Tá sé an-tábhachtach go léann tú an Ráiteas Príobháideachais maraon le haon ráiteas príobháideachais eile nó fógra próiseála chothroim a chuirimid ar fáil uaireanta fút féin ionas go mbeidh sé ar eolas againn conas agus cén fáth a bhfuilimid ag úsáid do chuid sonraí. Forlíonann an Ráiteas Príobháideachais fógraí ar bith eile agus níl sé i gceist iad a shárú.
- Who we are
- How to contact us
- The information we collect
- How we collect your personal data
- How we use this information
- How this information is shared
- Security and confidentiality
- Your rights
- Changes to this privacy statement
Tríd an cháipéis seo, tá ‘muid’ agus ‘ár’ ag tagairt don tSeirbhís Chúirteanna.
Tá an tSeirbhís Chúirteanna freagrach as bainistíocht agus riarachán na gcúirteanna Níl baint ar bith ag an tSeirbhís i riarachán cirt atá mar cheist do na chúirteanna agus na breithiúna, atá neamhspleách i bhfeidhmeanna na mbreithiúna, ag brath ar an Bhunreacht. Tá stiúradh na gcinntí a dhéantar i gcúirt ar bith faoi choinne an bhreithimh cheannais agus níl an tSeirbhís Chúirteanna ábalta trácht a thabhairt nó idirghabháil a dhéanamh in aon slí.
Nuair atá do shonraí pearsanta á choinneáil mar chuid de thaifead cúirte, is é ról an tSeirbhís Cúirteanna ná na sonraí seo a phróiseáil.
Chun teagmháil a dhéanamh linn
Is é príomhsheoladh na Seirbhíse Cúirteanna ná Teach an Fhionnuisce, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7.
Tá Ofigeach Cosanta Sonraí ceaptha againn le maoirseacht a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí agus an Ráiteas Príobháideachais seo. Má tá aon cheist agat maidir leis an Ráiteas Príobháideachais, nó iarratais ar bith maidir le do chearta dlí a chur i bhfeidhm, déan teagmháil le do thoil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ag baint úsáide as na sonraí atá leagtha amach thíos.
Seoladh ríomhphoist: dataprotection@courts.ie Seoladh poist: Oifigeach Cosanta Sonraí, Teach an Fhionnuisce, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, Éire.
Ciallaíonn sonraí pearsanta, nó eolas pearsanta, eolas ar bith faoi dhuine éigin a úsáidtear chun iad a aithint. Ní chuirtear san áireamh sonraí ina mbíonn an an t-aitheantas bainte amach. (sonraí gan ainm).
Tá seans go mbailímid agus go bpróiseálaimid na sonraí pearsanta fútsa seo a leanas:
- Aitheantas agus sonraí teagmhála, d’ainm, do sheoladh, uimhir ghutháin, dáta breithe, stádas pósta, uimhir phas, stair fostaíochta, cúlra oideachais nó proifisiúnta, UPSP, teideal poist agus feidhm agus sonraí pearsanta ar bith eile maidir le do roghanna a bhaineann lenárseirbhísí;
- Sonraí airgeadais agus sonraí íocaíochta do chuntas bainc san áireamh agus sonraí ar bith eile atá riachtanach d’íocaíochtaí a phróiseáil agus cosc calaoise, uimhreacha cártaí creidmheasanna/ dochair, uimhreacha cód slándála agus eolas billeála riachtanach eile.
- Eolas Gnó, san áireamh leis seo eolas a chuirtear ar fáil le linn an chaidrimh chonarthaigh nó an chaidrimh chliaint idir tú féin nó d’eagraíocht agus an tSeirbhís Cúirteanna, nó seachas sin a bhí curtha ar fáil go deonach agat nó ag d'eagraíocht.
- Próifíl agus úsáid sonraí, pasfhocail do shuíomhanna gréasáin na Seirbhíse Cúirte nó ardáin/ seirbhísí atá cosanta ag pasfhocal, do roghanna cumarsáide agus eolas ar conas a úsáideann tú ár suíomh gréasáin mar shampla na seirbhísí a d’fhéach tú orthu nó a raibh tú a gcuardach, aga freagartha leathanaigh, earráidí íoslódáilte, fad na gcuairteanna agus eolas ar idirghníomhú leathanaigh san áireamh (cosúil le scrolláil, cliceáil agus ainliú luiche).
