Ordú 67

Choimircithe cúirte (seachas mionaoisigh)

I. Réamhráiteach.


1. San Ordú seo:


ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871;


ciallaíonn ‘‘an Breitheamh’’ Uachtarán na hArd-Chúirte, nó an Breitheamh den Ard-Chúirt a mbeidh an dlínse a aistríodh chuig an Ard-Chúirt leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, alt 9 (1), infheidhmithe aige de thuras na huaire;


ciallaíonn ‘‘an Cláraitheoir’’ Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte;


ciallaíonn ‘‘an Oifig’’ Oifig na gCoimircithe Cúirte;


ciallaíonn ‘‘an tAturnae Ginearálta’’ an tAturnae Ginearálta do mhionaoisigh agus do choimircithe Cúirte;


ciallaíonn ‘‘fiosraitheoir’’ fiosraitheoir i ngealtacht, cibé acu is liafhiosraitheoir, dlífhiosraitheoir nó fiosraitheoir eile é;


ciallaíonn ‘‘freagróir’’ duine a mbeidh líomhnaithe é a bheith ina dhuine mímheabhrach agus éagumasach ar a phearsa nó a mhaoin a bhainistiú agus a mbeidh achainí le haghaidh fiosrúcháin tíolactha ina leith, nó a mbeidh ordaithe ina leith go seasfadh tuarascáil ó fhiosraitheoirí agus go saothrófaí imeachtaí uirthi mar achainí, ach nach mbeifear tar éis coimircí a dhéanamh de, agus folaíonn sé, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, duine a mbeidh ordú á lorg ina leith faoi alt 68, alt 70 nó alt 103 den Acht;


ciallaíonn ‘‘coimircí’’ duine a mbeidh dearbhaithe é a bheith ina dhuine mímheabhrach agus éagumasach ar a phearsa nó a mhaoin a bhainistiú, agus folaíonn sé, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, duine a mbeidh ordú déanta ina leith, nó i leith a chuid maoine, faoi alt 68 nó alt 70 den Acht, maille le coimirí sealadach;


ciallaíonn ‘‘coimirí sealadach’’ duine lagmheabhrach a bheidh éagumasach go sealadach ar a ghnóthaí a bhainistiú agus a mbeidh ordú déanta ina leith faoi alt 103 den Acht;


ciallóidh agus folóidh ‘‘neasghaol’’, nuair a úsáidtear é i ndáil le freagróir nó coimircí atá beo, an duine nó na daoine a bheadh, dá mbeadh an freagróir nó an coimircí sin marbh agus ina dhíthiomnóir in alt na huaire, i dteideal a eastáit faoin Acht Comharbais, 1965.


Is iad na foirmeacha atá leagtha amach i bhFoscríbhinn K na foirmeacha dá dtagraítear faoi seach agus is iad a úsáidfear i gcás inarb infheidhme.


2. (i) I gcás ina dtionscnófar aon imeachtaí faoin Acht, nó faoi dhlínse eile i ngealtacht de chuid na Cúirte, i leith aon duine a mbeidh líomhnaithe é a bheith ina dhuine mímheabhrach, nó ina dhuine lagmheabhrach, gairfear ‘‘an freagróir’’ den duine sin, agus tabharfar ‘‘an freagróir’’ mar thuairisc air, i dteideal na n-imeachtaí sin agus sna foirmeacha go léir a úsáidfear iontu, mura rud é go dtiocfaidh sé agus, go dtí go dtiocfaidh sé, chun bheith ina choimircí.


(ii) I gcás ina mbeidh dearbhaithe gur duine mímheabhrach agus éagumasach ar a phearsa nó a mhaoin a bhainistiú aon duine, nó i gcás, faoi fhorálacha alt 68 nó alt 70 den Acht, ina mbeidh ordú déanta ag an mBreitheamh ionas go gcuirfí a chuid maoine, nó an t-ioncam aisti, ar fáil chun é a chothabháil nó chun tairbhe dó nó chun a thrádáil nó a ghnó a sheoladh, gairfear ‘‘coimircí Cúirte’’ de ina dhiaidh sin sna himeachtaí uile ina dhiaidh sin a bhainfidh leis, agus tabharfar sin mar thuairisc air i dteideal na n-imeachtaí sin agus sna foirmeacha go léir a úsáidfear iontu.


(iii) Más rud é, faoi fhorálacha alt 103 den Acht, go mbeidh caomhnóir ceaptha ar phearsa agus ar mhaoin, nó ar mhaoin, duine lagmheabhraigh ag an mBreitheamh, gairfear ‘‘coimircí Cúirte sealadach’’ den duine sin ina dhiaidh sin sna himeachtaí go léir ina dhiaidh sin a bhainfidh leis, agus tabharfar sin mar thuairisc air i dteideal na n-imeachtaí sin agus sna foirmeacha go léir a úsáidfear iontu.


3. (i) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Acht nó leis an Ordú seo is le hachainí, a bheidh le síniú ag an achainíoch agus le fianú ag a aturnae, a dhéanfar gach iarratas tionscnaimh chun an Bhreithimh chun go bhfeidhmeodh sé gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó leis an Acht nó ar shlí eile, nó a bheidh aige, i leith phearsana nó mhaoin daoine lagmheabhracha nó mímheabhracha.


(ii) Faoi réir fho-riail (iii) den riail seo, is le foriarratas, a mbeidh mionnscríbhinn mar thaca leis, i gcás inar gá sin, a dhéanfar gach iarratas chun an Bhreithimh in ábhar a bheidh ar marthain.


(iii) Maidir le hiarratais in ábhar a bheidh ar marthain—

(a) chun ordachán in ordú roimhe sin a urscaoileadh nó a mhodhnú;
(b) chun airgead a thaisceadh sa Chúirt nó chun urrúis a aistriú isteach sa Chúirt;

(c) chun suim a íoc as cistí sa Chúirt le go mbeadh an cúramaí ar eastát coimircí acmhainneach nó chun costais nó fiacha eile de chuid an choimircí a íoc;

(d) chun an coimircí a aistriú ó áit chónaithe nó choinneála amháin go dtí áit chónaithe nó choinneála eile;

(e) chun cúramaí nua a cheapadh ar chúramaí d’fháil bháis nó do scor;

(f) chun cead a thabhairt don churamaí a aturnae a athrú;


agus maidir le cibé iarratais eile a ordóidh an Cláraitheoir, féadfar iad a dhéanamh trí ráiteas neamh-mhionnaithe agus iarratas a chomhdú, ach féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar an iarratasóir tuilleadh fianaise a chur isteach, le mionnscríbhinn nó eile, mar thaca leis an iarratas. Tar éis an ráiteas agus an t-iarratas agus fianaise bhreise (más ann) a bhreithniú, (i) ullmhóidh an Cláraitheoir dréacht den ordú ar dóigh leis gur chóir é a dhéanamh agus cuirfidh sé an t-iarratas faoi bhráid an Bhreithimh i ndlísheomra chun ordú nó ordacháin a fháil uaidh, nó (ii) diúltóidh sé déanamh amhlaidh, agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus air sin féadfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a thabhairt os comhair an Bhreithimh le foriarratas.


(iv) Taiscfear gach achainí san Oifig, agus comhdóidh an Cláraitheoir í agus, nuair a éileofar sin, ullmhóidh sé cóipeanna le haghaidh úsáid na bpáirtithe.


II. Imeachtaí le hachainí um fhiosrúchán, nó ar thuarascáil a mbeidh ordaithe go seasfadh sí mar achainí.

4. (i) In achainí á impí go ndéanfar fiosrúchán i dtaobh aon duine a bheith slánmheabhrach nó mímheabhrach luafar:—

(a) ainm, creideamh, aois agus tuairisc an fhreagróra agus cibé acu é a bheith pósta nó gan a bheith pósta;
(b) ainmneacha, creideamh, tuairiscí agus áiteanna cónaithe a neasghaolta agus an duine nó na ndaoine ar ina theach nó ina dteach, nó faoina chúram nó faoina gcúram, a bheidh cónaí air de thuras na huaire, nó a bheidh cónaí tar éis bheith air ar feadh an dá mhí dhéag roimhe sin (chomh fada agus is féidir leis an achainíoch a fhionnadh);

(c) cineál agus méid a mhaoine agus a fhiach;

(d) ainm, creideamh, seoladh agus tuairisc an achainígh, agus a údarás chun an achainí a thíolacadh;


(ii) beidh gealltanas ón achainíoch san achainí freisin go n-íocfaidh sé, i gcás ina ndéanfar an achainí a dhíbhe nó nach rachfar ar aghaidh léi, costais nó caiteachais aon fhiosraithe ar an bhfreagróir nó na costais nó na caiteachais a bhainfidh ar dhóigh eile leis an bhfiosrúchán os comhair na Cúirte.


(iii) beidh mionnscríbhinní ó bheirt lia-chleachtóir chláraithe mar thaca leis an achainí agus fíorófar í le mionnscríbhinn ón achainíoch.


(iv) Féadfaidh an achainí a bheith i bhFoirm Uimh. 2, agus féadfaidh an mhionnscríbhinn ón achainíoch a bheith i bhFoirm Uimh. 3.


(v) Cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara cóipeanna fianaithe den achainí a ullmhú lena seirbheáil ar an bhfreagróir.


5. Cuirfidh an Cláraitheoir faoi bhráid an Bhreithimh gach achainí á impí fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh aon duine a bheith slánmheabhrach nó mímheabhrach, agus gach tuarascáil ó fhiosraitheoir faoi Alt 11 den Acht.


6. Nuair a chuirfear achainí nó tuarascáil faoi bhráid an Bhreithimh mar a dúradh, féadfaidh sé ordú a dhéanamh le haghaidh fiosrúcháin agus a ordú an ndéanfar fógra faoin achainí nó faoin tuarascáil agus faoin ordú le haghaidh fiosrúcháin a sheirbheáil ar aon duine de bhreis ar an bhfreagróir; agus, má tá seirbheáil le déanamh, cé air.


7. Déanfar fógra faoi gach achainí agus tuarascáil den sórt sin, agus faoin ordú le haghaidh fiosrúcháin, a thabhairt don fhreagróir sa tslí agus san fhoirm a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, agus do cibé duine eile a ordóidh an Breitheamh.


