Ordú 48

Cuntais

1. Nuair a ordófar don Chláraitheoir Contae fiosrúcháin a dhéanamh nó cuntais a thógáil, seachas le linn do chás a bheith á éisteacht iarbhír ag an mBreitheamh agus mar chuid den chás sin, ordóidh sé, le toghairm, a bheidh le cur ar ais seacht lá ar a laghad ó dháta na toghairme, arna díriú chun na bpáirtithe uile a bheidh i dteideal nó a gceanglófar orthu freastal, do na páirtithe sin freastal os a chomhair san Oifig, nó i cibé áit eile a ordóidh an Chúirt, chun dul ar aghaidh leis na fiosrúcháin nó na cuntais sin.

2. Suífidh an Cláraitheoir Contae san am agus san áit a cheapfar, nó ag aon suí atrátha, agus éistfidh sé na páirtithe leasmhara go léir nó a nAturnaetha.

3. Nuair a dhéanfaidh an Chúirt fógráin a ordú, cuirfidh an Cláraitheoir Contae faoi deara go n-ullmhófar iad agus luafar iontu am, áit agus cuspóir an tsuí sin, agus foilseofar iad tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh dháta an tsuí sin.

4. Faoi réir aon treoruithe nó rialuithe ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae, glacfar le haon leabhair ina mbeidh cuntais pháirtí tabhartha na gcuntas, nó aon chuid de na cuntais sin, coimeádta, mar fhianaise prima facie ar fhírinne na n-ábhar a bheidh sna leabhair sin.

5. I ngach fógrán a eiseofar de bhun aon bhreithiúnais nó ordaithe, is fógrán do chreidiúnaithe, d'eireadóirí nó do dhaoine eile a mbeidh aon éileamh acu ar leas aon duine i ndáileadh aon sócmhainní nó airgid a bheidh le fionnadh, le riaradh nó le dáileadh ag an gCúirt, ordófar don chreidiúnaí, don eireadóir nó don duine eile sin a ainm, a sheoladh, sonraí iomlána a éilimh nó a leasa, ráiteas ar a chuntas, agus cineál an urrúis (más ann) a bheidh á shealbhú aige, a chur chun an Chláraitheora Contae, laistigh de thréimhse ama a cheapfar san fhógrán sin, agus luafar san fhógrán sin an tráth chun éilimh a bhreithniú.

6. Déanfar gach éileamh ó chreidiúnaí, ó eireadóir nó ó dhuine eile, mura ngéillfear dó, a fhíorú le mionnscríbhinn, nó tabharfar cibé fianaise eile a iarrfaidh an Cláraitheoir Contae mar thaca leis, ach ní gá don duine sin láithriú mar thaca lena éileamh mura gceanglóidh an Cláraitheoir Contae air é sin a dhéanamh.

7. Tabharfaidh gach creidiúnaí, eireadóir nó éilitheoir eile ar aird don Chláraitheoir Contae aon urrús a shealbhóidh sé cibé tráth a shonrófar san fhógrán i dtaca le breithniú éileamh, agus déanfaidh gach creidiúnaí, eireadóir nó éilitheoir eile, má ordaíonn an Cláraitheoir Contae dó amhlaidh, na gníomhais agus na doiciméid go léir is gá chun a éileamh a shuíomh a thabhairt ar aird os comhair an Chláraitheora Contae, nó a tharchur chun na hOifige, cibé tráth a shonróidh an Cláraitheoir Contae.

8. Gach duine a bheidh ag éileamh mar oidhre ginearálta, réadtiomnaí, neasghaol, nó leagáidí, déanfaidh sé, má ordaíonn an Cláraitheoir Contae dó amhlaidh, aon chraobh ghinealaigh nó cruthúnas a luafar san ordú sin a thabhairt ar aird os comhair an Chláraitheora Contae nó a tharchur chun na hOifige laistigh de cibé tréimhse ama a shonrófar san ordú sin.

