CC31
CC31
Seachadadh Digiteach - Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh
Déanaimse, Patricia Ryan, Uachtarán na Cúirte Cuarda, tar éis dul i gcomhairle le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 22(17) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, agus le hOrdú 11A, riail 12 de Rialacha na Cúirte Cuarda ar mhaithe le riaradh an cheartais agus le cinneadh imeachtaí ar bhealach atá cóir, gasta agus ar dóigh dó costas na n-imeachtaí sin a íoslaghdú, a ordú i ndáil le riaradh imeachtaí mar a leanas:
- Le héifeacht ón 4ú lá de Nollaig 2025, údaraím úsáid seachadta dhigitigh (mar a shainmhínítear sna Rialacha Cúirte Cuarda) sna himeachtaí seo a leanas sa Chúirt Chuarda.
Catagóir nó aicme imeachtaí Imeachtaí a thionscnaítear le Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh Cuarda nó Contaetha lena mbaineann Gach Cuaird
- Tá seachadadh digiteach údaraithe faoi réir na feidhmiúlachta atá ar fáil ó am go ham ar thairseach dhigiteach na gCúirteanna (is é sin, an “líonra” dá dtagraítear in Ordú 11A, riail 1 de Rialacha na Cúirte Cuarda).
- Tagann an treoir seo in ionad Threoir Chleachtais CC30.
Arna dhátú an 28ú lá seo de Shamhain 2025
Patricia Ryan
Uachtarán na Cúirte Cuarda
Circuit Court