8. Is trí chóip fhianaithe den achainí agus fógra formhuinithe uirthi, arna shíniú ag an achainíoch nó ag a aturnae i bhFoirm Uimh. 4, a sheirbheáil ar an bhfreagróir a thabharfar an fógra do fhreagróir faoi thíolacadh na hachainí agus an ordaithe le haghaidh fiosrúcháin.


9. Is i bhFoirm Uimh. 5 a bheidh fógra do fhreagróir faoi thuarascáil agus ordú faoi alt 12 (nó alt 22) den Acht.


III. I gcás an fiosrúchán a bheith os comhair giúiré.


10. Féadfaidh an fógra a údaraítear le halt 13 den Acht do fhreagróir a thabhairt le giúiré a éileamh a bheith i bhFoirm Uimh. 6.


11. Déanfaidh an freagróir nó a aturnae an fógra éilithe giúiré a tharchur chuig an gCláraitheoir laistigh de sheacht lá tar éis an fógra dá dtagraítear i riail 7 a sheirbheáil ar an bhfreagróir.


12. Ar aon fhógra den sórt sin a fháil déanfaidh an Cláraitheoir é a chomhdú láithreach agus an achainí nó an tuarascáil, de réir mar a bheidh, a chur síos le haghaidh ordachán ón mBreitheamh. Má cheanglaíonn an Breitheamh é, éileoidh an Cláraitheoir, le litir arna díriú chuig an bhfreagróir nó chuig a aturnae, ar an bhfreagróir freastal os comhair an Bhreithimh lena cheistiú go pearsanta. Déanfaidh an t-achainíoch nó a aturnae, nó an t-aturnae ar a mbeidh cúram na tuarascála, fógra i bhFoirm Uimh. 7 a sheirbheáil láithreach ar aturnae fianaithe an fhreagróra á rá an achainí nó an tuarascáil a bheith curtha síos le haghaidh ordachán agus (más amhlaidh a bheidh) é a bheith éilithe ar an bhfreagróir freastal go pearsanta os comhair an Bhreithimh. I gcás ina gceanglóidh an Breitheamh ar an bhfreagróir freastal déanfaidh an duine a mbeidh sé ina chónaí leis é a thabhairt ar aird lena cheistiú go pearsanta mura ndeimhneoidh lia-chleachtóir cláraithe é gan a bheith ar a chumas go fisiciúil freastal.


13. I gcás ina n-ordóidh an Breitheamh go ndéanfar agus go luathófar an fiosrúchán os comhair giúiré féadfaidh sé ordacháin bhreise a thabhairt i dtaobh gach ábhair nó aon ábhair díobh seo a leanas, eadhon, i dtaobh coimisiún de lunatico inquirendo a eisiúint; i dtaobh am, ionad agus mhodh an fhiosrúcháin; i dtaobh fhoirm na saincheisteanna a bheidh le cur faoi bhráid an ghiúiré; agus i dtaobh mhodh nós imeachta agus sheoladh ginearálta an fhiosrúcháin.


14. I gcás ina ndéanfar an fiosrúchán faoi choimisiún de lunatico inquirendo, ansin, faoi réir aon ordachán speisialta a thabharfaidh an Breitheamh, seolfar é de réir an chleachtais agus an nóis imeachta a leanadh go dtí seo ar fhiosrúchán faoi choimisiún den sórt sin a dhéanamh.


15. I gcás ina ndéanfar an fiosrúchán ar shlí seachas faoi choimisiún den sórt sin, ansin, faoi réir aon ordachán speisialta a thabharfaidh an Breitheamh, seolfar an fiosrúchán de réir an chleachtais agus an nóis imeachta is gnách agus saincheist fíorais á triail ag Breitheamh maille le giúiré. Ar an bhfiosrúchán a bheith curtha i gcrích, deimhneoidh cláraitheoir na cúirte a mbeidh an fiosrúchán déanta os a comhair toradh an fhiosrúcháin agus tarchuirfidh sé a dheimhniú, mar aon le páipéar na saincheiste agus gach foilseán agus taifead, chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.


16. I gcás ina measfaidh an Breitheamh, d’ainneoin nach mbeidh giúiré éilithe ag an bhfreagróir, gur gá nó gur fóirsteanach go ndéanfaí an fiosrúchán os comhair giúiré, déanfaidh sé é sin a ordú le hordú, agus air sin beidh feidhm ag forálacha rialacha 13, 14 agus 15.


IV. I gcás an fiosrúchán a bheith gan ghiúiré.


17. I gcás nach n-ordóidh an Breitheamh an fiosrúchán a dhéanamh os comhair giúiré déanfaidh sé an fiosrúchán é féin.


18. I gcás inar mian leis an bhfreagróir, gan giúiré a éileamh, cur i gcoinne aon fhiosrúchán a bheith ann, nó i gcoinne aon dearbhú a dhéanamh á dhearbhú é a bheith ina dhuine mímheabhrach agus éagumasach ar a phearsa nó a mhaoin a bhainistiú, déanfaidh sé, laistigh de sheacht lá tar éis an fógra dá dtagraítear i riail 7 a sheirbheáil air, fógra i bhFoirm Uimh. 6 a tharchur chuig an gCláraitheoir.


19. I gcás nach n-éileoidh an freagróir giúiré nó i gcás, cé go mbeidh giúiré éilithe aige, gur deimhin leis an mBreitheamh trí cheistiú a dhéanamh go pearsanta é gan a bheith inniúil, ó thaobh meabhrach de, mian a thabhairt d’fhiosrúchán os comhair giúiré agus an mhian sin a shainiú, déanfaidh an Cláraitheoir, ar chóipeanna fianaithe de mhionnscríbhinní cuísheirbheála an fhógra faoin achainí nó faoin tuarascáil, maille leis an ordú le haghaidh fiosrúcháin ina leith, a thabhairt ar aird, an fiosrúchán a chur síos lena éisteacht ag an mBreitheamh a luaithe is indéanta tar éis dháta seirbheála an fhógra ar an duine is deireanaí a mbeidh an fógra sin seirbheáilte air.


20. (i) Gach fiosrúchán os comhair an Bhreithimh gan ghiúiré, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, éistfear é ar fhianaise le mionnscríbhinn.


(ii) Déanfar gach mionnscríbhinn a bheidh le húsáid maidir leis an bhfiosrúchán a chomhdú san Oifig dhá lá glan roimh an lá dá mbeidh an achainí nó an tuarascáil, de réir mar a bheidh, curtha síos lena héisteacht os comhair an Bhreithimh.


V. Imeachtaí faoi ailt 68 agus 70 den Acht.


21. (i) In achainí de bhun alt 68 den Acht luafar:—

(a) ainm, creideamh, aois agus tuairisc an fhreagróra agus cibé acu é a bheith pósta nó gan a bheith pósta;
(b) ainmneacha, creideamh agus áiteanna cónaithe a neasghaolta agus an duine nó na ndaoine ar ina theach nó ina dteach, nó faoina chúram nó faoina gcúram, a bheidh cónaí air de thuras na huaire, nó a mbeidh cónaí tar éis bheith air sa dá mhí dhéag roimhe sin (chomh fada agus is féidir leis an achainíoch a fhionnadh);

(c) méid agus cineál a mhaoine agus a fhiach;

(d) ainmneacha agus aoiseanna na ndaoine dá theaghlach a bheidh i gcleithiúnas air;

(e) nach mó ná £5,000 luach a mhaoine nó nach mó ná £300 sa bhliain an t-ioncam aisti.


(ii) Beidh mionnscríbhinn nó deimhniú ó lia-chleachtóir cláraithe mar thaca leis an achainí.


(iii) Is i bhFoirm Uimh. 8 a bheidh an achainí.


22. Is i bhFoirm Uimh. 9 a bheidh achainí de bhun alt 70 den Acht agus, i dteannta na n-ábhar a luaitear i riail 21 a bheith luaite inti, beidh ráiteas inti ina mbeidh an fíorasc nó an cinneadh i dtaobh ghealtacht an fhreagróra agus i dtaobh é a bheith fós faoi ghaibhniú. Beidh mionnscríbhinn nó deimhniú ó lia-chleachtóir cláraithe i dtaobh é a bheith ar gealtacht i gcónaí mar thaca leis an achainí.


23. Is trí chóip fhianaithe den achainí, le fógra i bhFoirm Uimh. 10 formhuinithe uirthi, arna shíniú ag an achainíoch nó ag a aturnae, a sheirbheáil ar an bhfreagróir go pearsanta a thabharfar an fógra dó faoin iarratas ar ordú de bhun ceachtar de na hailt sin.


24. Féadfaidh an freagróir, le fógra, cur i gcoinne aon ordú a dhéanamh ar an achainí. Síneoidh sé an fógra sin agus tarchuirfidh seisean nó a aturnae é chuig an gCláraitheoir laistigh de sheacht lá tar éis an fógra dá dtagraítear i riail 23 a sheirbheáil air. Féadfaidh an fógra sin a bheith i bhFoirm Uimh. 14.


25. Má dhealraíonn sé don Chláraitheoir an fhianaise a bheidh mar thaca le hachainí faoi alt 68 den Acht a bheith neamhchinnte nó míshásúil ar shlí eile, féadfaidh sé an tuarascáil ó dhuine de na liafhiosraitheoirí a fháil lena cur faoi bhráid an Bhreithimh.


26. I gcás ina gcuirfidh an freagróir, le fógra mar a dúradh, i gcoinne ordú a dhéanamh, nó i gcás ina gcuirfidh aon duine a mbeidh fógra faoi achainí aige in aghaidh impí na hachainí, beidh sé de dhualgas ar an gCláraitheoir, i gcás nach mbeidh tuarascáil ón liafhiosraitheoir faighte aige cheana féin, a ordú do dhuine de na liafhiosraitheoirí an freagróir a fhiosrú agus tuarascáil a thabhairt mar atá faoi alt 11 den Acht.


27. A luaithe is indéanta tar éis seacht lá a bheith caite ó dháta seirbheála an fhógra dá dtagraítear i riail 23 déanfaidh an Cláraitheoir an achainí, maille leis an bhfianaise mar thaca léi, an mhionnscríbhinn seirbheála dá dtagraítear i riail 95, an fógra agóide (más ann) agus an tuarascáil ón liafhiosraitheoir (más ann) a chur faoi bhráid an Bhreithimh.


