Mar thoradh ar Fhógraí an Uachtaráin a eisíodh ar 5 Márta 2024 agus ar 21 Nollaig 2023, is cúis áthais dom a fhógairt gur seoladh an Tionscadal Píolótach Ardchúirte do Shaoire Fhada 2024 (an ‘Tionscadal Píolótach’). Leagadh amach cúlra an Tionscadail Phíolótaigh sna fógraí roimhe seo. Moladh lárnach a bhí ann i dTuarascáil na Meithle um Pleanáil Bhreithiúnach i mí Feabhra 2023, ar ghlac an Rialtas léi.
Ba cheart do chleachtóirí agus do dhlíthithe a thabhairt faoi deara nach mbeidh na breithiúna seo a leanas Ard-Chúirte atá ag glacadh páirt sa Tionscadal Píolótach ina suí (ach amháin ar bhonn eisceachtúil) i mí Iúil 2024 (tá líon leordhóthanach breithiúna ina suí sna liostaí ábhartha don obair ar na liostaí sin don mhí sin):
- An Breitheamh Onórach Richard Humphreys (Liosta Pleanála agus Comhshaoil)
- An Breitheamh Onórach Emily Farrell (Liosta Pleanála agus Comhshaoil)
- An Breitheamh Onórach John Jordan (Liosta Dlí Teaghlaigh)
- An Breitheamh Onórach Barry O’Donnell (Liostaí Neamhghiúiré/Athbhreithniú Breithiúnach/ Tearmainn, Inimirce & Saoránacht)
- An Breitheamh Onórach Conleth Bradley (Liostaí Neamhghiúiré, Tearmainn, Inimirce & Saoránachta)
Ina ionad sin, beidh na breithiúna sin ag obair ar bhreithiúnais mar is gnách agus suífidh siad arís chun cásanna a éisteacht i mí Mheán Fómhair 2024 sna liostaí seo a leanas:
- Pleanáil & Comhshaol
- Dlí Teaghlaigh
- Neamhghiúiré/ Athbhreithniú Breithiúnach / Tearmann, Inimirce & Saoránacht
1 Iúil 2024
An Breitheamh Onórach David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte