C. Cad dó a seasann CSOL?
F. Seasann sé do Sheirbhís Chúirteanna ar Líne
C. Cén brabhsálaí idirlín a oibreoidh le CSOL?
F. Forbraíodh CSOL chun oibriú le Google Chrome. Ní fheidhmíonn an tseirbhís i gceart le haon bhrabhsálaí eile.
C. Cén áit a dtéim chun tacaíocht maidir le CSOL a fháil?
F. Chun tacaíocht ghinearálta maidir le CSOL a fháil, cuir ríomhphost chuig casu@courts.ie nó déan teagmháil leis an oifig áitiúil de chuid na Seirbhíse Cúirteanna más cuí.
C. Cad a tharlaíonn má tá CSOL as feidhm nó mura bhfuil teacht uirthi?
F. Féach ar www.courts.ie chun eolas a fháil faoi chothabháil/éaradh seirbhíse pleanáilte ar CSOL nó cuir ríomhphost chuig an deasc chabhrach ar casu@courts.ie
C. Cad a tharlaíonn má tá fadhbanna agam logáil isteach ar CSOL?
F. Déan cinnte go bhfuil na sonraí logála isteach ceart ós rud é go bhfuil an pasfhocal cásíogair agus déan cinnte freisin go bhfuil CSOL á hoscailt in Google Chrome agat. Mura féidir leat dul isteach i do chuntas, seol ríomhphost chuig casu@courts.ie
C. Ní féidir liom cuimhneamh ar m’ainm úsáideora do CSOL?
F. Is ionann d’ainm úsáideora agus do sheoladh ríomhphoist.
C. Ní féidir liom cuimhneamh ar mo phasfhocal do CSOL?
F. Mura féidir leat cuimhneamh ar do phasfhocal, cuir d’ainm úsáideora isteach agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Athshocraigh Pasfhocal’. Tabharfaidh sé seo chuig leathanach nua thú ar a n-iontrálann tú d’ainm úsáideora arís (is ionann é seo agus do sheoladh ríomhphoist) agus seolfaidh an córas ríomhphost chugat ina mbeidh nasc a chuirfidh ar do chumas do phasfhocal a athrú.