Ordú 23A
Fianaise a Thógáil do Chúirteanna AE : I.R. Uimh. 302 de 2013
1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:
ciallaíonn “Cláraitheoir Contae”, de réir na Rialachán—
(a) an cláraitheoir contae don chontae nó don chontaebhuirg ina bhfuil cónaí ar an bhfinné a bhfuil fianaise le tógáil uaidh nó uaithi nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, trádáil, gnó nó slí bheatha eile;
(b) sna himthosca a shonraítear i rialachán 3(3) de na Rialacháin, cibé cláraitheoir contae a ainmneoidh Príomhfheidhmeannach Sheirbhís na gCúirteanna nó cibé comhalta d’fhoireann Sheirbhís na gCúirteanna a údaróidh sé nó sí chuige sin;
ciallaíonn an “Rialachán” Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 an 28 Bealtaine 2001 ón gComhairle ar chomhar idir chúirteanna na mBallstát maidir le fianaise a thógáil in ábhair shibhialta nó thráchtála;
ciallaíonn na “Rialacháin” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fianaise in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála), 2013 (I.R. Uimh. 126 de 2013);
ciallaíonn “iarraidh” iarraidh arna déanamh ag cúirt iarrthach de bhun Airteagal 1.1(a) den Rialachán;
tá le “cúirt iarrthach” an bhrí chéanna atá leis sa Rialachán.
2. I gcás go bhfaighfear iarraidh ó chúirt iarrthach, déanfaidh an Cláraitheoir Contae admháil go bhfuarthas an iarraidh a tharchur chuig an gcúirt iarrthach i bhFoirm B san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus de réir Airteagal 7 den Rialachán, agus déanfar neamhchomhlíonadh aon cheanglais d’Airteagal 5 nó Airteagal 6 den Rialachán a nótáil ar an admháil sin.
3. Déanfaidh an Cláraitheoir Contae, laistigh den tréimhse ama a shonraítear in Airteagal 8 den Rialachán, a iarraidh ar an gcúirt iarrthach, i bhFoirm C san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus de réir Airteagal 8 den Rialachán, aon fhaisnéis a bheidh ar iarraidh ón iarraidh a sholáthar agus, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 18.3 den Rialachán, iarrfaidh sé nó sí ar an gcúirt iarrthach aon éarlais nó réamhíocaíocht is gá a sholáthar.
4. Féadfaidh an Cláraitheoir Contae, d’fhonn a chinneadh ar chóir aon éarlais nó réamhíocaíocht a lorg de réir Airteagal 18.3 den Rialachán, a iarraidh ar aon saineolaí a bhfuil a fhianaise nó a fianaise á lorg, meastachán a sholáthar ar an gcostas is dóigh a thabhófar le linn na fianaise sin a ullmhú agus a thabhairt nó féadfaidh sé nó sí cibé fiosruithe eile a dhéanamh faoi na costais nó na caiteachais is dóigh a bheidh ann de réir mar is cuí leis an gCláraitheoir Contae. Is faoi rogha an Chlaraitheora Contae a bheidh an méid a shocrófar maidir le héarlais nó réamhíocaíocht chun críocha Airteagal 18.3 den Rialachán agus féadfaidh an Cláraitheoir Contae aon éarlais nó réamhíocaíocht eile a shocrú agus a iarraidh i dtaca leis an iarraidh chéanna ó am go ham.
5. I gcás go ndiúltófar d’forghníomhú na hiarrata ar cheann de na forais a leagtar amach in Airteagal 14.2 den Rialachán, déanfaidh an Cláraitheoir Contae, laistigh den tréimhse a shonraítear in Airteagal 14.4 den Rialachán, é sin a chur in iúl amhlaidh don chúirt iarrthach i bhFoirm H san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus de réir Airteagal 14.4 den Rialachán.