9. I gcás ina bhfailleoidh nó ina ndiúltóidh aon chreidiúnaí, eireadóir nó éilitheoir eile an dá Riail deiridh roimhe seo a chomhlíonadh, dílamhálfar dó aon chostais a bhainfidh lena éileamh a chruthú, muran-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

10. Déanfaidh an Cláraitheoir Contae, an lá a bheidh ceaptha don bhreithniú, nó ag aon atráthú, an fhianaise a thógáil ó pháirtí tabhartha na gcuntas faoi fhiacha nó éilimh, agus féadfaidh sé aon fhiacha nó éilimh díobh sin a cheadú gan a thuilleadh cruthúnais, agus féadfaidh sé cibé fiosrúcháin is cuí leis a ordú i dtaobh gach cinn nó aon chinn de na fiacha nó na héilimh nach gceadófar, agus cibé sonraí breise, eolas breise nó fianaise bhreise a bhainfidh leis an gcéanna is cuí leis a éileamh, agus féadfaidh sé a cheangal ar aon chreidiúnaí nó ar aon duine eile freastal mar thaca lena éileamh, agus déanfar breithniú cibé éileamh nach gceadófar an tráth sin a chur ar atráth go dtí am a shocrófar an tráth sin.

11. Féadfar an fhianaise go léir faoi mhionn a bheidh le húsáid os comhair an Chláraitheora Contae sna fiosrúcháin sin a thógáil trí mhionnscríbhinn nó ó bhéal, agus tabharfaidh an Cláraitheoir Contae gach mionnscríbhinn os comhair na Cúirte mar aon lena thuarascáil nó lena dheimhniú.

12. Ní gá don Chláraitheoir Contae fógra ceadaithe a thabhairt d'aon chreidiúnaí ná d'aon duine eile ar a éileamh a cheadú go hiomlán, ach tabharfar fógra do gach creidiúnaí nó do gach duine eile nár ceadaíodh a éileamh, nó aon chuid dá éileamh, agus nár fhreastail ag an mbreithniú ina ndearnadh an dícheadú sin, ina n-iarrfar air a éileamh a chruthú faoi thráth a luafar san fhógra sin, agus nach lú ná seacht lá tar éis an fógra sin a thabhairt, nó freastal tráth a ainmneofar san fhógra, agus arb é an lá é a mbeidh an breithniú curtha ar atráth chuige. Má mhainníonn aon chreidiúnaí nó aon duine eile an fógra sin a chomhlíonadh, féadfar a éileamh, nó an chuid sin de a dúradh, a dhícheadú.

13. Aon chreidiúnaí nó aon duine eile nach mbeidh sonraí a éilimh curtha isteach cheana aige de bhun an fhógráin, féadfaidh sé é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná dhá lá glan roimh aon lá a mbeidh an breithniú curtha ar atráth chuige.

14. Má chuirtear isteach aon éileamh tar éis an ama a shocrófar leis an bhfógrán, ach amháin mar a fhoráiltear leis an Riail deiridh roimhe seo, féadfaidh an Cláraitheoir Contae, ar iarratas speisialta, an t-éileamh sin a bhreithniú ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis maidir le costais nó eile.

15. Nuair a ordófar don Chláraitheoir Contae deimhniú a thabhairt don Chúirt i dtaobh aon ní, tíolacfaidh sé don Chúirt deimhniú i scríbhinn arna ullmhú agus arna shíniú aige.

16. I ngach cás nach mbeidh curtha de láimh ag an gCláraitheoir Contae le linn do chás a bheith á éisteacht iarbhír ag an gCúirt agus mar chuid den chás sin, beidh a dheimhniú ullmhaithe aige agus fógra tugtha aige do na páirtithe uile a mbeidh leas acu ann, nó a ndéanfaidh sé difear dóibh, ceithre lá dhéag glan sula ndéanfaidh sé an céanna a thíolacadh, ionas go bhféadfaidh siad é a iniúchadh san Oifig.

17. Féadfaidh aon duine a mbeidh teideal aige chuige sin cóipeanna den deimhniú sin a fháil ar na táillí forordaithe a íoc.

18. Más rud é gur mian le haon pháirtí a mbeidh leas aige i ndeimhniú ón gCláraitheoir Contae, nó a ndéanfaidh an céanna difear dó, go ndéanfaí é a athrú, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte le foriarratas iar bhfógra ar an lá a bheidh ceaptha chun an deimhniú a thíolacadh, agus air sin éistfidh an Breitheamh an t-iarratas sin agus cinnfidh sé a ábhar, agus daingneoidh sé nó athróidh sé an deimhniú nó déanfaidh sé cibé ordú eile is ceart leis.

19. Is iar bhfógra arna thabhairt do na páirtithe go léir tráth nach déanaí ná ceithre lá glan roimh an lá a bheidh ceaptha chun an deimhniú a thíolacadh a dhéanfar iarratas faoin Riail deiridh roimhe seo, agus luafar san fhógra sin cineál nó sonraí an athraithe a bheidh ag teastáil.

