Ordú 57

Idirphléadáil

1. Féadfar faoiseamh trí idirphléadáil a dheonú—

(a) i gcás an duine a mbeidh faoiseamh á lorg aige (dá ngairtear an t-iarratasóir san Ordú seo) a bheith faoi dhliteanas i leith aon fhéich, airgid, earraí, nó airnéisí a mbeidh, nó ar dóigh leis go mbeidh, agra ina leith á dhéanamh air ag dhá pháirtí nó níos mó (dá ngairtear na héilitheoirí san Ordú seo) a mbeidh éilimh chodarsna á ndéanamh acu i leith an chéanna; nó
(b) má s sirriam, nó oifigeach eile a mbeidh forghníomhú próise curtha de chúram air ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach, nó faoi údarás na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí, an t-iarratasóir, agus go mbeidh éileamh ar aon airgead, earraí nó airnéisí a bheidh tógtha nó a bheartófar a thógáil i bhforghníomhú faoi aon phróis, nó éileamh ar an bhfáltas as aon earraí nó airnéisí den sórt sin, nó ar a luach, á dhéanamh ag aon duine seachas an duine a mbeidh an phró is eisithe ina choinne.


2. (i) Ní foláir don iarratasóir an Chúirt a shásamh le mionnscríbhinn nó ar shlí eile—

(a) nach mbeidh aon leas san ábhar a bheidh faoi dhíospóid á éileamh ag an iarratasóir, ach amháin i leith muirear nó costas; agus
(b) nach mbeidh an t-iarratasóir i gclaonpháirteachas le haon duine de na héilitheoirí; agus

(c) go mbeidh an t-iarratasóir toilteanach, ach amháin más sirriam é, nó oifigeach eile a mbeidh forghníomhú próise curtha de chúram air ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach nó faoi údarás na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí, a mbeidh earraí urghafa aige agus a bheidh éirithe as seilbh de dhroim an creidiúnaí forghníomhaithe d’admháil éileamh an éilitheora faoi riail 15, an t-ábhar a íoc nó a aistriú isteach sa Chúirt nó é a chur de láimh mar a ordóidh an Chúirt.


(ii) Is i bhFoirm Uimh. 23 i bhFoscríbhinn C a bheidh an mhionnscríbhinn.


3. Ní bheidh an t-iarratasóir ó theideal faoisimh ar an aonchúis nach ionann bunadh do theidil na n-éilitheoirí, ach go mbeidh siad i gcodarsna lena chéile agus neamhspleách ar a chéile.


4. Más cosantóir an t-iarratasóir, féadfar iarratas ar fhaoiseamh a dhéanamh le foriarratas iar bhfógra tráth ar bith tar éis na himeachtaí a thionscnamh. In aon chás eile, is le toghairm speisialta a dhéanfar an t-iarratas seasamh nó scaradh leis.


5. San iarratas ar fhaoiseamh fógrófar ar na héilitheoirí cineál agus sonraí a n-éileamh a lua agus seasamh nó scaradh leis na héilimh sin.


6. Más cosantóir i gcaingean a dhéanfaidh an t-iarratas féadfaidh an Chúirt gach imeacht eile sa chaingean a bhacadh.


7. Má sheasann na héilitheoirí lena n-éilimh, féadfaidh an Chúirt a ordú cosantóir in aon chaingean a bheidh tionscanta cheana féin i leith an ábhair a bheidh faoi dhíospóid a dhéanamh d’aon éilitheoir in ionad nó i dteannta an iarratasóra, nó saincheist idir na héilitheoirí a shonrú agus a thriail, agus sa chás deireanach sin féadfaidh sí a ordú cé acu de na héilitheoirí a bheidh ina ghearánaí, agus cé acu díobh a bheidh ina chosantóir, sa tsaincheist sin.


8. Féadfaidh an Chúirt, le toiliú na beirte éilitheoirí, nó ar iarraidh ó aon éilitheoir, má dhealraíonn sé, ag féachaint do luach an ábhair a bheidh faoi dhíospóid, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, tuillteanas a n-éileamh a chur de láimh, agus an céanna a bhreithniú go hachomair agus ar cibé téarmaí is cóir.


9. I gcás inar ceist dlí an cheist, agus nach mbeidh na fíorais faoi dhíospóid, féadfaidh an Chúirt an cheist a bhreithniú gan a ordú saincheist a bheith le triail, nó féadfaidh sí a ordú cás speisialta a shonrú chun tuairim na Cúirte a fháil air. Má shonraítear cás speisialta, beidh feidhm ag Ordú 34, a mhéid is infheidhme, maidir leis.


