Ordú 52

Foriarratais agus iarratais eile

1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, is le foriarratas a dhéanfar gach iarratas idirbhreitheach chun na Cúirte, maille le gach iarratas a údaraítear leis na Rialacha seo a dhéanamh chun na Cúirte.


2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, is le foriarratas iar bhfógra do na páirtithe lena mbainfidh a dhéanfar gach iarratas den sórt sin nach iarratas é a dhéantar ex parte faoin gcleachtas atá ann faoi láthair nó a n-údaraítear leis na Rialacha seo é a dhéanamh amhlaidh, agus comhdófar na hiarratais sin, i gcás iarratas chun na Cúirte Uachtaraí, in oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, agus i gcás iarratas a bhainfidh le coimircithe Cúirte, in Oifig na gCoimircithe Cú irte, agus i gcá s iarratas eile, sa Phríomh-Oifig.


3. In aon chás, más deimhin leis an gCúirt go dtiocfadh nó go mb’fhéidir go dtiocfadh mísc dholeigheasta nó thromchúiseach den mhoill a bhainfeadh le dul ar aghaidh le foriarratas iar bhfógra faoin Ordú seo, féadfaidh sí aon ordú a dhéanamh ex parte ar cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile, agus faoi réir cibé gealltanas, más ann, is cóir leis an gCúirt; agus féadfaidh aon pháirtí dá ndéanfaidh an t-ordú sin difear foriarratas a dhéanamh chun é a chur ar ceal.


4. I ngach fógra um fhoriarratas ar astú, nó um scriosadh de na rollaí, luafar forais an iarratais go ginearálta.


5. I ngach cúis nó ábhar ina ndéanfaidh aon pháirtí sa chúis nó san ábhar sin aon iarratas i bhfoirm foriarratais iar bhfógra, beidh de chead aige gach ábhar ar mian leis an tráth sin ordú nó ordacháin na Cúirte a fháil air a áireamh san aon iarratas amháin; agus, ar an iarratas sin a éisteacht, is dleathach don Chúirt aon ordú is cóir a dhéanamh, agus aon ordacháin is cóir a thabhairt, a bhainfidh le hábhar an iarratais sin, nó a leanfaidh as. Más rud é, ar aon iarratas ina dhiaidh sin, go ndealróidh sé don Chúirt gurbh fhéidir an céanna a bheith áirithe in aon fhoriarratas amháin nó a bheith déanta ar aon fhoriarratas amháin, agus gur chóir é a bheith áirithe nó déanta amhlaidh, ní dheonófar an t-iarratas sin ina dhiaidh sin ach amháin ar chostas pháirtí déanta an iarratais.


6. Mura dtabharfaidh an Chúirt cead speisialta dá mhalairt ní foláir dhá lá glan ar a laghad a bheith idir tráth seirbheála fógra foriarratais agus an lá a bheidh ainmnithe san fhógra chun an foriarratas a éisteacht; ar an gcoinníoll, i gcás inar gá an fógra foriarratais a sheirbheáil go pearsanta lasmuigh de Chúirt, go seirbheálfar é ceithre lá glan ar a laghad roimh éisteacht an iarratais.


7. Beidh i ngach fógra foriarratais ainm agus áit chláraithe ghnó an aturnae thar ceann an pháirtí a mbeidh an céanna á sheirbheáil aige, agus freisin ainm agus áit chláraithe ghnó an aturnae ar a mbeidh sé le seirbheáil, agus déanfar an lá ar a seirbheálfar an céanna a chur air mar dháta, agus luafar i ngach fógra foriarratais a sheirbheálfaidh páirtithe a bheidh ag agairt nó a bheidh ag láithriú i bpearsa, nó i ngach fógra foriarratais a sheirbheálfar orthu, a n-ainmneacha agus a n-áiteanna cónaithe nó a seoltaí le haghaidh seirbheála, mar a fhorordaítear le hOrdú 4, riail 15.