20. Déanfaidh an Cláraitheoir Contae gach Deimhniú uaidh a thíolacadh don Chúirt lena dhaingniú, agus air sin féadfaidh an Breitheamh é a dhaingniú nó déileáil leis ar chuma eile i cibé slí is ceart leis. Déanfar gach deimhniú, arna fhormheas ag an gCúirt, a chomhdú láithreach san Oifig.

21. Más gá sin in imthosca speisialta an cháis, féadfaidh an Breitheamh, ar iarratas le foriarratas chun na críche sin, a ordú deimhniú a urscaoileadh nó a athrú tráth ar bith tar éis é a theacht chun bheith ina cheangal ar na páirtithe.

22. Féadfaidh an Breitheamh tráth ar bith ar a thionscnamh féin, nó ar tharchur ón gCláraitheoir Contae, nó ar iarratas ó aon duine leasmhar, cibé ordú eile a dhéanamh nó cibé treoruithe eile a thabhairt is gá chun aon chuntas a thógáil, nó chun aon fhiosrúchán a sheoladh a bheidh ordaithe roimhe sin. Déanfar fógra ceithre lá glan a thabhairt do gach páirtí leasmhar i dtaobh an tarchurtha nó an iarratais sin.

23. Nuair a tharchuirfear aon ní chun an Chláraitheora Contae, fionnfaidh sé a luaithe is caoithiúil, trí fhógrán nó ar shlí eile, an bhfuil aon daoine ann ar cheart, dá mba rud é go ndearnadh an tOrdú i gcaingean a bhí ar feitheamh san Ard-Chúirt Seansaireachta a bhí ann tráth, iad a sheirbheáil faoi Riail IX d'Alt 66 den Chancery (Ir.) Act, 1867 (30 agus 31 Vic. c. 44).

24. Is é an páirtí ar a mbeidh cúram na n-imeachtaí a ullmhóidh aon fhógra is gá faoin Riail deiridh roimhe seo agus cuirfear faoi bhráid an Chláraitheora Contae é lena fhormheas. Tar éis an fhormheasta sin déanfaidh an páirtí ar a mbeidh cúram na n-imeachtaí an fógra a sheirbheáil, agus air sin féadfaidh aon pháirtí ar a seirbheálfar é freastal ar na himeachtaí faoin ordú.

25. Féadfaidh aon pháirtí ar a seirbheálfar an fógra sin a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú a chur ar ceal, a athrú nó cur leis. Déanfar ant-iarratas sin laistigh de dheich lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe ama a cheadóidh an Breitheamh.

26. Tabharfaidh páirtí déanta an iarratais do na páirtithe sa chaingean fógra dhá lá glan ina luafar cineál an iarratais a bheartófar a dhéanamh.

27. Más léir, le linn d'aon chuntas nó fiosrúchán a bheith ag dul ar aghaidh, gur mó an t-ábhar ná an méid a bheidh de theorainn ag dlínse na Cúirte, féadfaidh an Cláraitheoir Contae dul ar aghaidh leis an gcuntas nó leis an bhfiosrúchán agus é a chríochnú ach, ag an gcéad suí eile den Chúirt, tíolacfaidh sé deimhniú ar staid na n-imeachtaí, agus, más dóigh leis an mBreitheamh gurb ann don bhreis sin, ansin, mura dtoileoidh na páirtithe, le meabhrán arna shíniú acu féin nó ag a nAturnaetha faoi seach, go rachaidh an Breitheamh ar aghaidh leis an gcaingean nó leis an ábhar sin agus í nó é a chinneadh, ordóidh an Breitheamh an chaingean nó an t-ábhar sin a aistriú chun na hArd-Chúirte.

28. Más léir don Bhreitheamh, le linn éisteacht aon chaingne nóábhair, go bhfuil sé fóirsteanach a ordú go ndéanfar aon fhiosrúchán nó ríomh, nó go dtógfar nó go ndeimhneofar aon chuntas, féadfaidh an Breitheamh a ordú don Chláraitheoir Contae dul ar aghaidh leis sin agus an toradh a dheimhniú i scríbhinn don Chúirt, agus féadfar éisteacht na caingne nó an ábhair, nó faomhadh nó iniúchadh aon chuntais, a chur ar atráth nó a chur siar, go dtí go dtabharfar cibé deimhniú a ordóidh an Breitheamh.