28. Féadfaidh an Breitheamh, ar an achainí agus na doiciméid eile a bhreithniú, ordú a dhéanamh ina leith, gan abhcóide, aturnae, nó páirtithe a bheith ag freastal, nó a ordú an achainí a chur síos lena héisteacht, nó féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur chuig an gCláraitheoir chun aon fhiosrúchán áirithe a dhéanamh i dtaobh aon ábhair lena mbainfidh an achainí.


29. I gcás ina ndearbhóidh an Breitheamh, nuair a bheidh an achainí á héisteacht, é a bheith suite chun a shástachta an freagróir a bheith ina dhuine mímheabhrach agus éagumasach ar a ghnóthaí a bhainistiú féadfaidh sé a ordú don Chláraitheoir na hábhair seo a leanas a fhiosrú agus tuarascáil a thabhairt ina dtaobh, eadhon:- cineál na gealtachta a bheidh ar an gcoimircí; a mhaoin; méid a ioncaim; cad ba cheart a cheadú lena chothabháil, agus as cén ciste; cé leis ar cheart an liúntas sin a íoc; cé ba cheart a bheith ina chúramaí ar a phearsa, agus ar a mhaoin; agus aon ábhair iomchuí eile; agus, d’fhonn staid mheabhrach an choimircí a fhiosrú, féadfaidh an Cláraitheoir, má mheasann sé gur gá é, a ordú do dhuine de na liafhiosraitheoirí an coimircí a fhiosrú agus tuarascáil a thabhairt i dtaobh a staide.


30. I gcás ina ndealróidh sé don Chláraitheoir nach mó ná £5,000 luach maoine duine a mbeidh líomhnaithe é a bheith ina dhuine mímheabhrach, nó nach mó ná £300 an t-ioncam bliantúil as an maoin sin, agus gurb inmhianaithe ordú a dhéanamh de bhun alt 68 den Acht ina leith, ansin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(a) féadfar iarratas de bhun an ailt sin a dhéanamh i cibé slí is cuí leis an gCláraitheoir, agus gan achainí a thíolacadh;
(b) gheobhaidh an Cláraitheoir tuarascáil ó dhuine de na liafhiosraitheoirí i dtaobh staid mheabhrach an fhreagróra;

(c) má dhealraíonn sé ón tuarascáil an freagróir a bheith ina dhuine mímheabhrach agus éagumasach ar a ghnóthaí a bhainistiú, cuirfidh an Cláraitheoir cúram na n-imeachtaí ar an Aturnae Ginearálta nó ar cibé aturnae eile is cuí leis, agus ordóidh sé don aturnae sin fógra a sheirbheáil ar an bhfreagróir i bhFoirm Uimh. 11 i dtaobh an iarratais agus na tuarascála sin;

(d) féadfaidh an freagróir cur i gcoinne aon ordú a dhéanamh ar an iarratas le fógra i bhFoirm Uimh. 14, a shíneoidh sé, agus a tharchuirfidh seisean nó a aturnae chuig an gCláraitheoir laistigh de sheacht lá tar éis an fógra dá dtagraítear i mír (c) a sheirbheáil air;

(e) a luaithe is indéanta tar éis seacht lá a bheith caite ó dháta seirbheála an fhógra dá dtagraítear i mír (c), déanfaidh an Cláraitheoir an tuarascáil ón liafhiosraitheoir, cibé fianaise a bheidh ar fáil maidir leis an bhfreagróir, a mhaoin agus a ghnóthaí, mionnscríbhinn seirbheála an fhógra sin air agus an fógra agóide (más ann) a chur faoi bhráid an Bhreithimh;

(f) féadfaidh an Breitheamh, ar na doiciméid sin a bhreithniú, ordú a dhéanamh de bhun an ailt sin, gan abhcóide, aturnae nó páirtithe a bheith ag freastal, nó a ordú an t-iarratas a chur síos lena éisteacht, nó féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur chuig an gCláraitheoir chun aon fhiosrúchán áirithe a dhéanamh.

VI. Imeachtaí faoi alt 103 den Acht.


31. Is le hachainí a dhéanfar iarratais de bhun alt 103 den Acht agus déanfaidh an t-achainíoch í a shíniú agus a fhíorú agus fianóidh aturnae í. Beidh cóip chóir ag gabháil leis an achainí a mbeidh deimhnithe ag an aturnae í a bheith ina cóip dhílis. Is i bhFoirm Uimh. 12 a bheidh an achainí agus luafar inti:—

(a) ainm, creideamh, aois agus tuairisc an fhreagróra agus cibé acu é a bheith pósta nó gan a bheith pósta;
(b) ainmneacha, tuairiscí, creideamh agus áiteanna cónaithe a neasghaolta;

(c) ainmneacha, tuairiscí, creideamh agus áiteanna cónaithe an duine nó na ndaoine ar ina theach nó ina dteach, nó faoina chúram nó faoin gcúram, a bheidh cónaí air de thuras na huaire nó a mbeidh cónaí tar éis bheith air ar feadh na míosa roimhe sin;

(d) cineál agus méid a mhaoine, maille le glanmhéid chorp na maoine sin nó an luach glan a mheasfar dó, agus an t-ioncam glan aisti is inchurtha i leith a chothabhála agus a ghnáthchaiteachais; nó, i gcás nach féidir é sin a thabhairt go beacht, an meastachán nó an garmheastachán is gaire dó is féidir leis an achainíoch a thabhairt;

(e) an cineál breoiteachta nó díobhála trína mbeidh an freagróir éagumasach go sealadach ar a ghnóthaí a bhainistiú agus tearmann ón gCúirt a bheith ag teastáil uaidh agus an fad is dóigh a mhairfidh an bhreoiteacht sin, nó iarmhairtí na díobhála sin;

(f) an fáth ar gá nó ar fóirsteanach don fhreagróir go ndéanfaí iarratas faoi alt 103 den Acht;

(g) ainm, áit chónaithe, creideamh, tuairisc agus slí bheatha an duine a mbeidh beartaithe é a cheapadh mar chaomhnóir ar phearsa agus ar mhaoin an fhreagróra;

(h) ainm agus áit chláraithe ghnó aturnae ar féidir fógraí san ábhar a sheirbheáil air.


32. Beidh gealltanas san achainí, ar thaobh an achainígh, go ndéanfaidh sé, má dhíbhtear an achainí nó mura rachfar ar aghaidh léi, costais nó caiteachais aon fhiosraithe ar an bhfreagróir a dhéanfaidh aon fhiosraitheoir roimh an bhfiosrúchán os comhair an Bhreithimh, nó a bhainfidh leis an bhfiosrúchán sin, a íoc.


33. Beidh dhá dheimhniú ag gabháil leis an achainí agus gach ceann acu sínithe ag lia-chleachtóir cláraithe á dheimhniú an freagróir a bheith ina dhuine lagmheabhrach agus éagumasach go sealadach ar a ghnóthaí a bhainistiú. Luafar i ngach deimhniú cineál an éagumais sin, an chúis a bheidh leis agus an fad is dóigh a mhairfidh an t-éagumas.


34. Beidh gealltanas i scríbhinn ag gabháil leis an achainí, freisin, arna shíniú ag an duine a mbeidh beartaithe é a cheapadh mar chaomhnóir, á ghealladh go ngníomhóidh sé mar chaomhnóir den sórt sin agus go bhforghníomhóidh sé banna, i cibé suim is cuí leis an gCláraitheoir, go gcomhlíonfaidh sé go cuí a dhualgas mar chaomhnóir den sórt sin.


35. Is trí chóip fhianaithe den achainí, le fógra formhuinithe uirthi, arna shíniú ag an achainíoch nó ag a aturnae, i bhFoirm Uimh. 13, a sheirbheáil ar an bhfreagróir a thabharfar fógra dó faoi thíolacadh na hachainí.


36. Féadfaidh an freagróir, le fógra, cur i gcoinne aon ordú a dhéanamh chun caomhnóir a cheapadh. Ní foláir an fógra sin a bheith sínithe aige, a bheith fianaithe ag a aturnae, agus a bheith tarchurtha chuig an gCláraitheoir laistigh de cheithre lá tar éis fhiosrú an liafhiosraitheora, mar a fhoráiltear i riail 37. Féadfaidh an fógra agóide a bheith i bhFoirm Uimh. 14.


37. Díreach tar éis don Chláraitheoir an achainí agus an chóip fhianaithe di, mar aon le mionnscríbhinn seirbheála an fhógra faoin achainí, a fháil, tarchuirfidh sé an chóip chuig duine de na fiosraitheoirí le hordacháin á ordú an freagróir a fhiosrú láithreach agus a fhionnadh an ábhar cuí é le haghaidh fheidhmiú fhorálacha an Achta i dtaobh daoine atá ina ndaoine lagmheabhracha agus atá éagumasach go sealadach ar a ngnóthaí a bhainistú, maille lena mhéid a bheidh sé i gcumas cineál agus éifeacht na n-imeachtaí a bheifear tar éis a thionscnamh chun a mhaoin a chosaint a thuiscint, agus, i gcoitinne, staid a mheabhrach a fhionnadh. Míneoidh an fiosraitheoir don fhreagróir gur ceart dó, más mian leis cur i gcoinne na n-imeachtaí, fógra a thabhairt laistigh de cheithre lá don Chláraitheoir faoina agóid. Déanfaidh an fiosraitheoir a thuairim maidir leis na nithe réamhráite, agus na nithe a bheidh luaite san achainí, a chur in iúl láithreach don Chláraitheoir, chomh maith lena thuairim maidir le cibé acu an éagumas de chineál sealadach é éagumas (más ann) an fhreagróra agus, más amhlaidh dó, maidir leis an bhfad is dóigh a mhairfidh an t-éagumas.


38. (i) Tar éis do shé lá glan a bheith caite ó dháta fála na tuarascála ón bhfiosraitheoir déanfaidh an Cláraitheoir an achainí, an fógra ina thaobh sin a bheifear tar éis a sheirbheáil ar an bhfreagróir agus an mhionnscríbhinn seirbheála, na deimhnithe liachta, an fógra agóide (más ann), an tuarascáil ón bhfiosraitheoir, agus aon fhianaise a bheidh ar fáil i dtaobh an fhreagróra nó a ghnóthaí, a chur faoi bhreithniú an Bhreithimh.


(ii) Féadfaidh an Breitheamh, gan abhcóide, aturnaetha nó páirtithe a bheith ag freastal, cibé ordú faoi fhorálacha alt 103 den Acht is fóirsteanach leis a dhéanamh, nó féadfaidh sé a ordú an achainí a chur síos lena héisteacht nó an t-ábhar a tharchur chuig an gCláraitheoir lena fhiosrú.


(iii) I gcás ina gcuirfear an achainí síos lena héisteacht tabharfaidh an Cláraitheoir fógra do na páirtithe nó dá n-aturnaetha, leis an ngnáthphost réamhíoctha, faoi lá agus tráth na héisteachta. Seolfar an éisteacht i gcúirt iata.


39. Nuair a bheidh ordú déanta faoi alt 103 den Acht chun caomhnóir ar phearsa agus ar mhaoin an fhreagróra a cheapadh, ordóidh an Cláraitheoir do dhuine de na liafhiosraitheoirí an freagróir a fhiosrú laistigh de mhí roimh dhul in éag don ordú, nó cibé tráthanna agus i cibé slí a bheidh ordaithe ag an mBreitheamh, agus tuarascáil a thabhairt don Bhreitheamh i dtaobh staid choirp agus mheabhrach an fhreagróra. Ar gach tuarascáil den sórt sin a fháil, comhdóidh an Cláraitheoir í agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhreithimh í lena breithniú.


VII. Imeachtaí tar éis ordaithe phríomha arna dhéanamh ar achainí um fhiosrúchán nó ar thuarascáil a mbeidh ordaithe go seasfadh sí mar achainí.


40. Beidh i ngach ordú ag dearbhú duine a bheith ina dhuine mímheabhrach agus éagumasach ar a phearsa nó a mhaoin a bhainistiú, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, ordacháin á ordú go ndéanfaidh an t-achainíoch, nó cibé duine eile a gcuirfidh an Breitheamh, dá rogha féin, cúram na n-imeachtaí ar a iontaoibh, ráiteas fíoras faoi mhionn, maille le tograí chun pearsa agus maoin an choimircí a bhainistiú ina leagfar amach na sonraí seo a leanas, a thaisceadh agus a chomhdú san Oifig laistigh de thréimhse ama a bheidh le sonrú san ordú:—

(a) staid an choimircí;
(b) an cineál meabhairghalair atá air;

(c) cé ba cheart a cheapadh ina churamaí ar a phearsa agus ar a eastát;

(d) a mhaoin agus glanmhéid nó luach measta na maoine sin;

(e) méid a ioncaim chomhláin;

(f) méid a ioncaim ghlain;

(g) cad é an dóigh a raibh sé á chothabháil agus cén costas a bhain leis sin, agus cé a bhí á chothabháil agus cá raibh sé á chothabháil; cad ba cheart a lamháil dá chothabháil san am a caitheadh; an bhfuil aon ní dlite, agus, má tá, cad tá dlite, agus cé dó ina leith sin, agus cé leis ar cheart agus cén ciste as ar cheart é a íoc;

(h) cad ba cheart a lamháil lena chothabháil sa todhchaí, cathain ba cheart don liúntas tosú agus cén ciste as ar cheart é a íoc;

(i) an bhfuil aon chostais le híoc as eastát an choimircí, agus, má tá, cad iad na costais sin agus cé leis ar cheart agus cén ciste as ar cheart iad a íoc;

(j) an bhfuil aon fhiacha dlite den choimircí agus, má tá, cad iad na fiacha sin, agus an bhfuil aon imthosca speisialta ann i dtaobh aon fhéich díobh;

(k) ar cheart glacadóir a cheapadh ar eastát an choimircí;

(l) an eol aon uacht a bheith déanta ag an gcoimircí, agus, más eol sin, cé aige a bhfuil sí ina choimeád.


41. (i) Ar bhreithniú a dhéanamh ar an ráiteas fíoras agus ar na tograí agus, d’fhonn eolas iomlán a thabhairt don Bhreitheamh i dtaobh fhíorais an ábhair agus i dtaobh thorthaí aon fhiosrúchán a bheidh déanta aige, ullmhóidh an Cláraitheoir dréacht-tuarascáil lena cur faoi bhráid an Bhreithimh.


(ii) Féadfaidh an Cláraitheoir fógra faoi imeachtaí san Oifig chun an tuarascáil a shocrú a thabhairt do na páirtithe sin a mbeidh fógra faighte acu faoin achainí thionscnaimh, nó a mbeidh an Breitheamh tar éis a cheadú dóibh freastal ar éisteacht na hachainí sin, nó do cibé daoine eile a mheasfaidh sé i gcúrsa na n-imeachtaí is cuí. Ach amháin mar a dúradh, ní bheidh aon daoine eile i dteideal freastal os comhair an Chláraitheora ar shocrú na tuarascála.


42. Déanfaidh an Cláraitheoir a thuarascáil a tharraingt suas i míreanna ar leith, le gach mír díobh ag plé, a mhéid is indéanta, le cuid ar leithligh den ábhar agus ceannteideal cuí uirthi.


43. Féadfaidh aon pháirtí a bheidh ag freastal os comhair an Chláraitheora ar shocrú na tuarascála cur i gcoinne dhréacht an Chláraitheora trí liosta dá chuid agóidí a chur isteach i scríbhinn. Rialóidh an Cláraitheoir ar gach agóid agus ceadóidh nó dícheadóidh sé í. I gcás ina gceadóidh sé agóid athbhreithneoidh sé a dhréacht dá réir sin. I gcás ina ndícheadófar agóid féadfaidh an t-agóideoir fógra i scríbhinn a chur faoi bhráid an Chláraitheora á rá é a bheith ag seasamh ar an agóid sin. Aon agóid nach seasfar uirthi amhlaidh measfar í a bheith tréigthe.


44. I gcás nach ndéanfar aon agóid in aghaidh na dréachttuarascála, nó i gcás, ar agóidí a bheith déanta, go mbeidh rialaithe orthu chun sástacht na n-agóideoirí nó nach mbeifear ag seasamh orthu, déanfaidh an Cláraitheoir, ar bhreithniú críochnaitheach a dhéanamh ar an ráiteas fíoras agus ar na tograí, ar cibé ábhair a bheidh tugtha os a chomhair ag na páirtithe agus ar aon ábhair iomchuí eile, a thuarascáil a chur faoi bhráid an Bhreithimh, maille le cibé ordacháin iarmhartacha is fóirseanach leis a mholadh.


45. I gcás ina seasfaidh agóideoir, seachas an páirtí ar a mbeidh cúram na n-imeachtaí, ar agóid, iarrfaidh an páirtí ar a mbeidh an cúram go ndaingneofaí an tuarascáil. I gcás ina seasfaidh an páirtí ar a mbeidh an cúram ar agóid, féadfaidh an Cláraitheoir cúram na n-imeachtaí a chur ar an Aturnae Ginearálta agus a ordú dó a iarraidh go ndaingneofaí í.


46. Ní dhéanfaidh aon duine, ach amháin le cead speisialta ó n mBreitheamh, achainí a thíolacadh i gcoinne tuarascáil a dhaingniú. Féadfaidh agóideoir a bheidh ag seasamh ar agóid í a chur faoi bhráid an Bhreithimh lena breithniú ar an iarratas ar dhaingniú a éisteacht.


47. (i) Is le foriarratas, ar fhógra a bheith tugtha do cibé daoine (más ann) a ordóidh an Cláraitheoir nó an Breitheamh, a thabharfar an tuarascáil ón gCláraitheoir os comhair an Bhreithimh, lena daingniú, sna cásanna seo a leanas:—

(a) i gcás ina mbeidh sé sin ordaithe ag an mBreitheamh;
(b) i gcás ina n-ordóidh an Cláraitheoir amhlaidh mar gheall ar chineál nó imthosca speisialta an cháis;

(c) i gcás nach mbeidh rialaithe chun sástacht an agóideora ar agóidí in aghaidh na tuarascála nó i gcás ina mbeidh na hagóidí sin tréigthe;

(d) i gcás ina mbeidh an tuarascáil curtha faoi bhráid an Bhreithimh ag an gCláraitheoir de bhun fhoriail (2), ach nach mbeidh aon fiat tugtha ina leith.


(ii) I gcásanna eile, cuirfidh an Cláraitheoir a thuarascáil faoi bhráid an Bhreithimh, maille leis na hordacháin a bheidh beartaithe a thabhairt nó a dhéanamh de dhroim na tuarascála, agus beidh é ifeacht ordaithe ag fiat an Bhreithimh ina leith i dtéarmaí na n-ordachán sin, faoi réir cibé athraithe (más ann) orthu a dhéanfaidh sé.


(iii) Féadfaidh an Cláraitheoir, in aon chás, an tuarascáil dá dtagraítear sa riail seo a ligean thar ceal agus féadfaidh sé an dréacht den ordú is gá chun éifeacht a thabhairt do thograí chun pearsa agus maoin an choimircí a bhainistiú a chur faoi bhráid an Bhreithimh agus air sin féadfaidh an Breitheamh, gan abhcóide, aturnaetha nó páirtithe a bheith ag freastal, ordú a dhéanamh i dtéarmaí an dréachta sin, le hathrú nó gan athrú.

VIII. An Cláraitheoir.

48. Féadfaidh an Cláraitheoir, i leith gnóthaí coimircí a bhainistiú faoi aon ordú arna dhéanamh ag an mBreitheamh, deimhnithe, tuarascálacha agus rialuithe a dhéanamh agus a eisiúint, agus údaráis agus ordacháin a thabhairt.


49. Féadfaidh an Cláraitheoir, ó thráth go chéile agus de réir mar is fóirsteanach leis, aon fhiosrúchán a dhéanamh agus aon togra a ghlacadh agus a bhreithniú, i dtaobh aon ábhair a bhainfidh le pearsa, maoin nó gnóthaí aon fhreagróra nó aon choimircí, nó lena chothabháil, nó le cothabháil aon duine dá theaghlach, agus tuarascáil a thabhairt air sin don Bhreitheamh. Féadfaidh sé, go háirithe, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh: a fháil amach an bhfuil aon fhiacha dlite den choimircí nach ceart a dhíospóid, agus a bhreithniú ar chóir aon cheann díobh a íoc, agus, más cóir, cé leis ar chóir iad a íoc agus cén mhaoin nó cén ciste as ar chóir iad a íoc; tograí a bhreithniú chun aon fhiach neamhdhíospóidithe den sórt sin a choigeartú agus a shocrú, agus chun aon fhiach nó éileamh díospóidithe i gcoinne eastát an choimircí a chomhréiteach agus a shocrú; a fhiosrú agus a bhreithniú ar ceart aon déileálacha le maoin an fhreagróra nó an choimircí, sular tionscnaíodh imeachtaí nó i ndiaidh a dtionscanta, a scrúdú; tuarascáil nó deimhniú ar leith nó speisialta a thabhairt nó a dhéanamh, nó aon imthoisc a bhainfidh le hábhar tuarascála a shonrú go speisialta de réir mar is cuí leis.


50. Tabharfaidh an Cláraitheoir, de réir aon ordacháin ghinearálta nó speisialta a thabharfaidh an Breitheamh, cuairt go tréimhsiúil ar gach ospidéal meabhairghalar agus foras ina mbeidh cónaí ar choimircí, agus, faoi mar is gá, ar gach coimircí a bheidh faoi chúram príobháideach.


51. (i) Féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar an gcúramaí ar phearsa nó eastát aon choimircí cibé faisnéis a bheidh aige agus a bhainfidh leis an gcoimircí a thabhairt a mheasfaidh an Cláraitheoir is gá, agus féadfaidh sé, más cuí leis é, a cheangal air freastal os a chomhair chun na críche sin.


(ii) Má mheasann an Cláraitheoir moill mhíchuí a bheith ar aon imeachtaí nó ábhar, nó má tá sé míshásta ar shlí eile le stiúradh aon imeachtaí nó ábhair, féadfaidh sé a cheangal ar an bpáirtí ag a mbeidh stiúradh na n-imeachtaí sin nó an ábhair sin, nó ar a aturnae nó ar aon duine eile a dhealróidh a bheith freagrach sa ché anna, freastal os a chomhair agus míniú a thabhairt ar an moill nó ar an stiúradh eile a mbeidh sé míshásta leis, agus air sin féadfaidh sé cibé rialú nó ordachán is cuí leis a dhéanamh nó a thabhairt, agus féadfaidh sé, go háirithe, más cuí leis é, an tAturnae Ginearálta a cheapadh chun gníomhú mar aturnae sna himeachtaí nó san ábhar sin in ionad aon aturnae a bheidh tar éis bheith ag gníomhú go dtí sin. Chun críche na rialach seo, féadfaidh an Cláraitheoir a ordú don Aturnae Ginearálta cibé toghairm, fógra foriarratais nó doiciméad eile a eisiúint is gá agus na himeachtaí fúithi nó faoi a stiúradh agus cibé ordacháin eile a thabharfar a chomhlíonadh.


52. I gcás ina mbeidh an Cláraitheoir den tuairim gur duine mímheabhrach nó lagmheabhrach agus éagumasach ar a phearsa, a mhaoin nó a ghnóthaí a bhainistiú é aon duine, agus go measfaidh sé gur fóirsteanach déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an duine sin, féadfaidh sé a ordú don Aturnae Ginearálta nó do cibé duine eile is cuí leis imeachtaí cuí a thionscnamh faoin Acht i leith an duine sin.


53. Tabharfaidh an Cláraitheoir fógra faoi aon imeacht a bheidh os a chomhair do chúramaí an choimircí agus féadfaidh sé fógra a thabhairt d’aon duine de neasghaolta an choimircí nó d’aon duine a mheasfaidh sé gurb inmhianaithe go bhfreastalódh sé ar mhaithe le leas an choimircí. Ní bheidh aon duine eile i dteideal freastal ar na himeachtaí ach amháin le cead speisialta ón gCláraitheoir.


54. Féadfaidh an Cláraitheoir a ordú go ndéanfaidh páirtithe leithleacha a bheidh tar éis láithriú trí aturnaetha éagsúla láithriú as sin amach tríd an aturnae céanna nó go ndéanfaidh páirtithe leithleacha a bheidh tar éis láithriú tríd an aturnae céanna láithriú as sin amach trí aturnaetha éagsúla. Aon duine a láithreoidh contrártha don ordachán sin, is ar a chostas féin a dhéanfaidh sé amhlaidh mura n-ordófar a mhalairt.


55. Is é an Cláraitheoir a ghlacfaidh gach cuntas ar eastát réadach nó pearsanta.


56. Coimeádfaidh an Cláraitheoir cibé taifid i ndáil le coimircithe a ordóidh an Breitheamh ó thráth go chéile.


IX. Cúramaithe.

57. I gcás inar fóirsteanach leis an mBreitheamh é féadfaidh sé beirt nó níos mó a cheapadh chun bheith ina gcúramaithe ar an eastát nó ar an bpearsa; agus féadfaidh sé a ordú, ar aon duine den sórt sin d’fháil bháis nó a urscaoileadh, go leanfaidh an marthanóir nó na marthanóirí de choimeád agus de chúram an eastáit nó na pearsan, de réir mar a bheidh, a fheidhmiú. Ar chúramaí aonair nó duine amháin de chúramaithe leithleacha in ábhar nach mbeidh aon socrú den sórt a dúradh déanta ann d’fháil bháis nó a urscaoileadh, déanfaidh an Cláraitheoir fiosrú agus tabharfaidh sé tuarascáil don Bhreitheamh i dtaobh cibé acu is gá nó is fóirsteanach nó nach gá nó nach fóirsteanach go ndéanfaí duine éigin a cheapadh nó a chur in ionad an chúramaí éagtha nó urscaoilte, agus más gá nó más fóirsteanach, cé ba cheart a cheapadh.


58. Ní dhéanfar dílseánach ná maor ná príomhdhochtúir an ospidéil nó an fhorais ina mbeidh cónaí de thuras na huaire ar an gcoimircí, ná aon duine a mbeidh cónaí air leis an dílseánach, leis an maor nó leis an bpríomhdhochtúir sin ná ar fostú aige, a cheapadh ina chúramaí ar phearsa nó eastát an choimircí go haonarach ná i gcomhpháirt le haon duine eile.


59. Féadfaidh an Cláraitheoir, más cuí leis é, a cheangal ar an gcúramaí ar an bpearsa tuairisceán i ndúblach a thabhairt dó go tréimhsiúil, nó go neamhthréimhsiúil, ina dtabharfar sonraí i dtaobh áit chónaithe, staid choirp agus mheabhrach, chothabháil agus chompord an choimircí agus i dtaobh cibé ábhar eile i ndáil leis an gcoimircí ar mian leis go gcuirfí in iúl dó iad.


60. Ní dhéanfaidh cúramaí ar an bpearsa áit chónaithe an choimircí a athrú ach amháin le cead an Bhreithimh nó an Chláraitheora.


61. Ach amháin mar a n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, tabharfaidh gach cúramaí ar an eastát urrús ina mbeidh cibé suim a ordóidh an Cláraitheoir, ag féachaint dó do mhéid agus do staid mhaoin agus ioncam an choimircí, agus féadfaidh an Cláraitheoir a ordú, ó thráth go chéile, go ndéanfar méid an urrúis sin a mhéadú nó a laghdú.


62. (i) Féadfaidh an cúramaí urrús a thabhairt in aon slí amháin nó níos mó de na slite seo a leanas, de réir mar a ordóidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir:—

(a) trí dhul i mbanna le beirt leorurra nó níos mó;
(b) trí dhul i mbanna le haon chorparáid nó cuideachta a mbeidh gnó á seoladh aici in Éirinn, arna bunú le Cairt nó arna corprú faoi Reacht, agus a mbeidh cumhacht aici dul i ráthaíocht;

(c) trí airgead a íoc isteach sa Chúirt nó trí stoic, scaireanna nó urrúis eile a aistriú isteach inti.


(ii) Ar an duine sin a cheapadh mar chúramaí, déanfar an t-urrús sin a chomhlánú os comhair an Chláraitheora, láithreach, agus ní ghníomhóidh an duine sin mar chúramaí go dtí go mbeidh a urrús comhlánaithe. Comhdófar agus déileálfar le gach banna san Oifig.


63. Tabharfaidh an cúramaí ar an eastát cuntas gach bliain, nó cibé tréimhsí is faide nó is giorra ná sin a chinnfidh an Cláraitheoir. Déanfaidh sé a chuntais, arna bhfíorú le mionnscríbhinn, a thaisceadh san Oifig agus freastalóidh sé san Oifig, cibé tráthanna nó laistigh de cibé tréimhsí ama a chinnfidh an Cláraitheoir, chun go ndéanfar a chuntais a thógáil agus a fhaomhadh. Ar gach ócáid díobh sin, agus, freisin, aon uair a cheanglóidh an Cláraitheoir air amhlaidh, deimhneoidh sé don Chláraitheoir a urraí a bheith sócmhainneach agus laistigh den dlínse.


64. I gcás inar dó igh leis an gCláraitheoir cuntas ó n gcúramaí ar an eastát a bheith míshásúil, nó imscrúdú speisialta a bheith ag teastáil ar ghnóthaí an choimircí, nó aon ábhar nó ceist eile a bheith ann ar ceart déileáil leis nó léi le hordú ón mBreitheamh, tabharfaidh sé tuarascáil go speisialta don Bhreitheamh ina thaobh sin.


65. Féadfaidh an Cláraitheoir, nó, ar achomharc, an Breitheamh, in imthosca speisialta nó ar chúis speisialta, luach saothair a cheadú do chúramaí ar an eastát nó ar an bpearsa; agus féadfaidh sé méid an luacha saothair sin a shocrú.