8. Más é tuairim na Cúirte, ar fhoriarratas nó iarratas eile a éisteacht, gur chóir, maidir le haon duine nach mbeidh fógra tugtha dó, go mbeadh an fógra sin aige nó go mbeadh sé tar éis a bheith aige, féadfaidh an Chúirt an foriarratas nó an t-iarratas a dhíbhe, nó an éisteacht air a chur ar atráth, ionas go bhféadfar an fógra sin a thabhairt, ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leis an gCúirt a fhorchur.


9. Féadfar, ó thráth go chéile, éisteacht aon fhoriarratais nó iarratais a chur ar atráth ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leis an gCúirt.


10. Beidh de chead ag an ngearánaí, gan aon chead speisialta, aon fhógra foriarratais nó aon fhógra eile a sheirbheáil ar aon chosantóir nach mbeidh tar éis láithriú laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha chun na críche sin, ar thoghairm thionscnaimh a bheith seirbheáilte go cuí air.


11. Féadfaidh an gearánaí, le cead ón gCúirt a bheidh le fáil ex parte, aon fhógra foriarratais a sheirbheáil ar aon chosantóir i dteannta na toghairme tionscnaimh, nó tráth ar bith tar éis an toghairm thionscnaimh a sheirbheáil agus roimh an tréimhse ama a bheidh ceaptha i gcomhair láithriú an chosantóra sin.


12. I gcás ina loicfidh aon pháirtí de na páirtithe i bhforiarratas iar bhfógra freastal, féadfaidh an Chúirt dul ar aghaidh gan an páirtí sin a bheith i láthair. I gcás ina mbeidh an Chúirt tar éis dul ar aghaidh amhlaidh, ní dhéanfar an t-imeacht sin a athéisteacht ar mhodh ar bith mura deimhin leis an gCúirt an páirtí a mbeidh loicthe aige freastal gan a bheith ciontach i moill nó faillí thoiliúil; agus i gcás den sórt sin is faoi rogha na Cúirte a bheidh na costais a bheidh tagtha den neamhfhreastal sin aige agus féadfaidh sí an céanna a shocrú san am, agus a ordú go n-íocfaidh an páirtí nó a aturnae iad sula ligfear dó an t-imeacht sin a chur á athéisteacht, nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh i dtaobh na gcostas sin is cóir léi.


13. Déanfar gach ordú coinníollach a sheirbheáil laistigh de dheich lá ó lá fógartha an ordaithe mura lamhálfaidh an Chúirt tréimhse bhreise ama, agus d’éagmais an t-ordú sin a sheirbheáil laistigh de na deich lá sin, nó laistigh den tréimhse bhreise ama sin, beidh an t-ordú coinníollach sin arna urscaoileadh.


14. I gcás iarratais faoi aon reacht á ordú airgead ceannaigh aon mhaoine díolta a íoc isteach sa Chúirt, ní foláir d’aon daoine a bheidh ag éileamh iad a bheith i dteideal an airgid a bheidh íoctha isteach amhlaidh mionnscríbhinn a dhéanamh ní amháin ag fíorú a dteidil, ach, freisin, á lua nach eol dóibh aon cheart a bheith ag aon duine eile chun na suime a bheidh a héileamh nó chun aon choda di, nó aon éileamh a bheith déanta ag aon duine eile uirthi nó ar aon chuid di, nó, más eol do na héilitheoirí aon cheart nó éileamh den sórt sin a bheith ann, ní foláir dóibh é sin a lua nó tagairt a dhéanamh dó, agus é a eisceadh, sa mhionnscríbhinn sin.


15. Aon mhionnscríbhinní a bheidh le húsáid mar thaca le haon fhoriarratas iar bhfógra in aon imeacht nach mbeidh sannta do bhreitheamh faoi Ordú 5, riail 4, luafar iad san fhógra foriarratais agus déanfar cóipeanna díobh a sheirbheáil ina theannta. In aon imeacht a bheidh sannta amhlaidh, ní gá, ach amhá in sna cá sanna a luaitear i riail 4, cóip d’aon mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an bhforiarratas a sheachadadh nó a sheirbheáil.