- Sonraí teicniúla an t-eolas a bhailítear le linn na gcuairteanna chuig ár suíomhanna san áireamh, seoladh Prótacail Idirlín (PI), sonraí logála isteach, cineál agus leagan den bhrabhsálaí, cineál gléas, córas oibriúcháin agus ardáin.
- Sonraí Rochtana Fisiciúla i dtaca le sonraí ar do chuairteanna chuig ár bhfoirgneamh más cuí;
- TCI TCI I gcuid is mó de na láithreacha a úsáideann an tSeirbhís Cúirteanna, tá Teilifís Ciorcaid Iata (TCI) i bhfeidhm, mar bheart slándála chun cuairteoirí a choinneáil slán, agus taifeadann siad íomhánna de dhaoine in aice na seomraí cúirte, oifigí poiblí agus i gcúpla cás, ceantair in aice láimhe agus taobh amuigh. Tugann comharthaíocht fheiceálach i ngach suíomh le TCI rabhadh d’úsáideoirí an fhoirgnimh maidir le húsáid TCI. Is féidir le sonraí pearsanta a bheith sna híomhánna TCI má tá aitheantas duine éigin soiléir nó measartha cinnte;
- Sonraí pearsanta rúnda: Tá seans go mbeidh an bailiúchán agus an úsáid d’eolas pearsanta nó íogair a bhaineann fút féin riachtanach do na seirbhísí (mar shampla, eolas faoi do bhunús cine nó eitneach, tuairimí polaitíochta, tuairimí reiligiúnach, gníomhaíochtaí ceardchumann, sláinte choirp nó sláinte mheabhrach, saol gnéis, nó sonraí faoi chionta coiriúla, nó sonraí géiniteacha nó bhithmhéadrach).
Conas a bhailímid do shonraí pearsanta
Seo iad a leanas na cúinsí atá do shonraí pearsanta de dhíth orainn:
- nuair atá tú féin nó d’eagraíocht ag lorg nó ag úsáid an tSeirbhís Chúirteanna nó ceann ar bith dár seirbhísí ar líne;
- nuair atá tú féin nó d’eagraíocht ag tairiscint seirbhísí a chur ar fáil dúinn;
- Nuair a bhíonn tú i dteagmháil linn trí fhón, ríomhphost nó gairis leictreonacha ar bith eile, nó i scríbhinn, nó nuair a sheolann tú eolas eile chugainn díreach, comhrá lenár bhfoireann san áireamh;
- Nuair a bhíonn tú féin nó d’eagraíocht ag brabhsáil, ag críochniú foirme nó ag déanamh fiosrúcháin nó caidreamh a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin nó ardáin ar líne;
Conas a bhainimid úsáid as an t-eolas seo
Táimid ábalta úsáid a bhaint as do shonraí pearsanta do na cuspóirí seo a leanas amháin:
- Ár gcaidreamh leat a reachtáil agus a bhainistiú, íocaíochtaí a phróiseáil san áireamh, cuntasaíocht, iniúchadh a dhéanamh, billeáil agus bailiúcháin agus ag tógáil céimeanna eile a bhaineann le feidhmíocht an chaidrimh chomhlachta le daoine a aithint atá ceadaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ár gcliaint, soláthraithe agus soláthraithe seirbhísí ;
- Ár n-oibleagáidí dlithiúla a chomhlíonadh: bainistíocht a dhéanamh ar na cúirteanna, tacaíocht a thabhairt do na breithiúna agus seirbhísí a chur ar fáil d’úsáideoirí na cúirte;
- Seiceálacha cúlraí a dhéanamh, nuair atá sé ceadaithe.
- Cloí lenár n-oibleagáidí dlíthiúla, na taifid a chaomhnú, seiceálacha comhlíonta a dhéanamh nó seiceálacha agus taifeadadh san áireamh;
- Anailís agus feabhsú a dhéanamh ar ár seirbhísí agus cumarsáid agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh ar ár bpolasaithe agus ár gcaighdeáin;
- Bainistíocht ar rochtain go dtí ár bhfoirgnimh agus do chuspóirí slándála;
- Slándáil ar ár gcumarsáid agus córais eile a chosaint agus bagairtí slándála, calaoisí nó gníomhaíochtaí coiriúla nó mailíseacha;
- Do chuspóirí árachais
- Iarratais fhostaíochta a phróiseáil.
- Feidhm a chur ar ár gcearta dlíthe nó iad a chosaint, nó géilleadh d’orduithe cúirte;
- Agus do chuspóirí eile atá ceangailte leis/ nó coimhdeach go dtí aon cheann thuas nó aon chuspóir a bhí do shonraí pearsanta curtha ar fáil dúinn.
