CC19
CC19
Cara McKenzie
Cúnamh do dhlíthithe go pearsanta
- Féadfaidh dlíthithe cabhair réasúnta a fháil ó thuata, ar a dtugtar “cara McKenzie” uaireanta. Fanann dlíthithe a fhaigheann cúnamh ó Chairde McKenzie ina ndlíthithe go pearsanta. Níl aon cheart neamhspleách ag Cairde McKenzie cúnamh a sholáthar. Níl aon cheart éisteachta acu, nó aon cheart feidhmiú mar abhcóidí nó tabhairt faoin riaradh dlíthíochta. Níl aon teidlíocht acu ar íocaíocht as a gcuid seirbhísí.
- Sa chúirt féadfaidh Cairde McKenzie:-
- tacaíocht mhorálta a thabhairt do dhlíthithe;
- nótaí a thógáil;
- cuidiú le cáspháipéir, faoi réir mhír 6 thíos;
- comhairle a thabhairt go ciúin ar ghné ar bith maidir le riaradh an cháis.
- Ní fhéadfaidh Cairde McKenzie:-
- an chúirt a aitheasc, aighneachtaí ó bhéal a dhéanamh nó finnéithe a cheistiú nó aon dlíthíocht eile a dhéanamh. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh cúirt cead a thabhairt do chara McKenzie an chúirt a aitheasc. Is annamh a bheidh imthosca den sórt sin ann;
- aon íocaíocht a fháil as a gcuid seirbhísí;
- feidhmiú mar ghníomhaire dlíthithe maidir leis na himeachtaí;
- cásanna dlíthithe a bhainistiú taobh amuigh den chúirt, mar shampla trí dhoiciméid cúirte a shíneadh.
- Cé go bhféadfadh dlíthithe cúnamh réasúnta a fháil ó Chairde McKenzie, coinníonn an chúirt an chumhacht diúltú cead a thabhairt cúnamh den sórt sin a fháil. Féadfaidh an chúirt é sin a dhéanamh i gcás ina bhfuil sí sásta nach gá aon dlíthí cúnamh den sórt sin a fháil ar mhaithe leis an gceartas agus leis an gcothroime. I gcás ina dtugann an chúirt cead do dhlíthí cabhair a fháil ó Chara McKenzie, féadfaidh sí an bealach ina gcuirtear cúnamh ar fáil a rialú. Féadfaidh an chúirt an cead seo a aistarraingt má mheasann sí go bhfuil an Cara McKenzie ag cur bac ar riaradh an cheartais. Má iarrann an chúirt é, ní mór do Chara McKenzie a (h)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála a sholáthar.
- Ní fhéadfaidh ach Cara McKenzie amháin cabhrú le dlíthí sa chúirt.
- Dírítear aird dlíthithe agus Cairde McKenzie beartaithe ar fhorálacha Alt 58 den Acht Aturnaetha, 1954, arna leasú, lena bhfágtar gur cion coiriúil é do dhuine neamhcháilithe, mar a shainaithnítear san Acht sin é, doiciméad a tharraingt nó a ullmhú a bhaineann, inter alia, le haon imeacht dlí go díreach nó go hindíreach le haghaidh nó sa tuiscint go bhfaighfear táille, sochar nó duais ar bith.
- Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 1 Deireadh Fómhair, 2017.
Arna dhátú an 26ú lá seo de Meán Fómhair 2017
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda
Circuit Court