16. Ar aon iarratas a éisteacht in aon imeacht nach mbeidh sannta mar a dúradh, ní úsáidfear mionnscríbhinn gan cead speisialta ón gCúirt, mura dtabharfar an mhionnscríbhinn sin ar aird ag an éisteacht nó mura mbeidh sí comhdaithe, nó, más iar bhfógra a dhéanfar an t-iarratas, mura mbeidh an mhionnscríbhinn comhdaithe agus cóip di seachadta ar an bpáirtí freasúrach, nó ar na páirtithe freasúracha, sula n-éistfear an t-iarratas. Ar aon iarratas a éisteacht in aon imeacht a bheidh sannta amhlaidh, ní úsáidfear mionnscríbhinn gan cead speisialta ón gCúirt mura dtabharfar an mhionnscríbhinn sin ar aird ag an éisteacht nó mura mbeidh sí comhdaithe, nó, más iar bhfógra a dhéanfar an t-iarratas, mura mbeidh an mhionnscríbhinn comhdaithe agus mura mbeidh fógra á rá é a bheith ar intinn í a úsáid tugtha don pháirtí freasúrach, nó do na páirtithe freasúracha, sula n-éistfear an t-iarratas. Is ar an lá a ndéanfar an chóip sin a sheachadadh nó an fógra sin a thabhairt, agus ansin amháin, a mheasfar gach mionnscríbhinn a bheith comhdaithe.


17. I gcás aon iarratais de na hiarratais seo a leanas, ní cheadófar ach abhcóide amháin mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt:—

(i) Iarratais ar ráiteas i dtaobh ainmneacha na ndaoine a bhí ina gcomhpháirtithe in aon ghnólacht faoi Ordú 14, riail 1.
(ii) Iarratais faoi Ordú 17, riail 8, chun iallach a chur ar dhuine dul ar aghaidh.

(iii) Iarratais chun fad a chur leis an tréimhse ama chun aon ghníomh nó aon bheart a dhéanamh i gcaingean.

(iv) Iarratais ar ordú á cheangal ar pháirtí freagra a thabhairt faoi Ordú 31, riail 11.

(v) Iarratais chun doiciméid a fhollasú faoi Ordú 31, riail 12.

(vi) Iarratais chun caomhnóirí ad litem naíon nó daoine mímheabhracha a cheapadh.

(vii) Iarratais chun caomhnóir a cheapadh chun críche comhthoiliú i gcás speisialta.

(viii) Iarratais i gcaingne probháide agus aimiréalachta faoi Ordú 36, riail 4.

(ix) Iarratais maidir le forghabhálaithe.

(x) Iarratais faoin Debtors Act (Ireland), 1872, alt 6.

(xi) Iarratais maidir le glacadóirí i ndiaidh an ordaithe chun iad a cheapadh.

(xii) Iarratais maidir le hurrús i leith costas.

(xiii) Iarratais chun aon airgead tirim, stoc nó urrúis a bheidh chun creidiúna d’aon chúis nó ábhar a íoc le haon duine, nó a aistriú chuige, i gcás breithiúnas a bheith tugtha, nó ordú déanta, ag dearbhú chearta aon duine nó i gcás nach mbraithfidh an teideal ach ar chruthúnas ar chéannacht, nó ar bhreith, pósadh, nó bás, aon duine.

(xiv) Iarratais chun díbhinní nó ús a íoc ar aon stoc nó urrúis a bheidh chun creidiúna ar leith d’aon duine nó daoine.

(xv) Iarratais ar chead chun airgead a bheidh faoi rialú na Cúirte a infheistiú nó chun infheistíochtaí airgid a bheidh faoi rialú na Cúirte a athrú.

(xvi) Iarratais ar dhíolachán ar ceant nó trí chonradh príobháideach, nó a bhainfidh le díolachán den sórt sin, agus i dtaobh sheoladh an díolacháin, agus chun an t-airgead ceannaigh a íoc isteach sa chúirt agus a infheistiú.