Fógra faoi Atráth Chúirt Dúiche Loch Garman, Luan 8 Iúil 2024
Ceantar Cúirte Dúiche Loch Garman
Dúiche Uimh. 23
Ceanglaítear leis seo ar gach uile dhuine nó gach uile dhuine lena mbaineann fógra a thabhairt go ndéanaim leis seo, de bhun ordú a fuarthas ón mBreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don Dúiche seo, mar Chléireach don cheantar cúirte thuasluaite, seoladh na Cúirte seo a chur ar atráth go dtí na dátaí seo a leanas.
- Gach ábhar a bhaineann le coimeád agus naisc físe go dtí Máirt 9 Iúil ag 10.30r.n agus
- gach ábhar eile go dtí Aoine 12 Iúil ag 10.30r.n
agus tá de cheangal leis seo ar gach uile dhuine nó gach uile dhuine a thoghairtear, nó a mbeidh cúirtbhanna ina cheangal orthu, freastal ar an gCúirt seo a thionólfar i gCúirt Dúiche Loch Garman ar Luan 8 Iúil 2024, freastal mar a dúradh gan aon fhógra eile.
Arna dhátú an 5 lá seo de mhí Iúil 2024
Sínithe: Sinéad Gray
Cléireach na Cúirte Dúiche