Tá seans go bpróiseálaimid do shonraí pearsanta maidir le haon cheann de na cuspóirí atá leagtha amach thuas nó ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna dlíthiúla:
- Tá sé riachtanach dúinn é a dhéanamh chun do threoracha a dhéanamh nó conradh eile leatsa nó le d’eagraíocht;
- Géilleadh lenár gcomhlíonadh dlíthiúla chomh maith le taifid dár bpróisis chomhlíonta nó taifid chánacha a choinneáil;
- Thug tú cead dúinn go sonrach do shonraí pearsanta a phróiseáil sa bhealach sin.
Conas a roinntear an t-eolas seo
Tá seans go roinnimid do shonraí pearsanta:
- Le gníomhaireachtaí rialtais agus comhlachtaí nuair is gá go dlíthiúl nó nuair atá sé oiriúnach, le cead;
- Le tríú páirtithe le soláthraithe seirbhísí ar leith san áireamh a choinnímid maidir leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil, cosúil le habhcóidí, comhairleoirí nó saineolaithe; le haon speisialtóirí dlíthiúla eile cosúil le comhlachtaí dlíodóirí le haghaidh saincomhairle dlíthiúla a fháil; le haistritheoirí, cúiréirí, nó le haonáin riachtanacha eile;
- Le cúirteanna, údaráis fhorfheidhmithe dlí, rialtóirí, oifigigh rialtais nó aon pháirtí eile nuair atá sé measartha riachtanach d’éileamh cothromasach a bhunú, a chur i bhfeidhm nó a chosaint d’fhonn próiséas réitigh easaontais malartach;
- Leis na soláthraithe seirbhísí a fostaithe againn laistigh nó lasmuigh den tSeirbhís Chúirteanna, mar shampla, ionaid sheirbhísí chomhroinnte, chun sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh aon cheann de na cuspóirí atá sa liosta thuas ar ár son agus i gcomhréir lenár dtreoracha amháin.
♦Cur Chuige
Déanaimid ár ndícheall úsáid a bhaint as bearta teicniúla agus fisiciúla oiriúnacha chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint (atá tarchurtha, stóráilte nó próiseáilte againn) ó scriosadh timpiste nó neamhdhleathach, cailleadh, athrú, nochtadh neamhúdaraithe, nó rochtain. Roghnaítear ár soláthraithe seirbhísí go cúramach agus caithfidh siad bearta cosanta oiriúnacha a úsáid.
Nuair a dhéanann tú teagmháil linn chun ceist a chur ar d’eolas, d’fhéadfaimís ceist a chur ort tú féin a aithint. Tá seo le cuidiú do chuid eolais a chosaint.
♦ Teorainn
A éifeachtacha agus atá cleachtais slándála na linne seo, níl aon chóras slándála leictreonach nó fisiciúla go hiomlán sábháilte. Ní féidir deimhniú de go bhfuil aon tarchur sonraí tríd an idirlíon 100% sábháilte nó faoi rún. Cé go ndéanfaimid ár seacht ndícheall do shonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn cinnteacht a thabhairt ar an tslándáil nó an rúndacht de do chuid sonraí tarchurtha ar ár suíomh gréasáin. Tá aon sonraí a tharchur ar do riosca féin. Nuair a fhaighimid do shonraí, bainfimid úsáid as bearta slándála oiriúnacha chun rochtain neamhúdaraithe a chosaint a lorg. Leanfaimid orainn polasaithe a athhreithniú agus gnéithe slándála breise a chur i bhfeidhm nuair a thagann teicneolaíochtaí nua ar fáil.
Má tharlaíonn sé go bhfuil sárú nó rochtain neamhúdaraithe chuig do shonraí pearsanta, ní bheimid faoi dhliteanas nó freagrach as mí-úsáid ar bith de do shonraí pearsanta.
♦ Cosaintí
Baineann an tSeirbhís Chúirteanna úsáid as réimse leathan cosaintí, pearsanra agus próisis a dhéanann constaicí cosanta doimhne chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Is iad ballaí dóiteáin agus srianta rochtana eolais ar cheann de na cosaintí a bhainimid úsáid as. Leanann an tSeirbhís Chúirteanna ar aghaidh ag déanamh measúnú as ár gcuid seasaimh slándála chun feabhas níos mó a chur ar shlándáil agus rúndacht do chuid sonraí.
