Tá eolas faoi na bealaí a bhailíonn agus a úsáideann an tSeirbhís Chúirteanna sonraí pearsanta ar fáil trí Ráiteas Príobháideachais
Is é sonraí pearsanta eolas ar bith faoi dhuine agus is féidir na sonraí sin a úsáid chun an duine sin a aithint.
Leagann an fógra cosanta sonraí seo eolas faoi conas sonraí pearsanta a phróiseáil ag nó ar son na gcúirteanna in Éirinn mar rialaitheoirí sonraí nuair atá siad ag gníomhiú ina ninniúlacht bhreithiúnach, seo é an feidhmiú ag na cúirteanna ar a gcuid feidhmeanna faoin Bhunreacht agus an dlí.
Faoi na Cúirteanna
I measc na gcúirteanna in Éirinn, tá an Chúirt Uachtarach, An Chúirt Achomhairc, an Ard-Chúirt, An Chúirt Chuarda, an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Choiriúil Speisialta. San fhógra cosanta sonraí seo tugtar na ‘cúirteanna’ ar na cúirteanna seo le chéile, agus is tagairtí do na daoine a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil ag na cúirteanna is ea iad tagairtí do ‘ na daoine lena mbaineann na sonraí’. Ba cheart fiosrúcháin ar bith a bhaineann leis an phróiseáil seo a sheoladh chuig an oifig chúirte a bhaineann sé leis.
Tá sonraí teagmhála ar oifigí chúirte ar fáil anseo.
Sonraí Pearsanta a phróiseáil ag na Cúirteanna
Bíonn na cúirteanna ag próiseáil réimse leathan de shonraí pearsanta, agus is féidir le hainmneacha agus eolas teagmhála a bheith san áireamh ach chomh maith leis sin is féidir le heolas a bheith mionsonraithe agus thar a bheith íogair maidir le, mar shampla: bunús cine nó eitneach, tuairimí polaitíochta, tuairimí creidimh, ballraíocht ceardchumainne, sonraí géiniteacha nó bithmhéadracha, sonraí sláinte.
Braitheann na catagóirí de shonraí pearsanta atá próiseáilte ag na cúirteanna ar an chineál gnásanna a bhaineann sé leis (mar shampla: gnásanna coiriúla nó sibhialta), an méid achainí (mar shampla, achainí fhéimheachta agus iarratas le haghaidh caomhnóireachta) agus cáipéisí cúirte eile a chuirtear isteach, a bhí malartaithe nó eisithe mar baineann sé le, de bharr fianaise a thugtar isteach agus a rinneadh, na gnásanna sin.
Catagóirí de shonraí pearsanta
Faigheann an tSeirbhís Chúirteanna sonraí pearsanta i gcomhthéacs d’imeachtaí cúirte agus go leor foinsí éagsúla. Tá na rudaí seo a leanas san áireamh sna foinsí:
- Páirtithe do ghnásanna (gearánaí nó cosantóir), nó comhairleoirí dlíthiúla;
- Finné atá ag tabhairt fianaise os comhair na cúirte
- Duine nach bhfuil mar pháirtí do ghnásanna, ach caithfidh sé follasú (gnás réamh-cháis) a chur ar fáil; agus
- Eolas eile atá ar fáil don phobal (mar shampla ó chásanna tuairiscithe eile).
Braithfidh an cineál sonraí pearsanta a fhaigheann na cúirteanna, agus torthaí an tsoláthair de shonraí pearsanta nó má theiptear ar shonraí cosúil leis seo a chur ar fáil ar an dlí ginearálta, rialacha fianaise agus rialacha na cúirte.
Rialaitheoir Sonraí
Tá rialaitheoir sonraí ag gach cúirt laistigh den dlí Cosanta Sonraí, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018, maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag nó do chúirteanna atá in inniúlacht bhreithiúnach
Cuspóirí le haghaidh Próiseáil agus Bunús Dlíthiúil
Bíonn sonraí pearsanta a phróiseáil ag nó ar son na cúirte do na cuspóirí seo a leanas:
- Feidhmiú ag na cúirteanna ar a gcuid feidhmeanna breithiúnacha faoin Bhunreacht;
- Cuspóirí a bhaineann leis an riarachán de cheart, an foilseachán de bhreithiúnas nó chinneadh a rinneadh sa chúirt, nó liosta nó sceideal d’imeachtaí nó éisteachtaí in imeachtaí san áireamh; agus
- Cuspóirí a bhaineann leis an bhainistíocht agus an gnó éifeachtach na cúirte agus an anailís staitistiúil.
Tá an bunús dlíthiúil den phróiseáil ar shonraí pearsanta ag na cúirteanna curtha ar fáil sa Bhunreacht, ó reacht (mar shampla, Achtanna na Cúirteanna Breithiúnais 1924 arna leasú, na hAchtanna Cúirte 1961 (Soláthar Forlíontach) arna leasú agus, i gcás an Chúirt Choiriúil Speisialta, Páirt V de na Chionta i gcoinne an Achta Stáit1939 arna leasú, agus seachas i de réir an dlí.
