nó de chomhaltaí, de réir mar a bheidh, a chur leis an bpost tráth nach lú ná trí lá roimh an lá a bheidh ceaptha don chruinniú chuig gach duine a ndealraíonn sé i leabhair na cuideachta gur creidiúnaí de chuid na cuideachta nó comhalta den chuideachta é nó í.

(2) Déanfar an fógra chuig gach creidiúnaí nó comhalta a chur chuig an seoladh a bheidh tugtha sa tuarascáil ó Scrúdaitheoir na cuideachta, más ann, nó chuig cibé seoladh eile is eol don Scrúdaitheoir.

(3) Beidh mionnscríbhinn ón Scrúdaitheoir nó ó aturnae an Scrúdaitheora nó ó oifigeach nó cléireach éigin de chuid na cuideachta nó ó aturnae na cuideachta go ndearnadh fógra i dtaobh aon chruinniú a chur leis an bpost go cuí ina fianaise leordhóthanach ar an bhfógra sin a bheith curtha go cuí chuig an duine chun ar díríodh an céanna.

(4) Féadfaidh an Scrúdaitheoir cruinniú nó cruinnithe a shocrú a bheidh le tionól i cibé áit is dóigh leis is áisiúla do thromlach na gcreidiúnaithe nó na gcomhaltaí, nó is áisiúla dóibh araon agus féadfar amanna difriúla agus/nó áiteanna difriúla a ainmniú le haghaidh cruinnithe de chreidiúnaithe agus de chomhaltaí.

(5) Beidh an Scrúdaitheoir i gceannas agus ina chathaoirleach ar gach aon chruinniú a chomórfaidh sé agus seolfaidh sé gnó an chruinnithe ar bhealach ordúil chun a chinntiú go ndéanfar gach aon togra a bheidh curtha os comhair an chruinnithe sin aige a phlé go cuí.

(6) I gcás go ndéanfar cruinniú de chreidiúnaithe nó de chomhaltaí a ghairm le fógra, beidh imeachtaí agus rúin an chruinnithe bailí mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, d’ainneoin go mb’fhéidir nach bhfuair roinnt creidiúnaithe nó comhaltaí an fógra a cuireadh chucu.

(7) Féadfaidh an Scrúdaitheoir, le toiliú an chruinnithe, an cruinniú a chur ar atráth ó am go ham agus ó áit go háit ach tionólfar an cruinniú atrátha san áit chéanna inar tionóladh an cruinniú bunaidh mura sonrófar áit eile sa rún le haghaidh an atrátha nó mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(8) Ní fhéadfaidh cruinniú gníomhú chun aon chríche ach amháin an cruinniú a chur ar atráth mura mbeidh, i gcás cruinniú de chreidiúnaithe, triúr creidiúnaí ar a laghad i láthair nó á n-ionadú ag an gcruinniú a rialóidh an Scrúdaitheoir ina leith go bhfuil siad i dteideal vótáil nó, i gcás cruinniú de chomhaltaí, beirt chomhalta ar a laghad i láthair nó á n-ionadú ag an gcruinniú.

(9) Mura mbeidh, laistigh de 15 nóiméad ón am a bheidh ceaptha don chruinniú, córam creidiúnaithe nó comhaltaí, de réir mar a bheidh, i láthair nó á n-ionadú, cuirfear an cruinniú ar atráth go dtí an lá céanna an tseachtain dar gcionn ag an am céanna agus san áit chéanna nó go dtí cibé lá nó am nó áit eile a cheapfaidh an Scrúdaitheoir ach ar dhóigh nach mbeidh an lá a cheapfar níos lú ná trí lá agus nach mó ná 21 lá ón dáta ónar cuireadh an cruinniú ar atráth.

(10) Cuirfidh an Scrúdaitheoir faoi deara miontuairiscí imeachtaí an chruinnithe a tharraingt suas agus a thaifeadadh i leabhar a choimeádfar chun na críche sin agus déanfaidh sé na miontuairiscí a shíniú.

