Déan cinnte go dtógann tú aon cháipéis a bhaineann le do chás in éineacht leat, cosúil le:
- D’iarratas cúirte/ toghairm/ réamhordú. Tá dáta agus am d’éisteachta sa cháipéis seo, an t-ionad, chomh maith le heolas breise ar an chás féin. Tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú na cáipéisí seo sábháilte.
- Ráiteas Acmhainne, Ráitis Bhainc, duillíní pá agus/ nó aon eolas a shíleann tú go bhfuil úsáideach le haghaidh do chás ar leith nó chun do chás a dhéanamh.
- Molaimid chomh maith go dtógann tú aitheantas fótagrafach in éineacht leat mar go bhfuil seans go gcuirfidh siad ceist ort d’fhéiniúlacht a dheimhniú sa chúirt, mar shampla, pas, ceadúnas tiomána nó cárta seirbhísí poiblí.
Cuimhnigh le do thoil nach gá duit do cháipéisí a bhaineann le do chás a roinnt riamh le daoine eile nach mbaineann le do chás.
Leid úsáideach: Glac grianghraf de do cháipéis iarratais ionas go mbeidh rochtain agat ar d’fhón póca.