DC29
DC29
Socraíocht Cásanna Dlí Teaghlaigh Dúiche Uimh. 2
Ordaímse, Sandra Murphy, an Breitheamh atá sannta go cuí i gCúirt Dúiche sna Dúichí Cúirte thuas, leis seo trí Threoir Chleachtais fhoirmiúil maidir le Téarmaí Toilithe/Socraithe i gcásanna Dlí Teaghlaigh:
I gcás ina gcomhaontófar téarmaí toilithe nó socraíochta idir na páirtithe in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh na Cúirte Dúiche agus go n-ionchorprófar iad in Orduithe arna ndéanamh ag an gCúirt, comhdófar na téarmaí sin tríd an bpost leis an Oifig Cúirte iomchuí i bhformáid WORD agus deimhneoidh na Páirtithe sa tsocraíocht nó a nAturnaetha iad sula n-eiseofar cóip d’Ordú.
Tá sé seo i bhfeidhm ón 2 Eanáir 2025
Arna dhátú an 2ú lá seo d’Eanáir 2025.
An Breitheamh Sandra Murphy
Breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Uimh. 2
District Court