Beidh próiseáil níos faide ar chuspóirí d’anailís staitistiúil ar bhearta teicniúla agus eagraíochta chun a chinntiú go bhfuil meas tugtha don phrionsabal d’íoslaghdú sonraí. Ní thugann na cúirteanna cead do shonraí atá faoi choinneáil acu a bheith in úsáid ag tríú páirtithe le haghaidh cuspóirí margaíochta nó cuspóirí tráchtála eile.
Faighteoirí de Shonraí
Is féidir le sonraí pearsanta atá faoi choinneáil sa taifid chúirte a chur ar fáil do dhaoine agus eagraíochtaí atá rochtain ar thaifid chúirte tuillte nó ceadaithe acu. Mar shampla:
- Páirtí leis na himeachtaí a bhaineann sé leis, nó ionadaí dlíthiúil an pháirtí sin;
- Baill de na meáin nó na meáin craolta atá fianaise dhóthanach acu ar a gcuid stádas don chuspóir den tuairisceoireacht chothrom agus cruinn d’éisteacht sna himeachtaí a éascú;
- Baill den phobal i gcomhréir le riachtanais den Bhunreacht, bíonn na himeachtaí ar siúl go poiblí go ginearálta seachas i gcásanna speisialta agus áirithe atá ceaptha ag an dlí. Ciallaíonn seo go gcloisfidh na daoine i láthair an t-eolas atá nochta sa chúirt;
- Tríú páirtithe eile a bhfuil a gcuid soláthar bainte déanta ag reachtanna, rialacha cúirte, nó cleachtadh. Aistrítear taifid chúirte go dtí an Chartlann Náisiúnta sa bhealach atá leagtha amach thíos.
Cuirtear sonraí pearsanta atá i mbreithiúnas nó cinneadh a rinneadh sa chúirt, nó liosta nó sceideal d’imeachtaí nó éisteachtaí (mar shampla, an dialann dhlíthiúil) ar fáil go ginearálta don phobal, i gcomhréir leis an riachtanas bunreachtúil ina mbíonn imeachtaí ar siúl go poiblí go ginearálta seachas i gcásanna speisialta agus áirithe atá ceaptha ag an dlí (féach Airteagal 34 den Bunreacht).
Tá cuidiú ó thríú páirithe de dhíth ag na cúirteanna chomh maith ionas go mbeidh siad ábalta bheith i mbun gnó, an tSeirbhís Cúirteanna agus soláthraí seirbhísí eile chomh maith (e.g. Soláthar seirbhísí TF). Beidh rochtain ar shonraí pearsanta do na tríú páirtithe seo atá próiseáilte ag na cúirteanna sa soláthar ar a gcuid seirbhísí.
Aistrithe Thar Lear
I gcásanna áirithe atá sé ceadaithe ag an dlí (mar shampla i mbearta de chomhoibriú breithiúnach agus comh-chuidiú an dlí coiriúil agus nuair atá tras-scríbhinn de thaifid dhigiteach fuaime ar imeachtaí déanta i dtír den tríú domhan) is féidir leis na cúirteanna sonraí pearsanta a aistriú nó aistrítear é ar son na cúirte lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, chuig dlínsí chomh maith nach bhfuil aitheanta ag an Choimisiún Eorpach don soláthar cosanta ar leibhéal atá ionann do shonraí pearsanta is atá ar fáil san Aontas Eorpach.
Tá eolas breise ar fáil ón: An t-Oifigeach um Chosaint Sonraí, An tSeirbhís Cúirteanna, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7.
Coinneáil
Tá sonraí pearsanta próiseáilte ar nó ar son na gcúirteanna faoi choinneáil chomh fada is atá riachtanach chun a chur ar chumas na gcúirteanna a gcuid feidhmeanna a dhéanamh faoin Bhunreacht agus an dlí, an riarachán ar cheart a chinntiú agus an bhainistíocht éifeachtúil agus oibríocht na gcúirteanna a éascú.
Is féidir le sonraí pearsanta atá faoi choinneáil i dtaifid chúirte atá “taifid roinne” le haghaidh cuspóirí na hAcht um Chartlann Náisiúnta 1986 (mar shampla: leabhair, páipéir, comhaid, taifeadtaí fuaime, téipeanna maighnéadacha, dioscaí optúla nó físeáin, agus taifid atá inléite ag meaisín eile agus ábhair dhoiciméadacha nó próiseáilte eile) a bheith coinnithe agus caomhnaithe leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. I gcás mar seo, beidh an Chartlann Náisiúnta an rialaitheoir ar na sonraí pearsanta atá faoi choinneáil sa thaifid chúirte coinnithe.
Féach ar an suíomh gréasáin don Chartlann Náisiúnta le haghaidh eolas breise.
