Back
Tuarascáil Bhliantúil na Seirbhíse Cúirteanna do 2022
Monday 06th November 2023
Clár nuachóirithe faoi lánseol, cé go n-athraíonn treochtaí thar chineálacha cásanna
- Tháinig 547,445 cás nua os comhair na gcúirteanna in 2022
- Méadú 39% ar chásanna sibhialta nua os comhair na Cúirte Dúiche ó 2021
- Méadú 5% ar Cholscarthaí a tugadh (4,915) in aghaidh 2021
- Méadú 25% ar chásanna os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla ó 2019
- Méadú 15% ar iarratais ar fhoréigean baile ag teacht chuig na cúirteanna ó 2019 i leith
Tugadh faoi deara freisin go raibh laghdú ar choireanna nach raibh chomh tromchúiseach sin ag teacht chuig na Cúirteanna.
- Laghdú 24% ar chionta tráchta ar bhóithre ó 2019 i leith
- Cionta drugaí 10% ó 2019
- Laghdú 11% ar chionta gnéasacha ó 2019 i leith
- Tháinig laghdú 18% ar ábhair ghadaíochta/robála/chalaoise ó 2019 i leith