Tógadh an teach cúirte, struchtúr dhá stór sna 1830í.
De réir na dtaifead, athraíodh an spás forhalla sna 1880í nuair a cuireadh áiléar céimithe crua-adhmaid gona bhinsí feistithe leis le go soláthrófaí áiléar poiblí. Chuathas isteach anseo ón spás cruinnithe reatha san fhorhalla.
Tosaíodh ar athnuachan agus athchóiriú an tí cúirte i Meán Fómhair 2001. I measc na cóiríochta a cuireadh leis bhí seomraí comhairliúcháin, seomra do ghairmithe dlí agus athdheisíodh an seomra giúiré a bhí ann. Athchóiríodh go hiomlán an phríomhaghaidh ar Shráid Uí Mhórdha. Rinneadh an struchtúr ar fad a nua-aoisiú le tabhairt isteach seirbhísí nua meicniúla agus leictreacha. Rinneadh athnuachan, athchóiriú agus athfheistiú iomlán i ngach seomra agus úsáideadh feistithe agus maisithe ardchaighdeáin.
Tacaíonn Teach Cúirte na hInse le Teach Cúirte Chill Rois
![](https://www.courts.ie/sites/default/files/Pic3.jpg)
![](https://www.courts.ie/sites/default/files/%238%23%23_R08.jpg)