Tá gnásanna curtha i bhfeidhm againn chomh maith chun déileáil le sárú amhrasta ar shonraí pearsanta agus cuirfimid scéala chugat agus aon rialálaí infheidhme de shárú nuair a theastaíonn sé seo a dhéanamh.
Cuireann fianáin ar ár gcumas monatóireacht a dhéanamh ar líon na ndaoine a thugann cuairt ar ár suíomh do chuspóirí staitistiúla.
Cuireann fianáin ar ár gcumas monatóireacht a dhéanamh ar líon na ndaoine a thugann cuairt ar ár suíomh faoi choinne chuspóirí staitistiúla. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach dtugann glacadh le fianáin a bhítear in úsáid ar ár suíomh rochtain ar eolas pearsanta aon duine.
Fianáin a dhéanann tomhas ar úsáid an tsuímh gréasáin
Bainimid úsáid as Gúgláil Anailíseacha chun eolas gan ainm a bhailiú ar conas a úsáidtear an suíomh seo. Déanaimid seo chun cinntiú go bhfuil an suíomh seo ag comhlíonadh riachtanais na n-úsáideoirí agus chun cuidiú linn aon áit inar féidir linn a fheabhsú a aithint.
Tá na fianáin seo díchumasaithe go huathoibríoch agus cuirtear i bhfeidhm iad ach amháin má roghnaíonn tú an rogha ‘Glac le agus Gabh ar aghaidh’ ar an bharra fianáin.
Stórálann Gúgáil Anailíseacha eolas ar nós:
- Conas a a tháing tú go dtí an suíomh
- Na leathanaigh go léir a thugann tú cuairt orthu agus cé chomh fada a chaitheann tú orhu
- Gach rud a chliceálann tú air agus tú ar na leathanigh éagsúla
Bíonn na fianáin seo a leanas leagtha amach ag Gúgláil Anailíseacha:
Ainm |
Soláthraí |
Cad é a dhéanann sé |
Fad |
_ga |
Gúgláil |
In úsáid ag Anailíseacha Gúglála chun úsáideoirí a scaradh ó chéile trí eolas a bhailiú gan ainm, chomh maith le sonraí brabhsálaí, bunúis chuairteora, agus leathanaigh a thugadh cuairt orthu laistigh de Lawspot. |
24 mí i ndiadh deireadh an tseisiún |
_gid |
Gúgláil |
In usáid ag l Anailíseacha Gúglála chun úsáideoirí a scaradh ó chéile trí eolas a bhailiú gan ainm, chomh maith le sonraí brabhsálaithe, cúlraí cuairteora, agus leathanaigh a thugadh cuairt orthu. |
24 mí i ndiadh deireadh an tseisiún |
_ga |
Gúgláil |
In úsáid Anailíseacha Gúglála chun an ráta iarratais a mhoilliú trí theorainn a chur ar bhailiúchán sonra ar shuíomh gréasáin le trácht aird. |
1 nóiméad |
Fianáin 3ú Páirtí eile
Leabaíonn an suíomh gréasáin seo físeáin ó YouTube ag baint úsáide as modh príobháideachais-feabhsuithe.
Tá seans go bhfuil fianáin YouTube leagtha amach ar do ríomhaire tar éis cliceáil ar fhís-seinnteoir YouTube, ach ní bheidh sé ag stóráil aon eolas aitheantais pearsanta le haghaidh athsheinm ar fhíseáin atá leabaithe le modh príobháideachais-feabhsuithe. Le haghaidh eolas breise, féach le do thoil ar YouTube’s embedding videos information page.
Ainm |
Soláthraí |
Cad é a dhéanann sé |
Fad |
VISITOR_INFO1_LIVE |
YouTube |
Fianán a leagann YouTube amach a dhéanann tomhas ar do bhandaleithead chun a fháil amach an bhfuil tú ag fáil an chomhéadan seinteora nua nó an seancheann. |
6 mí i ndiaidh deireadh an tseisiún |
YSC |
YouTube |
Cláraítear CA ar leith chun staitisticí ar cén físeáin ó YouTube atá feicthe ag an úsáideoir a choinneáil. |
Deireadh an tseisiún |
GPS |
YouTube |
Cláraítear CA ar leith ar ghairis mhóibíleacha chun córas rianaithe a chur ar láthair tíreolaíoch GPS |
Deireadh an tseisiún |
IDE |
Gúgláil |
Cliceáil faoi dhó chun clárú agus tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhartha úsáideora an tsuímh gréasáin tar éis súil a chur air nó cliceáil a dhéanamh ar cheann de na fógraí fógraíochta le tomhas a dhéanamh ar éifeachtacht an fhógra mar aidhm agus chun fógraí dírithe a thaispeáint don úsáideoir. |
390 lá |
Is féidir do roghanna fianán a athrú am ar bith trí chliceáil ar ‘Shocruithe Fianán Athruithe’ sa réimse buntáisc an tsuímh gréasáin. Tá eolas ar conas socruithe fianán laistigh de bhrabhsálaí gréasáin a athrú leagtha amach sa réimse ‘Fianáin Bhainistíochta’ thíos.
