Iarratais ar Dheonuithe Ad Litem
A luaithe agus a bheidh an t-Ordú deonaithe ag an mBreitheamh Probháide, seo a leanas na doiciméid a éilíonn an Oifig Phrobháide agus an t-iarratas ar dheonú Ad Litem á thaisceadh:
- Ordú Cóip Bhunaidh Dheimhnithe (a fuarthas ó Oifig Rialacha na hOifige Probháide)
 - Mionn don Riarthóir (Deontais Litreacha Riaracháin is ea formhór na ndeonuithe Ad Litem)
 - Banna Riaracháin
 - Fógra Iarratais leis an táille ábhartha stampáilte go cuí ar chúl an fhógra sin
 - Teastas Báis nó Teastas Cróinéara mura bhfuil Teastas Báis ar fáil
 
Tabhair Faoi Deara:
Caithfidh an Mionn don Riarthóir aon teorannú a leagtar amach de réir an Ordaithe Cúirte. Má thugann an tOrdú Cúirte saoirse Litreacha Riaracháin a bhfuil Uacht Ceangailte leo a asbhaint, ansin is Mionn Riarthóra a bhfuil Uacht Ceangailte léi é a chaithfear a thaisceadh agus caithfear an Uacht Bhunaidh a thaispeáint sa mhionn sin.
Mionnscríbhinní Ceartaitheacha
Uaireanta is gá Mionnscríbhinn Cheartaitheach a chomhdú tar éis deonú ionadaíochta a eisiúint in eastát mar gheall ar earráid nó easnamh ábhartha san fhoirm bhunaidh Ioncaim.
I measc samplaí d’earráid nó neamhghníomh ábhartha tá na nithe seo a leanas:
- Maoin nó sócmhainní breise nach raibh ar eolas ag an ionadaí pearsanta ar dtús
 - Maoin a áirítear san fhoirm bhunaidh Ioncaim nach cuid d'eastát an duine a fuair bás í
 
Níor cheart Mionnscríbhinn Cheartaitheach a úsáid ach sa chás go ndearnadh earráid nó neamhghníomh den sórt sin sa mhionnscríbhinn bhunaidh agus ní mar thoradh ar imeachtaí a tharlaíonn tar éis dháta an bháis, amhail díolachán maoine.
I bhfianaise na nósanna imeachta nua a tháinig i bhfeidhm leis na Coimisinéirí Ioncaim i Meán Fómhair 2020, is iad seo a leanas na treoirlínte maidir le comhdú Mionnscríbhinní Ceartaitheacha nó a gcoibhéisí.
(1) Maidir le dátaí báis an 1 Nollaig 2001 nó dá éis sin agus nuair a comhlánaíodh an Fhoirm um Ráiteas Gnóthaí (Probháid) ar líne leis na Coimisinéirí Ioncaim, ní mór Foirm Ráiteas Gnóthaí Leasaithe (Probháid) a chomhlánú ar líne leis na Coimisinéirí Ioncaim sna cásanna seo.
Is féidir cóip den Fhoirm Fógra Admhála Leasaithe (Probháid) a chur ar aghaidh ansin chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Probháide Dúiche ábhartha.
(2) Maidir le dátaí báis an 1 Nollaig 2001 nó dá éis sin agus nuair a comhdaíodh an fhoirm pháipéir Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre (CA24) leis an iarratas ar dheonú ionadaíochta, ansin caithfear an fhoirm pháipéir Mionnscríbhinn Cheartaitheach a chomhdú i gClárlann na hOifige Probháide/Probháide Dúiche.
Beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:
- 2 fhoirm bhunaidh Mhionnscríbhinn Cheartaitheach mhionnaithe
 - 1 cóip den fhoirm Mhionnscríbhinn Cheartaitheach
 - An Deonú Ionadaíochta Bunaidh
 - Banna Riaracháin (más infheidhme)
 - Litir Údaráis ó na Coimisinéirí Ioncaim má bhaineann an Mhionnscríbhinn Cheartaitheach le dáta luach báis na maoine a leasú
 - Táille Ábhartha
 
(3) Maidir le dátaí báis roimh 1 Nollaig 2001, féach www.revenue.ie do na foirmeacha Mionnscríbhinn Cheartaitheach cuí.
Sna cúinsí sin, ba chóir duit na nithe seo a leanas a thaisceadh san Oifig Phrobháide/Probháide Dúiche :
- Foirm Mhionnscríbhinn Cheartaitheach mar aon le cóip
 - An Deonú Ionadaíochta Bunaidh
 
- Banna Riaracháin (más infheidhme). Litir Údaráis ó na Coimisinéirí Ioncaim má bhaineann an Mhionnscríbhinn Cheartaitheach le dáta luach báis na maoine a leasú
 
- Táille Ábhartha
 
Corparáidí Iontaobhais
Cliceáil anseo i gcomhair an liosta seo Corparáidí Iontaobhais a Ghlacann Uachtarán na hArd-Chúirte leo