Order 72
Na Settled Lands Acts, 1882 go 1890
1. (1) Beidh le focail a mhínítear sna Settled Land Acts, 1882 go 1890 (dá ngairtear ‘‘na hAchtanna’’ san Ordú seo), nuair a úsáidtear san Ordú seo iad, na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna.
(2) San Ordú seo, folaíonn an abairt ‘‘tionónta saoil’’ aon duine a mbeidh cumhachtaí tionónta saoil aige faoi na hAchtanna.
2. (1) Is le toghairm speisialta a dhéanfar gach iarratas chun na Cúirte faoi na hAchtanna.
(2) Is é teideal a chuirfear ar gach toghairm den sórt sin ná maidir leis an tsocraíocht, leis an uacht, leis an iontaobhas nó leis an maoin (de réir mar a bheidh) lena mbainfidh sí, agus maidir leis an reacht faoina mbeidh an t-iarratas á dhéanamh, agus sonró far, san fhormhuiniú speisialta éilimh, an t-alt den reacht faoina mbeidh an faoiseamh á lorg.
3. (1) Is iad seo a leanas, ar an gcéad ásc, na daoine a mbeidh fógra faoi iarratais chun na Cúirte le seirbheáil orthu:—
(a) i gcás iarratas ón tionónta saoil faoin Settled Land Act, 1882, alt 34, nó faoin Settled Land Act, 1890, alt 10, nó i gcás iarratas faoin Settled Land Act, 1884, alt 7 (ii): na hiontaobhaithe;
(b) i gcás iarratas faoin Settled Land Act, 1882, alt 38: na hiontaobhaithe (más ann) agus an tionónta saoil (murab é an t-iarratasóir é);
(c) i gcás iarratas faoin Settled Land Act, 1882, alt 44: an tionónta saoil nó na hiontaobhaithe (de réir mar a bheidh);
(d) i gcás iarratas faoin Settled Land Act, 1884, alt 7 (iii): na hiontaobhaithe (más ann) agus an tionónta saoil (murab é an t-iarratasóir é), agus an duine (más ann) dá mbeidh cead tugtha faoi alt 7 (ii).
(2) Ní dhéanfar aon duine eile a sheirbheáil ar an gcéad ásc. Ach amháin mar a fhoráiltear anseo roimhe seo, i gcás ina ndéanfaidh aon duine seachas an tionónta saoil iarratas faoi na hAchtanna is é an tionónta saoil amháin a sheirbheálfar ar an gcéad ásc.
4. Ach amháin sna cásanna a luaitear i riail 3, ní dhéanfar, ar an gcéad ásc, iarratais ó thionónta saoil a sheirbheáil ar aon duine.
5. Féadfaidh an Chúirt a cheangal fógra faoi aon iarratas faoi na hAchtanna a sheirbheáil ar cibé daoine is cuí léi, agus féadfaidh sí gach ordachán is gá a thabhairt i dtaobh na ndaoine (más ann) a bheidh le seirbheáil agus féadfar cur leis na hordacháin sin nó iad a athrú ó thráth go chéile de réir mar is gá sa chás. Má ordaítear fógra faoi iarratas a sheirbheáil ar aon duine nach mbeidh fógra seirbheáilte air cheana féin, déanfar an t-iarratas a chur ar gcúl go ginearálta, nó go dtí cibé tráth a ordóidh an Chúirt. Féadfaidh an Chúirt in aon chás áirithe, ar cibé téarmaí (más ann) is cuí léi, seirbheáil ar aon duine ar a mbeidh aon iarratas le seirbheáil faoin Ordú seo, nó faoi aon ordachán ón gCúirt, a ligean thar ceal.
6. Is leor, ar aon iarratas faoi na hAchtanna, teideal an tionónta saoil agus na n-iontaobhaithe nó na ndaoine eile a mbeidh leas acu san iarratas a fhíorú le mionnscríbhinn, mura n-éileoidh an Chúirt tuilleadh fianaise in aon chás áirithe.
