DC23
DC23
Imeachtaí Coiriúla i nDúiche Uimh. 21
Treoir Chleachtais le haghaidh Imeachtaí Coiriúla i nDúiche Uimh. 21
Tosach Feidhme
- Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i ngníomh ar an 20 Meán Fómhair 2021.
An Cuspóir
- Éascú a dhéanamh ar éisteacht chothrom ghasta ar chúrsaí coiriúla laistigh de Dhúiche Uimh. 21 de réir fhorálacha Bhunreacht na hÉireann.
Rannpháirtithe i riaradh an cheartais
- Tá sé de dhualgas ar gach rannpháirtí gairmiúil in imeachtaí coiriúla riarachán neamhspleách agus neamhchlaonta an cheartais a choinneáil agus seasamh le hómós agus le dínit a ngairme agus ionadaíocht á déanamh acu ar dhaoine cúisithe.
- Tá ceart éisteachta ag rannpháirtithe in imeachtaí coiriúla os comhair na Cúirte Dúiche de réir Ordú 6 de Rialacha na Cúirte Dúiche.
- Ní mór treoir chuí a bheith ag aturnae a thagann chun cinn mar ghníomhaire do chomhghleacaí agus ní mór dó a bheith in ann dul i ngleic le haon saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
- Ní mór treoir chuí a thabhairt d'abhcóide a ndealraíonn sé nach bhfuil aturnae treorach i láthair aige/aici ionadaíocht a dhéanamh ar son an chúisí áirithe san ábhar áirithe.
Freastal go pearsanta
- Éilíonn toghairm nó cúirtbhanna a bheith i láthair go pearsanta sa chúirt. Ní chuirfidh cleachtóirí nó ionchúisitheoirí a mhalairt in iúl d’aon duine.
Cúnamh dlíthiúil
- Ba cheart iarratais ar chúnamh dlíthiúil (lena n-áirítear iad siúd ar dheimhniú le haghaidh abhcóide) a dhéanamh ag tús imeachtaí coiriúla.
- Deonófar cúnamh dlíthiúil i gcás nach bhfuil dóthain acmhainní ag an gcúisí cúnamh dlíthiúil a fháil go príobháideach, agus i ngeall ar thromaíocht an chiona, castacht an cháis nó imthosca eisceachtúla, socraíonn leasanna an cheartais gur chóir go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an gcúisí chun a c(h)osaint a stiúradh.
- Féadfar deimhniú ar leith a dheonú i leith gach sraith de dhuilleoga na gcúiseamh, ach ní féidir leis an gcúirt deimhniú ar leithligh nó an dara deimhniú um chúnamh dlíthiúil a dheonú i leith ábhair atá ina n-ábhar do dheimhniú atá ann cheana féin.
- I gcásanna cuí cuirfidh an chúirt duine cúisithe nach bhfuil ionadaíocht acu ar an eolas faoina gceart chun cúnamh dlíthiúil a fháil. Féadfaidh siad aturnae ar leith a ainmniú chun ionadaíocht a dhéanamh ar a s(h)on nó mar mhainneachtain, féadfaidh an chúirt aturnae a cheapadh ón bpainéal um chúnamh dlíthiúil.
- Sa chás nach féidir le haturnae sannta freastal ar an gcúirt chun ionadaíocht a dhéanamh ar chúisí, ní mór dó a chinntiú go dtiocfaidh comhghleacaí nó abhcóide i láthair agus go dtugtar treoir dó déileáil le gach saincheist ábhartha os comhair na cúirte.
- Meabhraítear do chleachtóirí go bhforáiltear le Rialachán 3(2)(b) de na Rialacháin um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) (Leasú), 1978: “Ní íocfar aon táillí … le haturnae … as atráthú … a dhéanfar, i dtuairim na Cúirte, chun críocha áisiúlachta an aturnae.”
Atráthú
- Ní dheonófar atráth ach amháin ar chúiseanna bailí.
- Is iomaí cás achomair neamhchasta nach bhfuil gá é a chur ar atráth. I measc na samplaí tá: meisceoireacht in áit phoiblí, iarraidh déirce mídhleathach, a bheith gan árachas, gan ceadúnas tiomána, gan TNG, teip doiciméid a thaispeáint, tiomáint róthapa, gan plátaí ‘L’ nó ‘N’ a thaispeáint, tiománaí foghlaimeora gan tiománaí láncheadúnais, nó fón póca a bheith aige. I gcásanna den sórt sin, ba chóir don aturnae Cosanta na fíorais a líomhnaítear a fháil amach, treoracha a ghlacadh, agus an cás a thabhairt chun críche ar an gcéad dáta fillte. Má thagann castacht chun cinn is féidir atráthú a lorg.
