Ordú 33
Saincheisteanna, cuntais agus fiosrúcháin
1. Más rud é, in aon chúis nó ábhar, go ndealróidh sé don Chúirt na saincheisteanna fíorais a bheidh faoi dhíospóid gan a bheith sách sainithe, féadfar a ordú do na páirtithe saincheisteanna a ullmhú, agus má bhíonn easaontas idir na páirtithe, is é an Chúirt a shocróidh na saincheisteanna sin.
2. Fé adfaidh an Chúirt, ag aon chéim de na himeachtaí i gcúis nó in ábhar, a ordú go ndéanfar aon fhiosrúcháin is gá nó go dtógfar aon chuntais is gá, d’ainneoin go bhféadfaidh sé go ndealróidh sé faoiseamh speisialta éigin nó faoiseamh breise éigin a bheith iarrtha nó saincheist speisialta éigin a bheith le triail, a bhféadfaidh sé gur cúý go rachadh an chúis nó an t-ábhar ar aghaidh sa ghnáthshlí ina thaobh nó ina taobh.
3. Féadfaidh an Chúirt, leis an mbreithiúnas nó leis an ordú á ordú cuntas a thógáil, nó le haon ordú ina dhiaidh sin, ordachá in speisialta a thabhairt i dtaca leis an modh ina mbeidh an cuntas le tógáil nó le deimhniú, agus go háirithe fé adfaidh sí a ordú go nglacfar, nuair a bheidh an cuntas á thógáil, leis na leabhair chuntais ina mbeidh na cuntais a bheidh i gceist coinnithe, mar fhianaise prima facie ar fhírinne na n-á bhar a bheidh iontu, le cead a bheith ag na páirtithe leasmhara cibé agóidí a dhéanamh ina n-aghaidh a chomhairleofar dóibh.
4. I gcás ina n-ordófar aon chuntas a thógáil, déanfaidh páirtí tabhartha an chuntais, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, a chuntas a dhéanamh amach agus é a fhíorú le mionnscríbhinn. Déanfar na míreanna ar gach taobh den chuntas a uimhriú go comhleanúnach agus tagrófar sa mhionnscríbhinn don chuntas mar fhoilseán agus fágfar san oifig chuí é.
5. Aon pháirtí a bheidh ag iarraidh suim a mhuirearú ar aon pháirtí tabhartha cuntais de bhreis ar an tsuim a mbeidh admhaithe aige, lena chuntas, í a bheith faighte aige, nó a mbeidh agóid á déanamh aige in aghaidh aon suim a lamháil a bheidh éilithe mar eisíocaíocht sa chuntas sin, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do pháirtí tabhartha an chuntais, ina luafar, a mhéid is féidir leis, an tsuim a mbeifear ag iarraidh í a mhuirearúnóna míreanna a mbeidh agóid á déanamh ina n-aghaidh (de réir mar a bheidh), na sonráý ina leith agus (i gcás agóide) na cúiseanna a bheidh léi, go haicearrach achomair; agus beidh de chead ag an bpáirtí sin tabhartha an chuntais freagra a thabhairt ar an muirear nó an agóid sin (de réir mar a bheidh) trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don pháirtí céadainmnithe sin, agus tabharfar na sonraí sa fhreagra sin go haicearrach achomair, freisin. Aon fhógra i scríbhinn a thabharfar faoin riail seo tabharfar é laistigh de cibé tréimhse nó tréimhsí ama a shocróidh an t-oifigeach a mbeidh an cuntas á thógáil aige, go ginearálta nó in aon chás áirithe. Is i bhFoirm Uimh. 13 i bhFoscríbhinn G a bheidh an fógra sin.
6. Beidh i ngach breithiúnas nó ordú le haghaidh cuntais ghinearálta ar eastát pearsanta tiomnóra nó díthiomnóra, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ordachán le haghaidh fiosrúcháin i dtaobh cad iad na codanna (más ann) den eastát pearsanta sin a bheidh amuigh nó gan diúscairt.