66. Déanfaidh gach cúramaí ar an eastát, mura n-údaróidh an Breitheamh a mhalairt, an t-airgead go léir a bheidh faighte aige ar chuntas an eastáit a thaisceadh láithreach chun creidiúna do chuntas ar leith a choimeádfar i mbanc don eastát sin; agus déanfar pasleabhar an bhainc nó cóip den chuntas a thaisceadh san Oifig le gach cuntas bliantúil nó cuntas eile a thaiscfidh an cúramaí sin. Luafar i gcuntas an chúramaí na dátaí ar a mbeidh sé tar éis an t-airgead sin a fháil le linn na tréimhse lena mbainfidh an cuntas.


67. I gcás ina mainneoidh an cúramaí ar an eastát a chuntas a thabhairt isteach nó é a chur á fhaomhadh, nó aon suim a thaisceadh sa Chúirt a mbeifear tar éis a ordú í a thaisceadh, féadfaidh an Cláraitheoir a luach saothair, más ann, agus a chostais, a dhícheadú, agus féadfaidh sé a ordú go n-íocfaidh sé ús de réir an ráta reachtúil de thuras na huaire i gcomhair breithiúnas ar aon suim den sórt sin a dúradh in aghaidh na tréimhse ar dealraitheach an tsuim sin a bheith coinnithe go míchuí nó fágtha gan infheistiú.


68. Ceanglóidh an Cláraitheoir ar an gcúramaí ar an eastát de chuid gach coimircí, an 1ú Aibreán gach bliain nó roimhe sin, tuairisceán i ndúblach i bhFoirm Uimh. 16 a thabhairt laistigh de thréimhse shonraithe. Más dóigh leis an gCláraitheoir gur féidir tuairisceán níos iomláine a fháil ón nglacadóir (más ann) san ábhar éileoidh sé é ón nglacadóir sin. Air sin déanfaidh an cúramaí nó an glacadóir an tuairisceán sin a thabhairt laistigh den tréimhse shonraithe ama sin; má dhéantar aon fhaillí déanamh amhlaidh, cuirfear sin san áireamh nuair a bheidh a chostais i gceist.


69. Má loiceann cúramaí i gcomhlíonadh aon cheanglais atá san Ordú seo nó aon cheanglais ón mBreitheamh nó ón gCláraitheoir, nó má dhéanann sé moill mhíchuí á chomhlíonadh, beidh sé sin ina fhoras chun é a chur as oifig, mura míneofar an loiceadh nó an mhoill sin go sásúil.

X. Caomhnóirí agus glacadóirí.


70. Féadfar glacadóir a cheapadh i gcás inar gá nó inar fóirsteanach sin agus cibé acu a bheidh cúramaí ar an eastát ceaptha nó nach mbeidh.


71. Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha rialacha 60 go 68 a bhaineann leis an gcúramaí ar an eastát maidir le glacadóirí agus caomhnóirí arna gceapadh faoi alt 103 den Acht.


72. Ní cheapfar aon duine ina ghlacadóir mura mbeidh sé neamhspleách ar na haturnaetha go léir a mbeidh baint acu leis an ábhar; ná ní cheapfar aon abhcóide cleachtach, nó aturnae, nó gníomhaire nó duine a bheidh ar fostú mar chléireach nó eile ag aturnae, ina ghlacadóir gan cead speisialta ón mBreitheamh.


73. Ní dhéanfaidh aon ghlacadóir in aon ábhar an t-aturnae thar ceann an chúramaí ar phearsa nó ar eastát an choimircí, ná an t-aturnae thar ceann aon duine a mbeidh leas aige san ábhar, ná comhpháirtí, gníomhaire baile, cléireach nó printíseach aon aturnae den sórt sin, a fhostú go díreach nó go neamhdhíreach mar aturnae dó féin i ndáil lena ghlacadóireacht nó le heastát an choimircí.


74. Gach glacadóir a cheapfar ar mhaoin choimircí, beidh sé faoi réir na rialacha ginearálta lena mbeidh ceapadh, cuntais, agus rialú glacadóirí á rialáil, ach amháin i gcás ina mbeidh na rialacha sin ar neamhréir leis an Ordú seo nó i gcás ina n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.


75. Déanfaidh caomhnóir gach coimircí shealadaigh, de réir alt 103 den Acht, cuntas míosúil a chomhdú san Oifig ar an airgead go léir nó ar an maoin eile go léir de chuid an choimircí a bheidh faighte, díolta, tíolactha, sannta nó diúscartha ar shlí eile aige, ina leagfar amach conas a bheidh an céanna nó na fáltais as curtha chun feidhme aige; agus ráiteas freisin i dtaobh an airgid nó na maoine eile de chuid an choimircí a bheidh ina sheilbh, faoina chumhacht nó faoina rialú in alt na huaire; agus beidh ráiteas, a bheidh le síniú ag an gcaomhnóir sin, ag gabháil le gach cuntas den sórt sin i dtaobh staid choirp agus mheabhrach an choimircí an tráth sin agus i dtaobh an fhaid is dóigh a mhairfidh a éagumas.


76. Déanfar gach cuntas a bheidh le comhdú ag caomhnóir san Oifig faoi riail 75 a fhíorú le mionnscríbhinn uaidh agus tógfaidh an Cláraitheoir é.


77. I gcás, faoi fhorálacha riail 64 (arna gcur chun feidhme maidir le caomhnóirí), ina ndéanfaidh an Cláraitheoir aon ábhar a thiocfaidh chun cinn as cuntas caomhnóra, nó i ndáil le pearsa nó maoin coimircí shealadaigh, a thuairisciú go speisialta don Bhreitheamh, déanfaidh an Breitheamh an t-ábhar sin a bhreithniú agus a chur de láimh i gcúirt iata agus tabharfaidh an Cláraitheoir fógra leis an bpost faoi lá agus tráth an bhreithnithe sin do na haturnaetha a bheidh ainmnithe san achainí, agus do cibé aturnaetha eile a mbeifear tar éis a cheadú dóibh láithriú san ábhar. Cuirfear na fógraí sin leis an bpost go dtí a n-áiteanna cláraithe gnó.


78. Beidh gach caomhnóir agus glacadóir faoi réir rialú an Bhreithimh agus ní bheidh acu agus ní fheidhmeoidh siad, i ndáil le heastát an chúramaí, ach cibé cumhachtaí a bheidh tugtha go sainráite san ordú ceapacháin.


79. In aon chás ina ndealróidh sé don Chláraitheoir gur cuí luach saothair aon ghlacadóra a shocrú mar chéatadán den ioncam a bhaileoidh sé, féadfaidh an Cláraitheoir cibé céatadán den ioncam sin a cheadú don ghlacadóir sin de réir cibé ráta a chinnfidh sé. In aon chás eile socrófar luach saothair an ghlacadóra ag cibé figiúr nó ar cibé bonn is cuí leis an gCláraitheoir, nó ar achomharc uaidhsean, is cuí leis an mBreitheamh.

XI. Léasanna, díolacháin agus morgáistí.

80. I gcás ina mbeidh beartaithe léas nó seachléas a thabhairt nó a athnuachan ar aon mhaoin de chuid coimircí, nó ar aon mhaoin ina mbeidh leas aige mar úinéir teoranta nó eile, nó aon chumhacht léasaithe a bheidh dílsithe dó a fheidhmiú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(a) más léas nó seachléas ar feadh téarma nach faide ná bliain is fiche an léas nó an seachléas beartaithe, féadfar an t-iarratas ar chead chun é a thabhairt a dhéanamh ex parte chuig an gCláraitheoir, agus togra chun é a ghlacadh, arna shíniú ag an léasaí beartaithe, maille le mionnscríbhinn á thaispeáint é a bheith chun tairbhe don choimircí agus é a bheith cóir agus réasúnach an léas nó an seachléas sin a thabhairt, mar fhoras leis, más gá. Más deimhin leis an gCláraitheoir é a bheith chun tairbhe don choimircí agus cóir agus réasúnach, féadfaidh sé a údarú don chúramaí ar an eastát an léas nó an seachléas a thabhairt dá réir sin;
(b) más léas nó seachléas ar feadh téarma is faide ná bliain is fiche an léas nó an seachléas beartaithe, nó más léas nó seachléas é lenar gá aon chumhacht léasaithe nó aon chumhacht eile a bheidh dílsithe don choimircí a fheidhmiú thar a cheann, déanfar an t-iarratas ar chead chun é a thabhairt, nó chun an chumhacht sin a fheidhmiú, ex parte chuig an gCláraitheoir ar an gcéad ásc, agus togra chun an léas nó an seachléas a ghlacadh, arna shíniú ag an léasaí beartaithe, maille le mionnscríbhinn á thaispeáint é a bheith chun tairbhe don choimircí agus é a bheith cóir agus réasúnach an léas nó an seachléas a thabhairt, nó an chumhacht a fheidhmiú, mar fhoras leis. Más deimhin leis an gCláraitheoir gur togra é is cuí a chur faoi bhráid an Bhreithimh, deimhneoidh sé a thuairim i dtaobh na n-ábhar sin a dúradh agus ordóidh sé an t-iarratas a dhéanamh le foriarratas chuig an mBreitheamh, ar fhógra a bheith tugtha do cibé daoine (más ann) a ordóidh an Cláraitheoir. Is é foras a bheidh leis an bhforiarratas chuig an mBreitheamh an togra agus an mhionnscríbhinn mar a dúradh, maille leis an deimhniú ón gCláraitheoir. Más deimhin leis an mBreitheamh gur ceart an léas nó an seachléas a thabhairt, nó an chumhacht a fheidhmiú , féadfaidh sé a ordú don chúramaí ar an eastát é a thabhairt, nó í a fheidhmiú, dá réir sin;

(c) is é an cúramaí ar an eastát a dhéanfaidh aon iarratas den sórt sin a dúradh, ach amháin in imthosca speisialta, tráth a bhféadfaidh, le cead an Chláraitheora nó an Bhreithimh, aon duine eile a mbeidh leas aige ann an t-iarratas a dhéanamh;

(d) i gcás ina mbeidh aon léas nó seachléas den sórt sin ordaithe mar a dúradh, socróidh agus formheasfaidh an Cláraitheoir an fhoirm den léas nó den seachléas a bheidh le deonú don léasaí beartaithe, ar an gcíos, ar feadh na tréimhse agus faoi réim agus faoi réir na gcúnant agus na gcoinníollacha a bheidh ordaithe; agus déanfaidh an cúramaí ar an eastát, in ainm agus thar ceann an choimircí, an léas nó an seachléas, de réir mar a bheidh, a fhorghníomhú, nuair a bheidh sé socraithe agus formheasta amhlaidh, ar an gCláraitheoir do chur in iúl i scríbhinn é a bheith formheasta aige, agus ar an léasaí beartaithe d’fhorghníomhú contrapháirte de; agus deimhneoidh an Cláraitheoir dá réir sin.


