Ordú 41
Achomhairc ón gcúirt dúiche
1. Nuair a dhéanfar achomharc i gcoinne aon bhreithe ón gCúirt Dúiche de réir Rialacha na Cúirte sin, tarchuirfidh Cléireach na Cúirte sin chuig an gCláraitheoir Contae:—
(i) i gcásanna sibhialta:—
(a) an toghairm bhunaidh, an Phróis Shibhialta bhunaidh nó an doiciméad bunaidh eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí;
(b) an fógra achomhairc bunaidh;
(c) an dearbhú bunaidh nó reachtúil gur seirbheáladh an fógra achomhairc;
(d) an cúirtbhanna (más ann);
(ii) i gcásanna coiriúla:-
(a) cóip dheimhnithe den chiontú nó den ordú;
(b) an fógra achomhairc bunaidh;
(c) na teistíochtaí (más ann);
(d) ráiteas an chúisí i scríbhinn (más ann); agus
(e) an cúirtbhanna (más ann);
(f) an toghairm bhunaidh nó an doiciméad bunaidh eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí;
(g) an banna nó an t-urrús eile a tugadh sa Chúirt Dúiche (más ann);
(iii) i gcásanna ceadúnúcháin:—
cóip dheimhnithe den Deimhniú nó den Ordú ón mBreitheamh a mbeifear ag achomharc ina choinne, agus an doiciméad bunaidh lenar tionscnaíodh na himeachtaí.
2. Seolfar an éisteacht ag an Suí a bheidh ar bun sa bhaile mór is gaire sa Chuaird don Teach Cúirte inar tugadh an bhreith a mbeidh ant-achomharc á dhéanamh ina coinne, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.
3. Má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, déanfaidh an t-achomharcóir an fhoraithne bhunaidh nó an díbhe bhunaidh, nó cóip dheimhnithe den fhoraithne nó den díbhe, a thabhairt ar aird tráth éisteachta an achomhairc.
4. Mura dtabharfar achomharc ar aghaidh, féadfaidh an Breitheamh a ordú do pháirtí déanta an achomhairc cibé costais agus caiteachais is dóigh leis an mBreitheamh is cóir a íoc leis an bpáirtí a fuair fógra achomhairc.
5. Aon uair nach ndéanfar i gcás coiriúil achomharc ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche chun Breithimh den Chúirt Chuarda a thabhairt ar aghaidh, nó a dhaingneofar nó a athrófar an tOrdú bunaidh de dhroim achomhairc, nó a ordófar do cheachtar páirtí san achomharc suim shonraithe a íoc mar chostais, féadfaidh an Breitheamh a ordú don Chláraitheoir Contae gach barántas a eisiúint is gá agus is cuí chun an tOrdú bunaidh nó an tOrdú athraithe sin a fhorghníomhú agus chun íoc na gcostas sin a chur i bhfeidhm.
6. Má ordaítear le hOrdú an Bhreithimh den Chúirt Dúiche, arna dhaingniú nó arna athrú de dhroim achomhairc, aon duine a chur i bpríosún, féadfaidh an Breitheamh, ar an Ordú sin a dhaingniú nó a athrú dó, nó aon tráth sula n-eiseoidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, nó an Cláraitheoir Contae, barántas chun an tOrdú sin, arna athrú nó arna dhaingniú amhlaidh, a fhorghníomhú, a ordú an duine sin a ghlacadh i gcoimeád láithreach, nó é a choinneáil i gcoimeád, agus é a phríosúnú go dtí go n-eiseofar an barántas sin.
7. I gcásanna ina mbeidh dlínse tugtha don Chúirt Dúiche le hAlt 77A den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, féadfaidh an Chúirt an ionstraim is gá chun go gcuirfí a breith i bhfeidhm a eisiúint, nó a cheadú go n-eiseodh an Chúirt Dúiche í de réir Alt 23 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946.
8. Tabharfaidh an Cláraitheoir Contae do Chléireach na Cúirte Dúiche a ndearnadh an t-achomharc ina coinne deimhniú ar airbheart gach ordaithe a rinne an Chúirt de dhroim an achomhairc, agus tabharfaidh sé ar ais don chléireach sin an toghairm bhunaidh, an Toghairm Shibhialta bhunaidh nó na doiciméid bhunaidh eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí.
9. Féadfaidh an Chúirt, ar cibé téarmaí (más ann) a mheasfaidh sí a bheith réasúnach, an tréimhse ama le haghaidh gach achomhairc a dhéanfar de bhun fhorálacha Rialacha an Ordaithe seo a fhadú.