CA14
Iarratais ar Bhreithiúnas nó Ordú deiridh a rinne an Chúirt Achomhairc a athrú nó a chealú (“Iarratais le hAthbhreithniú”), nó chun Breithiúnas nó Ordú a cheartú (“Iarratais le Ceartú”)
Arna eisiúint de bhun Alt 7C (2) d'Acht a gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 (a cuireadh isteach le hAlt 10 den Acht um an gCúirt Achomhairc 2014)
De bhrí an méid seo a leanas:
- Foráiltear le hairteagal 34.4.3° de Bhunreacht na hÉireann an méid seo a leanas: “Is cinneadh críochnaithe dochloíte a bheidh i gcinneadh na Cúirte Achomhairc, mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo.”
Faoi Airteagal 34.5. 3° níl dlínse achomhairc ag an gCúirt Uachtarach ar chinneadh na Cúirte Achomhairc ach amháin más deimhin léi na nithe seo a leanas -
“i baineann tábhacht phoiblí ghinearálta leis an gcinneadh, nó
ii go bhfuil gá, ar mhaithe leis an gceartas, le hachomharc chun na Cúirte Uachtaraí.”;
- Tá an Chúirt Achomhairc (“an Chúirt”), atá ag leanúint chásdlí na Cúirte Uachtaraí (féach go háirithe: Maidir le Greendale Developments Ltd. (faoi leachtú): Iarratasóirí Stephen Fagan agus May Malone in aghaidh Liam McQuaid [2000] 2 IR 514; Doyle in aghaidh Banville [2012] IESC 25; Murphy in aghaidh Gilligan [2017] IESC 3; Nash in aghaidh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí [2017] IESC 51; Scéim Iompair Mac Léinn in aghaidh Bus Eireann [2021] IESC 22), tar éis a chinntiú nach ndéanfaidh sí athbhreithniú ar iarratais ach amháin sna himthosca is eisceachtúla (féach: Launceston Property Finance DAC in aghaidh Wright [2020] IECA 146, go háirithe an achoimre i mír 12; Scotchstone Capital Fund Limited agus Skoczylas in aghaidh Éireann agus an Ard-Aighne [2022] IECA 275; agus Dowling agus daoine eile in aghaidh an Aire Airgeadais [2022] IECA 285);
- Is é atá i gceist leis na himthosca sin ná, gan aon locht ar thaobh an iarratasóra, go n-oibríonn an t-ordú nó an breithiúnas a rinneadh chun cóir a dhiúltú don iarratasóir agus chun cearta bunreachtúla an iarratasóra a shárú go soiléir (féach Greendale);
- Tá dualgas mór ar an bpáirtí ar mhian leis iarratas le hathbhreithniú a chur isteach, (“iarratasóir beartaithe” sa treoir chleachtais seo) a dheimhniú go bhfuil imthosca mar seo ann;
- ní mór d'iarratasóir beartaithe forais áititheacha agus shubstainteacha a léiriú atá leordhóthanach ar bhonn oibiachtúil chun cur ar chumas na Cúirte a chinneadh go mbeidh údar maith le héisteacht le hiarratas ar athbhreithniú ar na tuillteanais;
- Is inmhianaithe, ar mhaithe le críochnaitheacht agus cinnteacht, go gcuirfear tús le haon iarratas le hathbhreithniú chun na Cúirte chomh luath agus is féidir agus laistigh den tréimhse ama a cheadaítear le Rialacha na nUaschúirteanna chun cead a fháil le hachomharc breise a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí (faoi Rialacha na nUaschúirteanna Ordú 58, r.16(1) nó go luath ina dhiaidh sin;
Is deimhin liom gur ar mhaithe le riaradh an cheartais agus le cinneadh iarratais le hathbhreithniú ar bhealach atá cóir, tapa agus ar dóigh go n-íoslaghdóidh na gcostas a eisím an treoir chleachtais seo;
- Iarratais le hathbhreithniú
- (1) Ní mór d'iarratasóir beartaithe cóip chrua de na nithe seo a leanas a thaisceadh in Oifig Chláraitheoir na Cúirte (“an Oifig” sa treoir chleachtais seo) -
- cóip den fhógra tairisceana a lorgaítear a eisiúint sna himeachtaí lena bhféachtar chun athbhreithniú a dhéanamh air,
- mionnscríbhinn, arna mionnú mar is cuí, lena bhfíoraítear aon fhíorais a lorgaítear a bheith ag brath orthu i dtaca leis an iarratas beartaithe,
- foilseán ar bith dá dtagraítear san mhionnscríbhinn sin, agus
- aighneacht ghearr (nach bhfuil níos faide ná 1000 focal) ina maítear conas a chomhlíonann an t-iarratas beartaithe na critéir le hathbhreithniú agus atá mar cheann de 'na himthosca is eisceachtúla'.
(2) Ba cheart go ndéanfaidh iarratasóir beartaithe taisceadh den sórt sin a dhéanamh roimh dheireadh an 28 lá (nó roimh dheireadh aon tréimhse fadaithe a cheadóidh an painéal de bhreithiúna a luaitear ina dhiaidh seo i mír 2) ón lá ar a gcuirfear ordú na Cúirte i gcrích.
- Déanfaidh painéal de bhreithiúna, a mbeidh an t-achomharc cloiste acu, nó, faoi rogha Uachtarán na Cúirte, cibé painéal eile a ordóidh an tUachtarán chun na críche sin, na páipéir dá dtagraítear i mír 1 a mheas.