Seo iad na fianáin eile as a mbaintear úsáid ar ár suíomh gréasáin. Go feidhmiúil, tá siad sainithe anois mar fhianáin ‘riachtanach amháin’.
Ainm |
Soláthraí |
Cad é a dhéanann sé |
Fad |
Fianán_cúirteanna |
Citrix |
Gintear sa seisiún úsáideora ag an chóras tar éis rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin. Déanann sé taifead ar cén freastalaí cúil a rinne an t-úsáideoir rochtain air. Baintear úsáid as an eolas seo le haghaidh cuspóirí freastalaithe cothromaithe lódála. |
2 nóiméad |
fianán_comhaontaithe |
Drupal |
Baintear úsáid as chun na catagóirí fianáin a bhí toilithe ag an úsáideoir a stóráil. |
3 mhí |
leagan-fianáin- aontaithe |
Drupal |
Léirítear an leagan de ghlacadh na bhfianán |
3 mhí |
has_js |
Drupal |
Déanann an fianán has_js taifead ar má tá JavaScript ar siúl ar do bhrabhsálaí. Tugann seo cuidiú don bhrabhsálaí tuiscint a fháil ar fheidhmiúlacht brabhsálaí JavaScript ionas go mbeidh sé ábalta ábhar a chur ar fáil ar bhealach oiriúnach ag brath ar do chuid socruithe. |
Deireadh an tseisiún |
Suíomh gréasáin ‘probate.courts.ie’
Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianán aonair riachtanach.
Ainm |
Soláthraí |
Cad é a dhéanann sé |
Fad |
Glac le |
An tSeirbhís Chúirteanna |
Léirítear gur ghlac an t-úsáideoir leis an Séanadh |
Deireadh an tseisiún
|
Bainistíocht na bhFianán
Tugann brabhsálaí gréasáin cead duit casadh as do fhianáin, nó stop a chur le glacadh le fianáin ó shuíomh gréasáin ar leith. Mar sin féin, má dhíchumasaíonn tú fianáin tá seans nach n-oibreodh go leor gnéithe i gceart. Tugann na brabhsálaithe nua-aimseartha go léir cead duit do chuid fianáin a athrú agus is féidir leat teacht ar na socruithe seo sa chlár Roghanna ar do bhrabhsálaí. Is féidir eolas breise a fháil ar gach brabhsálaí thíos.
Chrome
https://support.google.com/chrome/answer/95647?hl=en&ref_topic=14666
Firefox
https://support.mozilla.org/en-US/kb/cookies-information-websites-store-on-your-computer
Microsoft Edge
https://support.microsoft.com/en-us/search?query=enable%20cookies%20in%20edge
Safari
https://support.apple.com/en-ie/guide/safari/sfri11471/mac
Safari don IOS
https://support.apple.com/en-ie/HT201265
Ní mholfaimid Internet Explorer le haghaidh úsáid an tsuímh seo.
Tá réimse cearta agat le meas dár n-úsáid de do shonraí pearsanta.
- Rochtain: Tá an ceart agat iarratas a dhéanamh ar chóip na sonraí pearsanta a choinnímid fútsa. Tá roinnt eisceachtaí leis an cheart seo, ionas gur féidir rochtain a dhiúltiu mar shampla, dá gcuirfí an t-eolas ar fáil duit is fo nochtódh sé seo í sonraí pearsanta faoi dhuine éigin eile, nó dá gcuirfí cosc dlithiúl ar an eolas seo a nochtadh. Tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta atá againn a fheiceáil. Má tá tú ag iarraidh seo a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil ag baint úsáide as na sonraí teagmhála seo atá ar fáil.
