Nuair a fhaigheann tú Toghairm Ghiúiré:
1. Léigh an toghairm go cúramach. Má tá tú sásta go bhfuil tú incháilithe ar sheirbhís ghiúiré, freagair ‘Dearbhaím’ i gCuid 1 – ‘Dearbhaím go bhfuil mé incháilithe ar sheirbhís ghiúiré’.
2. Má chreideann tú nach bhfuil tú incháilithe nó go bhfuil tú dícháilithe ar sheirbhís ghiúiré, freagair ‘Creidim’ i gCuid 2 – ‘Creidim nach bhfuil mé incháilithe ar sheirbhís ghiúiré ar an gcúis seo a leanas’. Tabhair an chúis a gcreideann tú nach bhfuil tú incháilithe nó an chúis a gcreideann tú go bhfuil tú dícháilithe.
3. Más mian leat go scaoilfear ó sheirbhís ghiúiré thú, iontráil an chúis i gCuid 3 den toghairm ghiúiré agus cuir isteach aon doiciméad a thacaíonn leis seo. Má tá tú i dteideal go scaoilfear thú ó cheart, scríobh an chúis anseo.
4. Seol an freagra ar ais chuig Toghairmeacha Giúiré.
Nuair a bheidh an fhoirm Freagra ar Thoghairm Ghiúiré comhlánaithe agat, seol ar ais de r-phost é chuig juries@courts.ie nó sa chlúdach réamhíoctha atá faoi iamh. Cinntigh go dtugann tú d'uimhir uathúil ghiúiré (coirnéal uachtair ar dheis den toghairm) ar aon r-phost nó comhfhreagras leis an Oifig Chúirte Ghiúiré. Ba chóir duit an Toghairm Ghiúiré a choinneáil agus a thabhairt leat chun na cúirte más ag freastal i gcomhair seirbhís ghiúiré atá tú.
Cad a tharlaíonn i ndiaidh dom an fhoirm Freagra ar Thoghairm Ghiúiré a sheoladh ar ais?
Má tá tú incháilithe ar sheirbhís ghiúiré, ba chóir duit freastal ar an dáta agus ag an am atá ar an Toghairm Ghiúiré.
Má chomhlánaigh tú Cuid 2 nó Cuid 3 den Toghairm Ghiúiré, scríobhfaidh an Cláraitheoir Contae chugat lena rá leat cé acu a scaoileadh nó nár scaoileadh thú agus más gá duit freastal.
An féidir liom díreach neamhiontas a dhéanamh den Toghairm Ghiúiré?
Ní féidir. Ní mór duit an toghairm a fhreagairt - tá sé éigeantach. Mura bhfreagróidh tú an toghairm, tá pionóis i gceist as gan teacht chun na cúirte. Tá siad seo leagtha amach ar leathanach cúil na Toghairme Giúiré.
Mura bhfuil tú neamh-incháilithe, dícháilithe nó scaoilte, is éigeantach, riachtanach a bheith i láthair agus tuigtear a luachmhaire leis. Is cuid riachtanach den phróiseas dleathach iad na giúróirí. Déanfaidh an breitheamh an fheidhm atá leat, má ghlaoitear ort a bheith i do ghiúróir, a leagan amach duit.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifig atá liostaithe ar d'fhógra toghairm ghiúiré má bhíonn deacrachtaí agat le d'fhógra.