81. I gcás ina mbeartófar aon mhaoin réadach nó léasach de chuid an choimircí, nó aon mhaoin a mbeidh leas aige inti mar úinéir teoranta nó eile, a dhíol, nó aon chumhacht díolacháin a bheidh dílsithe dó a fheidhmiú thar a cheann, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas (mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt):—

(a) féadfar an t-iarratas ar chead chun an mhaoin a dhíol a dhéanamh ex parte chuig an gCláraitheoir ar an gcéad ásc, agus mionnscríbhinn mar fhoras leis á thaispeáint conas a bheidh sé chun tairbhe don choimircí, agus cóir agus réasúnach, go ndéanfaí díol;
(b) más deimhin leis an gCláraitheoir gur iarratas ar cuí é a chur faoi bhráid an Bhreithimh é an t-iarratas, deimhneoidh sé a thuairim i dtaobh na n-ábhar a dúradh, agus ordóidh sé an t-iarratas a dhéanamh le foriarratas chuig an mBreitheamh ar fhógra a bheith tugtha do cibé daoine (más ann) a ordóidh an Cláraitheoir;

(c) is é foras a bheidh leis an bhforiarratas chuig an mBreitheamh mionnscríbhinn mar a dúradh agus an deimhniú ón gCláraitheoir, agus féadfaidh an Breitheamh, más deimhin leis gur cheart an mhaoin a dhíol, a ordú don chúramaí ar an eastát í a dhíol dá réir sin;

(d) is é an cúramaí ar an eastát a dhéanfaidh aon iarratas den sórt sin a dúradh, ach amháin in imthosca speisialta, tráth a bhféadfaidh, le cead an Chláraitheora nó an Bhreithimh, aon duine eile a mbeidh leas aige ann an t-iarratas a dhéanamh;

(e) i gcás ina mbeidh díol ordaithe socróidh agus formheasfaidh an Cláraitheoir na coinníollacha díolacháin, agus, más gá, socróidh sé dáta an díola;

(f) beidh sé sainráite i ngach conradh i gcomhair díolacháin é a bheith faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach i gCuid 2 d’Fhoirm Uimh. 17, agus nuair is ar ceant poiblí a bheidh an díol á dhéanamh beidh ar áireamh sna coinníollacha díolacháin, arna socrú ag an gCláraitheoir, na coinníollacha uile atá leagtha amach i gCuid 1 agus i gCuid 2 den Fhoirm sin;

(g) ar dhíol a dhéanamh, déanfaidh an ceannaitheoir, cibé tráth nó laistigh de cibé tréimhse ama a shocróidh an Cláraitheoir, an t-airgead ceannaigh a íoc isteach sa Bhanc in ainm agus le hionpháirteacht an Chuntasóra chun creidiúna don ábhar, agus le cibé cuntas ar leith (más ann) a cheapfaidh an Cláraitheoir, agus ar an airgead sin a bheith íoctha, tabharfar seilbh na maoine a bheifear tar éis a dhíol, agus glacadh chíosanna agus bhrabúis na maoine sin, don cheannaitheoir amhail ó cibé lá a cheapfaidh an Cláraitheoir;

(h) déanfaidh an Cláraitheoir, ar fhógra cuí a bheith tugtha do na páirtithe uile a mbeidh leas acu ann, an dréacht-tíolacas nó an dréachtsannadh, de réir mar a bheidh, a shocrú agus a fhormheas; agus déanfaidh an cúramaí ar an eastát, in ainm agus thar ceann an choimircí, é sin a fhorghníomhú, nuair a bheidh sé socraithe agus formheasta amhlaidh, ar an gCláraitheoir do chur in iúl i scríbhinn é a bheith formheasta aige, agus deimhneoidh an Cláraitheoir dá réir sin.


82. I gcás ina mbeartófar aon mhaoin réadach nó léasach de chuid an choimircí a mhorgáistiú beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha riail 81 (a), (b) agus (c). I gcás ina n-ordófar go bhféadfaidh an cúramaí ar an eastát airgead a chruinniú chun aon chríche, trí mhorgáiste ar aon mhaoin de chuid an choimircí, socróidh agus formheasfaidh an Cláraitheoir morgáiste cuí; agus déanfaidh an cúramaí, in ainm agus thar ceann an choimircí, ar an tsuim a bheidh le cruinniú a íoc leis an gcúramaí nó de réir mar a ordófar, an morgáiste a fhorghníomhú, nuair a bheidh sé socraithe agus formheasta amhlaidh, ar an gCláraitheoir do chur in iúl i scríbhinn é sin a bheith formheasta aige, agus déanfaidh an cúramaí gach uile ghníomh eile is gá chun éifeacht a thabhairt dó sin; agus deimhneoidh an Cláraitheoir dá réir sin.


XII. Fiosraitheoirí.


83. Féadfaidh an Cláraitheoir a ordú d’fhiosraitheoir aon fhreagróir nó coimircí a fhiosrú, go tréimhsiúil nó cibé tráth nó tráthanna eile a mheasfaidh sé is gá, chun é a scrúdú nó chun fiosrú faoina staid choirp agus mheabhrach, faoina chúram, a chóireáil, a chothabháil, a chompord agus cibé nithe eile is cuí leis.


84. Féadfaidh an Cláraitheoir aon ní a thuairisceoidh fiosraitheoir a imscrúdú, agus, más gá, féadfaidh sé a cheangal ar chúramaí freastal agus an ní sin a mhíniú; agus féadfaidh sé, in aon chás, cibé ordacháin a thabhairt is gá nó is fóirsteanach.


85. Measfar tuarascáil ó fhiosraitheoir a bheith faoi rún daingean agus a bheith ceaptha mar fhaisnéis don Bhreitheamh agus do cibé daoine a cheapfaidh sé go speisialta agus mar sin amháin. Ní chuirfear aon tuarascáil den sórt sin ar fáil ar dhóigh ar bith chun a húsáide nó a hiniúchta ag aon duine eile ach amháin le cead an Bhreithimh.


86. (i) Gheobhaidh fiosraitheoirí luach saothair trí tháillí a shocróidh an Cláraitheoir nó, ar achomharc in aon chás áirithe, an Breitheamh. Ar dheimhniú an Chláraitheora, déanfaidh an cúramaí ar an eastát aon táille den sórt sin a íoc san ábhar ina mbeifear tar éis í a thabhú; agus ceadófar creidmheas don chúramaí sin i leith na híocaíochta sin ar a chuntas a fhaomhadh.


(ii) I gcás ina ndéanfar achainí a dhíbhe, nó nach rachfar ar aghaidh le hachainí, á impí fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh aon duine a bheith slánmheabhrach nó mímheabhrach, íocfaidh an t-achainíoch, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, caiteachais aon fhiosraithe ar an bhfreagróir i ndáil leis sin.

XIII. Bás nó téarnamh an choimircí.

87. Aon duine a mbeidh aon uacht, codaisíl nó páipéar tiomnach de chuid an choimircí ina choimeád, ina sheilbh, faoina chumhacht nó faoina rialú, féadfaidh sé, faoi mhionn arna ordú ag an gCláraitheoir, í nó é a thaisceadh lena slánchoimeád nó lena shlánchoimeád san Oifig. Más rud é, ar an gCláraitheoir dá iarraidh sin air, go loicfidh an duine sin an taisceadh sin a dhéanamh, féadfaidh an Breitheamh a ordú dó é a dhéanamh.


88. Ar bheith deimhin don Chláraitheoir coimircí a bheith tar éis bháis féadfaidh sé, gan ordú, aon scríbhinn pháipéir a airbheartóidh nó a líomhnófar gurb í uacht an choimircí í a oscailt agus a léamh, d’fhonn a fhionnadh cé a bheidh ainmnithe inti mar sheiceadóir na huachta, agus freisin an mbeidh nó nach mbeidh aon ordachán inti i dtaobh a shochraide nó a ionaid adhlactha, agus cad é an t-ordachán é, agus ansin seachadfaidh sé an scríbhinn sin ar an Oifigeach Probháide ionas go ndéileálfar léi de réir dlí, agus deimhneoidh sé an bás agus oscailt agus seachadadh amach na scríbhinne páipéir dá réir sin.


89. Ar aon choimircí d’fháil bháis, déanfaidh an cúramaí ar a eastát, ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, ráiteas fíoras a thaisceadh san Oifig ina leagfar amach dáta a bháis, cibé acu a bhí uacht forghníomhaithe aige nó a fuair sé bás ina dhíthiomnóir, cad iad na héilimh i gcoinne a eastáit i leith costas, cothabhála nó eile, cé hiad a oidhrí nó a neasghaolta, cé hiad na seiceadóirí agus na hiontaobhaithe atá ainmnithe ina uacht agus cé hiad réadtiomnaithe a eastáit réadaigh. Má tá an cúramaí féin marbh, ansin déanfaidh an t-aturnae thar ceann an iarchúramaí sin, nó, ina éagmaissean, ionadaí pearsanta an iarchúramaí sin, nó, ina éagmaissean, an t-achainíoch bunaidh san ábhar, nó cibé duine eile a údaróidh an Cláraitheoir chuige sin, an ráiteas fíoras a thaisceadh. In aon chás ina bhfaighidh an coimircí bás sula gceapfar aon chúramaí ar a eastát, is é an t-achainíoch bunaidh, nó cibé duine eile a údaróidh an Cláraitheoir chuige sin, a thaiscfidh an ráiteas fíoras. Féadfaidh an Cláraitheoir i gcás ar bith, más cuí leis sin a dhéanamh, taisceadh aon ráitis fíoras a ligean thar ceal.