(11) Cuirfidh an Scrúdaitheoir faoi deara liosta de chreidiúnaithe nó de chomhaltaí a bheidh i láthair ag gach cruinniú a choimeád agus déanfaidh sé gach aon liosta den sórt sin a shíniú.

(12) Féadfaidh creidiúnaí nó comhalta láithriú go pearsanta nó trí sheachvótálaí. I gcás go n-údaraítear duine sa tslí dá bhforáiltear le halt 139 d’Acht na gCuideachtaí, 1963, ionadaíocht a dhéanamh do chorparáid ag aon chruinniú de chreidiúnaithe nó de chomhaltaí, déanfaidh an duine sin cóip den rún á údarú dó amhlaidh a thabhairt ar aird don Scrúdaitheoir. Beidh na cóipeanna sin faoi shéala na corparáide nó deimhnithe a bheith ina cóip dhílis ag rúnaí nó stiúrthóir na corparáide.

(13) Beidh gach ionstraim sheachvótála, a mhéid is féidir, i bhFoirm 53B nó 53C i Sceideal na bhFoirmeacha.

(14) Déanfar foirm ghinearálta agus foirm speisialta sheachvótála a chur chuig gach duine de na creidiúnaithe nó na comhaltaí le fógra lena ngairtear an cruinniú agus ní dhéanfar ainm ná tuairisc an Scrúdaitheora nó aon duine eile a chló i gcorp aon ionstraime seachvótála ná a chur isteach ann sula gcuirfear í.

(15) Féadfaidh creidiúnaí nó comhalta aon duine a cheapadh mar sheachvótálaí speisialta chun vótáil ag aon chruinniú sonraithe nó aon atráthú den chruinniú sin ar gach aon cheist a bhaineann le haon ní a éireoidh ag an gcruinniú nó ag atráthú den chruinniú sin.

(16) Féadfaidh creidiúnaí nó comhalta an Scrúdaitheoir a cheapadh chun gníomhú mar sheachvótálaí ginearálta nó speisialta dó.

(17) Déanfar gach ionstraim sheachvótála a thaisceadh leis an Scrúdaitheoir tráth nach déanaí ná 4.00 tráthnóna an lae roimh an gcruinniú nó roimh an gcruinniú atrátha ag a mbeidh sí le húsáid agus déanfaidh an Scrúdaitheoir an céanna a choinneáil.

(18) Ní dhéanfar aon duine ar leanbh é nóí a cheapadh mar sheachvótálaí ginearálta nó speisialta.

(19) I gcás gur creidiúnaí cuideachta, féadfaidh aon duine atá údaraithe go cuí faoi shéala na cuideachta sin chun gníomhú, go ginearálta thar ceann na cuideachta ag cruinnithe de chreidiúnaithe nó de chomhaltaí, an ionstraim sheachvótála a líonadh isteach agus a shíniú thar ceann na cuideachta sin agus é féin a cheapadh mar sheachvótálaí na cuideachta sin agus glacfar leis an ionstraim sheachvótála arna líonadh isteach agus arna síniú amhlaidh, agus déileálfar léi, mar sheachvótálaí de chuid na cuideachta sin.

(20) Beidh cumhacht ag an Scrúdaitheoir vóta duine a éilíonn gur creidiúnaí nó comhalta é a cheadú nó a dhícheadú, más cuí leis, ach féadfaidh a chinneadh a bheith faoi réir achomhairc chun na Cúirte. Má bhíonn amhras air i dtaobh ar chóir vóta a cheadú nó a dhícheadú, ceadóidh sé é agus déanfaidh sé an vóta a thaifeadadh mar vóta a ceadaíodh ach sin faoi réir go bhféadfaí a dhearbhú go bhfuil an vóta neamhbhailí i gcás agóid a dhéanamh agus an Chúirt do chothú na hagóide sin.

