Ordú 68

Ioncam

Ioncam 

1. San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘na Coimisinéirí’’ na Coimisinéirí Ioncaim.

 

2. Is é teideal a chuirfear ar gach imeacht i gcúiseanna agus in ábhair maidir le hIoncam:


‘‘An Ard-Chúirt

Ioncam.’’


I. Cánacha agus dleachtanna a ghnóthú.

3. Maidir le himeachtaí chun aon cháin nó dleacht faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí a ghnóthú, nó imeachtaí le haghaidh aon fhíneála, aon phionóis nó aon fhorghéillte a bhainfidh le haon cháin nó dleacht den sórt sin nó a bheidh tabhaithe faoi na hAchtanna nó forchurtha leis na hAchtanna a bhainfidh le custaim nó mál, nó imeachtaí chun mionnscríbhinn nó cuntas, cibé acu faoi mhionn é nó nach ea, a sheachadadh, nó imeachtaí chun mínithe nó doiciméid i ndáil le haon cháin nó dleacht den sórt sin a thabhairt, nó imeachtaí chun earraí a dhaoradh faoi na hAchtanna Custam, féadfar iad a thionscnamh le toghairm achomair (nó, más gá sin sna himthosca, le toghairm iomlánach).

 

4. (1) I gcúiseanna agus in ábhair maidir le hIoncam féadfaidh an Chúirt cead a thabhairt chun toghairm thionscnaimh a sheirbheáil lasmuigh den dlínse.

 

(2) Gach iarratas ar chead chun toghairm den sórt sin, nó fógra fúithi, a sheirbheáil ar chosantóir lasmuigh den dlínse, beidh mionnscríbhinn, nó fianaise eile, mar thaca leis ina luafar an teisteoir a bheith á chreidiúint cúis mhaith chaingne a bheith ag an ngearánaí, agus ina léireofar cá háit nó cén tír ina mbeidh, nó inar dócha go bhfaighfear, an cosantóir, agus cibé acu is saoránach d’Éirinn é nó nach ea; agus ní thabharfar aon chead mura gcuirfear ina luí go leormhaith ar an gCúirt gur cás cuí é an cás chun seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den dlínse.

 

(3) Beidh feidhm ag forálacha Ordú 11, rialacha 6 go 10 (go huile), maidir le seirbheáil lasmuigh den dlínse i gcúiseanna agus in ábhair maidir le hIoncam.

 

5. Má loiceann cosantóir i gcomhlíonadh aon ordaithe chun cuntas a sheachadadh, cibé acu faoi mhionn nó le mionnscríbhinn é nó nach ea, nó chun mínithe nó doiciméid i ndáil le haon cháin nó dleacht den sórt sin a dúradh a thabhairt, féadfar ordú astaithe a eisiúint ina choinne faoi fhorálacha Ordú 44, Cuid I.

II. Achomhairc faoin Finance Act, 1894, alt 10.

6. Aon duine éagóirithe de réir bhrí an Finance Act, 1894, alt 10 (1), ar mian leis achomharc a dhéanamh in aon cheann de na cásanna a luaitear san alt sin, déanfaidh sé, laistigh de mhí tar éis dósan nó dá aturnae fógra i bhFoirm Uimh. 29 i bhFoscríbhinn C a fháil faoi bhreith nó éileamh na gCoimisinéirí, ráiteas i scríbhinn, arna dhíriú chuig na Coimisinéirí, i dtaobh fhorais an achomhairc sin a sheachadadh ag oifig an Aturnae Ioncaim i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, nó a fhágáil inti, le linn uaireanta oifige.

 

7. Beidh sa ráiteas sin ainm agus seoladh iomlán an achomharcóra agus ainm agus áit chláraithe ghnó a aturnae (más ann), agus sonrófar ann go soiléir na forais uile agus faoi seach ar a mbeidh an t-achomharcóir á mhaíomh breith nó éileamh na gCoimisinéirí a bheith earráideach agus, má mhaíonn sé gur luach iomarcach an luach a bheidh curtha ag na Coimisinéirí ar aon mhaoin, déanfaidh sé an mhaoin sin a shainaithint ina ráiteas agus luafaidh sé an luach a bheidh á mhaíomh aige is ceart a chur ar an maoin.

 

8. Laistigh de mhí tar éis an ráiteas sin a fhágáil nó a sheachadadh tabharfaidh na Coimisinéirí fógra don achomharcóir nó dá aturnae á rá an bhreith nó an t-éileamh a mbeidh achomharc déanta ina coinne nó ina choinne a bheith tarraingthe siar acu nó cinneadh a bheith déanta acu seasamh léi nó leis, go hiomlán nó go páirteach, agus más go páirteach é, á rá cad í an pháirt í, agus luafaidh siad san fhógra sin forais na breithe sin agus sonraí an éilimh sin a mhéid a bheidh cinneadh déanta acu seasamh léi nó leis.

 

9. Féadfaidh an t-achomharcóir, laistigh de mhí tar éis dó fógra na gCoimisinéirí a fháil faoina gcinneadh seasamh lena mbreith nó lena n-éileamh, go hiomlan nó go páirteach, dul ar aghaidh lena achomharc trí achainí a thíolacadh don Chúirt. Díreach tar éis an tíolactha seirbheálfaidh an t-achomharcóir cóip den achainí ar na Coimisinéirí trína fágáil in oifig an Aturnae Ioncaim le linn uaireanta oifige.

