Ordú 50
Caingne probháide
Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
Uim50-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007
Caingne probháide
1. (a) Aon duine ar mian leis imeachtaí a thionscnamh sa Chúirt chun deonú Probháide nó Litreacha Riaracháin, nó cúlghairm ar dheonú Probháide nó Litreacha Riaracháin, a fháil, eiseoidh sé Bille Sibhialta san fhoirm a fhorordaítear i bhFoirm 2G de Sceideal na bhFoirmeacha; beidh na focail “Bille Sibhialta Tiomnach” mar cheannteideal ar an mBille Sibhialta sin. Ach amháin i ndáil le himeachtaí réamhluaite, déanfaidh aon duine ar mian leis imeachtaí a thionscnamh sa Chúirt de bhun fhorálacha an Achta Comharbais, 1965 Bille Sibhialta a eisiúint san fhoirm a fhorordaítear i bhFoirm 2H de Sceideal na bhFoirmeacha; beidh na focail “Bille Sibhialta um an Dlí Comharbais” mar cheannteideal ar an mBille Sibhialta sin. Ar Bhille Sibhialta Tiomnach nó Bille Sibhialta um an Dlí Comharbais a eisiúint, déanfaidh an gearánaí, mura mbeidh sin déanta cheana féin aige, caveat a thaisceadh san Oifig Phrobháide faoin teideal maidir le heastát an duine éagtha. Tar éis an Bille Sibhialta Tiomnach a eisiúint, déanfaidh an Oifig Phrobháide mionsonraí i dtaobh thaisceadh an caveat a fhormhuiniú air sula ndéanfar é a sheirbheáil. Dá éis sin, leanfaidh an caveat arna thaisceadh san ábhar i bhfeidhm go dtí gur deimhin leis an Oifig Phrobháide gur críochnaíodh na himeachtaí cibé acu ar cinneadh iad, ar scoireadh díobh nó eile.
Chun críocha na Rialach seo, ciallaíonn “an Oifig Phrobháide” an Oifig Phrobháide nó an Chlárlann Phrobháide Cheantair iomchuí.
. (b) Sula n-eiseofar Bille Sibhialta Tiomnach comhdófar mionnscríbhinn arna déanamh ag an ngearánaí nó, má tá níos mó ná gearánaí amháin ann, ansin ag duine de na gearánaithe, ina bhfíorófar an t-éileamh, agus ina sonrófar ainmneacha agus áiteanna cónaithe na neasghaolta, agus cibé daoine a bheidh i dteideal faoi dhíthiomnacht aon leas a fháil i sócmhainní an duine a líomhnaítear a bheith ina thiomnóir nó ina dhí-Íthiomnóir agus a ainmneofar sa Bhille Sibhialta sin.
2. In aon chaingean den sórt sin taispeánfaidh an formhuiniú cé acu an mar chreidiúnaí, seiceadóir, riarthóir, leagáidí iarmharach, leagáidí, neasghaol, oidhre ginearálta, nó réadtiomnaí atá an gearánaí ag éileamh, nó cad é an cháilíocht eile ina bhfuil sé ag éileamh.
3. Más rud é go mbeidh caveat taiscthe ag aon duine i gcoinne dheonú na Probháide nó na Litreacha Riaracháin, agus go dtionscnófar imeachtaí chun an deonú sin a fháil, beidh an duine sin ina chosantóir.
4. In imeachtaí chun Probháid nó Litreacha Riaracháin a chúlghairm, beidh an duine a mbeidh an chúlghairm sin á hiarraidh aige ina ghearánaí, agus beidh an duine dár deonaíodh an Phrobháid nó na Litreacha Riaracháin ina chosantóir.
5. Más rud é, ar aon chaingean Phrobháide a éisteacht, gur léir don Bhreitheamh gur chóir páirtí nó páirtithe san agra a dhéanamh d'aon duine nó daoine nach gearánaí nó cosantóir sa chaingean sin cheana féin, féadfaidh sé na himeachtaí a chur ar atráth agus a ordú páirtí nó páirtithe sa chaingean a dhéanamh den duine nó de na daoine sin tríd an mBille Sibhialta a leasú.
6. Féadfaidh aon duine de neasghaolta aon duine a líomhnaítear a bheith ina thiomnóir nó ina dhíthiomnóir, nó aon tairbhí d'aon duine a líomhnaítear a bheith ina thiomnóir, láithriú ag éisteacht aon chaingne Probháide bíodh go bhféadfaidh sé nach ndearnadh páirtí de sa chaingean sin nó nár seirbheáladh é sa chaingean sin.
7. In aon chaingean Phrobháide féadfaidh aon chosantóir uacht a chur ar aird i bhfoirm frithéilimh.
8. Féadfaidh aon pháirtí seasamh ar uachtanna i gcómhalairt ar a chéile ina phléadálacha.
9. I gcaingne Probháide déanfaidh an gearánaí agus an cosantóir, faoi seach, laistigh de dheich lá tar éis láithreas an chosantóra a thaifeadadh, mionnscríbhinní i dtaobh scríbhinní a chomhdú, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon scríbhinn ina seilbh acu. Is san fhoirm atá leagtha amach i bhFoirm 28 i Sceideal na bhFoirmeacha, fara cibé athruithe is gá sna himthosca, a bheidh na mionnscríbhinní sin.
10. Déanfar gach scríbhinn a bheidh faoina choimeád nó faoina urláimh ag an bpáirtí a mbeidh an mhionnscríbhinn á déanamh aige a chur i gceangal leis an mionnscríbhinn, agus taiscfear ina teannta í san oifig.
11. Ach amháin le cead ón gCúirt, ní bheidh de chead ag aon pháirtí sa chúis, ná ag a Aturnae, iniúchadh a dhéanamh ar na mionnscríbhinní i dtaobh scríbhinní a chomhdóidh aon pháirtí sa chúis, ná ar na scríbhinní a bheidh i gceangal leo, go dtí go mbeidh a mhionnscríbhinn féin i dtaobh scríbhinní comhdaithe.
12. Féadfaidh an páirtí a bheidh ag cur i gcoinne uachta fógra a thabhairt, i dteannta a Chosanta, don pháirtí a mbeidh an uacht á cur ar aghaidh aige nach bhfuil á éileamh aige ach go gcruthófaí an uacht i bhfoirm shollúnta an dlí, agus nach bhfuil ar intinn aige ach croscheistiú a dhéanamh ar na finnéithe a thabharfar ar aird i dtacaíocht leis an uacht, agus air sin beidh de chead aige sin a dhéanamh, agus ar aon chor ní dhlífidh sé costais an taoibh eile a íoc murab é tuairim an Bhreithimh nach raibh aon fhoras réasúnach ann chun cur i gcoinne na huachta.