- Déanfaidh an painéal de bhreithiúna dá dtagraítear i mír 2, cinneadh ar na páipéir dá dtagraítear in mír 1, agus ar aon pháipéar i bhfreagra a thabharfar i gcomhréir le mír 4, agus aird á tabhairt aige ar na prionsabail dá dtagraítear sa chásdlí ábhartha lena n-áirítear an cásdlí dá dtagraítear sna réamhaithrisí a bhaineann leis an treoir chleachtais seo, is cuma más iarratas a mbeidh údar maith le héisteacht ar na tuillteanas ina leith é an t-iarratas beartaithe nó mura bhfuil.
- Féadfaidh an painéal de bhreithiúna dá dtagraítear i mír 2, dá lánrogha féin, ordú a dhéanamh go seirbheálfar na páipéir dá dtagraítear i mír 1 ar aon pháirtí sna himeachtaí bunaidh agus ar aon duine eile chun deis a thabhairt don pháirtí nó don duine sin freagra i scríbhinn, arna thacú i gcás inar iomchuí, le mionnscríbhinn fhreagartha, ar líomhaintí an iarratasóra beartaithe, a thabhairt don Chúirt.
- Taiscfear na páipéir i bhfreagra dá dtagraítear i mír 4 san Oifig laistigh den tréimhse ón dáta a sheirbheálfar páipéir an iarratasóra beartaithe de réir mar a ordóidh an painéal de bhreithiúna dá dtagraítear i mír 2.
- Mura deimhin leis, i gcomhréir le mír 3, gur iarratas a mbeidh údar maith le héisteacht ar na tuillteanas ina leith é an t-iarratas beartaithe, diúltóidh an painéal de bhreithiúna dá dtagraítear in mír 2 cead chun an t-iarratas a dhéanamh, agus sa chás sin cuirfidh an Cláraitheoir an t-iarratasóir beartaithe ar an eolas faoin diúltú seo i scríbhinn nó ar ríomhphost.
- Más deimhin leis/léi i gcomhréir le mír 3 gur iarratas a mbeidh údar maith le héisteacht ar na tuillteanas ina leith é an t-iarratas beartaithe, tabharfaidh an painéal de bhreithiúna dá dtagraítear i mír 2 cead don iarratasóir beartaithe foriarratas iar bhfógra a eisiúint faoi dáta bunaidh tuairisceáin sonraithe agus sa chás sin tabharfaidh an Cláraitheoir fógra faoin gcead agus faoin dáta tuairisceáin i scríbhinn nó trí ríomhphost.
- Ar dháta tuairisceáin bunaidh na tairisceana, tabharfaidh an Chúirt treoracha de réir mar a mheasfaidh sí is cuí d'éisteacht na tairisceana. Mura n-ordóidh Uachtarán na Cúirte a mhalairt faoina rogha féin, is é an painéal de bhreithiúna dá dtagraítear i mír 2 a dhéanfaidh an tairiscint a éisteacht agus a chinneadh.
B. Iarratais le ceartú
- (1) Níl míreanna thuas luaite na treorach cleachtais seo i bhfeidhm ar na cásanna seo a leanas -
(a) iarratais ar cheartúchán a dhéanamh ar dhearmad cléireachais i mbreithiúnas nó in ordú ón gCúirt nó aon earráidí a tharlóidh de thaisme iontu mar gheall ar aon bhotún nó easnamh, nó ar cheartúchán a dhéanamh ar bhreithiúnas nó ordú ón gCúirt ar an mbonn nach luaitear ar an mbreithiúnas nó ar an ordú mar atá siad dréachtaithe cinneadh agus cuspóir iarbhír na Cúirte;
(b)iarratais ar bhreithiúnas nó ordú ón gCúirt a chur ar ceal ar an mbonn gur trí chalaois a fuarthas an breithiúnas nó an t-ordú sin.
(2) Féadfaidh ceartúchán a dhéanamh ar dhearmad cléireachais nó botún, nó ar bhreithiúnas nó ordú nach luaitear cinneadh agus cuspóir iarbhír na Cúirte iontu, de réir mar a dtagraítear i bhfomhír (1)(a)—
(a) I gcás ina dtoileoidh na páirtithe, agus le cead ón gCúirt tugtha ag an gCláraitheoir,
(i) ar iarratas chuig an gCláraitheoir i scríbhneoireacht aon pháirtí, a mbeidh litir toilithe leis an gceartúchán ó gach páirtí eile ceangailte, nó
(ii) má fhaigheann an Cláraitheoir litreacha toilithe ó gach páirtí;
nó,
(b) i gcás nach dtoileoidh, ag an gCúirt,
(i) ar iarratas chuig an gCúirt trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí eile, nó
(ii) ar liostú an imeachta os comhair na Cúirte ag an gCláraitheoir ar fhógra a thabhairt do gach páirtí.
(3) Bunaítear le cásdlí gur cheart iarratais ar bhreithiúnas nó ordú ón gCúirt a chur ar ceal ar an mbonn gur trí chalaois a fuarthas an breithiúnas nó an t-ordú sin, de réir mar a dtagraítear i bhfo-mhír (1)(b), a thabhairt trí imeachtaí iomlánacha. D'ainneoin an méid sin, i gcás ina bhfuil iarratas ar bhreithiúnas nó ordú a chur ar ceal (de réir mar orduithe choimhdeacha nó iarmhartacha mar a bhféadfar comhaontú a bheith déanta orthu) ón gCúirt le toiliú ó na páirtithe ábhartha go léir ar an mbonn gur trí chalaois a fuarthas an breithiúnas nó an t-ordú sin, féadfar an t-iarratas a dhéanamh chun na Cúirte trí fhógra foriarratais agus féadfaidh an painéal de bhreithiúna dá dtagraítear i mír 2 é cinneadh a dhéanamh air.
Arna dhátú an 15ú lá de mhí Feabhra 2023.
Sínithe:
George Birmingham
Uachtarán na Cúirte Achomhairc