DC28

Ábhair Dlí Teaghlaigh faoi chonspóid Dúiche Uimh. 2

Ordaímse, Sandra Murphy, an Breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta go cuí sna Dúichí Cúirte thuas, trí Threoir Chleachtais fhoirmiúil maidir le gach iarratas ar Chothabháil/Coimeád/Caomhnóireacht/Rochtain faoi chonspóid sa Dúiche seo, nach liostófar iad lena n-éisteacht go dtí go ndeimhneoidh an Cláraitheoir Cúirte Dúiche Teaghlaigh go bhfuil siad réidh le dul ar aghaidh. Ní dheimhneoidh an Cláraitheoir amhlaidh go dtí go bhfreastalóidh siad seo a leanas orthu:

  1.  
  1.  Ráiteas Fíoras, forais freasúra agus saincheisteanna a comhaontaíodh a mhalartú i scríbhinn idir na Páirtithe agus a chomhdú sa Chúirt.
  2.  Déanfar gach Tuarascáil ábhartha a mhalartú agus a chomhdú.
  3.  Cóip den Deimhniú Breithe/de na Deimhnithe Breithe atá le comhdú ag an Iarratasóir.
  4.  Liosta na bhFinnéithe a bheidh le comhdú ag na Páirtithe go léir.
  5.  Ráiteas Acmhainne le dearbháin chuí atá le malartú agus le comhdú (Iarratais Chothabhála amháin)
  6.  Más infheidhme, Tuarascálacha Caomhnóra ad Litem le seirbheáil agus le comhdú.
  7.  Ráiteas Socruithe i bhFoirm 58.49 atá le taisceadh ag an Iarratasóir agus aon fhreagra ón bhFreagróir ar an bhfoirm sin (Iarratais rochtana amháin)
  8.  Dearbhú ó na Páirtithe uile maidir le fad dóchúil na héisteachta.
  9.  Liosta na nIonadaithe Dlíthiúla atá le Comhdú.
  10.  Riachtanas agus infhaighteacht ateangaire, más infheidhme, le deimhniú.
  11.  Deimhniú Ullmhachta arna shíniú ag Aturnaetha na bPáirtithe nó, i gcás dlíthí tuata, ag na Páirtithe féin, atá le comhdú. Ba cheart an méid thuas a chomhdú 14 lá roimh an éisteacht.
  1. Déanfar na pléadálacha, na hOrduithe agus na Tuarascálacha go léir dá dtagraítear thuas a innéacsú agus a uimhriú agus a chomhdú go leictreonach mar aon le cóip chrua amháin a chomhdófar freisin. Freastalófar ar na hábhair sin tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis chéad dáta fillte na n-imeachtaí ábhartha.

Tá sé seo i bhfeidhm ón 2 Eanáir 2025

 

Arna dhátú an 2ú lá seo d’Eanáir 2025.
An Breitheamh Sandra Murphy
Breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Uimh. 2

District Court