Re-Use of Public Sector Information Regulations 2005 - (S.I. No. 279 of 2005 leasaithe ag S.I. No. 525 of 2015)
Is féidir aithris a dhéanamh ar aon eolas agus cáipéisí a fhaightear ar an suíomh gréasáin seo nó iad a athúsáid ag brath ar an cheadúnas EEP is déanaí atá le fáil ar https://data.gov.ie/ga/pages/re-useofpublicsectorinformation agus lena mbaineann cúinsí seo a leanas. Caithfear:
- An fhoinse agus ár gcuid cóipcheart a aithint i gcásanna nuair a chuirtear eolas ar fáil do dhaoine eile;
- Aithris a dhéanamh ar an eolas go cruinn; Gan an t-eolas a úsáid ar bhealach míthreorach ;
- Gan an t-eolas a úsáid don phríomhchuspóir de fhógraíocht nó táirge/ seirbhís ar leith a chur chun cinn;
- Gan an t-eolas a úsáid do chuspóirí mhídhleathacha, mhímhorálta, chalaoiseacha nó mhímhacánta;
Baineann cóipeáil le heisiúint cóipeanna don phobal, foilsitheoireacht, craoltóireacht agus ag aistriú go teangacha eile i gceist le hathúsáid. Clúdaítear chomh maith taighde agus staidéar neamhthráchtála.
Níl an tSeirbhís Chúirteanna freagrach as aon chaileadh nó dliteanas a bhaineann leis an athúsáid ar eolas agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an t-eolas suas chun dáta agus saor ó earráidí. Ní cheadaíonn an tSeirbhís Chúirteanna úsáideoir ar bith le cearta eisiacha le maidir le hathúsáid ar a gcuid eolas.
Le haghaidh an t-eolas ar fad atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo, féach ar ár léarscáil láithreáin.
Féach ar ár gcuid cosaint sonraí agus treoirleabhair ar shaoráil faisnéise.
Le haghaidh eolas breise ar an athúsáid eolais atá ar fáil ag an tSeirbhís Chúirteanna, déan teagmháil le:
Fón 00 353 1 888 6130
Ríomhphost FOI@Courts.ie
Breithiúnas Cúirte
Athúsáid
Is féidir athchruthú a dhéanamh ar bhreithiúnais atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo agus/ nó athúsáid a dhéanamh orthu saor in aisce chomh fada is a athnítear an tSeirbhí Chúirteanna mar fhoinse. Ba cheart a rá go sainiúil nuair a úsáidtear sliocht ó bhreithiúnas éigin.
Coimeádaíonn an tSeirbhís Chúirteanna an ceart bac a chur ar ransaitheoirí nó gníomhairí uathoibrithe eile le breithiúnais a fháil leis an Phrótacal Eisiamh Róbait. Caithfidh tú an rud céanna a dhéanamh nuair a dhéanann tú aithris ar bhreithiúnais a chuirtear ar an suíomh
Coimeádaíonn an tSeirbhís Chúirteann an ceart bac a chur ar úsáideoirí ar bith, faoina rogha féin agus gan fógra, le breithiúnais a fháil ar an suíomh seo má chreideann sé gur bhain an t-úsáideoir mí-úsáid as na breithiúnais nó gur bhain siad úsáid as do chuspóirí neamhdhleathacha.
Is cóipcheart Sheirbhís na gCúirteanna é an t-eolas atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo, lasmuigh de bhreithiúnas chúirte.
Is cóipcheart na gcúirteanna iad na breithiúnais chúirte.
Nóta: Níl sé ar intinn an tsuímh seo ionadaíocht a dhéanamh ar thuairim na mbreithiúna.