Iarratas ó chuideachta faoi alt 20 den Acht

18. Maidir le hiarratas ón gcuideachta de bhun alt 20 den Acht chun aon chonradh a shéanadh nó aon iarratas a eascróidh as an séanadh sin a shéanadh, déanfar é trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an Scrúdaitheoir agus iar bhfógra chuig an bpáirtí conarthach eile nó na páirtithe conarthacha eile agus iar bhfógra chuig aon duine dá dtagraítear in alt 20(2) den Acht.

Iarratas faoi alt 27 den Acht

19. (1) Maidir le hiarratas ón gcuideachta de bhun alt 27 den Acht chun daingniú tograí arna ndaingniú ag an gCúirt a chúlghairm, déanfar ex parte é ar ordacháin i dtaobh na n-imeachtaí a bheidh le glacadh.

(2) Beidh an t-iarratas forasaithe ar mhionnscríbhinn ina sonrófar agus ina soláthrófar sonraí iomlána ar an gcalaois a bheidh líomhnaithe agus sonrófar ann ainmneacha agus seoltaí na bpáirtithe uile a mbeidh, nó a bhféadfaidh go mbeidh, maoin nó leasanna faighte acu nó a mbeidh maoin nó leasanna faighte acu de mheon macánta agus ar luach agus ar iontaoibh dhaingniú na dtograí ag an gCúirt.

(3) Ar an iarratas sin, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh agus cibé ordacháin a thabhairt chun an t-iarratas a éisteacht, lena n-áirítear ordacháin chun fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar gach aon pháirtí den sórt sin is dealraitheach is cuí sna himthosca agus féadfaidh sí cibé ordacháin bhreise a thabhairt maidir leis an iarratas, lena n-áirítear go háirithe, i dtaobh ar chóir an t-iarratas a fhógairt, agus más cóir, conas ar chóir é a fhógairt agus más dealraitheach gur cuí é, a ordú go ndéanfaí aon phléadálacha maidir leis an ní a chomhdú.

Iarratas ón Scrúdaitheoir faoi alt 29 den Acht

20. (1) Maidir le hiarratas ón Scrúdaitheoir de bhun alt 29 den Acht ar luach saothair agus costais agus caiteachais réasúnacha arna dtabhú go cuí a íoc leis, déanfar é trí iarratas ex parte chun na Cúirte agus ar mhionnscríbhinn an Scrúdaitheora ina ndéanfaidh sé:

(a) cuntas iomlán a leagan amach ar an obair iomlán a bheidh déanta aige go dtí dáta an iarratais, agus

(b) cuntas iomlán a leagan amach ar na costais agus na caiteachais a bheidh tabhaithe aige, agus

(c) na costais agus na caiteachais a bheidh tabhaithe aige a dheimhniú, agus

(d) a shonrú cén úsáid, más ann, a bhain sé as seirbhísí fhoireann agus/nó shaoráidí na cuideachta chun ar ceapadh é agus méid na húsáide sin, agus

(e) an bonn a leagan amach don luach saothair beartaithe a bhfuil sé á iarraidh go n-íocfaí leis é.

(2) Féadfaidh an Chúirt, i gcás gur cuí léi é, a ordú go dtabharfar fógra i dtaobh an iarratais do gach aon duine den sórt sin a ordóidh an Chúirt, agus féadfaidh sí ordacháin a thabhairt i dtaobh sheirbheáil an fhógra sin agus dáta a shocrú le haghaidh éisteacht an iarratais.

Seirbheáil

20. Déanfar gach Fógra Foriarratais tionscnaimh a eiseofar faoin Ordú seo a sheirbheáil, i gcás inar gá seirbheáil a dhéanamh, leis an bpost cláraithe, ar aon cheann de na modhanna ina bhféadfar Bille Sibhialta a sheirbheáil nó, i gcás seirbheáil ar chuideachta, ar aon cheann de na modhanna a cheadaítear le hAchtanna na gCuideachtaí.