Tá tú incháilithe ar sheirbhís ghiúiré más rud é:
- gur saoránach thú agus d'ainm ar chlár thoghthóirí na Dála (liosta vótálaithe) ag an seoladh atá ar do thoghairm ghiúiré, agus
- go bhfuil tú 18 mbliana nó níos sine, agus
- nach bhfuil tú i dteideal díolúine.
Cé atá díolmhaithe ó sheirbhís ghiúiré?
Tá catagóirí áirithe daoine díolmhaithe ó sheirbhís ghiúiré ar chúiseanna éagsúla. Is mar gheall air seo nach gcaithfidh siad freastal ar ghiúiré. Is i dtrí phríomhchatagóir atá díolúintí:
Neamh-incháilithe: Tá roinnt daoine neamh-incháilithe ar sheirbhís toisc barraíocht de bhaint ag a gcuid post leis an gcóras ceartais. Féadann daoine a bhfuil míchumas acu a bheith díolmhaithe fosta, ag brath ar an gcineál míchumais atá acu.
Dícháilithe: Dícháilítear daoine ar fhreastal mar gheall ar chiontuithe coiriúla reatha nó an ama atá caite.
'Scaoilte ó cheart' (ní díolúine aistí féin í): Catagóir díolúine eile is ea 'scaoilte ó cheart'. Is é a thoradh seo go bhfuil tú cáilithe le haghaidh freastail ach féadann tú a iarraidh go scaoilfí thú mar gheall ar na cúinsí ar leith atá agat.
Sna liostaí seo a leanas, tá na díolúintí sna catagóirí éagsúla leagtha amach.
Níl na daoine seo a leanas incháilithe:
- Uachtarán na hÉireann
- Daoine a bhíonn ag obair sa chóras ceartais nó a bhfuil baint acu leis. Áirítear orthu seo:
- breithiúna,
- cróinéirí,
- an tArd-Aighne agus baill foirne dá c(h)uid
- Stiúrthóir na nIonchuiseamh Poiblí agus baill foirne dá c(h)uid,
- baill den Gharda Síochána,
- abhcóidí agus aturnaetha atá ag cleachtadh a ngairme, baill foirne dhleathacha agus fostaithe na Seirbhíse Cúirte,
- oifigigh phríosúin, baill foirne phríosúin eile, agus daoine atá ar choistí cuairte príosún nó ionaid choinneála,
- fostaithe na Seirbhíse Promhaidh agus Leasa,
- daoine atá fostaithe i saotharlanna fóiréinseacha,
- baill reatha de na Fórsaí Cosanta, lena n-áirítear Seirbhís Altranais an Airm agus an Fórsa Cosanta Cúl Taca,
- daoine nach féidir leo léamh nó a bhfuil lagú buan acu nach féidir leo dualgais giúróra a dhéanamh dá bharr.
Tá na daoine seo a leanas dícháilithe ar fhreastal:
- aon duine ar gearradh téarma príosúnachta nó coinneála dar fad 5 bliana nó níos mó orthu;
nó
- aon duine a chaith aon chuid de phríosúnacht nó de choinneáil dar fad 3 mhí nó níos mó le 10 mbliana anuas.
D'fhéadfadh sé go mbeadh na daoine seo a leanas scaoilte ó cheart:
- Daoine atá níos sine ná 65 bliain
- Príomhoide coláiste, ollscoile, scoile nó institiúid eile oideachais
- Mic léinn lánaimseartha
- Baill foirne teagaisc – má dhearbhaíonn an príomhoide go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
- Cleachtóirí leighis, fiaclóirí, cnáimhseacha, tréidlianna nó cógaiseoirí agus iad siúd uile ag cleachtadh a ngairme
- Daoine atá in ord beannaithe nó ar ministrí rialta iad in aon reiligiún nó baill d'oird bheannaithe a chónaíonn i mainistir, i gclochar nó i bpobal reiligiúnach eile
- Baill de cheachtar de dhá Theach an Oireachtais nó den Chomhairle Stáit
- An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
- Cléirigh Dháil Éireann nó Sheanad Éireann
- Baill foirne de cheachtar de dhá Theach an Oireachtais - má dhearbhaíonn an Cléireach go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha, práinneacha dar tábhacht phoiblí ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
- Ceann Roinne Rialtais agus aon státseirbhíseach - má dhearbhaíonn an Ceann Roinne go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha, práinneacha dar tábhacht phoiblí ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
- Príomh-Oifigeach údarás áitiúil, bord sláinte nó údarás calafoirt agus aon fhostaí de chuid na n-údarás seo - má dhearbhaíonn an Príomh-Oifigeach go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha, práinneacha dar tábhacht phoiblí ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
- Rúnaí Choimisinéirí Soilse na hÉireann agus aon bhall foirne den Choimisiún - má dhearbhaíonn an Rúnaí go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha, práinneacha dar tábhacht phoiblí ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
- Máistir Árthaí, píolótaí atá ceadúnaithe mar is cuí agus ceannfoirt aerárthaí atá ceadúnaithe mar is cuí
- Daoine a d'fhreastail ar ghiúiré nó a bhí i láthair ar sheirbhís ghiúiré sna trí bliana roimhe agus ar scaoil an breitheamh atá i mbun an cháis atá i gceist ó sheirbhís ghiúiré iad.