 

10. Laistigh de mhí tar éis an chóip den achainí a sheirbheáil déanfaidh na Coimisinéirí a bhfreagra uirthi a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus seirbheálfaidh siad cóip den fhreagra sin ar an achomharcóir nó ar a aturnae; agus, mura ndéanfar sin, measfar go mbeidh géillte do na fíorais a bheidh luaite san achainí agus, air sin, féadfaidh an t-achomharcóir an achainí a chur síos lena héisteacht.

 

11. Faoi réir fhorálacha na Rialacha seo, ní luafaidh an t-achomharcóir ina achainí aon fhorais achomhairc nach mbeidh leagtha amach go sonrach ina ráiteas i dtaobh na bhforas achomhairc, ná tráth éisteachta na hachainí sin ní cheadófar dó seasamh ar aon fhorais den sórt sin; ná ní cheadófar do na Coimisinéirí, ag an éisteacht sin, seasamh ar aon fhorais chun bonn a thabhairt dá mbreith nó dá n-éileamh nach mbeidh leagtha amach go sonrach ina bhfreagra.

 

12. Ar an bhfreagra a chomhdú agus ar chóip de a sheirbheáil mar atá ráite, measfar an t-ábhar a bheith i saincheist go hiomlán, agus féadfaidh an t-achomharcóir an achainí a chur síos lena héisteacht mar a dúradh, agus mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de sheacht lá tar éis an freagra a sheirbheáil féadfaidh na Coimisinéirí déanamh amhlaidh.

 

13. Mura n-ordófar a mhalairt is viva voce a thabharfar an fhianaise tráth éisteachta na hachainí.

 

14. Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim de na himeachtaí, a cheadú don achomharcóir a fhorais achomhairc agus a achainí a leasú, nó a cheadú do na Coimisinéirí a bhfreagra a leasú, i cibé slí agus ar cibé téarmaí is cóir.

 

15. (1) Is le foriarratas iar bhfógra do na Coimisinéirí a dhéanfar iarratas faoin Finance Act, 1894, alt 10 (4), ar chead chun achomharc a thionscnamh gan dleacht a íoc, nó gan ach cuid den dleacht a íoc, agus is é teideal a chuirfear air ná maidir leis an achomharc a bheidh beartaithe agus maidir leis an Finance Act, 1894, agus seirbheálfar é laistigh den tréimhse ama atá ceaptha le riail 9, mar aon le cóip den mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an iarratas, trína fhágáil in oifig an Aturnae Ioncaim, nó trína sheachadadh ag an oifig sin, le linn uaireanta oifige, ceithre lá glan ar a laghad sula n-éistfear an t-iarratas.

 

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas den sórt sin féadfaidh an t-achomharcóir, d’ainneoin an tréimhse ama atá ceaptha le riail 9 chun an achainí a thíolacadh a bheith caite, dul ar aghaidh lena achomharc trí achainí a thíolacadh don Chúirt, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an t-ordú a bheidh déanta ar an iarratas sin a bheith comhlánaithe, agus cóip den achainí a sheirbheáil sa tslí a fhoráiltear sa riail sin.

III. Achomhairc faoin Succession Duty Act, 1853, alt 50.

16. Féadfar achomharc de bhun an Succession Duty Act, 1853, alt 50, a thionscnamh trí achainí a thíolacadh don Chúirt. Díreach tar é is an tíolactha, seirbheálfaidh an t-achomharcóir cóip den achainí ar na Coimisinéirí trína fágáil in oifig an Aturnae Ioncaim le linn uaireanta oifige, agus air sin beidh feidhm ag forálacha rialacha 10 go 14 (go huile) maidir leis an achomharc sin.

Iarratais faoin Acht Airgeadais, 1983, alt 18.

17. Féadfar iarratas de bhun an Achta Airgeadais, 1983, alt 18, a dhéanamh le foriarratas ex parte a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis, agus teideal mar a fhoráiltear i riail 2, agus maidir leis an Acht sin, uirthi, ar mionnscríbhinn í ina sainaithneofar an duine lena mbainfidh an t-iarratas sin.

IV. Ilghnéitheach.

18. Coimeádfar Leabhar Cúiseanna ar leith le haghaidh imeachtaí i gcúiseanna agus in ábhair maidir le hIoncam.

 

19. Ní fhorléireofar aon ní sna Rialacha seo mar ní a dhéanfaidh dochar do na cearta, na pribhléidí agus na tosaíochtaí a chaomhnaítear leis an Acht Airgid, 1924, alt 38(2).

 

20. Ní bheidh feidhm ag forálacha Ordú 16, agus Ordú 19, riail 2, maidir le himeachtaí i gcúiseanna nó in ábhair maidir le hIoncam.

 

21. Faoi réir na cumhachta chun aistriú a dhéanamh, déanfar imeachtaí i gcúiseanna agus in ábhair maidir le hIoncam a shannadh do cibé Breitheamh a shannfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó thráth go chéile chun imeachtaí den sórt sin a éisteacht.