10. Má loiceann éilitheoir seasamh nó scaradh lena éileamh sna himeachtaí sin, nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn sé aon ordú a bheidh déanta iontu a chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt ordú á dhéanamh á dhearbhú eisean, agus gach duine a mbeidh éileamh a dhéanamh aige faoi, a bheith urchoiscthe go deo i gcoinne an iarratasóra agus daoine a mbeidh éileamh á dhéanamh acu faoi, ach ní dhéanfaidh an t-ordú difear do chearta na n-éilitheoirí amhail eatarthu féin.


11. I gcás sirriam, nó oifigeach eile a mbeidh forghníomhú phróis na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí curtha de chúram air, a bheith tar éis earraí nó airnéisí a urghabháil i bhforghníomhú, agus go líomhnóidh aon éilitheoir teideal a bheith aige faoi bhille díola nó eile chun na n-earraí nó na n-airnéisí mar urrús ar fhiach, féadfaidh an Chúirt a ordú iad go léir nó cuid díobh a dhíol agus a ordú go gcuirfear fáltais an díola chun feidhme i cibé slí agus ar cibé téarmaí is cóir.


12. Beidh feidhm ag Orduithe 31 agus 36, fara na modhnuithe is gá, maidir le saincheist idirphléadála; agus féadfaidh an Chúirt a thriailfidh an tsaincheist ábhar iomlán na n-imeachtaí idirphléadála, lena n-áirítear na costais go léir nach mbeidh foráil eile ina dtaobh, a chur i gcrích go críochnaitheach.


13. Más rud é, in aon imeachtaí idirphléadála, gur gá nó gur fóirsteanach ordú amháin a dhéanamh i gcúiseanna nó in ábhair leithleacha, féadfaidh an Chúirt a bhféadfar an t-imeacht idirphléadála a thionscnamh os a comhair an t-ordú sin a dhéanamh, agus is é teideal a chuirfear air ná maidir leis na cúiseanna nó na hábhair sin go léir; agus beidh aon ordú den sórt sin (faoi réir an chirt achomhairc) ina cheangal ar na páirtithe sna cúiseanna nó sna hábhair sin go léir.


14. Féadfaidh an Chúirt, in aon imeachtaí idirphléadála nó chun críocha aon imeachtaí idirphléadála, gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh i dtaobh costas agus gach ní eile.


15. Is i scríbhinn a dhéanfar aon éileamh ar, nó i leith, aon earraí nó airnéisí a bheidh tógtha i bhforghníomhú faoi phróis na Cúirte, agus, ar an éileamh a fháil, tabharfaidh an sirriam nó a oifigeach fógra ina thaobh sin láithreach don chreidiúnaí forghníomhaithe de réir Fhoirm Uimh. 24 i bhFoscríbhinn C, agus tabharfaidh an creidiú naí forghníomhaithe, laistigh de cheithre lá tar éis dó an fógra a fháil, fógra don sirriam nó dá oifigeach, á rá é a bheith ag admháil nó ag díospóid an éilimh, de réir Fhoirm Uimh. 25 i bhFoscríbhinn C. Má admhaíonn an creidiúnaí forghníomhaithe teideal an éilitheora, agus go dtabharfaidh sé fógra mar a ordaítear sa riail seo, ní bheidh dlite uaidh don sirriam nó don oifigeach sin ach aon táillí agus caiteachais a bheidh tabhaithe sula mbeidh an fógra faighte ag admháil an éilimh.


16. Nuair a bheidh fógra tugtha ag an gcreidiúnaí forghníomhaithe don sirriam nó dá oifigeach á rá é a bheith ag admháil éileamh an éilitheora, féadfaidh an sirriam, air sin, éirí as seilbh na n-earraí éilithe, agus féadfaidh sé ordú a iarraidh á chosaint ar aon chaingean i leith na hurghabhála sin agus seilbhe ar na hearraí sin, agus féadfaidh an Chúirt aon ordú den sórt sin is cóir agus is réasúnach a dhéanamh i leith an chéanna; ar an gcoinníoll i gcónaí go bhfaighidh an t-éilitheoir fógra faoin iarratas beartaithe sin, agus go bhféadfaidh sé freastal nuair a bheidh an t-iarratas sin á éisteacht, agus, má fhreastalaíonn sé, féadfaidh an Chúirt, san iarratas sin agus chun críocha an iarratais sin, gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh i dtaobh costais.


17. I gcás nach ndéanfaidh an creidiúnaí forghníomhaithe i dtráth cuí, mar a ordaítear le riail 15, teideal an éilitheora chun na n-earraí nó na n-airnéisí a admháil nó a dhíospóid, agus nach ndéanfaidh an t-éilitheoir a éileamh orthu a tharraingt siar le fógra i scríbhinn don sirriam nó dá oifigeach, féadfaidh an sirriam ordú idirphléadála a iarraidh, agus féadfaidh an Chúirt, sna himeachtaí idirphléadála sin agus chun críocha na n-imeachtaí sin, gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh i dtaobh costas, táillí, muirear agus caiteachas.