7. Déanfar aon díolachán a údaróidh nó a ordóidh an Chúirt faoi na hAchtanna a chur i gcrích lasmuigh de Chúirt, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, agus i gcoitinne i cibé slí a ordóidh an Chúirt.
8. I gcás ina n-údaróidh an Chúirt go ginearálta don tionónta saoil léasanna nó deonuithe a dhéanamh ó thráth go chéile chun críocha tógála nó mianadóireachta faoin Settled Land Act, 1882, alt 10, ní ordófar leis an ordú aon léas nó deonú áirithe a bheith le socrú nó le formheas ag an gCúirt, mura measfaidh an Chúirt cúis speisialta éigin a bheith ann gur ceart di an léas nó an deonú sin a shocrú nó a fhormheas. I gcás ina n-údaróidh an Chúirt aon léas nó deonú den sórt sin in aon chás áirithe, nó i gcás ina n-údaróidh an Chúirt léas faoin Settled Land Act, 1890, alt 10, féadfar leis an ordú léas nó deonú a bheidh ullmhaithe cheana féin a fhormheas, nó a ordú go mbeidh coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú, nó cibé coinníollacha a fhormheasfaidh an Scrúdaitheoir, sa léas nó sa deonú, gan a ordú an léas nó an deonú a bheith le socrú ag an gCúirt.
9. Aon duine a n-ordóidh an tionónta saoil dó aon airgead caipitil a bheidh ag teacht de na hAchtanna a íoc isteach sa Chúirt féadfaidh sé cead chun an t-airgead a íoc isteach sa Chúirt a iarraidh le toghairm speisialta.
10. Beidh mionnscríbhinn ina leagfar amach na nithe seo a leanas mar thaca leis an toghairm faoi riail 9—
(a) ainm agus seoladh an duine ar mian leis an íocaíocht a dhéanamh;
(b) an áit ina mbeidh fógra faoi aon imeacht a bhainfidh leis an airgead le seirbheáil air;
(c) an méid airgid a bheidh le híoc isteach sa Chúirt, agus an cuntas a mbeidh sé le cur chun creidiúna dó;
(d) ainm agus seoladh an tionónta saoil faoin tsocraíocht ar ar ordachán uaidh a bheidh an t-airgead le híoc isteach sa Chúirt;
(e) gearrshonraí an idirbhirt arb iníoctha an t-airgead ina leith.
11. Féadfaidh ordacháin a bheith san ordú a dhéanfar ar an toghairm chun airgead a íoc isteach sa Chúirt á ordú an t-airgead a infheistiú ar aon urrúis arna n-údarú leis an Settled Land Act, 1882, alt 21 (1), agus na díbhinní a íoc leis an tionónta saoil, láithreach nó ar an toiliú i scríbhinn ón iarratasóir a thabhairt ar aird; beidh an síniú leis an toiliú sin le fíorú leis an mionnscríbhinn ó aturnae. Más rud é nach mbeidh an t-idirbheart a mbeidh an t-airgead ag teacht ina leith críochnaithe ar dháta íoctha an airgid isteach sa Chúirt, ní ordófar, gan an t-iarratasóir do thoiliú leis, an t-airgead a infheistiú in aon urrúis seachas urrúis ar ar féidir airgead tirim faoi rialú na Cúirte a infheistiú.
12. Airgead a íocfar isteach sa Chúirt faoi na hAchtanna íocfar le cuntas é arb é teideal a chuirfear air ná maidir leis an tsocraíocht, maille le gearrthuairisc ar an modh ina mbeidh an t-airgead ag teacht, más gá nó más inmhianaithe é a shainaithint, agus maidir leis na hAchtanna.
13. Aon duine a mbeidh aon airgead caipitil a bheidh ag teacht de na hAchtanna á íoc isteach sa Chúirt aige beidh sé i dteideal costais íoctha an airgid sin isteach sa Chúirt a asbhaint ar dtús.