90. Ar ráiteas fíoras a bheith taiscthe de bhun riail 89, tabharfaidh an Cláraitheoir tuarascáil lena cur faoi bhráid an Bhreithimh á thuairisciú an coimircí a bheith tar éis bháis, maille le dáta a bháis, cibé acu a d’fhorghníomhaigh sé uacht nó a fuair sé bás ina dhíthiomnóir, cad iad na héilimh i gcoinne a eastáit i leith costas, cothabhála agus eile, cé aige a bhfuil leas ina eastát réadach nó pearsanta, nó cé atá ina theideal, mar oidhrí ginearálta, mar neasghaolta nó mar sheiceadóirí, iontaobhaithe, nó réadtiomnaithe arna n-ainmniú san uacht, agus cad iad na himeachtaí (más ann) a bheidh á moladh ag an gCláraitheoir chun an t-ábhar a fhoirceannadh. Socróidh an Cláraitheoir an tuarascáil sin i láthair cibé duine nó daoine a ordóidh sé agus ar fhógra a bheith tugtha dó nó dóibh. Féadfaidh an Cláraitheoir i gcás ar bith an tuarascáil sin a ligean thar ceal.


91. (i) Déanfaidh an cúramaí ar an eastát iarratas, nó féadfaidh aon pháirtí eile a mbeidh leas aige i ndaingniú na tuarascála iarratas a dhéanamh, chuig an mBreitheamh chun an tuarascáil sin a dhaingniú; agus ar an iarratas sin a dhéanamh chuige féadfaidh an Breitheamh an tuarascáil a dhaingniú le hathrú nó gan athrú agus cibé ordú breise nó cibé ordú eile a dhéanamh a mheasfaidh sé is cóir.


(ii) I gcás ráiteas fíoras nó tuarascáil a bheith ligthe thar ceal ag an gCláraitheoir, féadfaidh sé dréacht den ordú is gá chun an t-ábhar a fhoirceannadh a chur faoi bhráid an Bhreithimh, maille le cibé fianaise (más ann) mar thaca leis sin is gá, agus air sin féadfaidh an Breitheamh, gan abhcóide, aturnae nó pairtithe a bheith ag freastal, ordú a dhéanamh i dtéarmaí an dréachta sin, le hathrú nó gan athrú.


92. I gcás nach mbeidh aon uiríoll déanta i leith eastáit choimircí a bheidh tar éis bháis ina dhíthiomnóir, agus a ndealróidh sé don Bhreitheamh nach mó ná £1,000 luach a shócmhainní iomlána, féadfar, le hordachán ón mBreitheamh, aon chistí a mbeidh sé féin tar éis bheith ina dteideal, nó a mbeadh a ionadaithe pearsanta ina dteideal, a íoc leis an duine a bheadh i dteideal litreacha riaracháin a eastáit a fháil faoin Acht Comharbais, 1965, nó a aistriú chuige nó a sheachadadh air, ar an duine sin do dhéanamh dearbhú i bhFoirm 18 agus é a chomhdú leis an gCláraitheoir.


93. I gcás inar mian le coimircí, ar é do théarnamh, go ndéanfaí é a chur ar ais i mbun bhainistiú a ghnóthaí féin, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh go neamhfhoirmiúil chuig an mBreitheamh chun é a chur ar ais amhlaidh. Más deimhin leis an mBreitheamh, ó cibé fianaise is leor leis, an coimircí sin a bheith cumasach ar a phearsa, a mhaoin agus a ghnóthaí i gcoitinne a bhainistiú, féadfaidh sé cibé ordú a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá sna himthosca agus an t-ábhar a dhíbhe as gealtacht.

XI. Ilghnéitheach.

94. (i) Ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, is trína sheirbheáil go pearsanta a dhéanfar fógra faoi thíolacadh achainí tionscnaimh mar a cheanglaítear le rialacha 8, 23 agus 35 a sheirbheáil, trí chóip dhílis den achainí, agus an fógra formhuinithe uirthi, a sheachadadh ar an bhfreagróir agus a fhágáil aige, agus tríd an gcóip fhianaithe agus an fógra cuí formhuinithe uirthi a thaispeáint dó san am céanna. Ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, is trína sheachadadh ar an bhfreagróir go pearsanta a dhéanfar aon doiciméad eile a sheirbheáil ar fhreagróir nó ar choimircí.


(ii) Más rud é, de bhíthin staid choirp nó mheabhrach an fhreagróra nó an choimircí, nó de bhíthin a cháis nó imthosca eile an cháis, nach mbeadh seirbheáil phearsanta indéanta nó fóirsteanach, ansin féadfar seirbheáil a dhéanamh mar a leanas:—

(a) más othar a mbeidh cónaí air in ospidéal meabhairghalar nó i bhforas eile an freagróir nó an coimicí, tríd an bhfógra nó an doiciméad a sheachadadh ar an duine a bheidh i gceannas an ospidéil nó an fhorais de thuras na huaire;
(b) más rud é nach othar den sórt sin é an freagróir nó an coimircí, tríd an bhfógra nó an doiciméad a sheachadadh ar áitritheoir éigin, agus é bliain is fiche d’aois nó os a chionn, i dteach cónaithe an choimircí nó ina ghnáth-áit chónaithe nó san áit chónaithe is deireanaí is eol a bheith aige, agus an teach nó an áit chónaithe sin a bheith laistigh den dlínse.


(iii) Ní bheidh feidhm ag forálacha na rialach seo i dtaobh seirbheála ionadaí maidir le seirbheáil fógra faoi achainí thionscnaimh faoi alt 68 nó alt 103 den Acht, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.


95. I ngach cás déanfar mionnscríbhinn seirbheála an fhógra nó an doiciméid sin a chomhdú leis an gCláraitheoir, agus luafar inti ach go háirithe tráth, áit agus modh na seirbheála, agus, i gcás nach mbeifear tar éis seirbheáil phearsanta a dhéanamh, luafar na forais agus an fáth nach mbeifear tar éis an tseirbheáil phearsanta sin a dhéanamh, agus an modh a mbeifear tar éis seirbheáil a dhéanamh de réir fho-riail 94 (2). Is i bhFoirm Uimh. 15 a bheidh an mhionnscríbhinn sin.


96. Maidir le hiarratas, ó aon duine in aon ábhar, ar chead chun aturnaetha a athrú, beidh mionnscríbhinn ón duine sin ag gabháil leis ina dtaispeánfar an chúis a bheidh leis an athrú.


97. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, féadfaidh aturnaetha cibé táillí a ghearradh, agus ceadófar cibé táillí dóibh, ar sheirbhísí gairmiúla in imeachtaí i ndáil le coimircithe Cúirte, a cheadófaí dóibh ar sheirbhísí gairmiúla dá samhail i ndáil le himeachtaí i gcoitinne san Ard-Chúirt.


98. Faoi réir aon ordaithe a dhéanfaidh an Breitheamh san ábhar, féadfaidh an Cláraitheoir a ordú go ndéanfar aon bhille costas in aon imeacht faoin Acht a tharchur chuig an Máistir Fómhais lena fhómhas agus déanfaidh seisean an méid a bheidh dlite air a fhómhas agus a dheimhniú in am trátha amhail is dá mbeifí tar éis a ordú dó é sin a dhéanamh le hordú ón mBreitheamh.


99. (i) Féadfaidh an Cláraitheoir féin suim a thomhas i leith costas i gcás ina n-ordóidh an Breitheamh amhlaidh, nó i gcás ina dtoileoidh na páirtithe lena mbainfidh leis sin, nó i gcás ina measfaidh sé nár mhó ná £1,000 an tsuim a cheadófaí ar fhómhas.


(ii) I gcás ina ndéanfaidh an Cláraitheoir costais a thomhas de bhun na rialach seo, féadfaidh an Cuntasóir an tsuim arna tomhas amhlaidh a íoc, d’ainneoin go mbeidh ordaithe san ordú faoina mbeidh na costais sin iníoctha íoc a dhéanamh ar dheimhniú fómhais ina leith a thabhairt ar aird.


100. Costais an Aturnae Ghinearálta i ndáil le haon ábhar ina mbeidh sé tar éis gníomhú mar chúramaí, mar ghlacadóir nó mar chaomhnóir, nó aon chostais i ndáil le haon imeachtaí a bheidh tionscanta aige de réir ordacháin an Bhreithimh nó an Chláraitheora, íocfaidh cibé páirtithe iad, nó íocfar as cibé cistí iad, a ordóidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir.


101. Mura n-ordóidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir a mhalairt, ní cheadófar ar chostas eastát an choimircí aon chostais nó caiteachais d’aon chúramaí, glacadóir nó caomhnóir as aon obair ba chuí a bheith déanta aige féin go pearsanta agus gan aon chúnamh gairmiúil a bheith ag teastáil chun í a dhéanamh.


102. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Acht nó leis an Ordú seo, is le mionnscríbhinn a thabharfar an fhianaise in aon imeachtaí nó ábhar faoin Acht nó faoin Ordú seo; ach i gcás ar bith féadfaidh an Breitheamh agus, in imeachtaí os a chomhair, féadfaidh an Cláraitheoir a ordú go bhfreastalóidh aon duine a mbeidh mionnscríbhinn déanta aige le dul faoi chroscheistiú agus féadfaidh sé a ordú go dtabharfar agus go dtógfar an t-iomlán nó aon chuid den fhianaise viva voce.


103. Féadfaidh an Cláraitheoir dearmaid chléireachais i mbreithiúnais nó in orduithe ón mBreitheamh, nó earráidí arna dtarlú de thaisme iontu mar gheall ar aon bhotún nó easnamh, a cheartú tráth ar bith le formheas an Bhreithimh. Féadfaidh an Cláraitheoir dearmaid chléireachais in orduithe, rialuithe nó ordacháin a bheidh déanta nó tugtha ag an gCláraitheoir, nó earráidí arna dtarlú de thaisme iontu mar gheall ar aon bhotún nó easnamh, a cheartú tráth ar bith gan an t-ábhar a tharchur chun an Bhreithimh.


104. Is ó Oifig na gCoimircithe Cúirte a eiseofar gach ordú in imeachtaí lena mbainfidh an tOrdú seo.