CA05
CA05
Síneadh ama chun Achomharc a dhéanamh
ACHOMHAIRC SIBHIALTA
- Déileálann an treoir chleachtais seo le páirtithe a theipeann orthu fógraí achomhairc a eisiúint agus/nó a sheirbheáil laistigh de na hamanna a fhordaítear le Rialacha na nUaschúirteanna) (An tAcht um an gCúirt Achomhairc 2014) 2014 Ionstraim Reachtúil Uimh. 485/2014. Tá feidhm aige maidir le hachomhairc bhrostaithe agus gnáthachomhairc araon.
- Ní bheidh gá le hiarratas a dhéanamh chun na cúirte le síneadh ama a fháil chun achomharc a dhéanamh nó chun fógra achomhairc déanach a sheirbheáil má gheofar litir toilithe ar chúrsa den sórt sin ón bhfreagróir nó ón bhfreagróir beartaithe sna hachomhairc sin.
- Tá cumhacht ag an gCláraitheoir fógra achomhairc déanach a eisiúint nó a mheas gur fógra achomhairc maith atá ann má gcuirtear litir ón bhfreagróir nó ó dhlíodóirí an fhreagróra lena dtoilltear an méid seo ar fáil don gCláraitheoir.
Sean Ryan
Uachtarán
5 Feabhra 2015
Court of Appeal