7. Ordófar le breithiúnas nó le hordú le haghaidh cuntais a thabharfar nó a dhéanfar thar ceann eireadóra cuntas a thógáil ar gach eire i ndiaidh éileamh an ghearánaí, chomh maith le gach eire roimh an éileamh nó comhaimseartha leis, maille le fiosrúchán i dtaobh na dtosaíochtaí faoi seach a bheidh ag na héilimh sin go léir a chruthófar; agus nuair a bheidh aon toradh barrachais ó aon díolachán arna dhéanamh faoin mbreithiúnas nó faoin ordú sin fágtha sa Chúirt tar éis éilimh agus costais an ghearánaí, maille le heirí roimh na héilimh agus comhaimseartha leo, a íoc, déanfar é a dháileadh ar na heireadóirí a mbeidh a n-éilimh cruthaithe acu sa chúis, de réir a dtosaíochtaí, má ordaíonn an Chúirt é : Ar an gcoinníoll i gcónaí, más tuairim na Cúirte go gcuirfidh leathnú an chuntais chuig eirí i ndiaidh éileamh an ghearánáý moill mhíchuí ar an ngearánaí a éileamh a ghnothú, go ndéanfar an cuntas a theorannú do chearta an ghearánaí, agus do chearta eireadóirí roimh an ngearánaí agus comhaimseartha leis.
8. Beidh de chead ag aon eireadóir i ndiaidh éileamh an ghearánaí ó thaobh oird tosaíochta de, i gcás aon tailte nó maoin is ábhar d’agra den sórt sin a bheith gan díol i gcónaí, tar éis soláthar a dhéanamh d’éilimh an ghearánaí agus d’éilimh eireadóirí roimhe, ordú a iarraidh ar an gCúirt á ordú na tailte nó an mhaoin sin a bheidh gan díol, nó cuid inniúil de na tailte nó den mhaoin sin, a dhíol, d’fhonn na héilimh i ndiaidh éileamh an ghearánáý, a fhéadfaidh a bheith cruthaithe mar a dúradh, a íoc; agus féadfaidh an Chúirt dá réir sin an díol sin a ordú, más é a tuairim go mbeadh na heireadóirí sin, nó aon duine díobh, i dteideal go ndéanfaí a n-éilimh a chruinniú trí na tailte nó an mhaoin sin a dhíol; nó féadfaidh sí a ordú glacadóir a cheapadh nó a choimeád os cionn na dtailte nó na maoine sin a bheidh gan díol, chun tairbhe na n-eireadóirí sin i ndiaidh éileamh an ghearánaí agus na cistí a ghlacfaidh an glacadóir sin a dháileadh dá réir sin.
9. I gcás ina n-ordófar, le haon bhreithiúnas nó ordú, aon chuntais a thógáil nó aon fhiosrúcháin a dhéanamh, déanfar gach ordú den sórt sin a uimhriúionas go mbeidh, a mhéid is féidir, uimhir ar gach cuntas agus fiosrúchán ar leithligh, agus is i bhFoirm Uimh. 29 i bhFoscríbhinn G a bheidh an breithiúnas nó an t-ordú sin.
10. Le linn aon chuntas a thógáil a bheidh ordaithe le haon bhreithiúnas nó ordú, déanfar gach lamháil chóir gan aon ordachán chuige sin.
11. Má dhealraíonn sé don Chúirt, ar uiríoll ón Scrúdaitheoir nó ar shlí eile, aon mhoill mhíchuí a bheith ag baint le haon chuntais nó aon fhiosrúcháin a thabhairt ar aghaidh, nó le haon imeachtaí eile faoi aon bhreithiúnas nó ordú, féadfaidh an Chúirt a cheangal ar an bpáirtí ar a mbeidh stiúradh na n-imeachtaí, nó ar aon pháirtí eile, an mhoill a mhíniú, agus féadfaidh sí air sin cibé ordú a dhéanamh is gá , in imthosca an cháis, i dtaca leis na himeachtaí nó stiúradh na n-imeachtaí a luathú, nó lena mbacadh, agus i dtaobh chostais na n-imeachtaí; agus chun na gcríoch sin a dúradh féadfar a ordú d’aon pháirtí, nó d’aturnae speisialta a ainmneoidh an Chúirt chuige sin, na daoine a gceanglófar orthu freastal a thoghairm, agus aon imeachtaí a stiúradh, agus aon orduithe a thabharfar a chomhlíonadh; agus is iad cibé páirtithe a ordóidh an Chúirt a íocfaidh aon chostais de chuid an aturnae speisialta sin nó is as cibé cistí a ordóidh an Chúirta íocfar iad; agus mura ndéanfar aon chostais den sórt sin a íoc ar shlí eile, déanfar iad a íoc as cibé airgead (más ann) a sholáthróidh an tOireachtas.