- Cruinneas: Tá sé mar aidhm againn do shonraí pearsanta a choinneáil hruinn, reatha agus críochnaithe. Molaimid duit dúl i dteagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chugainn leis na sonraí teagmhála atá ar fáil chun a chur in iúl dúinn má tá aon sonraí pearsanta míchruinn nó má tá sé athraithe, ionas go mbeimid ábalta do shonraí pearsanta a choinneáil suas chun dáta.
- Ag cur i gcoinne: I gcásanna ar leith, tá an ceart agat cur i gcoinne ar do shonraí pearsanta á phróiseáil agus ceist a chur orainn bac, lscrios agus srian a chur ar do shonraí pearsanta. Má tá tú ag iarraidh stop a chur le húsáid do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chugainn leis na sonraí teagmhála atá curtha ar fáil.
- Scriosadh: Tá an ceart agat do chuid sonraí pearsanta a scriosadh nuair atá sé neamhriachtanach do na cuspóiri a bailíodh iad an chéad lá riamh, nó, i measc rudaí eile, má tá do shonraí pearsanta próiseáilte go neamhdhleathach.
Tá taifid chúirte faoi smacht ag na cúirteanna, ní an tSeirbhís Chúirteanna.
Sa chás ina bhfuil sonraí pearsanta próiseáilte ag nó ar son na cúirte nuair atá sé ag gníomhiú in a hinniúlacht breithiúnach, tá cearta sonraí an duine faoi smacht ag dualgais an rialaitheora de na sonraí pearsanta a thugtar eolas air in section 158(1) of the Data Protection Act 2018 tá srianta orthu sa mhéid is go bhfuil na srianta riachtanach agus comhréireach do neamhspleáchas breithiúnaigh agus imeachtaí cúirteanna a chosaint.
Ar a bharr sin, i gcás na gcúirteanna, nuair á phróiseáil sonraí pearsanta in inniúlacht breithiúnaigh, rinneadh mionathrú ar na dualgais trédhearcachta ó roinn 158(1) den ACS agus den Acht um Chosaint Sonraí 2018 (roinn 158(3) Rialacha 2018. Tá breis eolas ar na rialacha seo leagtha amach thíos, ach i ndáiríre, téann an tuar faoin dualgas trédhearcachta ag na cúirteanna tríd an fhógra maidir le Cosaint Sonraí Ginearálta ar suíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. (an “Data Protection Notice for the Courts”)
Rinneadh na rialacha seo a leans faoi section 158(3) of the Data Protection Act 2018 leis an aidhm chun a chinntiú go bhfuil feidhmiú sriain éifeachtach faoi roinn 158(1):
S.I. No. 658 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 158(3)) Rules 2018.pdf
Caithfidh daoine atá ag iarraidh rochtain ar thaifead cúirte in imeachtaí cúirte atá mar pháirtí fiosruithe a dhéanamh den oifig chúirte a bhaineann sé leis.
Baineann na rialacha seo a leanas le hiarratais le haghaidh sonraí pearsanta atá faoi rialú i dtaifead cúirte le baill bona fide de na meáin nó na meáin chraolta:
S.I. No. 660 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(7): Superior Courts) Rules 2018.pdf
S.I. No. 662 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(7): Superior Courts) Rules 2018.pdf
S.I. No. 664 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(7): Superior Courts) Rules 2018.pdf
Rinneadh na rialacha seo a leanas le haghaidh an phróiseas ar son na cúirte de shonraí pearsanta atá i gceannas na cúirte nuair atá sé ag gníomhiú in a hinniúlacht breithiúnach:
Sonraí pearsanta coinnithe i dtaifead na CúirteUachtraraí, na Cúirte Achomhairc nó an Ard-Chúirte á phróiseáil S.I. No. 659 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(1)) Rules 2018.pdf
Sonraí pearsanta coinnithe i dtaifead na Cúirte Chuarda á phróiseáil S.I. No. 661 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(2)) Rules 2018.pdf
Sonraí pearsanta faoi rialú idtaifead na Cúirte Dúiche á phróiseáil S.I. No. 663 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(3)) Rules 2018.pdf
Sonraí pearsanta á phróiseáil, seachas taifead cúirte, atá faoi smacht ag an chúirt nuair atá sé ag gníomhiú ina hinniúlacht breithiúnach No. 665 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(4)) Rules 2018.pdf
Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais seo
Ó am go ham, déanaimid cúpla athrú ar an fhógra seo, go háirithe nuair a athraímid ar conas a úsáidimid d’eolas, agus nuashonraigh a dhéanamh ar ár teicneolaíocht agus táirgí.