Féach thíos ar conas a dhéantar iarratas ar chárta ceada cúirte faoi choinne Ionad na gCeithre Cúirteanna. Tá dhá chatagóir iarratais ann:
Iarratas gan íocaíocht:
Is féidir grianghraf pas a cheangal nuair atá tú ag seoladh d’iarratas críochnaithe sa phost, nó is féidir d’iarratas críochnaithe agus grianghraf a sheoladh mar ríomhphost (caithfidh sé a bheith i bhfoirm JPEG) chuig emuhelpdesk@courts.ie. Nuair atá na comhaid go léir faighte againn, beidh d’iarratas réidh laistigh de 3 lá oibre agus cuirfear do chárta aitheantais sa phost go dtí an seoladh a thugtar ar an fhoirm iarratais. Sa chás go bhfágann tú an grianghraf amach, coinneoimid d’iarratas ar chomhad go dtí go bhfuil grianghraf faighte againn.
Iarratas le híocaíocht ag teastáil:
Is féidir grianghraf pas a cheangal nuair atá tú ag seoladh ar ais d’iarratas críochnaithe agus an táille atá ag teastáil de €20.00 (seic, ordú poist nó dréacht bainc) tríd an phost chuig: An tSeirbhís Chúirteanna, An tAonad Bainistíochta Eastáit, An 5ú hUrlar, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, nó is féidir ríomhphost a sheoladh le do ghrianghraf (caithfidh sé a bheidh i bhfoirm JPEG) chuig emuhelpdesk@courts.ie. Nuair atá na comhaid go léir faighte againn, beidh d’iarratas réidh laistigh de 3 lá oibre agus cuirfear do charta aitheantais sa phost go dtí an seoladh a thugtar ar an fhoirm iarratais. NÍ GLACFAR LE HAIRGEAD TIRIM
Cliceáil thíos chun an fhoirm ábhartha a íoslódáil ó:
Application for Four Courts Access Card