- Is i gcásanna eisceachtúla amháin a aontóidh an chúirt d’atráthú chun cúisimh neamhghaolmhara ar leithligh i gcoinne an chúisí céanna a chónascadh.
- Go ginearálta, ní dheonófar atráthanna chun fanacht ar thabhairt chun críche imeachtaí cúirte neamhghaolmhara, ach amháin chun cion achomair/cionta achoimre a chur le díotáil.
Cúisimh achoimre bhreise a dhéanamh
- Níor cheart dátaí cúirte a úsáid mar áis chun cúisimh achoimre bhreise i gcoinne cúisí a dhéanamh. Ba cheart cúisimh den sórt sin a dhéanamh ag stáisiún gardaí agus an cúisí a chur faoi bhannaí go dtí an chéad chúirt eile, laistigh de 30 lá. Ba cheart na duilleoga cúisimh bhreise a thaisceadh in oifig na Cúirte Dúiche ar a laghad 4 lá roimh an gcúirt.
Iarratais ar bhannaí
- Deonófar bannaí d’aon duine cúisithe má dhealraíonn sé don chúirt gur cás é inar chóir bannaí a dheonú. Ní féidir leis an gcúirt bannaí a dheonú mar gheall ar chion/cionta lena mbaineann alt 29 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, arna leasú.
- Is fachtóir ábhartha é cibé an dtoilíonn an tIonchúisitheoir le bannaí nó an ndéanann siad agóid i gcoinne bannaí ach níl sé cinntitheach. Ní mór do Ghardaí iad féin a chur ar an eolas go hiomlán faoi na himthosca go léir a bhaineann le hiarratas ar leith ar bhannaí, mar shampla, an bhfuil stair barántas binse ag an gcúisí.
- Sa chás go ndéantar agóidí de bhun an Achta um Bannaí, 1997 arna leasú (“an tAcht um Bannaí”), ní mór na hagóidí sin a leagan amach i scríbhinn agus a chur ar fáil don chúisí roimh an iarratas.
- I gcás iarratas de bhun an Achta um Bannaí nuair nach féidir aontú ar chiontuithe roimhe seo, meabhraítear do chleachtóirí go gceanglaíonn alt 1A den Acht um Bannaí ar an gcúisí ráiteas reachtúil i scríbhinn a chur ar fáil don Ionchúisitheoir ina bhfuil sonraí faoi chiontú/ciontuithe roimhe seo de chuid an chúisí do chionta tromchúiseacha agus aon chiontú/ciontuithe roimhe seo mar gheall ar chion(ta) a rinneadh agus é/í ar bhannaí.
- I gcás ina bhféachann an tIonchúisitheoir le coinníollacha a cheangal le bannaí ní mór bunús fianaise a bheith ann do gach ceann díobh. Ní cheadmhach do choinníollacha a bheith treallach nó athraitheach.
Barántais bhinse
- Nuair a theipeann ar dhuine cúisithe a toghaireadh freastal ar an gcúirt, nó ar deonaíodh bannaí dó, a bheith i láthair ar an dáta fillte nó ar atráth, féadfar barántas binse a eisiúint.
- Féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, barántas binse a fhormhuiniú de bhun alt 8 den Acht um Bannaí. Ligeann sé seo an cúisí a ligean isteach faoi bhannaí i méid an bhanna faoi réir aon choinníollacha a leagtar amach san fhormhuiniú gan é a thabhairt os comhair na cúirte.
- Ar fhorghníomhú barántas binse ní mór na himthosca a bhaineann le neamhfhreastal a leagan amach don chúirt. Go háirithe, ní mór an chúirt a chur ar an eolas más dáta éisteachta nó pianbhreithe a bhí sa bharántas.
Breithniú dlínse
- Mura bhfuil treoracha an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (SIP) ar fáil ar an gcéad dáta fillte, ní mór don Ionchúisitheoir a leagan amach cé acu a cuireadh, nó an gcuirfear, an comhad faoi bhráid an SIP agus an fráma ama a bhfuiltear ag súil leis do threoracha an SIP.
- Cibé an bhfuil treoracha an SIP ar fáil nó nach bhfuil, ní mór don Ionchúisitheoir breac-chuntas mionsonraithe a sholáthar don chúirt ar na fíorais líomhnaithe chun críocha dlínse a bhreithniú.
