CA03
CA03
Achomhairc a aistríonn an Chúirt Uachtarach de bhun Airteagal 64 den Bhunreacht
Tá feidhm ag an Treoir Chleachtais seo ar gach achomharc a aistríonn an Chúirt Uachtarach chun na Cúirte Achomhairc de bhun Airteagal 64 den Bhunreacht.
- Déanfaidh aon pháirtí in Achomharc Airteagal 64 (achomharcóir nó freagróir), ar mian leis go leanfar ar aghaidh leis an achomharc a chur os comhair na Cúirte Achomhairc agus treoracha agus dáta d'éisteacht an achomhairc a fháil, fógra iarratais ar threoracha a eisiúint in Oifig na Cúirte Achomhairc i gcomhréir leis an Treoir Chleachtais seo. Ní gá go mbeadh mionnscríbhinn mar fhoras leis an iarratas ach beidh an t-eolas sa Sceideal san fhógra iarratais agus beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas ar iarratais den sórt sin:-
- Déanfaidh an t-iarratasóir ar threoracha fógra iarratais bunaidh agus 2 chóip de a chomhdú in Oifig na Cúirte Achomhairc ina leagfar amach an t-eolas atá sa Sceideal a ghabhann leis an treoir chleachtais seo chun é a eisiúint agus chun dáta tuairisceáin a fháil.
- Déanfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas eisithe ar threoracha mar aon le cóip den treoir chleachtais seo a sheirbheáil ar na páirtithe eile san achomharc laistigh de cheithre lá ón dáta eisiúna.
- Déanfaidh an t-iarratasóir ar threoracha tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe don éisteacht treoracha cruthúnas gur seirbheáladh an t-iarratas ar threoracha agus leabhrán treoracha innéacsaithe agus uimhrithe a chomhdú san Oifig le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc, ar leabhrán é ina gcuimseofar cóipeanna de na nithe seo a leanas:-
- An t-iarratas ar threoracha.
- An fógra achomhairc.
- Aon fhógra ar chrosachomharc nó ar fhógra athrúcháin.
- An breithiúnas agus/nó an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne
- Aon doiciméad eile san achomharc a bhfuil beartaithe tagairt a dhéanamh dó ag an éisteacht treoracha.
- Freastalóidh gach páirtí san achomharc nó a n-ionadaithe dlíthiúla ar an éisteacht treoracha. Cinnteoidh gach abhcóide agus dlíodóir a bheidh i láthair ag an éisteacht treoracha go bhfuil sé sách eolach ar na himeachtaí chun eolas cruinn a thabhairt don Chúirt agus go bhfuil údarás aige ón bpáirtí a mbeidh sé ag feidhmiú ar a cheann chun déileáil le haon nithe ar dóigh go ndéileálfar leo ag an éisteacht treoracha.
- Ag an éisteacht treoracha, tabharfaidh an Chúirt Achomhairc treoracha maidir leis na nithe dá bhforáiltear in O. 86A, rr. 16 agus 17 de Rialacha na nUaschúirteanna agus nuair is féidir dáta a shocrú agus am a thabhairt le haghaidh éisteachta an achomhairc.
Sceideal
Eolas le tabhairt i bhfógra iarratais ar threoracha
- Sonraí an chinnidh atá faoi achomharc lena n-áirítear, dáta an ordaithe; ainm an bhreithimh; príomhthéarmaí ordaithe; má tá breithiúnas scríofa nó nóta ex-tempore agus dátaí agus lua ábhartha ann.
- Dáta an fhógra achomhairc.
- Má comhdaíodh leabhair achomhairc in Oifig na Cúirte Uachtaraí nó mura gcomhdaíodh.
- Más é an t-achomharcóir an t-iarratasóir ar threoracha tabhair le fios le tagairt a dhéanamh don bhfógra achomhairc na forais a bheartaítear a shaothrú ag éisteacht an achomhairc.
- Más é an t-iarratasóir ar threoracha an freagróir san achomharc agus má tá fógra athrúcháin nó crosachomharc ann a dhéanfar na forais sin a shaothrú ag an éisteacht.
- An t-ordú a dhéanfaidh an t-iarratasóir (achomharc nó freagróir) a lorg ón gCúirt Achomhairc ag éisteacht an Achomhairc má éiríonn leis.
- Liosta de na doiciméid a mheasann an t-iarratasóir is gá a chur os comhair na cúirte ar éisteacht an achomhairc.
- Liosta d'aon doiciméid atá beartaithe ag an iarratasóir a chur os comhair na Cúirte ar éisteacht an achomhairc de bhreis ar na cinn atá liostaithe i mír 1.3 den treoir chleachtais seo.
Arna eisiúint faoi alt 7C(2) d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, a cuireadh isteach le halt 10 den Acht um an gCúirt Achomhairc 2014
Arna dhátú an 17 Samhain 2014
Sean Ryan
Uachtarán
[arna athbhreithniú ar an 27 Iúil 2015 trí na forálacha a leathnú chun achomhairc neamhdheimhnithe a chur san áireamh mar aon le hachomhairc dheimhnithe)
Court of Appeal