Liosta de cheisteanna coitianta faoi leabhráin tairiscintí.     
  
  
  
      Ba chóir leabhrán tairisceana a bheith innéacsaithe, roinnte ina leathanaigh agus in-sainaitheanta i leith an cháis. Ba chóir go gcuimseofaí ann cóipeanna díobh seo a leanas:
- an fógra foriarratais
 - gach mionnscríbhinn (foilseáin san áireamh) taiscthe chun tacú le nó cur in éadan na tairisceana
 - an fógra achomhairc agus an t-ordú faoi achomharc
 - an breithiúnas atá faoi achomharc (nó tras-scríbhinn nó nóta comhaontaithe an bhreithiúnais) más ar fáil
 - aon doiciméad eile a bhaineann leis an tairiscint - más i gcomhair síneadh ama atá an tairiscint, ní mór go gcuimsítear na bundoiciméid Ard-Chúirte.
 
Má tá an tairiscint le héisteacht Dé Luain, ba chóir duit na trí leabhrán a thaisceadh faoin gCéadaoin roimh an dáta éisteachta. Má tá sí le héisteacht Dé hAoine, ba chóir duit cóip amháin a thaisceadh faoin Máirt roimh an dáta éisteachta.