6. Féadfaidh an Cláraitheoir Contae, d’fhonn aon iarraidh a fhorghníomhú, más deimhin leis nó léi nach iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 14.2 den Rialachán an iarraidh, agus gan aon iarratas maidir leis sin ón gcúirt iarrthach nó thar a ceann (seachas in aon fhoirm(eacha) scríofa a bheidh curtha isteach ag an gcúirt iarrthach de réir an Rialacháin):
(a) faoi réir riail 7, aon ordú a dhéanamh chun go bhfreastalóidh aon duine nó daoine os a chomhair nó os a comhair (dá ngairtear “finné” ina dhiadh seo san Ordú seo) in áit (lena n-áirítear áit lasmuigh den Chontae) agus ag am a bheidh sonraithe san ordú sin chun an finné sin a cheistiú faoi mhionn de réir chleachtas na Cúirte os comhair an Chláraitheora Contae, agus féadfaidh sé nó sí toghairm fhinné a eisiúint agus í dírithe ar aon fhinné chun a áirithiú go bhfreastalóidh sé nó sí;
(b) dul i gcumarsáid nó i gcomhfhreagras le haon fhinné agus le haon chúirt iarrthach i cibé foirm is cuí leis an gCláraitheoir Contae chun an t-am agus an áit dá dtagraítear i mír (a) a shocrú;
(c) aon ordú a dhéanamh, más iomchuí, chun go ndéanfaidh aon duine nó daoine aon doiciméad nó rud dá dtagraítear san ordú a thabhairt ar aird in áit (lena n-áirítear áit lasmuigh den Chontae) agus ag am a bheidh sonraithe san ordú sin os comhair an Chláraitheora Contae, nó os comhair oifigigh éigin eile don Chúirt no duine eile a ainmneoidh an Cláraitheoir Contae chun na críche sin;
(d) aon ordú a dhéanamh á údarú an fhianaise arna tabhairt ag aon fhinné a tharchur go díreach, ar an bhfianaise sin a thógáil ón bhfinné sin, chuig an gcuirt iarrthach trí fhíschomhdháil, teileachomhdháil nó ar shlí eile a bheidh sonraithe san ordú sin, agus féadfaidh sé nó sí cibé socruithe is cuí leis nó léi a dhéanamh chun an tarchur sin a éascú;
(e) aon ordú a dhéanamh á údarú do na páirtithe sna himeachtaí atá ar feitheamh os comhair na cúirte iarrthaí agus/nó ionadaithe dlíthiúla na bpáirtithe sin agus/nó aon ionadaithe don chúirt iarrthach a bheidh sainaitheanta in aon ordú den sórt sin, a bheith páirteach i dtógáil na fianaise, ar cibé téarmaí is cuí leis nó léi;
(f) i gcás nach mbeidh na páirtithe sna himeachtaí atá ar feitheamh os comhair na cúirte iarrthaí agus/nó a n-ionadaithe dlíthiúla i láthair ag tógáil na fianaise, a iarraidh ar an gcúirt iarrthach cóipeanna d’aon phléadálacha nó d’aon doiciméid iomchuí eile arna gcur faoina bráid i dtaca leis na himeachtaí a sholáthar d’fhonn an duine a bheidh ag rialáil thógáil na fianaise a chur ar an eolas maidir leis na ceisteanna agus na nithe atá faoi shaincheist idir na páirtithe;
(g) tógáil na fianaise a chur ar atráth ó am go ham agus/nó ó áit go háit de réir mar is cuí leis nó léi;
(h) aon ordú a dhéanamh is cuí i ndáil le taifead (de réir bhrí Ordú 67A) a ullmhú ar an bhfianaise arna tabhairt ag aon fhinné in aon cheistiú den sórt sin, agus féadfaidh sé nó sí cibé socruithe is cuí leis nó léi a dhéanamh chun ullmhú taifid den sórt sin a éascú;
(i) a cheangal ar an gcúirt iarrthach na táillí arna n-íoc le haon saineolaí(saineolaithe) nó ateangaire(ateangairí) agus/nó aon chostais a tharla de bharr Airteagal 10(3) agus/nó 10(4) den Rialachán a fheidhmiú, a aisíoc, agus/nó
(j) ó am go ham, cibé foirmeacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus is cuí maidir le himthosca na hiarrata, arna gcomhlánú, a chur faoi bhráid na cúirte iarrthaí.
7. I gcás go n-ordóidh an chúirt iarrthach go ndéanfar an iarraidh a fhorghníomhú de réir nós imeachta speisialta faoi Airteagal 10(3) den Rialachán agus go mbeidh an Cláraitheoir Contae faoi cheangal an iarraidh sin a chomhlíonadh de bhua Airteagal 10(3) den Rialachán, féadfaidh an Cláraitheoir Contae aon ordacháin speisialta lena n-údarófar ceistiú a dhéanamh ar fhinné den sort sin de reir an nóis imeachta sin a áireamh in aon ordú chun go bhfreastalóidh aon fhinné os a chomhair nó os a comhair.
8. (1) Is i scríbhinn a bheidh aon ordú arna dhéanamh ag an gCláraitheoir Contae nó aon toghairm fhinné arna heisiúint faoin riail seo agus déanfar é nó í a sheirbheáil ar aon fhinné agus ar gach finné lena mbaineann an t-ordú tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an am a bheidh socraithe chun fianaise a thógáil sa tslí a fhoráiltear le halt 7 d’Acht na gCúirteanna, 1964, ar choinníoll go bhféadfaidh an Cláraitheoir Contae a ordú go ndéanfar aon ordú a sheirbheáil ar aon fhinné lena mbaineann an t-ordú sin go pearsanta nó ar shlí éigin eile a ordóidh an Cláraitheoir Contae in ionad, nó i dteannta, na seirbheála sin.
(2) Ar aon ordú arna dhéanamh nó aon toghairm fhinné arna heisiúint a sheirbheáil de réir an Ordaithe seo, déanfar cibé suim as aon éarlais nó réamhíocaíocht a shonróidh an Cláraitheir Contae mar réamhíocaíocht in aghaidh an chostais (más ann) nó na gcaiteachas is dóigh a thabhóidh an finné le linn dó nó di a fhianaise nó a fianaise a ullmhú, freastal a dhéanamh agus fianaise a thabhairt, a thabhairt nó a thairiscint do gach finné saineolach arna sheirbheáil.
9. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt in aon ordacháin speisialta, agus i gcás go mbeidh na páirtithe nó a n-ionadaithe dlíthiúla i láthair ag tógáil na fianaise, déanfaidh an páirtí, ar ar iarratas uaidh a eisíodh an iarraidh ar fhianaise an fhinné lena mbaineann, an finné a cheistiú agus déanfaidh an páirtí nó na páirtithe eile an finné a chroscheistiú agus déanfaidh an páirtí ar ar iarratas uaidh a eisíodh an iarraidh ar fhianaise an fhinné lena mbaineann é nó í a athcheistiú.
(2) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae aon cheist a chur ar an bhfinné faoi bhrí aon fhreagra, nó faoi aon ní a éireoidh i gcúrsa an cheistithe, ach ní bheidh de chumhacht ag an gCláraitheoir Contae cinneadh a dhéanamh maidir le hábharthacht aon cheist nó maidir le cibé is ceist iomchuí aon cheist nó nach ea.
10. (1) I gcás, ag tógáil fianaise, go n-éileoidh aon fhinné ceart gan aon fhianaise a thabhairt nó, faoi mhionn, go n-éileoidh sé nó sí ceart gan aon cheist a fhreagairt nó go bhfuil sé nó sí faoi thoirmeasc aon fhianaise a thabhairt nó aon cheist a fhreagairt, beidh feidhm ag an nós imeachta sa riail seo.
(2) I gcás go n-éileoidh an finné go bhfuil ceart aige nó aici faoi dhlí an stáit iarrthaigh gan aon fhianaise a thabhairt nó, faoi mhionn, go n-éileoidh sé nó sí ceart gan aon cheist a fhreagairt nó go bhfuil sé nó sí faoi thoirmeasc aon fhianaise a thabhairt nó aon cheist a fhreagairt, féadfaidh an Cláraitheoir Contae a iarraidh ar an gcúirt iarrthach a dhaingniú go bhfuil an ceart a éilítear faoina dhlí ar marthain agus/nó a ordú go ndéanfar an t-éileamh a thaifeadadh sa taifead ar thógáil na fianaise.
(3) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae treoir a lorg ón gCúirt maidir le haon saincheist a éireoidh i ndáil le tógáil na fianaise agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, a ordú go ndéanfaidh an Cláraitheoir Contae fógra faoi aon éisteacht os comhair na Cuirte a thabhairt d’aon duine nó daoine.
11. Mura bhforáiltear a mhalairt in aon ordú ón gCláraitheoir Contae, déanfaidh an Cláraitheoir Contae, ar thógáil na fianaise a chríochnú, cuireadh a thabhairt don fhinné aon taifead ar thógáil na fianaise a fhý´ordheimhniú i cibé slí a ordóidh an Cláraitheoir Contae agus f´ýordheimhneoidh an Cláraitheoir Contae an taifead sin agus cuirfidh sé nó sí an taifead ar aghaidh chuig an gcúirt iarrthach mar aon leis an daingniú i bhFoirm H san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus de réir Airteagal 16 den Rialachán.
12. I gcás go mainneoidh aon duine freastal a dhéanamh, tar éis é nó í a ordú nó a thoghairm go cuí chun freastal, chun fianaise a thógáil uaidh nó uaithi nó chun aon doiciméad a thabhairt ar aird nó i gcás go ndiúltóidh sé nó sí, tar éis dó nó di freastal a dhéanamh, gan leithscéal dleathach, dul faoi mhionn nó dearbhasc a dhéanamh nó go ndiúltóidh sé nó sí, gan leithscéal dleathach, aon doiciméad a thabhairt ar aird nó go ndéanfaidh sé nó sí aon ghníomh nó go mainneoidh sé nó sí aon ghníomh a dhéanamh, ar gníomh é a mheasfaí, dá ndéanfaí é i gcúirt inniúil chun críche an Rialacháin, a bheith ina dhíspeagadh ar an gcúirt, déanfaidh an Cláraitheoir Contae:
(a) na himthosca a dheimhniú don Chúirt;
(b) a chur faoi deara an iarraidh a liostú os comhair an Bhreithimh in aon ionad sa Chuaird ina bhfuil an iarraidh sin á forghníomhú ag an gCláraitheoir Contae;
agus féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi:
(i) go ndearnadh an duine sin a ordú nó a thoghairm go cuí chun freastal,
(ii) i gcás inarb iomchuí, gur dhiúltaigh an duine, gan leithscéal dleathach, dul faoi mhionn, nó dearbhasc a dhéanamh nó doiciméad a thabhairt ar aird,
(iii) i gcás inarb iomchuí, gur dhíspeagadh cúirte a bheadh i ngníomh nó mainneachtain an duine dá ndéanfaí é nó í i gcúirt inniúil chun críche an Rialacháin,
é nó í a astú mar gheall ar dhíspeagadh, agus déileáil leis nó léi sa tslí a fhoráiltear in Ordú 24, rialacha 6 agus 7.