Liosta de cheisteanna coitianta faoi shíneadh ama chun achomharc a thaisceadh    
  
  
  
      Is gá duit d'fhógra achomhairc a thaisceadh le dleacht stampála chúirte (court stamp duty) – €250.00 faoi láthair.
Is gá duit dleacht stampála chúirte (court stamp duty) – €60.00 faoi láthair – a bheith stampáilte ar an bhfógra foriarratais agus €20.00 ar an mionnscríbhinn forais.
Ar dtús, ba chóir duit toil a iarraidh ar an taobh eile chun d'fhógra achomhairc a chur isteach go déanach. Mura dtoileoidh siad, beidh siad seo a leanas uait:
- fógra foriarratais
 - mionnscríbhinn forais
 - cóip de d'fhógra achomhairc beartaithe (gan dleacht stampála chúirte)
 - bunchóip fhianaithe den ordú Ard-Chúirte atá le hachomharc.
 
Beidh ort leabhrán tairisceana a thaisceadh roimh an dáta a tugadh le haghaidh éisteacht na tairisceana.