Nochtadh - dualgas nochta
- Tá dualgas nochta leanúnach ar an Ionchúisitheoir. Ba cheart d’ionchúisitheoirí an t-eagrán is déanaí de Threoirlínte an SIP d’Ionchúisitheoirí a leanúint.
- Tá sé de dhualgas freisin ar dhaoine cúisithe cibé nochtadh a theastaíonn a lorg, go háirithe nuair a bhíonn míreanna neamhghnácha á lorg.
- Braitheann cibé an bhfuil gá le nochtadh ar chor ar bith, agus a mhéid, ar: (1) tromchúis an chúisimh, (2) a thábhachtaí atá an nochtadh, (3) an bhfuil cineál agus bunábhar an chúisimh curtha ar an eolas go leordhóthanach don chúisí cheana féin, agus (4) an dóchúlacht go mbeidh riosca éagóra ann.
- Go hidéalach, ba cheart go mbeadh nochtadh ar fáil ar an gcéad dáta fillte. Tá sé seo beag beann ar an mbealach ina ndéantar an cás a dhiúscairt. Mura féidir é seo a dhéanamh, ní mór nochtadh a chur ar fáil don Chosaint laistigh den tréimhse ama atá sonraithe ag an gcúirt. Mura gcomhlíontar an t-ordú nochtaithe d'fhéadfaí an toghairm nó duilleog na gcúiseamh a scriosadh amach.
- Ní mór do chleachtóirí a chinntiú go dtarlaíonn comhairliúchán tráthúil chun an nochtadh a bhreithniú agus a bheith in ann pléadáil a chur in iúl nó dáta éisteachta a lorg.
Nochtadh - cásanna nach bhfuil casta
- I gcásanna nach bhfuil casta (féach mír 15) de ghnáth leagann an toghairm nó duilleog na gcúiseamh amach cineál agus bunábhar an chúisimh go mion leordhóthanach chun gur féidir an t-ábhar a chosaint i gceart. Mura leagann, caithfidh an tIonchúisitheoir a bheith in ann achoimre ó bhéal a thabhairt ar an bhfianaise bheartaithe agus féadfar an t-ábhar a fhágáil ina sheasamh chun treoracha a ghlacadh ón gcúisí.
Nochtadh - cásanna a bhaineann le tiomáint faoi thionchar dí agus drugaí
- I gcásanna a bhaineann le tiomáint faoi thionchar dí agus drugaí, ba cheart go n‑áireofaí na nithe seo a leanas sa nochtadh: (1) nótaí comhaimseartha na ngardaí imscrúdaithe go léir, (2) ráitis finnéithe nó achoimre ar an bhfianaise, (3) taifead coimeádta, (4) teastas dochtúra, (5) ráiteas anailíse, agus (6) doiciméadú postais. Ní mór nochtadh neamhthipiciúil a iarraidh i scríbhinn chomh luath agus is féidir.
Nochtadh - cásanna faoi mhí-úsáid drugaí
- Nuair a bhíonn gá le deimhniú anailíse drugaí cuirfear na himeachtaí ar atráth ar feadh tréimhse sách fada. Mura bhfuil an deimhniú ar fáil ar an dáta atrátha féadfar an toghairm nó duilleog na gcúiseamh a scriosadh amach.
- Sa chás go bhfuiltear ag brath ar thástáil theagmhasach d'fhonn a chruthú gur cannabas é druga ní mór don Ionchúisitheoir gach nochtadh ábhartha a thabhairt.
Tuarascálacha saineolaithe
- Tá cosc ar dhuine cúisithe finné saineolach a ghlaoch nó fianaise shaineolach a thabhairt ar aird mura dtugann an chúirt cead é sin a dhéanamh.
- D’fhéadfadh líon teoranta cásanna a bheith ann (m.sh., de bhun na reachtaíochta pleanála, cosanta comhshaoil, nó frith-thruaillithe) inar féidir tuarascálacha a chur ar aghaidh chuig an gcúirt roimh ré le toiliú agus ‘gan dochar’.
Cás a leagan síos lena éisteacht
- Níor cheart dáta éisteachta a leagan síos ach amháin más amhlaidh go gcuirfear an cás chun trialach.
- Sa chás go leagann duine cúisithe dáta éisteachta síos ach gur mian leo ina dhiaidh sin pléadáil chiontach a dhéanamh, ba cheart dá d(h)líodóir é sin a chur in iúl láithreach don Ionchúisitheoir agus d’oifig na Cúirte Dúiche. I gcúinsí den sórt sin, nuair is cuí, ba cheart ráiteas tionchair íospartaigh a ghlacadh gan mhoill.
- I gcásanna nach mór duine cúisithe a chur ar a t(h)oghadh, ní shannfar dáta éisteachta go dtí go mbeidh an cúisí i láthair sa chúirt, go pearsanta, agus go bhfeidhmeoidh siad a c(h)eart toghcháin.
- Ní mór don Ionchúisitheoir an chúirt a chur ar an eolas faoi na finnéithe a thabharfaidh fianaise ag an triail agus ní mór do na páirtithe fad na héisteachta a mheas. Más léir ag an triail go mairfidh éisteacht tráth atá i bhfad níos faide ná mar a measadh, féadfar í a chur ar atráth lena críochnú ag deireadh an liosta nó chuig dáta eile.
- Nuair a bheidh dáta éisteachta á shannadh do chás ní mór do na páirtithe aon riachtanais speisialta a bhaineann le reáchtáil agus cur i láthair na trialach a léiriú, mar shampla, TCI, nasc físe, bearta d'fhinné leochaileach, ateangaire, agus mar sin de.
- Ba cheart d'ionchúisitheoirí iarracht a dhéanamh, a mhéid is indéanta, forálacha alt 21 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 arna leasú, a úsáid.
- Tá sé míchuí a chur in iúl don Ionchúisitheoir go gceanglaítear ar na finnéithe go léir i gcás ar leith a bheith i láthair le haghaidh trialach mura bhfuil siad ag teastáil i ndáiríre. Mura n-éilíonn an Chosaint finné ionchúisimh ba chóir é sin a chur in iúl don Ionchúisitheoir gan mhoill.
- Más mian le duine cúisithe saincheist amhail moill a ardú, nó ábhair eile a d’éileodh finnéithe breise a bheith i láthair, ba cheart an tIonchúisitheoir a chur ar an eolas. Cinnteoidh sé seo nach mbeidh ar Ionchúisitheoirí atráthú a lorg ar lá na trialach chun finnéithe a thabhairt chun na cúirte a d’fhéadfadh a bheith i láthair dá gcuirfí ar an eolas iad.
Tairiscintí pléadála
- Ba cheart go dtarlódh tairiscintí pléadálacha chomh luath agus is féidir sa phróiseas coiriúil. Má tá sé ar intinn ag cúisí pléadáil a dhéanamh ar roinnt cúisimh ar an mbonn go bhféadfaí cinn eile a tharraingt siar ba cheart é sin a dhéanamh ar bhonn gan dochar a luaithe is féidir agus sula sanntar dáta éisteachta. Mar an gcéanna, má tá an tIonchúisitheoir toilteanach glacadh le pléadáil i gcúiseamh/cúisimh ar bhonn daoine eile a tharraingt siar ba cheart di dul i dteagmháil leis an gCosaint sula sanntar dáta éisteachta.
Dátaí éisteachta a fhágáil
- Ní dheonófar atráthú nó athchur ach amháin i gcúinsí eisceachtúla nuair a bheidh cás socraithe lena éisteacht.
- Seachas i gcúinsí práinneacha agus gan choinne, ní mór iarratas chun dáta éisteachta a fhágáil a dhéanamh, i scríbhinn, tráth nach lú ná 14 lá roimh dháta na héisteachta leithdháilte.
- Sa chás go bhfuil iarratas chun dáta éisteachta a fhágáil bunaithe ar bhreoiteacht, féadfar a cheangal ar an iarratasóir teastas leighis a thaispeáint laistigh de thréimhse shonraithe.
Suíonna éigeandála
- Baineann cúirteanna lasmuigh d’uaireanta oibre nó ag an deireadh seachtaine le hábhair phráinneacha a éilíonn suí éigeandála den chúirt.
- Ní mór do chomhalta den Gharda Síochána nach bhfuil ag céim níos ísle ná Cigire suí de chúirt choiriúil éigeandála a lorg.
- Ní mór do chomhalta den Gharda Síochána nach bhfuil ag céim níos ísle ná Cigire a mheas gur ábhar práinneach é gach cás ar leith a thabharfar os comhair cúirt éigeandála. Níor cheart ábhair neamhphráinneacha a chur san áireamh ar liosta cúirte éigeandála díreach toisc go bhfuil an chúirt ina suí ar aon nós.
- I ngach cás ba chóir don Chláraitheoir ainm an Chigire a thaifeadadh.
- Má chinneann an breitheamh ceannais (nó a (h)ainmní) go bhfuil suí cúirte gan údar, ní rachaidh an Cláraitheoir i dteagmháil le breitheamh ar bith eile.
Brian O’Shea
Breitheamh den Chúirt Dúiche
Sannta do Dhúiche Uimh. 21
District Court