Cearta an duine lena mbaineann na sonraí
Beidh sonraí pearsanta próiseáilte ag nó ar son na gcúirteanna i gcomhréir leis na prionsabail cosanta sonraí atá leagtha amach sa dlí um Chosaint Sonraí, go bunúsach, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.
De bharr an riachtanas chun neamhspleáchas breithiúnach agus imeachtaí cúirte a chosaint, tá srianta ar na cearta atá ag ábhair ag an duine lena mbaineann na sonraí, i dtaca leis an phróiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta agus ar son na gcúirteanna ag an Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus Rialacha a rinneadh faoin Acht sin i dtaca leis an srian ar chearta ábhair sonraí nuair atá cúirteanna ina inniúlacht bhreithiúnach (féach Rialacha na hAchta um Chosaint Sonraí 2018).
Tá srianta ar na cearta seo a leanas ar fáil sna Rialacha:
- An Ceart ar Eolas- tá an ceart ar eolas maidir leis an phróiseáil de shonraí pearsanta ag nó ar son na cúirte srianta leis an eolas a chur ar fáil go poiblí tríd an fhógra ghinearálta seo, nó fógraí a leasú níos faide, atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirte thar ceann na cúirte ag gníomhiú ina hinniúlacht mar rialtóirí sonraí;
- An ceart ar rochtain- tá an ceart iarratas a chur isteach ar rochtain ar shonraí pearsanta faoi smacht i dtaifead cúirte agus is sa chúinsí nuair atá cead ag reacht nó Rialacha Cúirte nó cleachtadh na cúirte amháin.
- An Ceart le ceartú- tá an ceart iarratas a chur isteach le haghaidh ceartú ar shonraí pearsanta atá coinnithe i dtaifead cúirte srianta ar na cúinsí ina bhfuil an ceart seo ar fáil do pháirtí de na himeachtaí a bhaineann sé leis i gcomhréir le Rialacha na cúirte agus is féidir leis bheith i bhfeidhm trí na bearta atá ar fáil go dtí páirtí mar seo le hiarratas a dhéanamh ar cheartú de thaifead cúirte (trí iarratas chuig an oifig chúirte faoi rialacha na cúirte san áireamh go ginearálta).
Ba cheart don duine lena mbaineann na sonraí atá ag lorg rochtain ar aon chuidl de thaifead cúirte iarratas a chur isteach chuig an oifig chúirte a bhaineann sé leis. Tá sonraí teagmhála ar oifigí chúirte ar fáil anseo.
Caithfidh an duine lena mbaineann na sonraí atá ag lorg rochtain ar pháirt den fhógra ar bith déanta as imeachtaí iarratas foirmiúil a chur isteach chuig an oifig chúirte ábhartha, ag brath ar agus i dtaca le Rialacha ábhartha na cúirte. Tá an gnás d’iarratas cosúil le seo a dhéanamh leagtha amach sna rialacha thíos do na dlínsí chúirte éagsúla:
- Order 123, rule 9 of the Rules of the Superior Courts
- Order 67A, rule 8 of the Circuit Court Rules
- Order 12B, rule 5 of the District Court Rules.
Is féidir le duine lena mbaineann na sonraí atá ag lorg ceartú ar shonraí pearsanta atá míchruinn más fíor atá coinnithe i mbreithiúnas nó ord na cúirte é a dhéanamh trí iarratas foirmiúil a chur isteach chuig an chúirt, ag brath ar agus i dtaca rialacha ábhartha na cúirte. Tá an gnás d’iarratas cosúil le seo a dhéanamh leagtha amach sna rialacha thíos do na dlínsí chúirte éagsúla:
- Order 28, rule 11 of the Rules of the Superior Courts
- Order 65, rule 3 of the Circuit Court Rules
- Order 12 rule 16 and Order 4E rule 3 de Rialacha na Cúirte Dúiche
Gearáin
Cé go bhfuil an Coimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) freagrach go ginearálta le maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh agus dlí na cosanta sonraí in Éirinn a chur i bhfeidhm, ní leathnaíonn feidhmeanna na CCS go dtí maoirseacht na n-oibríochtaí próiseas na gcúirteannaatá ag gníomhú in ninniúlacht breithiúnaí. Ina ionad sin, faoi Roinn 157 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 tá breitheamh a cheap an Príomh-Bhreitheamh (a thagraítear ‘An Breitheamh Ceapadh’ air) freagrach don mhaoirseacht na n-oibríochtaí próiseasála na gcúirteanna nuair atá siad ag gníomhú ina ninniúlacht breithiúnaí
Is féidir le duine lena mbaineann na sonraí gearáin a chur isteach leis an Bhreitheamh atá ceaptha má tá siad míshásta leis an bhealach ina ndearna próiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta leis nó thar ceann na cúirte. Tá níos mó eolais ar conas gearáin a dhéanamh anseo